This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Euratom research and training programme (2014-2018)
Clár taighde agus oiliúna Euratom (2014-2018)
Clár taighde agus oiliúna Euratom (2014-2018)
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Clár taighde agus oiliúna Euratom (2014-2018)
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Bunaítear leis an Clár Taighde agus Oiliúna (2014-2018) an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach(Euratom) lena gcomhlánaítear Fís 2020: Clár Réime AE um Thaighde agus um Nuálaíocht.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ar aon dul le Conradh Euratom, mairfidh Clár Taighde agus Oiliúna Euratom ar feadh 5 bliana (idir 2014 agus 2018), murab ionann is cláir thaighde eile AE a mhaireann ar feadh 7 mbliana. Is é an cuspóir ginearálta leis an gclár taighde núicléach agus gníomhaíochtaí oiliúna a dhéanamh agus béim ar fheabhas leanúnach na sábháilteachta núicléiche agus na slándála núicléiche agus na cosanta ar radaíocht, go sonrach chun cur le dícharbónú fadtéarmach an chórais fuinnimh ar mhodh sábháilte, éifeachtach agus slán.
Cuirtear an cuspóir ginearálta chun feidhme trí fhoirm gníomhaíochtaí indíreacha agus gníomhaíochtaí díreacha.
Is éard is gníomhaíochtaí indíreacha ann gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dtugann AE tacaíocht airgeadais ina leith a dhéanann rannpháirtithe seachtracha amhail cuideachtaí, ollscoileanna agus ionaid taighde.
Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha le gníomhaíochtaí indíreacha Chlár Euratom:
Is éard is gníomhaíochtaí díreacha ann gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanann an Coimisiún Eorpach trína Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC).
Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha le gníomhaíochtaí díreacha Chlár Euratom:
Buiséad
Is ionann an buiséad le haghaidh Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom (2014-2018) agus EUR 1 603 329 000.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 23 Nollaig 2013.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (Euratom) Uimh. 1314/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2014-2018) lena gcomhlánaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 948-964)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - an clár réime um thaighde agus um nuálaíocht (2014-20) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh 104-173)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh i “bhFís 2020 — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014–2020)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 81-103)
Teachtaireacht ó gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Fís 2020 — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (COM(2011) 808 final, 30.11.2011)
Nuashonraithe 08.06.2018