EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1624

Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle

IO L 251, 16.9.2016, p. 1–76 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32019R1896

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1624/oj

16.9.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/1624 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meán Fómhair 2016

maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal (79)(2)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ag a cruinniú an 25 agus an 26 Meitheamh 2015, d'iarr an Chomhairle Eorpach iarrachtaí níos fairsinge a dhéanamh chun réiteach ar bhealach cuimsitheach a fháil ar na sreabha imirceacha gan fasach i dtreo chríoch an Aontais, lena n-áirítear trí bhainistiú na dteorainneacha a athneartú d'fhonn bainistiú níos fearr a dhéanamh ar na sreabha imirce measctha atá ag dul i méid. Thairis sin, ag a gcruinniú neamhfhoirmeálta maidir le himirce an 23 Meán Fómhair 2015, leag na Cinn Stáit nó Rialtais béim ar an ngá atá le dul i ngleic leis an staid dhrámatúil ag na teorainneacha seachtracha agus leis na rialuithe ag na teorainneacha sin a neartú, go háirithe trí acmhainní breise a chur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, don Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), agus do Europol, trí bhíthin acmhainní daonna agus rannchuidithe teicniúla ó na Ballstáit.

(2)

Is é is cuspóir do bheartas an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha seachtracha ná bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, rud a bhfuil gá leis do shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar gné bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Tá ról lárnach ag bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip i mbainistiú imirce a fheabhsú. Is é an aidhm bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus bagairtí a d'fhéadfadh a bheith amach anseo ag na teorainneacha sin, agus ar an tslí sin rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar an gcoireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi agus a áirithiú gur ann d'ardleibhéal slándála inmheánaí laistigh den Aontas. Ag an am céanna, tá sé riachtanach gníomhú le lánurraim do chearta bunúsacha agus ar bhealach a dhéanann saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a choimirciú.

(3)

Is é atá i gceist le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, atá bunaithe ar an tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal, bearta a dhéantar i dtríú tíortha, amhail bearta a dhéantar faoi chuimsiú an chomhbheartais víosaí, bearta a dhéantar le tríú tíortha comharsanachta, bearta um rialú ag teorainneacha a dhéantar ag na teorainneacha seachtracha, anailís riosca agus bearta a dhéantar laistigh de limistéar Schengen agus bearta um fhilleadh.

(4)

Agus bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip á chur i bhfeidhm, ba cheart comhleanúnachas le cuspóirí beartais eile a áirithiú, lena n-áirítear feidhmiú cuí an iompair thrasteorann.

(5)

Chun cur chun feidhme éifeachtach don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a áirithiú, ba cheart Garda Teorann agus Cósta Eorpach a bhunú. Ba cheart na hacmhainní airgeadais agus daonna mar aon leis an trealamh is gá a sholáthar dó. Ba cheart gurb iad an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha a bheidh sa Gharda Teorann agus Cósta Eorpach. Ar an gcaoi sin, beidh sé ag brath ar úsáid choiteann faisnéise, acmhainneachtaí agus córas ar an leibhéal náisiúnta agus ar fhreagairt na Gníomhaireachta ar leibhéal an Aontais.

(6)

Ba cheart bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme mar fhreagracht chomhroinnte ag an nGníomhaireacht agus ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad oibríochtaí faireachais teorann muirí agus aon chúraimí rialaithe eile ag teorainneacha. Cé gur ar na Ballstáit a bheidh an phríomhfhreagracht a dteorainneacha seachtracha a bhainistiú chun a leasa féin agus chun leasa na mBallstát uile, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le cur i bhfeidhm bhearta an Aontais a bhaineann leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú trí ghníomhaíochtaí na mBallstát a chuireann na bearta sin chun feidhme a athneartú, a mheasúnú agus a chomhordú.

(7)

Le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, ní athraítear inniúlachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát faoi seach i réimse an chustaim, go háirithe maidir le rialuithe, bainistiú riosca agus malartú faisnéise.

(8)

Is le hinstitiúidí an Aontais a fhanfaidh an fhreagracht maidir le forbairt a dhéanamh ar bheartas agus reachtaíocht maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha agus filleadh, lena n-áirítear straitéis i dtaca le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a fhorbairt. Ba cheart dlúthchomhar idir an Ghníomhaireacht agus na hinstitiúidí sin a ráthú.

(9)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear Frontex go coitianta, le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (3). Ó chuaigh sí i mbun oibre an 1 Bealtaine 2005, d'éirigh leis an nGníomhaireacht cúnamh a thabhairt do na Ballstáit gnéithe oibríochtúla den bhainistiú teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme trí bhíthin oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann, anailís riosca, malartú faisnéise, caidreamh le tríú tíortha agus fillithe a fhilleadh.

(10)

Is gá faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú ag na teorainneacha seachtracha, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus ar bhagairtí a d'fhéadfadh a bheith amach anseo ag na teorainneacha seachtracha, a áirithiú gur ann d'ardleibhéal slándála inmheánaí laistigh den Aontas, feidhmiú limistéar Schengen a choimirciú agus urraim a léiriú do phrionsabal uileghabhálach na dlúthpháirtíochta. I bhfianaise an mhéid seo, is gá bainistiú na dteorainneacha seachtracha a athneartú trí chur leis an obair atá ar siúl ag Frontex agus tuilleadh forbartha a dhéanamh air nó go mbeidh sé ina ghníomhaireacht a mbeidh freagracht chomhroinnte uirthi i dtaobh na dteorainneacha seachtracha a bhainistiú.

(11)

Cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ba cheart iad a leathnú, dá bhrí sin. Chun na hathruithe sin a léiriú, ba cheart í a athainmniú mar an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, dá ngairfear tuilleadh mar Frontex go coitianta. Ba cheart gurbh í an duine dlítheanach céanna í fós, agus go mbeadh leanúnacht iomlán ann ó thaobh a cuid gníomhaíochtaí agus a nósanna imeachta. Ba cheart é a bheith ina phríomhról ag an nGníomhaireacht straitéis theicniúil agus oibríochtúil a bhunú chun bainistiú comhtháite teorainneacha a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais; chun formhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtach rialaithe teorann ag na teorainneacha seachtracha; chun cúnamh breise teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do Bhallstáit trí bhíthin oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann; a áirithiú go ndéanfar bearta a fhorghníomhú ar bhealach praiticiúil i staid a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha; cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar mar thaca le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i nguais ar muir; agus oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh a eagrú, a chomhordú agus a sheoladh.

(12)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a cuid cúraimí a chur i gcrích gan dochar do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis an réimse dlí agus cirt a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.

(13)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a cuid cúraimí a chur i gcrích gan dochar d'inniúlacht na mBallstát a mhéid a bhaineann le cosaint.

(14)

Ba cheart cúraimí agus inniúlacht leathnaithe na Gníomhaireachta a bheith á gcothromú le coimircí treisithe i dtaca le cearta bunúsacha agus le cuntasacht mhéadaithe.

(15)

Ba cheart do na Ballstáit bheith in ann leanúint den chomhar ar leibhéal oibríochtúil le Ballstáit eile agus/nó le tríú tíortha ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear oibríochtaí míleata a bhfuil cuspóir forghníomhaithe an dlí acu, a mhéid go bhfuil an comhar sin comhoiriúnach do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

(16)

Tá an Ghníomhaireacht ag brath ar chomhar na mBallstát chun bheith in ann a cúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit gníomhú de mheon macánta agus faisnéis chruinn a mhalartú go tráthúil. Níor cheart go mbeadh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunriachtanacha a shlándála.

(17)

Ba cheart do Bhallstáit freisin, chun a leasanna féin agus chun leasanna na mBallstát eile, sonraí a iontráil i mbunachair shonraí Eorpacha. Chomh maith leis sin, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na sonraí beacht agus cothrom le dáta agus go ndearnadh iad a fháil agus iontráil go dlíthiúil.

