Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An ceart dlíodóir a fháil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach

An ceart dlíodóir a fháil in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2013/48/AE — an ceart dlíodóir a fháil, chun dul i dteagmháil le tríú páirtithe agus le húdaráis chonsalachta i gcás coimeádta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi go mbeidh fáil ag amhrastaigh agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus daoine iarrtha in imeachtaí barántais gabhála Eorpaigh (anseo feasta “saoránaigh”) ar dhlíodóir agus go mbeidh an ceart acu cumarsáid a dhéanamh nuair a chailltear an tsaoirse.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceart dlíodóir a fháil

Ní foláir nó go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar dhlíodóir gan aon mhoill mhíchuí:

  • sula ndéanann gníomhaireacht um fhorfheidhmiú an dlí (e.g. na póilíní) nó údarás breithiúnach iad a cheistiú;
  • agus imscrúdú á dhéanamh nó fianaise á bailiú (e.g. achrann);
  • ón am a chailltear an tsaoirse;
  • i dtráth cuí sula dtagann siad os comhair na cúirte coiriúla.

Go háirithe, cumhdaítear na nithe seo a leanas faoin dlí:

  • an ceart buaileadh le chéile go príobháideach agus cumarsáid a dhéanamh le dlíodóir;
  • an ceart ag dlíodóir bheith rannpháirteach go héifeachtach nuair a bheidh an duine á cheistiú, agus freastal ar na gníomhartha imscrúdaitheacha agus bailithe fianaise;
  • rúndacht gach cineáil chumarsáide (cruinnithe, comhfhreagras, comhráite gutháin etc.).

Maidir le daoine atá faoi réir barántas gabhála Eorpach, leagtar síos sa treoir an ceart dlíodóir a fháil sa tír fhorghníomhaitheach AE agus dlíodóir a cheapadh sa tír eisiúna.

Cearta i gcás cailleadh saoirse

Tá an ceart seo a leanas ag saoránaigh a chailleann a saoirse, gan moill mhíchuí:

  • a gcailleadh saoirse a chur in iúl do 1 duine ar a laghad dá rogha. Más páiste é nó í an duine a gabhadh, ba cheart sealbhóir na freagrachta tuismitheora a chur ar an eolas a luaithe is féidir;
  • Cumarsáid a dhéanamh le 1 duine ar a laghad dá rogha.

Má chailleann siad a saoirse i dtír AE seachas a dtír féin í, tá an ceart acu a n-údaráis chonsalachta a chur ar an eolas, go dtabharfaidh n-údaráis chonsalachta cuairt orthu, agus go ndéanfaidh a n-údaráis chonsalachta cumarsáid leo agus go n-eagróidh siad ionadaíocht dhlíthiúil ar a son.

Eisceachtaí

Déantar foráil sa treoir go bhféadfaí maolú ar bhonn sealadach ó chearta áirithe i gcúinsí eisceachtúla agus faoi choinníollacha a bheidh sainmhínithe go soiléir (mar shampla, i gcás go bhfuil géarghá ann le hiarmhairtí diúltacha do bheatha, do shaoirse nó d’iomláine choirp duine a sheachaint).

Cúnamh dlíthiúil

I dTreoir (AE) 2016/1919 leagtar amach íosrialacha maidir leis an gceart ar chúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras, do dhaoine cúisithe agus do dhaoine iarrtha lena gcinntítear éifeachtúlacht Threoir (AE) 2013/48. Ceanglaítear léi ar thíortha AE a chinntiú go mbeidh an ceart ag amhrastaigh agus daoine cúisithe nach bhfuil go leor acmhainní acu le híoc as cúnamh dlíodóra ar chúnamh dlí nuair is gá sin ar mhaithe leis an gceartas. Féadfaidh tíortha AE iarratas a dhéanamh ar thástáil acmhainne (lena mheas mura bhfuil go leor acmhainní ag an duine le híoc as cúnamh dlíthiúil), ar thástáil tuillteanais (lena mheas an mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas cúnamh dlí a sholáthar), nó an dá rud lena dhearbhú an ndeonófar cúnamh dlíthiúil.

Is í Treoir (AE) 2016/1919 an téacs dlíthiúil deireanach atá beartaithe mar chuid den phlean oibre chun cearta nós imeachta a neartú d’amhrastaigh nó do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla arna nglacadh ag an gComhairle i mí na Samhna 2009.

Ní mór dlí a dhéanamh den treoir seo i dtíortha AE faoin 5 Bealtaine 2019.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 26 Samhain 2013 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 27 Samhain 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse (IO L 294, 6.11.2013, lgh. 1-12 )

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí barántais gabhála Eorpaigh (IO L 297, 4.11.2016, lgh. 1-8)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2016/1919 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le cosaintí nós imeachta do dhaoine leochaileacha ar amhrastaigh nó daoine cúisithe iad in imeachtaí coiriúla (IO C 378, 24.12.2013, lgh. 8-10)

Moladh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir leis an gceart chun cúnamh dlí d’amhrastaigh agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla (IO C 378, 24.12.2013, lgh. 11-14)

Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IOL 142, 1.6.2012, lgh. 1-10)

Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lgh. 1-7).

Rún ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir leis an bplean oibre chun cearta nós imeachta a neartú d’amhrastaigh nó do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla (IO C 295, 4.12.2009, lgh. 1-3)

Nuashonraithe 23.11.2017

Top