EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Plean oibre an Aontais Eorpaigh don chultúr (2015-2018)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Plean oibre an Aontais Eorpaigh don chultúr (2015-2018)

ACHOIMRE AR:

Conclúidí maidir le Plean oibre don chultúr (2015-2018)

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN NA CONCLÚIDÍ SEO?

Leagtar amach sna conclúidí seo na príomhthosaíochtaí don chomhar Eorpach sa bheartas cultúrtha agus conas a dhéanfar na tosaíochtaí sin a bhaint amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tosaíochtaí

Leagtar ceithre phríomhthosaíocht amach sa chlár oibre:

1.

Cultúr inrochtana cuimsitheach — e.g. lámhleabhar dea-chleachtais maidir le teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh institiúidí cultúrtha a úsáid, teicneolaíochtaí a táirgeadh ag tíortha an Aontais Eorpaigh (AE).

2.

Oidhreacht chultúrtha — e.g. staidéar ón gCoimisiún ar mheasúnú agus ar chosc rioscaí, staidéar a bhfuil mar aidhm aige oidhreacht chultúrtha a chosaint ar thionchair na dtubaistí nádúrtha agus ar bhagairtí a bhfuil gníomh an duine ina chúis leo.

3.

Earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha: geilleagar na cruthaitheachta agus an nuálaíocht — e.g. moltaí ó thíortha AE d’údaráis inniúla maidir le rochtain ar mhaoiniú.

4.

Éagsúlacht chultúrtha, cultúr i gcaidreamh seachtrach AE agus soghluaisteacht a chur chun cinn — e.g. lámhleabhar dea-chleachtais maidir le cúrsaíocht scannán Eorpach a fheabhsú, scannáin a táirgeadh ag tíortha AE.

Is tosaíocht é freisin sna réimsí uile beartais chultúrtha staidreamh ardchaighdeáin inchomparáide a choimeád faoin gcultúr.

Modhanna oibre

Déantar foráil do mhodhanna oibre difriúla sa phlean, ag brath ar an gcuspóir agus ar an ábhar:

Modh Oscailte an Chomhordaithe (MOC), ar cheart go n-úsáidfí go fóill é mar phríomh-mhodh oibre comhordaithe sna tíortha AE;

cruinnithe neamhfhoirmiúla idir oifigigh Aireachtaí an Chultúir, lena n-áirítear le hoifigigh ó aireachtaí eile;

grúpaí nó seimineáir ad-hoc saineolaithe maidir le beartais shonracha, a thionóltar ag an gCoimisiún chun scrúdú breise a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le hábhair an phlean oibre (bunaithe ar na ceithre phríomhthosaíocht) agus chun idirghníomhú le hionstraimí eile sa phlean oibre, amhail staidéir agus conclúidí ón gComhairle;

cruinnithe chun machnamh a dhéanamh a reáchtáiltear ag an gCoimisiún Eorpach sna réimsí beartais ar pléadh leo go forleathan sna pleananna oibre roimhe seo, amhail na tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha agus an oidhreacht chultúrtha;

comhdhálacha, staidéir agus tionscnaimh phiarfhoghlama.

Gníomh praiticiúil

Leagtar 20 gníomh amach sa phlean, gníomhartha atá le cur i gcrích ag na tíortha AE, ag Uachtaránachtaí na Comhairle agus ag an gCoimisiún.

Iarrtar ar na tíortha AE:

na torthaí a bhaintear amach faoin bplean oibre a mheas, agus iad ag cloí le prionsabal na coimhdeachta, agus beartas náisiúnta á fhorbairt acu;

faisnéis a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara faoi aschur an phlean oibre.

Tugtar cuireadh d’Uachtaránachtaí na Comhairle glacadh le roinnt beart, lena n-áirítear:

an plean oibre a chur san áireamh agus a gclár oibre 18 mí á phleanáil acu;

cruinnithe neamhfhoirmiúla a reáchtáil faoi ábhar cultúrtha amháin nó níos mó chun na torthaí a bhaintear amach faoin bplean oibre a phlé, a ghlacadh agus a roinnt.

Iarrtar ar an gCoimisiún gníomhú ar shlite difriúla, lena n-áirítear:

rannpháirtíocht na dtíortha AE, na saineolaithe agus na bpáirtithe leasmhara a spreagadh, atá chomh forleathan agus is féidir, rannpháirtíocht sna struchtúir oibre atá leagtha amach sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na conclúidí;

a chinntiú go ndéantar faisnéis a mhalartú i measc ghrúpaí MOC i réimse an chultúir agus idir na grúpaí sin agus grúpaí ábhartha MOC eile in earnálacha gaolmhara;

tuarascáil faoi chur i bhfeidhm agus faoi ábharthacht an phlean oibre a fhoilsiú, le cabhair ó ranníocaíochtaí deonacha na dtíortha AE, faoi lár 2018.

Iarrtar ar an gCoimisiún agus ar na tíortha AE beart a dhéanamh freisin ina réimsí inniúlachta féin, lena n-áirítear:

an méid a chuireann an cultúr le cuspóirí foriomlána na straitéise “Eoraip 2020” a chur chun cinn;

an cultúr a chur san áireamh agus beartais agus gníomhartha á gcruthú, á gcur i bhfeidhm agus á meas i réimsí beartais eile;

comhar le tíortha neamh-AE a chothú, go háirithe tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus na tíortha atá rannpháirteach i mbeartas comharsanachta na hEorpa, mar aon le heagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta amhail Comhairle na hEorpa.

CÚLRA

Creat straitéiseach — An Clár Oibre Eorpach don Chultúr.

GNÍOMH

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le Plean Oibre don Chultúr (2015-2018) (IO C 463, 23.12.2014, lgh. 4–14)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rún ón gComhairle an 16 Samhain 2007 maidir le Clár Oibre Eorpach don Chultúr (IO C 287, 29.11.2007, lgh. 1–4)

Nuashonraithe 15.10.2015

Top