(18)

Ba cheart don Ghníomhaireacht anailísí riosca a ullmhú a bheidh ginearálta agus sainoiriúnaithe bunaithe ar mhúnla coiteann comhtháite don anailís riosca, a bheidh le cur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht féin agus ag na Ballstáit. Ba cheart don Ghníomhaireacht, bunaithe freisin ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, faisnéis leormhaith a chumhdaíonn na gnéithe uile a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a sholáthar, go háirithe rialú ag teorainneacha, filleadh, gluaiseachtaí neamhrialta tánaisteacha náisiúnach tríú tír san Aontas, cosc a chur leis an gcoireacht thrasteorann, lena n-áirítear éascú ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe, gáinneáil ar dhaoine, an sceimhlitheoireacht agus bagairtí de chineál hibrideach, mar aon leis an staid i dtríú tíortha comharsanachta, chun gur féidir bearta iomchuí a dhéanamh nó chun dul i ngleic le bagairtí agus rioscaí a shainaithnítear, d'fhonn bainistiú comhtháite na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú.

(19)

I bhfianaise a chuid gníomhaíochtaí ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart don Ghníomhaireacht rannchuidiú le cosc agus brath na coireachta tromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi, amhail imircigh a smuigleáil, gáinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht, i gcás inarb iomchuí an méid sin chun go ngníomhóidh sí agus i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha faighte aici trína cuid gníomhaíochtaí. Ba cheart di a cuid gníomhaíochtaí a chomhordú le Eoropol, arb é sin an ghníomhaireacht atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus na gníomhaíochtaí sin a threisiú, agus as an gcomhar eatarthu d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac. Bíonn gné thrasteorann i gceist i gcónaí le coireanna trasteorann. Is saintréith den ghné thrasteorann sin iad na coireanna atá nasctha le trasnú neamhúdaraithe na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine nó imircigh a smuigleáil. É sin ráite, le hAirteagal 1(2) de Threoir 2002/90/CE ón gComhairle (4), ceadaítear do Bhallstáit gan smachtbhannaí a fhorchur i gcás inarb é aidhm na hiompraíochta ná cúnamh daonnúil a thabhairt d'imircigh.

(20)

De mheon na freagrachta comhroinnte, ba cheart é a bheith mar ról ag an nGníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha ar bhonn rialta. Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéantar faireachán cuí agus éifeachtach, ní hamháin trí anailís riosca, trí mhalartú faisnéise agus tríd an gCóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR), ach freisin trí shaineolaithe óna foireann féin a bheith i láthair sna Ballstáit. Ba cheart don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, a bheith in ann oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig Ballstáit ar feadh tréimhse áirithe ama, agus go dtuairisceodh an t-oifigeach idirchaidrimh don stiúrthóir feidhmiúcháin i rith na tréimhse ama sin. Ba cheart gur cuid den mheasúnú leochaileachta a bheadh i dtuarascáil na n-oifigeach idirchaidrimh.

(21)

Ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú leochaileachta a dhéanamh, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, chun acmhainneacht agus ullmhacht na mBallstát a mheasúnú i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ag a dteorainneacha seachtracha. Ba cheart a áireamh air sin measúnú ar threalamh, ar bhonneagar, ar fhoireann, ar bhuiséad agus ar acmhainní airgeadais na mBallstát agus ar a bpleananna teagmhasacha i dtaca le haghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a d'fhéadfadh titim amach ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh arna sainaithint sa mheasúnú sin. Ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin na bearta a bheidh le déanamh a shainaithint agus iad a mholadh don Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin teorainn ama a shocrú freisin faoina mbeidh na bearta sin le déanamh. Más rud é nach ndéantar na bearta is gá laistigh den teorainn ama a leagtar síos, ba cheart an t-ábhar a tharchur chuig an mbord bainistíochta chun go ndéanfar cinneadh eile ina leith.

(22)

Más rud é nach ndéantar faisnéis bheacht agus luath, atá riachtanach chun measúnú leochaileachta a dhéanamh, a sholáthar don Ghníomhaireacht, ba cheart di bheith in ann an fíoras sin a chur san áireamh nuair a bhíonn an measúnú leochaileachta á dhéanamh, mura rud é go bhfuil cúiseanna cuí-réasúnaithe ann do na sonraí sin a choinneáil siar.

(23)

Ba cheart don Ghníomhaireacht an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil is iomchuí do na Ballstáit a chur ar fáil chun a n-acmhainneacht maidir lena n-oibleagáidí a chur chun feidhme a athneartú a mhéid a bhaineann le rialú na dteorainneacha seachtracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ag na teorainneacha seachtracha de thoradh imirce neamhdhíthiúil nó na coireachta trasteorann. Ba cheart cúnamh den sórt sin bheith gan dochar d'inniúlacht na n-údarás náisiúnta ábhartha chun imscrúduithe coiriúla a thionscnamh. Ina leith sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, oibríochtaí comhpháirteacha a eagrú agus a chomhordú le haghaidh Ballstát amháin nó níos mó agus foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh, mar aon leis an trealamh teicniúil is gá a chur ar fáil. Féadfaidh sé saineolaithe de chuid a foirne féin a imscaradh freisin.

(24)

Más rud é go bhfuil dúshlán sonrach agus díréireach ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart don Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, mear-idirghabhálacha teorann a eagrú agus a chomhordú agus foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh ó dhíorma mearfhreagartha agus le trealamh teicniúil a chur ar fáil. Ba cheart go soláthródh mear-idirghabhálacha teorann athneartú ar feadh tréimhse theoranta ama i gcás ina bhfuil freagairt láithreach de dhíth agus ina mbeadh na hidirghabhálacha sin ina bhfreagairt éifeachtach. Chun oibríocht éifeachtach idirghabhála den sórt sin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a chur ar fáil don díorma mearfhreagartha agus an trealamh teicniúil is gá a sholáthar. Ba cheart don Ghníomhaireacht agus don Bhallstát lena mbaineann comhaontú ar phlean oibríochta.

(25)

I gcás ina mbíonn dúshláin shonracha agus dhíréireacha ó thaobh imirce roimh Bhallstát ag limistéir ar leith dá theorainneacha seachtracha a bhfuil mórphlódú isteach de shreabha imirce measctha mar shaintréith díobh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann brath ar athneartuithe teicniúla agus oibríochtúla. Ba cheart d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce an méid sin a sholáthar i dteophointí. Ba cheart na foirne sin a bheith comhdhéanta d'fhoirne saineolaithe arna n-imscaradh ó na Ballstáit ag an nGníomhaireacht agus ag EASO agus ón nGníomhaireacht, ó Europol nó ó ghníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis na gníomhaireachtaí éagsúla ar an talamh a chomhordú.

(26)

Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha ag aon údaráis ar dócha go bhfaighidh siad iarratais le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, amhail na póilíní, gardaí teorann, údaráis inimirce agus pearsanra i saoráidí coinneála. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go bhfaighidh pearsanra údarás den sórt sin an leibhéal riachtanach oiliúna is iomchuí dá gcúraimí agus dá bhfreagrachtaí agus go dtabharfar treoracha dóibh maidir le hiarratasóirí a chur ar an eolas i dtaobh cá háit a bhféadfaidh siad iarratais le haghaidh cosaint idirnáisiúnta a thaisceadh agus i dtaobh cén chaoi lena dhéanamh.

(27)

I dteophointí, ba cheart do na gníomhaireachtaí éagsúla agus do na Ballstáit oibriú de réir a sainorduithe agus a gcumhachtaí faoi seach. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí ábhartha eile, a áirithiú go gcomhlíonfaidh gníomhaíochtaí i dteophointí acquis ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Comhchóras Eorpach Tearmainn agus cearta bunúsacha.

