Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil — ról an oideachais

Litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil — ról an oideachais

 

ACHOIMRE AR:

Conclúidí — Litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt trí oideachas agus oiliúint

CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ?

  • Tarraingítear aird sna conclúidí seo ar an iliomad tairbhí agus deiseanna a chuirtear ar fáil leis an idirlíon agus leis na meáin shóisialta, ach tugtar na bagairtí agus na contúirtí a d’fhéadfadh tarlú leo chun suntais chomh maith.
  • Cuirtear béim iontu ar an tábhacht a bhaineann leis an oideachas agus leis an oiliúint chun cuidiú le daoine óga a bheith ina saoránaigh fhreagracha amach anseo atá liteartha ó thaobh na meán, agus chun antoisceachas agus radacú foréigneach a chosc.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Príomhghné den oideachas agus den oiliúint is ea luachanna bunúsacha a spreagadh i measc daoine óga, amhail na cinn atá cuimsithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus a n-ábaltacht smaoineamh go neamhspleách agus go criticiúil a chur chun cinn ag an am céanna.
  • Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’oideoirí agus do bhaill foirne oiliúna ionas gur féidir ceisteanna conspóideacha a phlé go hoscailte sa seomra ranga agus gur féidir leis na baill foirne coinneáil cothrom le dáta leis an eolas agus na scileanna a theastaíonn chun ábhar na meán a rochtain, a léirmhíniú, a tháirgeadh agus a úsáid ar mhodh freagrach. Ba cheart malartú dea-chleachtas maidir le litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn tuilleadh laistigh de chomhthéacs chreat straitéiseach ET2020.
  • Chun litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn, ba cheart do thíortha AE agus don Choimisiún Eorpach feidhm a bhaint as cistí agus cláir AE, amhail Erasmus+, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa, Fís 2020, Eoraip na Cruthaitheachta agus an clár um an Eoraip ar son na Saoránach.

CÚLRA

  • Tá litearthacht sna meáin, arb é is brí leis cumas daoine cineálacha éagsúla meán a rochtain, a thuiscint, a chruthú agus meastóireacht chriticiúil a dhéanamh orthu, tábhachtach do rannpháirtíocht ghníomhach sa saol daonlathach.
  • Tá inniúlacht dhigiteach, ina gcuimsítear úsáid mhuiníneach, chruthaitheach agus chriticiúil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, ina comhpháirt ríthábhachtach den litearthacht sna meáin. Níl scileanna digiteacha ar bith ag os cionn 40 % de shaoránaigh AE, áfach.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conclúidí ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016 maidir le litearthacht sna meáin agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt trí oideachas agus oiliúint (IO C 212, 14.6.2016, lgh. 5-8)

Nuashonraithe 12.01.2017

Top