Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pacáiste comhtháite um fhuinneamh agus athrú aeráide 2020

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Fuinneamh inathnuaite' for an updated information about the subject.

Pacáiste comhtháite um fhuinneamh agus athrú aeráide 2020

Cuimsítear sa phacáiste comhtháite um fhuinneamh agus athrú aeráide reachtaíocht fhorlíontach, a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go gcomhlíonann AE a spriocanna uaillmhianacha maidir leis an aeráid agus le fuinneamh le haghaidh 2020. Leagtar síos 3 phríomhsprioc sa phacáiste seo:

GNÍOMH

Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE

ACHOIMRE

  • laghdú 20 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa AE ó leibhéil 1990;
  • feabhas 20% ar éifeachtúlacht fuinnimh AE ;
  • 20 % d’fhuinneamh AE a bheith ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh (gaoth, grian, bithmhais, srl.).

CAD A DHÉANTAR SA PHACÁISTE?

Tá na spriocanna “20-20-20” seo dírithe ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide, slándáil fuinnimh AE a mhéadú agus a iomaíochas a neartú. Is príomhspriocanna iad freisin den Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Scéim Leasaithe AE maidir le Trádáil Astaíochtaí

I gcroílár an phacáiste tá an t-athbhreithniú ar Scéim AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS), a chumhdaíonn thart ar 45 % de astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlán AE. Áirítear leis an gcóras gach tír AE móide an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Féachtar leis le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a ghearradh ó earnáil na cumhachta agus ón mórthionscal agus é sin a dhéanamh ar bhealach cost-éifeachtúil trí phraghas an mhargaidh a chur ar astaíochtaí trí bhíthin beartas caidhpe agus trádála* a chur i bhfeidhm. Tá feidhm le EU ETS maidir le 11 000 stáisiún cumhachta agus saoráidí tionsclaíocha eile ar an mórscála. In 2012, leathnaíodh EU ETS chun eitlíocht a chur san áireamh.

Tá an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí mar bhonn agus mar thaca ag EU ETS, a ndearnadh athbhreithniú mór uirthi agus a neartaíodh. Bhí feidhm leis an athbhreithniú ó 2013, tús thríú tréimhse trádála EU ETS, agus tá siad seo a leanas sa chóras anois:

  • caidhp aonair ar fud AE ar lamháltais astaíochtaí (a ghearrfar de 1.74 % gach bliain), ag teacht in ionad chóras na gcaidhpeanna náisiúnta, ionas go mbeidh astaíochtaí 21 % faoi leibhéil 2005 faoin mbliain 2020;
  • ceantáil (ceannach lamháltas astaíochtaí) chun teacht in ionad cionroinnt in aisce lamháltas ar bhonn forchéimnithe, ag tosú le hearnáil na cumhachta;
  • Cumhdach níos leithne i dtéarmaí earnálacha agus na ngás (dé-ocsaíd charbóin, ocsaíd nítriúil agus sárfhluaracarbóin).

Spriocanna náisiúnta le haghaidh astaíochtaí nach bhfuil in EU ETS

Is é an dara píosa reachtaíochta sa phacáiste ná an Cinneadh um Chomhroinnt Díchill. Leagann sé síos spriocanna ceangailteacha bliantúla le haghaidh gach tír AE chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ó na hearnálacha nach bhfuil cumhdaithe ag EU ETS, amhail tithíocht, talmhaíocht, dramhaíl agus iompar (gan eitlíocht san áireamh).

Tá na spriocanna náisiúnta, ag cumhdach na tréimhse 2013-20, difreáilte de réir shaibhreas coibhneasta na dtíortha AE. Tá idir laghdú 20 % ar astaíochtaí (i gcomparáid le 2005) ag na tíortha AE is saibhre go dtí méadú 20 % ag na tíortha is lú saibhris i gceist leo. Mar sin féin, ní mór do gach tír a dícheall a dhéanamh chun a cuid astaíochtaí a theorannú. Ní mór dóibh tuairisc a thabhairt freisin ar a gcuid astaíochtaí gach bliain, faoi shásra faireacháin AE.

Spriocanna náisiúnta maidir le fuinneamh in-athnuaite

Faoin Treoir um Fuinneamh In-athnuaite, tríú píosa reachtaíochta an phacáiste, tugtar spriocanna ceangailteacha do thíortha AE chun an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite ina n-ídiú fuinnimh a mhéadú faoin mbliain 2020. Braitheann na spriocanna sin ar an úsáid a bhaineann gach tír as foinsí in-athnuaite fuinnimh agus an cumas atá acu a gcuid táirgeachta a mhéadú, agus é sin idir 10 % i Málta go dtí 49 % sa tSualainn.

Cuirfidh na spriocanna náisiúnta ar chumas AE trí chéile a sprioc 20 % le haghaidh fuinneamh in-athnuaite in 2020 a shroicheadh - níos mó ná dhá oiread leibhéal na bliana 2010, 9.8 % - agus sciar 10 % d’fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach san earnáil iompair. Cuideoidh na spriocanna freisin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghearradh agus spleáchas AE ar fhuinneamh allmhairithe a laghdú. Ní mór do 10 % ar a laghad den bhreosla i ngach tír a bheith in-athnuaite (m.sh. bithbhreoslaí, hidrigin, leictreachas “glas”). Ní mór do bhithbhreoslaí critéir inbhuanaitheachta a chomhlíonadh.

Gabháil agus stóráil charbóin

Is treoir é an ceathrú cuid den phacáiste comhtháite um fhuinneamh agus athrú aeráide lena gcruthaítear creat maidir le húsáid shábháilte chomhshaoil teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin (CCS). Baineann CCS leis an dé-ocsaíd charbóin a scaoiltear amach trí phróisis thionsclaíocha a ghabháil agus é a stóráil i bhfoirmíochtaí geolaíocha faoi thalamh áit nach gcuireann sé le téamh domhanda.

Cumhdaítear sa treoir gach stóráil faoi thalamh ar CO2 in AE agus leagtar síos ceanglais a bhaineann le saolré iomlán na láithreán stórála.

Éifeachtúlacht fuinnimh:

Tá an sprioc maidir le héifeachtúlacht fuinnimh á chur i bhfeidhm trí Phlean um Éifeachtúlacht Fuinnimh 2011 agus an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

Tuilleadh faisnéise:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*An prionsabal caidhpe agus trádála: oibríonn EU ETS ar an bprionsabal maidir le “caidhp agus trádáil”. Cuirtear “caidhp” nó teorainn, ar mhéid iomlán gháis cheaptha teasa áirithe is féidir le monarchana, gléasraí cumhachtaí agus suiteálacha eile sa chóras a scaoileadh. Laghdaítear an caidhp de réir a chéile ionas go dtitfidh iomlán na n-astaíochtaí. Ceadaítear trádáil lamháltas astaíochtaí leis an gcóras ionas go bhfanfaidh astaíochtaí iomlána na suiteálacha agus na n-oibreoirí aerárthaí laistigh den chaidhp agus gur féidir na bearta is lú costas a ghlacadh chun astaíochtaí a laghdú.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2009/28/CE

25.6.2009

5.12.2010

IO L 140,5.6.2009 lgh. 16-62

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE ionas go gcuirfear feabhas agus go leathnófar scéim trádála lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa an Chomhphobail (IO L 140, 5.6.2009, lgh 63-87)

Cinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarracht Ballstát a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi chomhair ghealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 astú gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lgh 136-148)

Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíd charbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lgh 114-135)

Nuashonraithe 10.09.2015

Top