(28)

I gás ina bhfágtar go bhfuil rialú na dteorainneacha seachtracha chomh neamhéifeachtach sin go bhféadfaí feidhmiú limistéar Schengen a chur i mbaol, bíodh sin toisc nach ndéanann Ballstát na bearta is gá i gcomhréir le measúnú leochaileachta nó toisc, nár iarr Ballstát a bhfuil dúshláin shonracha agus dhíréireacha roimhe ag na teorainneacha seachtracha, tacaíocht leordhóthanach ar an nGníomhaireacht nó nach gcuireann sé tacaíocht den sórt sin sin chun feidhme, ba cheart mearfhreagairt aontaithe agus éifeachtach a thabhairt ar leibhéal an Aontais. Chun críche na rioscaí sin a mhaolú, agus chun comhordú níos fearr a áirithiú ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún cinneadh a mholadh don Chomhairle ar cinneadh é lena sainaithnítear na bearta sin atá le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus lena gcuirtear de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann comhoibriú leis an nGníomhaireacht i gcur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart an chumhacht chur chun feidhme chun cinneadh den sórt sin a ghlacadh a thabhairt don Chomhairle toisc íogaireacht pholaitiúil fhéideartha na mbeart a bheidh le cinneadh, ar dócha go mbainfidh siad le cumhachtaí feidhmiúcháin agus forfheidhmithe náisiúnta. Ba cheart don Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun na bearta a luaitear sa chinneadh ón gComhairle a fhorghníomhú go praiticiúil. Ansin, agus ba cheart di plean oibríochta a tharraingt suas i gcomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Más rud é go mbíonn Ballstát ann nach gcomhlíonfaidh an cinneadh sin ón gComhairle laistigh de 30 lá agus nach mbíonn sé ag comhoibriú leis an nGníomhaireacht maidir le cur chun feidhme na mbeart atá sa chinneadh sin, ba cheart don Choimisiún bheith in ann an nós imeachta sonrach dá bhforáiltear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla a chuireann feidhmiú foriomlán an limistéir atá gan rialú teorann inmheánach i mbaol. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2016/399 a leasú dá réir sin.

(29)

Ba cheart don Ghníomhaireacht an trealamh agus na baill foirne is gá a bheith ar fáil di lena n-imscaradh in oibríochtaí comhpháirteacha nó i mear-idirghabhálacha teorann. Chuige sin, nuair a bheidh mear-idirghabhálacha teorann á seoladh ag an nGníomhaireacht, arna iarraidh sin ag Ballstát nó i gcás ina bhfuil gníomhaíocht phráinneach de dhíth, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh, sna Ballstáit, ó dhíorma mearfhreagartha arb é is ceart a bheith ann buanchór ina bhfuil gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile. Ba cheart 1 500 garda teorann agus baill foirne ábhartha eile ar a laghad bheith sa díorma. Ba cheart imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta ón díorma mearfhreagartha a fhorlíonadh láithreach le foirne Eorpacha Gardaí Teorann agus Cósta breise i gcás inar gá sin.

(30)

In Iarscríbhinn I, leagtar amach na rannchuidithe a dhéanfaidh na Ballstáit leis an díorma mearfhreagartha sin ar bhonn gealltanas i bhfianaise na n-imthosca atá ann tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Má thagann athrú substaintiúil nó struchtúrach ar na himthosca sin, lena n-áirítear nuair a bheidh cinneadh déanta i dtaobh rialuithe ar theorainneacha inmheánacha na mBallstát a ardú, de bhun fhorálacha na nIonstraimí Aontachais ábhartha, ba cheart don Choimisiún na leasuithe iomchuí ar an Iarscríbhinn sin a mholadh.

(31)

Ag féachaint dá thapúla a bheadh gá le himscaradh trealaimh agus ball foirne, go háirithe sna limistéir sin de na teorainneacha seachtracha ina mbíonn mórphlódú isteach tobann de shreabha imirce, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann freisin a trealamh teicniúil féin a úsáid, trealamh ar cheart di féin a fháil nó a bheidh faoi chomhúinéireacht le Ballstát. Ba cheart do na Ballstáit ina bhfuil an trealamh teicniúil sin cláraithe é a chur ar fáil don Ghníomhaireacht arna iarraidh sin di. Ba cheart don Ghníomhaireacht freisin comhthiomsú de threalamh teicniúil arna sholáthar ag na Ballstáit a bhainistiú, bunaithe ar na riachtanais arna sainaithint ag an nGníomhaireacht agus ar cheart é a iomlánú trí bhíthin modhanna iompair agus trealamh oibríochtúil arna cheannach ag na Ballstáit faoi Ghníomhaíochtaí Sonracha an Chiste Slándála Inmheánaí.

(32)

An 15 Deireadh Fómhair 2015, d'iarr an Chomhairle Eorpach freisin go méadófaí sainordú Frontex maidir le filleadh, chun an ceart a chur san áireamh oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh a eagrú ar a thionscnamh féin agus feabhas a chur ar a ról maidir le doiciméid taistil a fháil d'fhillithe.

(33)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cur leis an gcúnamh a thugann sí do na Ballstáit náisiúnaigh tríú tíortha a fhilleadh, faoi réir bheartas um fhilleadh an Aontais agus i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Go háirithe, ba cheart di oibríochtaí um fhilleadh a chomhordú agus a eagrú ó Bhallstát amháin nó níos mó agus ba cheart di idirghabhálacha um fhilleadh a eagrú agus a dhéanamh chun córas um fhilleadh na mBallstát sin a bhfuil cúnamh breise teicniúil agus oibríochtúil de dhíth orthu a athneartú nuair atá na Ballstáit sin ag comhlíonadh a n-oibleagáide náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh i gcomhréir leis an Treoir sin.

(34)

Ba cheart don Ghníomhaireacht, agus urramú iomlán á thabhairt do chearta an duine, an cúnamh is gá a sholáthar do Bhallstáit agus iad ag eagrú oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh fillithe. Níor cheart di féachaint isteach i dtuillteanas na gcinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag na Ballstáit. Sa bhreis air sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do Bhallstáit a mhéid a bhaineann le doiciméid taistil a fháil don fhilleadh, i gcomhar le húdaráis na dtríú tíortha ábhartha.

(35)

Maidir leis an gcúnamh do Bhallstáit agus iad ag leanúint nósanna imeachta um fhilleadh, ba cheart a áireamh ann faisnéis phraiticiúil a sholáthar maidir leis na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu agus ar faisnéis í atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo, amhail mionsonraí teagmhála a sholáthar nó faisnéis loighisticiúil eile atá riachtanach le haghaidh seoladh rianúil na n-oibríochtaí um fhilleadh. Chun cinntí um fhilleadh a dhéanamh, níor cheart an Ghníomhaireacht a bheith páirteach i soláthar faisnéise do Bhallstáit maidir leis na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu.

(36)

Bíodh is go bhféadfadh socrú a bheith cheana ann idir Ballstát agus tríú tír, ní shaorann sé sin an Ghníomhaireacht ná na Ballstáit óna gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le prionsabal an non-refoulement a chomhlíonadh.

(37)

Ba cheart don Ghníomhaireacht díormaí a bhunú de lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach, de thionlacaithe don fhilleadh éigeantach agus de speisialtóirí don fhilleadh arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, díormaí ba cheart a imscaradh le linn oibríochtaí um fhilleadh agus ar cheart iad a bheith ina gcuid d'fhoirne saincheaptha idirghabhála Eorpacha um fhilleadh a bhíonn in úsáid in idirghabhálacha don fhilleadh. Ba cheart daoine a bhfuil saineolas sonrach acu i gcosaint leanaí a bheith ar fhoireann na ndíormaí sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht an oiliúint riachtanach a chur ar fáil dóibh.

