EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa agus eitlíocht

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa agus eitlíocht

Ag cur san áireamh scála agus nádúr domhanda an tionscail eitlíochta agus a iarmhairt ar an gcomhshaol, tugann an tAontas Eorpach (AE) faoi bheart a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a tharlaíonn i ngeall ar eitlíocht san Eoraip a laghdú, agus é ag obair leis an gcomhphobal idirnáisiúnta ag an am céanna tríd an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) chun bearta a bhunú a mbeidh tionchar domhanda acu.

GNÍOMH

Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun gníomhaíochtaí eitlíochta a chur san áireamh sa scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal.

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leis an treoir seo leasaítear Treoir 2003/87/CE, lenar bunaíodh scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí (EU ETS), trí astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin a tharlaíonn le gníomhaíocht eitlíochta a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, tá gach eitilt chuig gach tír AE, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin, agus ó na tíortha sin, cumhdaithe faoi scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá 95 % de na meánastaíochtaí thar an tréimhse 2004-2006 socraithe mar an gcaidhp* bhliantúil maidir le hastaíochtaí eitlíochta don tréimhse ó 2013 go 2020.
  • Tá feidhm ag an treoir seo maidir le haerlínte AE agus aerlínte nach aerlínte AE iad araon, a fhaigheann lamháltais intrádála a chumhdaíonn leibhéal áirithe astaíochtaí CO2 óna n-eitiltí in aghaidh na bliana.
  • Le Cinneadh Uimh. 377/2013/AE rinneadh ceanglais scéim AE maidir le trádáil astaíochta a bhain le heitiltí chuig tíortha nach bhfuil i LEE, agus ó na tíortha sin, a dhíolmhú go cúlghabhálach sa bhliain 2012 chun am a thabhairt d'idirbheartaíocht leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) i dtreo bearta domhanda bunaithe ar an margadh maidir le hastaíochtaí eitlíochta.
  • Leasaíodh an reachtaíocht don tréimhse 2013-2016 faoi Rialachán (AE) Uimh. 421/2014. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil cumhdaithe ach eitiltí laistigh den Aontas Eorpach, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin faoi Scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí, go dtí go mbeidh toradh ar an idirbheartaíocht in ICAO chun beart domhanda bunaithe ar an margadh a chomhaontú faoi 2016 agus a chur i bhfeidhm faoi 2020.

CÚLRA

Tá eitlíocht ar cheann de na foinsí is mó fáis maidir le hastaíochtaí GCT ar bhonn domhanda (agus in AE), arb ionann iad agus thart ar 3 % d’iomlán na n-astaíochtaí. Táthar ag tuar, faoi 2020, go mbeidh an méid GCTanna a bheidh á scaoileadh ag eitlíocht 70 % níos airde ná mar a bhí sa bhliain 2005, fiú i ndiaidh feabhas ar éifeachtúlacht bhreoslaí a chur san áireamh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tá Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) ina cuid lárnach de bheart AE maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus tá sí ina príomhuirlis ann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa tionsclaíoch a laghdú go héifeachtúil ó thaobh costas de. Ar an gcéad - agus an ceann is mó fós - chóras idirnáisiúnta le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil, cumhdaíonn Scéim AE maidir le Trádáil Astaíochtaí os cionn 11 000 stáisiún cumhachta agus gléasraí tionscail sna 28 tír AE, san Íoslainn, san Iorua agus i Lichtinstéin, chomh maith le hastaíochtaí ó eitlíocht.

Oibríonn Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí ar an bprionsabal “caidhpeáil agus trádáil” Socraítear “caidhp” nó teorainn ar líon iomlán na ngás ceaptha teasa a cheadaítear a astú as na monarchana, na stáisiúin chumhachta agus as suiteálacha eile sa chóras. Laghdaítear an chaidhp thar am ionas go laghdófar iomlán na n-astaíochtaí. Tríd an gcóras is féidir lamháltais astaíochtaí a thrádáil ionas go bhfanfaidh iomlán astaíochtaí oibreoirí na suiteálacha agus na n-aerárthaí laistigh den chaidhp agus is féidir na bearta is saoire a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach astaíochtaí a laghdú ó eitlíocht ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2008/101/CE

2.2.2009

-

IO L 8, 13.1.2009, lgh. 3-21

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh Uimh. 377/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2013 lena maolaítear go sealadach ar Threoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal (Iris Oifigiúil L 113 an 25.4.2013, lgh. 1-4).

Rialachán (AE) Uimh. 421/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal, i bhfianaise chur chun feidhme faoi 2020 comhaontuithe idirnáisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm beart domhanda aonair bunaithe ar an margadh ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta (Iris Oifigiúil L 129 an 30.4.2014, lgh. 1-4).

Nuashonraithe 23.07.2015

Top