Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár AE chun tacú le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Clár AE chun tacú le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 lena mbunaítear clár AE chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis clár AE chun tacú le gníomhaíochtaí comhaltaí a chuireann le cuspóirí beartais AE a bhaint amach i ndáil le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an rialachán leis an tréimhse ó 2014 go 2020 agus leagtar amach ann rialacha maidir leis an leithdháileadh tosaigh €43.18 milliún ó bhuiséad AE mar chúnamh chun caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus um iniúchóireacht a fhorbairt. Leasaítear le Rialachán (AE) 2017/827 an rialachán bunaidh lena méadaítear an leithdháileadh iomlán airgeadais i gcomhair an chláir go €57.007 milliún.

I ndiaidh ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais 2008, ba léir gur theastaigh aghaidh a thabhairt ar cheist an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta agus rinneadh ceist lárnach di i gclár oibre AE. Tá rialacha comhchoiteanna um thuairisciú airgeadais a fheidhmíonn go maith riachtanach maidir leo seo a leanas:

  • margadh inmheánach AE;
  • feidhmiú éifeachtúil na margaí caipitil; agus
  • margadh comhtháite a bhaint amach le haghaidh seirbhísí airgeadais in AE.

Ceapadh an clár chun cur leis na cuspóirí seo a leanas maidir le:

  • hinchomparáideacht agus trédhearcacht cuntas cuideachtaí a áirithiú ar fud AE;
  • comhchuibhiú domhanda caighdeán um thuairisciú airgeadais a áirithiú trí na tíortha a spreagadh chun glacadh le Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais;
  • coinbhéirseacht agus caighdeáin ardcháilíochta idirnáisiúnta um iniúchóireacht a chur chun cinn i dtíortha uile AE.

Baineann an clár leo seo a leanas:

  • na gníomhaíochtaí a bhaineann le hionchur a fhorbairt nó a sholáthar a chuirfidh le forbairt caighdeán;
  • gníomhaíochtaí maidir le caighdeáin a chur i bhfeidhm, a mheas nó faireachán a dhéanamh orthu nó maoirseacht a dhéanamh ar phróisis socraithe caighdeán chun tacú le beartas AE i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta a chur chun feidhme.

Is iad seo a leanas na tairbhithe:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

In 2009, sheol AE clár chun tacú le gníomhaíochtaí sna réimse maidir le tuairisciú airgeadais agus maidir le hiniúchóireacht. Ba iad Fondúireacht IFRS, EFRAG agus an PIOB tairbhithe an chláir. Síneadh an clár in 2014 don tréimhse 2014-2020 le haghaidh Fhondúireacht IFRS agus an PIOB ach, le haghaidh EFRAG, chinn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle fanacht go dtí go ndéanfaí athchóirithe áirithe ar rialachas EFRAG. Cuireadh na hathchóirithe rialachais sin chun feidhme i mí Dheireadh Fómhair 2014 agus mar sin réitíodh an bealach ionas go bhféadfaidh AE a ranníocaíocht le EFRAG a mhéadú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-20 agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE (IO L 105, 8.4.2014, lgh. 1-8)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 04.04.2019

Top