(38)

I gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta dlí, amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, déanfar aon duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois a mheas mar leanbh faoin Rialachán seo. Is iad sárleasanna an linbh atá le bheith mar phríomhchomaoin i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

(39)

Ba cheart foráil speisialta a dhéanamh don fhoireann atá páirteach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh chun go ndéanfaí a gcúraimí, a gcumhachtaí agus a bhfreagrachtaí a shonrú. Ba cheart treoracha speisialta a eisiúint freisin a mhéid maidir leis an gcumhacht atá ag píolótaí a bhfuil aerárthaí faoina gcúram agus a mhéid a bhaineann le leathnú ar dhlínse choiriúil na tíre inar cláraíodh an t-aerárthach faoin dlí eitlíochta idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiún Thóiceo um Chionta agus gníomhartha áirithe eile a dhéantar ar bord aerárthaí.

(40)

Ba cheart don Ghníomhaireacht uirlisí oiliúna sonracha a fhorbairt, lena n-áirítear oiliúint shonrach i gcosaint leanaí, agus ba cheart di oiliúint a sholáthar ar leibhéal an Aontais do theagascóirí náisiúnta gardaí teorann. Ba cheart di freisin cúrsaí oiliúna breise agus seimineáir bhreise a bhaineann le cúraimí um bainistiú comhtháite teorainneacha a chur ar fáil, lena n-áirítear d'oifigigh sna comhlachtaí náisiúnta inniúla. Ba cheart a áireamh leis sin oiliúint maidir le dlí ábhartha an Aontais agus maidir leis an dlí idirnáisiúnta agus le cearta bunúsacha. Ba cheart an Ghníomhaireacht a údarú chun gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar chríocha an tríú tír i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an tríú tír.

(41)

Ba cheart don Ghníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i dtaighde is ábhartha do bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, agus rannchuidiú leis na forbairtí sin. Ba cheart di an fhaisnéis maidir leis na forbairtí sin a scaipeadh ar Pharlaimint na hEorpa, ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún.

(42)

Tá sé riachtanach faisnéis a mhalartú ar bhealach rialta, tapa agus iontaofa idir na Ballstáit chun gur féidir bainistiú comhtháite na dteorainneacha seachtracha a chur chun feidhme go héifeachtach. Ba cheart don Ghníomhaireacht córais faisnéise a fhorbairt agus a oibriú a éascóidh an cineál malartaithe sin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit faisnéis iomlán agus beacht, atá ag teastáil ón nGníomhaireacht chun a cuid cúraimí a chomhall, a sholáthar go pras don Ghníomhaireacht.

(43)

Chun a misean a chomhall agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i dtaobh ábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le dlí agus beartas an Aontais. Ba cheart formheas roimh ré an Choimisiúin a fháil do na socruithe oibre sin.

(44)

Na húdaráis náisiúnta sin a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu i leith raon leathan cúraimí, a bhféadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála muirí, rialú ag teorainneacha muirí, rialú ar iascach muirí, rialú custaim mhuirí, forfheidhmiú ginearálta dlí muirí agus cosaint an chomhshaoil mhuirí a bheith ar áireamh leo. An Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle (7) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart dóibh mar sin an comhar eatarthu féin a threisiú mar aon leis an gcomhar leis na húdaráis náisiúnta atá i mbun feidhmeanna garda cósta chun feasacht staide muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht a bheidh comhtháite agus cost-éifeachtúil. Ba cheart sineirgí idir na gníomhaithe éagsúla sa réimse muirí a bheith ag luí le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus le straitéisí um shlándáil mhuirí.

(45)

Le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ní dhéantar difear do dheighilt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit faoi na Conarthaí ná d'oibleagáidí na mBallstát faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, agus ionstraimí muirí ábhartha idirnáisiúnta eile.

(46)

Ba cheart don Ghníomhaireacht comhar teicniúil agus oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a éascú agus a spreagadh faoi chuimsiú bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart di comhar oibríochtúil a chomhordú idir Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an bhainistithe ar theorainneacha seachtracha, trí oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig tríú tíortha agus dul i gcomhar le húdaráis tríú tíortha i dtaca le filleadh, lena n-áirítear maidir le doiciméid taistil a fháil. Agus comhar le tríú tíortha ar siúl acu, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do Bhallstáit dlí an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint na gceart bunúsach agus le prionsabal an non-refoulement, a chomhlíonadh i gcónaí. Ar an mbealach céanna, ba cheart dóibh sin a dhéanamh nuair a bhíonn an comhar le tríú tíortha ar siúl ar chríoch na dtíortha eile sin. Chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisciú ar an gcomhar le tríú tíortha ina tuarascáil bhliantúil.

(47)

Ba cheart do Gharda Teorann agus Cósta na hEorpa, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorann, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, a gcuid cúraimí a chomhall i lán-urraim do chearta bunúsacha, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, an Coinbhinsiún maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir. I gcomhréir le dlí an Aontais agus leis na hionstraimí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do Bhallstáit nuair a bhíonn oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar siúl acu chun beatha daoine a chosaint agus a tharrtháil cibé uair agus cibé áit a bhfuil an méid sin de dhíth.

(48)

I bhfianaise líon méadaithe na gcúraimí atá ar an nGníomhaireacht, ba cheart di straitéis a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar chosaint na gceart bunúsach agus chun an chosaint sin a áirithiú. Chuige sin, ba cheart di acmhainní agus foireann leormhaith a sholáthar dá hoifigeach um chearta bunúsacha a bheidh ag freagairt dá shainordú agus do mhéid na hoifige. Ba cheart rochtain a bheith ag an oifigeach um chearta bunúsacha ar an bhfaisnéis uile atá riachtanach dó nó di chun a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart don Ghníomhaireacht a ról a úsáid chun cur i bhfeidhm acquis an Aontais a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha a chur chun cinn go gníomhach, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha agus le cosaint idirnáisiúnta.

(49)

Urramaítear leis an Rialachán seo cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus a léirítear sa Chairt. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le hurraim ina hiomláine a áirithiú do dhínit an duine, don cheart chun beatha, don cheart chun saoirse agus slándála, don cheart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, don cheart chun tearmainn, don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil, do chearta an linbh, do thoirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach agus do thoirmeasc ar gháinneáil ar dhaoine. Féachtar leis freisin cur i bhfeidhm phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus non-refoulement a chur chun cinn.

(50)

Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo sásra um ghearáin don Ghníomhaireacht i gcomhar leis an oifigeach um chearta bunúsacha, chun urramú do chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta a áirithiú. Ba cheart gur sásra riaracháin a bheadh sa sásra sin faoina mbeidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as gearáin arna bhfáil ag an nGníomhaireacht a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Ba cheart don oifigeach um chearta bunúsacha inghlacthacht gearáin a athbhreithniú, gearáin inghlactha a chlárú, gach gearán cláraithe a chur ar aghaidh chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, gearáin a bhaineann le comhaltaí na bhfoirne a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile, agus bearta leantacha de chuid na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit sin a chlárú. Ba cheart don sásra bheith éifeachtúil, rud a áiritheoidh go ndéantar bearta leantacha go cuí de dhroim na ngearán. Ba cheart an sásra um ghearáin bheith gan dochar do rochtain ar leigheasanna riaracháin agus breithiúnacha agus ní hionann é agus ceanglas chun leigheasanna den sórt sin a lorg. Ba cheart gurb iad na Ballstáit a dhéanfadh imscrúduithe coiriúla. Chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisciú ar an sásra um ghearáin ina tuarascáil bhliantúil. Ba cheart a chumhdach leis an tuarascáil, go háirithe, líon na ngearán a fuarthas, cineálacha na sáruithe ar chearta bunúsacha lena mbaineann, na hoibríochtaí i dtrácht agus, i gcás inarb indéanta sin, na bearta leantacha a rinne an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit.

