An Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 2012/245/AE – Reachtanna Leasaithe an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
PRÍOMHPHOINTÍ
Bunaíodh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (EFC) faoin gConradh Maastricht agus ba é an Coiste Airgeadaíochta a bhí ann roimhe. Tá na cúraimí seo a leanas air:
-
Tuairimí a chur ar fáilar iarratas ón gComhairle nó ón gCoimisiún nó as a stuaim féin le cur faoi bhráid na n-institiúidí sin;
-
staid eacnamaíoch agus airgeadais Bhallstáit AE agus AE a choimeád faoi léirmheas agus tuairisciú rialta a dhéanamh ina dhiaidh sin chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, go háirithe maidir le caidreamh airgeadais le tíortha neamh-AE agus institiúidí idirnáisiúnta;
-
cur le hullmhúchán obair Chomhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais de chuid AE (dá dtagraítear mar “Ecofin”), agus le tascanna comhairleacha agus ullmhúcháin eile arna dtabhairt dó ag an gComhairle a chur i gcrích;
-
scrúdú, ar a laghad uair sa bhliain, ar an staid a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil agus saoirse íocaíochtaí agus iad de thoradh ar fheidhmiú na gConarthaí agus na mbeartas arna nglacadh ag an gComhairle;
-
staid airgeadaíochta agus airgeadais agus córas ginearálta íocaíochtaí Bhallstáit AE a bhfuil maolú acu (na ballstáit sin nach bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle an gcomhlíonann siad na coinníollacha riachtanacha chun glacadh leis an euro nó nach gcomhlíonann) a choimeád faoi léirmheas agus tuairisciú go rialta chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Comhdhéanamh
-
Is iad oifigigh shinsearacha ó údaráis náisiúnta agus ó bhainc cheannais, tá BCE agus an Coimisiún ar an gCoiste. Ceapann gach ballstáit 2 ionadaithe (1 ionadaí amháin ón státsheirbhís náisiúnta agus 1 ionadaí amháin ón mbanc ceannais náisiúnta) chomh maith le 2 chomhaltaí mhalartacha. Ceapann an Coimisiún agus BCE araon 2 lánchomhaltaí agus 2 chomhaltaí mhalartacha.
-
Buaileann an EFC in 2 fhoirmíocht i.e. le comhaltaí ó na bainc ceannais náisiúnta nó gan iad, ag brath ar na nithe atá ar chlár Ecofin.
-
Buaileann EFC i bhfoirmíocht an limistéir euro, Meitheal an Ghrúpa Euro (EWG) freisin. San fhoirmíocht sin, ní bhuaileann ach comhaltaí an limistéir euro leis an gCoimisiún agus BCE chun obair an Ghrúpa Euro a ullmhú. Ní bhíonn ionadaithe na mbanc ceannais náisiúnta i láthair.
-
Ceaptar uachtarán lán-aimseartha ó ionadaithe na n-údarás náisiúnta do thréimhse in-athnuaite de 2 bhliain. Cuidíonn Rúnaíocht leis/léi, agus tacaíonn an Rúnaíocht leis an gCoiste um Bheartas Eacnamaíoch agus leis an nGrúpa Euro freisin.
Feidhmiú
Glactar de ghnáth le tuairimí agus tuarascálacha EFC trí chomhaontú ag cruinnithe nó le nós imeachta i scríbhinn. Nuair a dhéantar vóta, bíonn vóta ag gach lánchomhalta (nó má tá siad as láthair, ag a malartach). Má bhaineann tuairim EFC le hábhar as a dtiocfaidh cinneadh Ecofin, ní ghlacfaidh comhaltaí na mbanc ceannais náisiúnta nó comhaltaí an Choimisiúin páirt sa vóta.
Meithleacha oibre agus fo-choistí
I mBealtaine 2013, bunaíodh Sainghrúpa Ardleibhéil chun moltaí a dhéanamh maidir le rochtain ar mhargaí caipitil do FBManna agus ar mhaoiniú bonneagair fadtéarmach san Eoraip a mhéadú. Tá fo-choistí agus meithleacha oibre ag EFC chomh maith chun réimse leathan ábhar a chumhdach ar bhonn buan agus ad-hoc. Ina measc siúd, áirítear:
-
margaí fiachais cheannasaigh AE (i.e. margaí d’urrúis, bannaí, etc. arna ndíol ag rialtais chun a bhfiachais a mhaoiniú);
-
saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais agus seirbhísí airgeadais (mar shampla forbairtí sna hearnálacha árachais agus cistí pinsin);
-
an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus saincheisteanna gaolmhara;
-
cúrsaíocht agus eisiúint bonn euro; agus
-
staitisticí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá sé i bhfeidhm ón 9 Bealtaine 2012.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéis, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh 2012/245/AE ón gComhairle an 26 Aibreán 2012 ar athbhreithniú Reachtanna an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (IO L 121, 8.5.2012, lgh. 22–24.)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh 98/743/CE ón gComhairle an 21 Nollaig 1998 maidir leis na forálacha mionsonraithe a bhaineann le comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (Iris Oifigiúil L 358, 31.12.1998, lgh. 109–110).
Cinneadh 1999/8/CE ón gComhairle an 31 Nollaig 1998 lena nglactar le Reachtanna an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (Iris Oifigiúil L 5, 9.1.1999, lch. 71).
Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha le Cinneadh 1999/8/CE sa bhundoiciméad. Is de luach doiciméadach atá an leagan comhdhlúite seo amháin.
Nuashonraithe 29.03.2017