Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí um chealla breosla agus um hidrigin

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí faoin gclár Fís Eorpach' for an updated information about the subject.

Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí um chealla breosla agus um hidrigin

Cuirtear i bhfeidhm le comhghnóthas um chealla breosla agus um hidrigin 2 comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bhfuil an Coimisiún Eorpach, an tionscal um chealla breosla agus um hidrigin (arna ionadú ag an nGrúpáil um Thionscal Nua) agus an pobal taighde (arna ionadú ag an nGrúpáil Taighde N.ERGHY) rannpháirteach inti. Féachtar leis an gcomhghnóthas forbairt agus úsáid theicneolaíochtaí chealla breosla agus hidrigine a luathú.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2.

ACHOIMRE

Iarrtar leis an gComhgnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin úsáid a bhaint as na buntáistí a bhaineann le cealla breosla, teicneolaíocht éifeachtúil tiontaithe (.i. déanann sé foinse bhreosla a thiontú i gcumhacht), agus le hidrigin, iompróir fuinnimh ghlain, chun dul i ngleic le dúshláin fuinnimh na hEorpa. D’fhéadfadh buntáistí áirithe a bheith bainteach le cealla breosla agus le hidrigin. Mar shampla:

teicneolaíocht um fhuinneamh in-athnuaite a chur i bhfeidhm ar an earnáil iompair;

giniúint chumhachta dháilte (.i. mionscála) a éascú; agus

dul i ngleic le nádúr uaineach na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail cumhacht ghaoithe.

Dá mbainfí úsáid astu, ba cheart go gcabhródh sé sin le hastaíochtaí carbóin a chomhrac, le spleáchas ar hidreacharbóin a laghdú, a ndéantar iad a iompórtáil den chuid is mó, agus le fás agus le fostaíocht a chruthú.

D’éirigh go han-mhaith leis an gcomhghnóthas den chéad ghlúin agus cuireadh roinnt feidhmchlár ar fáil ar an margadh. Iarrtar leis an dara comhghnóthas úsáid an fhuinneamh agus réitigh iompair hidrigin-bhunaithe a luathú san earnáil thráchtála ar fud na hEorpa. Tiocfaidh deireadh leis an dara comhghnóthas an 31 Nollaig 2024.

Mar chuid den chéim seo, cuirfear feabhas ar fheidhmíocht na dtáirgísan earnáil iompair agus laghdófar a gcostassan earnáil iompair. Chomh maith leis sin, taispeánfarsan earnáil iompair go ginearálta go bhfuil an teicneolaíocht réidh lena húsáidsan earnáil iompair (gluaisteáin, busanna agus bonneagar athbhreoslaithe) agus san earnáil fuinnimh (táirgeadh agus dáileadh hidrigine, stóráil fuinnimh agus giniúint chónaitheach chumhachta).

Bainistíocht

Is eintiteas dlíthiúil é an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 a cuireadh ar bun faoi Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (lena gceadaítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí sa réimse taighde thionsclaíoch ar leibhéal AE). Déanann an comhghnóthas a chlár oibre taighde straitéisigh féin a leagadh amach agus cuireann sé maoiniú ar fáil do thionscadail a roghnaítear i ndiaidh gairmeacha tograí a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Cuireann an comhghnóthas rialacha an chláir Fís 2020 i bhfeidhm maidir le rannpháirteachas.

Déanann Bainisteoir Feidhmiúcháin an comhghnóthas a bhainistiú, le tacaíocht ón bhfoireann in Oifig an Chláir. Tá Bord Rialachais ag an gcomhghnóthas, a chuimsíonn an tionscal agus ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach. Tá an bord sin freagrach go foriomlán as oibríochtaí an chomhghnóthais agus déanann sé maoirseacht ar chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí. Cuireann Coiste Eolaíochta comhairle ar fáil dó faoi thosaíochtaí eolaíochta. Tá ann freisin do ghrúpa ionadaithe stáit a dhéanann ionadaíocht do na tíortha lena mbaineann, agus do fhóraim um páirtithe leasmhara. Comhlíontar na rialacha vótála arna mbunú ag an gcomhghnóthas agus cinntí á ndéanamh.

Déantar foráil in Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais AE (Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012) do rialacha nua saincheaptha éadroma le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí AE.

Buiséad

Fuair an comhghnóthas ranníocaíocht airgeadais suas le €665 mhilliún ón Aontas Eorpach (Comhlachais Saorthrádála na hEorpa san áireamh) chun costais riaracháin agus oibriúcháin a chumhdach. Fuair an comhghnóthas suim chomhchosúil ó na rannpháirtithe. Iarrtar leis an gcomhghnóthas freisin sineirgíochtaí le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (ESIF) a fhorbairt.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 559/2014

27.6.2014

-

IO L 169, 7.6.2014, lgh. 108-129.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-20) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 104-173).

Nuashonrú is déanaí: 10.08.2014

Top