(51)

Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith neamhspleách i dtaca le hábhair oibríochtúla agus theicniúla agus neamhspleáchas dlí, riaracháin agus airgeadais a bheith aici. Chuige sin, is gá agus is iomchuí gur comhlacht de chuid an Aontais a bheadh inti ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus a fheidhmíonn na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar di leis an Rialachán seo.

(52)

Ba cheart ionadaíocht a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar bhord bainistíochta chun formhaoirseacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht. Ba cheart a bheith ar an mbord bainistíochta, nuair is féidir, ceannairí oibríochtúla na seirbhísí náisiúnta atá freagrach as gardaí teorann nó a n-ionadaithe a bhainistiú. Ba cheart do na páirtithe sin a mbeidh ionadaíocht acu ar an mbord bainistíochta iarracht a dhéanamh ráta athraithe a n-ionadaithe a theorannú, d'fhonn leanúnachas obair an bhoird bainistíochta a áirithiú. Ba cheart a chur ar iontaoibh an bhoird bainistíochta na cumhachtaí is gá chun buiséad na Gníomhaireachta a leagan síos, chun cur i bhfeidhm an bhuiséid sin a fhíorú, chun na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, chun nósanna imeachta trédhearcacha oibre a bhunú le haghaidh cinnteoireacht ag an nGníomhaireacht agus chun an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh. Ba cheart an Ghníomhaireacht bheith á rialú agus á hoibriú le haird chuí ar phrionsabail an chur chuige choitinn maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 19 Iúil 2012.

(53)

Chun neamhspleáchas na Gníomhaireachta a ráthú, ba cheart buiséad neamhspleách a thabhairt di ar as ranníocaíocht ón Aontas a thiocfaidh a ioncam den chuid is mó. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a thabharfaidh faoi iniúchadh na gcuntas.

(54)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) gan srian maidir leis an nGníomhaireacht, agus ba cheart di aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (10).

(55)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), maidir leis an nGníomhaireacht. Ba cheart an Ghníomhaireacht bheith chomh trédhearcach agus is féidir maidir lena cuid gníomhaíochtaí, agus fós gan baint amach chuspóir a cuid oibríochtaí a chur i mbaol. Ba cheart di faisnéis maidir lena cuid gníomhaíochtaí a chur ar fáil go poiblí. Ar an mbealach céanna, ba cheart di a áirithiú go dtabharfar faisnéis go mear i dtaobh a chuid oibre don phobal agus do pháirtí leasmhar ar bith.

(56)

Ba cheart don Ghníomhaireacht freisin tuairisciú ar a cuid gníomhaíochtaí do Pharlaimint na hEorpa don Chomhairle sna téarmaí is leithne agus is féidir.

(57)

Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(58)

Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanfaidh na Ballstáit faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). I gcásanna ina mbeidh próiseáil sonraí riachtanach go príomha chun ardleibhéal slándála inmheánaí laistigh den Aontas a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacs gníomhaíochtaí maidir le faireachán ar shreabha imirce agus anailís riosa, maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhailítear le linn oibríochtaí compháirteacha, treoirthionscadal agus mear-idirghabhálacha teorann agus ar shonraí pearsanta a bhailíonn foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, nó maidir leis an gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tá feidhm ag Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (14). Ba cheart d'aon phróiseáil sonraí pearsanta prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú.

(59)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ar bhealach neamh-chomhordaithe, cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon córas comhtháite bainistíochta le haghaidh teorainneacha seachtracha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áiritheofaí feidhmiú cuí limistéar Schengen, a ghnóthú go leordhóthanach, de bharr easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, na ndúshlán suntasach ón imirce ag na teorainneacha seachtracha, an ghá atá ann le faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha, agus chun rannchuidiú le leibhéal ard slándála inmheánaí laistigh den Aontas, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(60)

Is iad na teorainneacha seachtracha dá dtagraítear sa Rialachán seo ná na teorainneacha sin a bhfuil feidhm ag forálacha Theideal II de Rialachán (AE) 2016/399 maidir leo, lena n-áirítear teorainneacha seachtracha Bhallstáit Schengen i gcomhréir le Prótacal 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(61)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (15), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (16). Sa Socrú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le modheolaíochtaí rannpháirteachas na Stát sin sa Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (17), déantar foráil maidir le rialacha i dtaobh rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus foireann.

(62)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (18), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (19).

(63)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (20), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (21).

(64)

Sa Socrú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, den pháirt eile, maidir le modheolaíochtaí rannpháirteachas na Stát sin sa Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (22), déantar foráil maidir le rialacha i dtaobh rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus foireann.

(65)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(66)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (23); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(67)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (24); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(68)

Ba cheart don Ghníomhaireacht eagrú gníomhaíochtaí sonracha a éascú, gníomhaíochtaí trína mbeidh na Ballstáit in ann tairbhiú den saineolas agus de na saoráidí a d'fhéadfadh Éire agus an Ríocht Aontaithe a bheith toilteanach a chur ar fáil dóibh, ar théarmaí a bheidh le cinneadh ar bhonn gach cáis ar leith ag an mbord bainistíochta. Chuige sin, d'fhéadfadh sé go dtabharfaí cuireadh d'ionadaithe ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe freastal ar chruinnithe an bhoird bhainistíochta, rud a thabharfadh deis dóibh a bheith iomlán rannpháirteach in ullmhú na ngníomhaíochtaí sonracha sin.

(69)

Tá conspóid ann idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe maidir le críochú theorainneacha Ghiobráltar.

(70)

Má chuirtear infheidhmeacht an Rialacháin seo ar fionraí maidir le teorainneacha Ghiobráltar, ní chiallaíonn an méid sin go bhfuil aon athrú ar sheasaimh na Stát lena mbaineann faoi seach.

(71)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim an 18 Márta 2016 (25).

(72)

Is é is aidhm don Rialachán seo forálacha Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), agus Chinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (27) a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a líon agus a gcineál araon, is iomchuí, ar mhaithe le breis soiléireachta, na gníomhartha sin a aisghairm agus gníomh nua a chur ina n-ionad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Garda Teorann agus Cósta Eorpach chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a áirithiú ag na teorainneacha seachtracha d'fhonn bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú ag na teorainneacha seachtracha. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirceacha agus bagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo ag na teorainneacha sin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar an gcoireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi, chun leibhéal ard slándála inmheánaí a áirithiú san Aontas, agus lánuraim á tabhairt do chearta bunúsacha, agus, san am céanna, saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a chosaint.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2016/399, agus a bhfuil feidhm ag Teideal II den Rialachán sin maidir leo;

(2)

ciallaíonn “rialú ag teorainneacha” rialú ag teorainneacha mar a shainmhínítear é i bpointe 10 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(3)

ciallaíonn “garda teorann” garda teorann mar a shainmhínítear é i bpointe 14 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(4)

ciallaíonn “foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta” foirne gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile ó na Ballstáit rannpháirteacha, lena n-áirítear gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile atá tugtha ar iasacht ag Ballstáit mar shaineolaithe náisiúnta chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann agus mar chuid d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce;

(5)

ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát ina dtarlaíonn oibríocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann, oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh, nó óna seoltar a leithéid d'oibríocht nó d'idirghabháil, nó ina n-imscartar foireann tacaíochta don bhainistiú imirce;

(6)

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát sin ina bhfuil ball d'fhoireann Eorpach de chuid an Gharda Teorann agus Cósta ina gharda teorann nó ina garda teorann nó ina bhall foirne ábhartha eile nó ina ball foirne ábhartha eile;

