This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0029
Council Implementing Regulation (EU) 2021/29 of 15 January 2021 implementing Regulation (EU) No 36/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/29 ón gComhairle an 15 Eanáir 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/29 ón gComhairle an 15 Eanáir 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
IO L 12I, 15.1.2021, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32012R0036 | Cur le | iarscríbhinn II roinn A pointe 311 | 15/01/2021 |
15.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 12/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/29 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Eanáir 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus ag tabhairt aird ar an Aire Gnóthaí Eachtracha a ceapadh le déanaí, Faisal MEKDAD, ba cheart é a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Eanáir 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“311. |
Faisal MEKDAD (a.k.a. Fayçal, al-Mekdad, Meqdad, al-Meqdad) (فيصل المقداد) |
Dáta breithe: 1954; Áit bhreithe: Ghasm, Daraa Governorate, Syria; Inscne: Fireann |
Minister of Foreign Affairs. I mí na Samhna 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá cuid den fhreagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
15.1.2021” |