Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Leibhéil fuaime na mótarfheithiclí a shrianadh

Leibhéil fuaime na mótarfheithiclí a shrianadh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis an rialachán seo mórfhoinsí fuaime de bharr mótarfheithiclí a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Féachtar leis an rialachán seo cosaint an chomhshaoil agus an tsábháilteacht phoiblí a fheabhsú agus cáilíocht beatha agus sláinte níos fearr a áirithiú do mhuintir AE trí bhíthin mórfhoinsí fuaime de bharr mótarfheithiclí a laghdú.

Déantar é seo trí cheanglais riaracháin agus theicniúla a leagan amach maidir le ceadú AE d’fheithiclí nua de chatagóirí áirithe (dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 2007/46/CE), ceanglais a bhaineann le leibhéal fuaime na bhfeithiclí agus le ceadú AE do chórais tosta athsholáthair agus do chomhpháirteanna gaolmhara.

Tugtar “cineálcheadú” ar cheadú AE agus déantar tagairt don nós imeachta cineálcheadaithe in Airteagal 3 den Treoir 2007/46/CE maidir le leibhéil fuaime.

Socraítear leis an rialachán seo luachanna teorann torainn le haghaidh na gcatagóirí feithiclí éagsúla agus achar ama dá gcur i bhfeidhm.

Leagtar amach ann rialacha maidir le lipéadú agus faisnéis do thomhaltóirí, agus forbairt córas rabhaidh fuaime. Is ionann luachanna teorann torainn agus íosleibhéil fuaime i ndeicibeil agus tá siad liostaithe in Iarscríbhinn III.

Lipéadú agus faisnéis do thomhaltóirí

De réir Airteagail 7 den rialachán, iarrfaidh monaróirí agus dáileoirí feithiclí a áirithiú go dtaispeánfar leibhéal fuaime na bhfeithiclí i ndeicibeil in áit fheiceálach ag an díolphointe agus in ábhar fógraíochta teicniúil.

Córais fuaime le haghaidh feithiclí leictreacha

Caithfidh córais um fholáireamh fuaime feithiclí (AVAS) a bheith suiteáilte i bhfeithiclí sa todhchaí chun an easpa comharthaí inchloiste i bhfeithiclí leictreacha agus i bhfeithiclí hibrideacha a chúiteamh. Is é an aidhm anseo feasacht a mhéadú i measc úsáideoirí bóithre, agus, go háirithe, i measc coisithe dalla nó lagamhairc agus i measc rothaithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Iúil 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le leibhéal na fuaime ó mhótarfheithiclí agus ó chórais tosta athsholáthair, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 70/157/CEE (IO L 158, 27.5.2014, lgh. 131–195)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/1576 ón gCoimisiún an Dé Luain 26 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 540/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais um Chóras um Fholáireamh Fuaime Feithiclí do chineálcheadú AE feithiclí (IO L 239, 19.9.2017, lgh. 3-7)

Treoir 2007/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.10.2018

Top