(7)

ciallaíonn “Ballstát rannpháirteach” Ballstát a bhíonn rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach, i mear-idirghabháil teorann, in oibríocht um fhilleadh, in idirghabháil um fhilleadh nó in imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, trí threalamh teicniúil, gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile arna n-imscaradh mar chuid d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a sholáthar, mar aon le Ballstát a bhíonn rannpháirteach in oibríochtaí um fhilleadh nó in idirghabhálacha um fhilleadh trí threalamh teicniúil nó baill foirne a sholáthar, ach nach Ballstát óstach é;

(8)

ciallaíonn “ball na bhfoirne” ball d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta nó foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh a bhíonn rannpháirteach in oibríochtaí um fhilleadh nó in idirghabhálacha um fhilleadh;

(9)

ciallaíonn “foireann tacaíochta don bhainistiú imirce” foireann saineolaithe a sholáthraíonn athneartú teicniúil agus oibríochtúil do na Ballstáit ag teophointí, ar foireann í ar a bhfuil saineolaithe arna n-imscaradh ó na Ballstáit ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus ag an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn, agus ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ó Europol nó ó ghníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais;

(10)

ciallaíonn “teophointe” limistéar ina bhfuil an Ballstát óstach, an Coimisiún, gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus na Ballstáit rannpháirteacha ag comhoibriú lena chéile agus é mar aidhm acu dúshlán díréireach imirce atá ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú agus ar saintréith den dúshlán sin go bhfuil méadú suntasach ar líon na n-imirceach a thagann isteach ag na teorainneacha seachtracha;

(11)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;

(12)

ciallaíonn “cinneadh um fhilleadh” cinneadh riaracháin nó cinneadh breithiúnach nó gníomh breithiúnach, ina ndeirtear nó ina ndearbhaítear go bhfuil fanacht náisiúnaigh tríú tír neamhdhlíthiúil agus lena bhforchuirtear oibleagáid air nó uirthi filleadh nó ina ndeirtear go bhfuil oibleagáid air nó uirthi filleadh agus gur cinneadh é sin a urramaíonn Treoir 2008/115/CE;

(13)

ciallaíonn “fillí” náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhíthiúil agus atá faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát;

(14)

ciallaíonn “oibríocht um fhilleadh” oibríocht arna comhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus a bhfuil athneartú teicniúil agus oibríochtúil arna sholáthar ag Ballstát amháin nó níos mó mar chuid di, faoina bhfilleann fillithe ó Bhallstát amháin nó níos mó bíodh sé sin ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach;

(15)

ciallaíonn “idirghabháil um fhilleadh” gníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a chuireann cúnamh teicniúil agus oibríochtúil feabhsaithe ar fáil do Bhallstáit, agus gurb é atá i gceist leis ná foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh a imscaradh chuig na Ballstáit agus oibríochtaí um fhilleadh a eagrú;

(16)

ciallaíonn “an choireacht thrasteorann” aon choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi a dhéantar ag teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó a bhaineann leo.

Airteagal 3

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach

1.   Beidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach comhdhéanta den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar chinneadh ón mbord bainistíochta bunaithe ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, straitéis theicniúil agus oibríochtúil a bhunú don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh, má tá údar maith leis, staid shonrach na mBallstát, go háirithe an suíomh geografach ina bhfuil siad. Beidh an straitéis sin i gcomhréir le hAirteagal 4. Déanfaidh sí cur chun feidhme bainistiú chomhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun cinn, agus tacóidh sé leis, sna Ballstáit uile.

3.   Na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, bunóidh siad a straitéisí náisiúnta le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha. Beidh na straitéisí náisiúnta sin i gcomhréir le hAirteagal 4 agus leis an straitéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip

Is iad na comhchodanna seo a leanas a bheidh i mbainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip:

(a)

rialú ag teorainneacha, lena n-áirítear bearta chun trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, bearta a bhaineann leis an gcoireacht thrasteorann a chosc agus a bhrath, amhail imircigh a smuigleáil, gáinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht, agus bearta a bhaineann le daoine atá i ngá cosanta idirnáisiúnta nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta a tharchur;

(b)

oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine i nguais ar muir a sheoltar agus a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ar oibríochtaí iad a tharlaíonn i ndálaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir;

(c)

anailís ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha;

(d)

comhar idir na Ballstáit le tacaíocht agus comhordú ón nGníomhaireacht;

(e)

comhar idirghníomhaireachta i measc na n-údarás náisiúnta i ngach Ballstát atá freagrach as rialú ag teorainneacha nó as cúraimí eile a dhéantar ag na teorainneacha agus i measc institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais; lena n-áirítear malartú rialta faisnéise trí na huirlisí malartaithe faisnéise atá ann cheana, amhail an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (“EUROSUR”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(f)

comhar le tríú tíortha sna réimsí arna gcumhdach ag an Rialachán seo, ag díriú go háirithe ar thíortha comharsanachta agus ar na tríú tíortha sin a sainaithníodh trí anailís riosca mar thíortha tionscnaimh agus/nó idirthurais i dtaca le hinimirce neamhdhlíthiúil;

(g)

bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhaineann le rialú ag teorainneacha agus atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar inimirce neamhdhlíthiúil agus dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis an gcoireacht thrasteorann;

(h)

náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag Ballstát a fhilleadh;

(i)

teicneolaíocht úrscothach a úsáid, lena n-áirítear córais faisnéise ar mhórscála;

(j)

sásra rialaithe cáilíochta, go háirithe sásra meastóireachta Schengen agus sásraí náisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann, chun cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha a áirithiú;

(k)

sásraí dlúthpháirtíochta, go háirithe ionstraimí maoiniúcháin an Aontais.

Airteagal 5

Freagracht chomhroinnte

1.   Cuirfidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip chun feidhme mar fhreagracht chomhroinnte de chuid na Gníomhaireachta agus na n-údarás náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad oibríochtaí faireachais teorann muirí agus aon chúraimí rialaithe eile ag teorainneacha. Is ag na Ballstáit a fhanfaidh an phríomhfhreagracht do bhainistiú a gcodanna féin de na teorainneacha seachtracha.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a dteorainneacha seachtracha a bhainistiú, chun a leasanna féin agus chun leasa choitinn na mBallstát uile, i lánchomhlíonadh dhlí an Aontais dóibh agus i gcomhréir leis an straitéis theicniúil agus oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 3(2), agus i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht.

3.   Tacóidh an Ghníomhaireacht le cur i bhfeidhm bhearta an Aontais a bhaineann leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú trí ghníomhaíochtaí na mBallstát a athneartú, a mheasúnú agus a chomhordú i dtaobh na mbeart sin a chur chun feidhme agus i dtaca le bearta um fhilleadh.

CAIBIDIL II

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

Roinn 1

Cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta

Airteagal 6

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

1.   Is é an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ainm nua na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004. Is ar an Rialachán seo a bheidh a gníomhaíochtaí bunaithe.

2.   Chun bainistiú comhtháite comhleanúnach teorainneacha san Eoraip a áirithiú, déanfaidh an Ghníomhaireacht cur i bhfeidhm na mbeart atá ann cheana agus a dhéanfar amach anseo maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha a éascú agus a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe Cód Teorainneacha Schengen a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/399.

3.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le cur i bhfeidhm leanúnach agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais, lena n-áirítear acquis an Aontais ar chearta bunúsacha, ag na teorainneacha seachtracha go léir. Áireofar ar a rannchuidiú malartú dea-chleachtas.

Airteagal 7

Cuntasacht

Beidh an Ghníomhaireacht cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Cúraimí

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas d'fhonn rannchuidiú le hardleibhéal éifeachtúil aonfhoirmeach rialaithe ag teorainneacha agus fillte:

(a)

faireachán a dhéanamh ar shreabha imirce agus anailís riosca a dhéanamh i dtaca leis na gnéithe uile a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha;

(b)

measúnú leochaileachta a dhéanamh, lena n-áirítear an measúnú ar chumas agus ar ullmhacht na mBallstát aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar dhúshláin ag na teorainneacha seachtracha;

(c)

faireachán a dhéanamh ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha trí oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta sna Ballstáit;

(d)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit in imthosca ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha trí oibríochtaí comhpháirteacha a chomhordú agus a eagrú, agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go bhféadfadh cásanna éigeandála daonchairdiúla agus tarrtháil ar muir a bheith i gceist le staideanna áirithe i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;

(e)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit in imthosca ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha, trí mhear-idirghabhálacha teorann a lainseáil ag teorainneacha seachtracha na mBallstát sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin shonracha agus dhíréireacha, agus aird á tabhairt ar an bhfíoras go bhféadfadh cásanna éigeandála daonchairdiúla agus tarrtháil ar muir a bheith i gceist le staideanna áirithe, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;

(f)

cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do Bhallstáit agus do thríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 agus leis an dlí idirnáisiúnta, chun tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i nguais ar muir agus a d'fhéadfadh tarlú le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir;

(g)

foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a bhunú agus a imscaradh, lena n-áirítear díorma mearfhreagartha, atá le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha agus i mear-idirghabhálacha teorann agus faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce;

(h)

comhthiomsú de threalamh teicniúil a bhunú atá le húsáid le linn oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann agus faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, agus le linn oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh freisin;

(i)

faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce sna teophointí:

(i)

foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh agus trealamh teicniúil a úsáid chun cúnamh a sholáthar i scagadh, i bhfaisnéisiú, i sainaithint agus i dtógáil méarlorg;

(ii)

nós imeachta a bhunú maidir le faisnéis tosaigh a tharchur chuig daoine atá i ngá cosanta idirnáisiúnta nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta agus maidir le faisnéis tosaigh a sholáthar dóibh, i gcomhar leis an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) agus leis na húdaráis náisiúnta;

(j)

tacú le forbairt caighdeán teicniúil do threalamh, go háirithe le haghaidh ceannas ar leibhéal oirbheartaíochta, rialú agus cumarsáide agus le haghaidh faireachas teicniúil leis an idir-inoibritheacht a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;

(k)

an trealamh is gá a úsáid agus na gardaí teorann agus na baill foirne ábhartha eile is gá a imscaradh ón díorma mearfhreagartha chun gur féidir na bearta is gá a fhorghníomhú go praiticiúil i staid a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha;

(l)

cúnamh a thabhairt do na Ballstáit in imthosca ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide na fillithe a fhilleadh, lena n-áirítear trí oibríochtaí um fhilleadh a chomhordú nó a eagrú;

(m)

de réir shainorduithe faoi seach na ngníomhaireachtaí lena mbaineann, comhoibriú le Europol agus le Eurojust agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit in imthosca ina n-éilítear cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha sa chomhrac in aghaidh na coireachta agus na sceimhlitheoireachta eagraithe trasteorann;

(n)

díormaí de lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach, de thionlacaithe don fhilleadh éigeantach agus de speisealtóirí don fhilleadh a bhunú;

(o)

foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh a bhunú agus a imscaradh le linn idirghabhálacha um fhilleadh;

(p)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit chun oiliúint a chur ar ghardaí teorann náisiúnta, ar bhaill foirne ábhartha eile agus ar shaineolaithe maidir le filleadh, lena n-áirítear caighdeáin oiliúna choiteanna a bhunú;

(q)

a bheith rannpháirteach i bhforbairt agus bainistiú gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is ábhartha do rialú agus faireachas ar na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear úsáid ardteicneolaíochta faireachais, agus treoirthionscadail a fhorbairt maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(r)

i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Réime 2008/977/CGB, córais faisnéise a fhorbairt agus a oibriú, a chumasóidh malartuithe tapa agus iontaofa faisnéise maidir le rioscaí atá ag teacht chun cinn i dtaca le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, inimirce neamhdhlíthiúil agus filleadh, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le Gréasán Imirce na hEorpa arna bhunú le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle (30);

(s)

an cúnamh is gá a chur ar fáil d'fhorbairt agus d'oibriú EUROSUR agus, de réir mar is iomchuí, d'fhorbairt comhéadain choitinn chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear idir-inoibritheacht córas, go háirithe trí chreat EUROSUR a fhorbairt, a choimeád ar bun agus a chomhordú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013;

(t)

comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, laistigh de shainordú gach ceann acu faoi seach, chun tacú leis na húdaráis náisiúnta a dhéanann feidhmeanna an gharda cósta mar a leagtar amach iad in Airteagal 53, trí sheirbhísí, faisnéis, trealamh agus oiliúint a sholáthar, agus trí oibríochtaí ilchuspóireacha a chomhordú chomh maith;

(u)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit agus do thríú tíortha i gcomhthéacs an chomhair theicniúil agus oibríochtúil eatarthu sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit leanúint de chomhoibriú ar leibhéal oibríochtúil le Ballstáit eile agus/nó le tríú tíortha, i gcás ina bhfuil an comhar sin comhoiriúnach le cúraimí na Gníomhaireachta. Staonfaidh na Ballstáit ó ghníomhaíocht ar bith a d'fhéadfadh feidhmiú na Gníomhaireachta nó gnóthú a cuspóirí a chur i mbaol. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an nGníomhaireacht maidir leis an gcomhar oibríochtúil sin le Ballstáit eile agus/nó le tríú tíortha ag na teorainneacha seachtracha agus i réimse an fhillte. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas faoi na hábhair sin ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad.

3.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a tionscnamh féin maidir le hábhair a thagann faoina sainordú. Déanfaidh sí faisnéis bheacht agus chuimsitheach maidir lena cuid gníomhaíochtaí a sholáthar don phobal.

Ní bheidh gníomhaíochtaí cumarsáide díobhálach do na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, go háirithe trí fhaisnéis oibríochtúil a nochtadh arb é an toradh a bheadh ar an bhfaisnéis sin a bheith ar fáil go poiblí go gcuirfí gnóthú chuspóir na n-oibríochtaí i mbaol. Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide gan dochar d'Airteagal 50 agus i gcomhréir le pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe arna nglacadh ag an mbord bainistíochta

Roinn 2

Faireachán agus Cosc Géarchéime

Airteagal 9

Dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta

An Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus as filleadh, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, beidh siad faoi réir dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta agus oibleagáid maidir le malartú faisnéise.

Airteagal 10

Oibleagáid maidir le malartú faisnéise

Chun na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go háirithe chun gur féidir leis an nGníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar na sreabha imirce chun an Aontais agus laistigh den Aontas, agus chun gur féidir léi anailís riosca agus measúnú leochaileachta a dhéanamh, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus as filleadh, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta a bhaineann le malartú faisnéise, an fhaisnéis uile atá riachtanach a chomhroinnt ar bhealach tráthúil agus cruinn.

Airteagal 11

Faireachán ar shreabha imirce agus anailís riosca

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar shreabha imirce chun an Aontais agus laistigh den Aontas, ar threochtaí agus ar dhúshláin féideartha eile ag teorainneacha sheachtracha an Aontais. Chun na críche sin, bunóidh an Ghníomhaireacht, ar chinneadh ón mbord bainistíochta agus bunaithe ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, múnla coiteann comhtháite don anailís riosca, a chuirfidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit i bhfeidhm. Déanfaidh sí an measúnú leochaileachta i gcomhréir le hAirteagal 13 freisin.

2.   Ullmhóidh an Ghníomhaireacht anailísí riosca ginearálta, a dhéanfar a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 50, mar aon le hanailísí riosca saincheaptha le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla.

3.   San anailís riosca a ullmhóidh an Ghníomhaireacht, cuimseofar gach gné atá ábhartha don bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip d'fhonn sásra réamhrabhaidh a fhorbairt.

4.   Déanfaidh na Ballstáit gach faisnéis is gá maidir leis an staid atá ann, treochtaí agus bagairtí a d'fhéadfadh teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha agus maidir le filleadh, a sholáthar don Ghníomhaireacht. Déanfaidh na Ballstáit gach faisnéis ábhartha a sholáthar don Ghníomhaireacht go tráthrialta, nó arna iarraidh sin di, amhail sonraí staidrimh agus sonraí oibríochtúla a bhailítear i ndáil le cur i bhfeidhm acquis Schengen chomh maith le faisnéis ó shraith anailíse an phictiúir de dhálaí náisiúnta arna bunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013.

5.   Déanfar torthaí na hanailíse riosca a chur, ar bhealach tráthúil agus cruinn, faoi bhráid an bhoird bainistíochta.

6.   Cuirfidh na Ballstáit torthaí na hanailíse riosca san áireamh agus a gcuid oibríochtaí agus gníomhaíochtaí ag na teorainneacha seachtracha agus a ngníomhaíochtaí maidir le filleadh á bpleanáil acu.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí múnla choitinn chomhtháite don anailís riosca a ionchorprú ina hobair forbartha ar lárchuraclaim choiteanna i gcomhair oiliúint gardaí teorann agus ball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh.

Airteagal 12

Oifigigh idirchaidrimh sna Ballstáit

1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar faireachán rialta ar an mbainistiú a dhéanann na Ballstáit uile ar na teorainneacha seachtracha trí oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh go gclúdóidh oifigeach idirchaidrimh suas le ceithre Bhallstát atá in aice lena chéile go geografach.

2.   Ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta atá le himscaradh mar oifigigh idirchaidrimh. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, ar bhonn anailís riosca agus i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, togra maidir le cineál agus téarmaí an imscartha, leis an mBallstát nó an réigiún a bhféadfar oifigeach idirchaidrimh a imscaradh chuige agus leis na cúraimí féideartha nach gcuimsítear le mír 3. Beidh an togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin faoi réir formheas ag an mbord bainistíochta. Tabharfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin fógra don Bhallstát lena mbaineann i leith an cheapacháin agus cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, in éineacht leis an mBallstát, suíomh an imscartha.

3.   Gníomhóidh na hoifigigh idirchaidrimh thar ceann na Gníomhaireachta agus is é an ról a bheidh acu comhar agus idirphlé a chothú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus as filleadh, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha. Déanfaidh na hoifigigh idirchaidrimh, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhóidh siad mar chomhéadan idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha agus as filleadh, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha;

(b)

tacóidh siad le bailiú faisnéise a theastaíonn ón nGníomhaireacht le haghaidh faireachán a dhéanamh ar inimirce neamhdhlíthiúil agus le haghaidh na n-anailísí riosca dá dtagraítear in Airteagal 11;

(c)

tacóidh siad le bailiú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 agus a theastaíonn ón nGníomhaireacht, chun an measúnú leochaileachta a dhéanamh;

(d)

déanfaidh siad faireachán ar na bearta a ghlacann na Ballstáit ag codanna den teorainn dár sannadh leibhéal tionchair ard i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013;

(e)

rannchuideoidh siad le cur chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm acquis an Aontais a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha;

(f)

i gcás inarb indéanta sin, cuideoidh siad leis na Ballstáit in ullmhú a bpleananna teagmhasacha maidir le bainistiú teorainneacha;

(g)

éascóidh siad an chumarsáid idir an Ballstát agus an Ghníomhaireacht, comhroinnfidh siad faisnéis ábhartha ón nGníomhaireacht leis an mBallstát, lena n-áirítear faisnéis faoi oibríochtaí atá ar siúl;

(h)

déanfaidh siad tuarascáil go tráthrialta don stiúrthóir feidhmiúcháin faoin staid ag na teorainneacha seachtracha agus faoi acmhainneacht an Bhallstáit lena mbaineann déileáil go héifeachtach leis an staid ag na teorainneacha seachtracha; déanfaidh siad tuarascáil freisin faoi fhorghníomhú oibríochtaí um fhilleadh chuig tríú tíortha ábhartha;

(i)

déanfaidh siad faireachán ar na bearta a ghlacann an Ballstát maidir le staid a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 19;

Má ardaíonn tuarascálacha an oifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear i bpointe (h) ábhair imní maidir le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe is ábhartha don Bhallstát lena mbaineann, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Ballstát sin ar an eolas gan mhoill.

4.   Chun críocha mhír 3, déanfaidh an t-oifigeach idirchaidrimh, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus Aontais maidir le slándáil agus cosaint sonraí, an méid seo a leanas:

(a)

gheobhaidh sé nó sí faisnéis ón lárionad comhordúcháin náisiúnta agus ón bpictiúr de dhálaí náisiúnta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013;

(b)

beidh sé nó sí i dteagmháil rialta leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, agus pointe teagmhála arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann á chur ar an eolas ag an am céanna.

5.   Beidh tuarascáil an oifigigh idirchaidrimh ina cuid den mheasúnú leochaileachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 13. Déanfar an tuarascáil a tharchur chuig an mBallstát lena mbaineann.

6.   Agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, is ón nGníomhaireacht amháin a ghlacfaidh na hoifigigh idirchaidrimh treoracha.

Airteagal 13

Measúnú leochaileachta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar chinneadh ón mbord bainistíochta bunaithe ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, modheolaíocht choiteann maidir le measúnú leochaileachta a bhunú. Áireofar ar an modheolaíocht sin critéir oibiachtúla a bheidh mar bhunús ag an nGníomhaireacht chun an measúnú leochaileachta a dhéanamh, minicíocht measúnuithe den sórt sin agus conas a dhéanfar measúnuithe leochaileachta comhleanúnacha.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán agus measúnú ar an bhfáil atá ar ar threalamh teicniúil, ar chórais, ar acmhainneachtaí, ar acmhainní, ar bhonneagar agus ar fhoireann sciliúil atá oilte go leormhaith ó na Ballstáit atá riachtanach don rialú ag teorainneacha. Déanfaidh sí amhlaidh mar bheart coisctheach ar bhonn anailís riosca a ullmhófar i gcomhréir le hAirteagal 11(3). Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán agus measúnú den sórt sin ar a laghad uair sa bhliain, mura rud é go gcinneann an stiúrthóir feidhmiúcháin a mhalairt, bunaithe ar mheasúnuithe riosca nó ar mheasúnú leochaileachta roimhe sin.

3.   Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, tabharfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le trealamh teicniúil, baill foirne agus a mhéid is indéanta sin, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun rialú ag teorainneacha a dhéanamh. Chomh maith leis sin, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, tabharfaidh na Ballstáit faisnéis maidir lena bpleananna teagmhasacha i ndáil le bainistiú teorainneacha.

4.   Is é is aidhm don mheasúnú leochaileachta go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar acmhainneacht agus ullmhacht Ballstát aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bagairtí atá ann agus a bheidh ann agus dúshláin ag na teorainneacha seachtracha; go n-aithneoidh sí iarmhairtí láithreacha a d'fhéadfadh a bheith ann ag na teorainneacha seachtracha agus iarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin ar fheidhmiú limistéar Schengen, go háirithe i gcás na mBallstát sin a bhfuil dúshláin shonracha agus dhíréireacha orthu; agus go ndéanfaidh sí measúnú ar acmhainneacht na mBallstát rannchuidiú leis an díorma mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 20(5). Tá an measúnú sin gan dochar do shásra meastóireachta Schengen.

Sa mheasúnú seo, cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh acmhainneacht na mBallstát gach ceann de na cúraimí bainistithe teorainneacha a dhéanamh, lena n-áirítear a n-acmhainneacht déileáil leis an gcás go bhféadfadh líon mór daoine a gcríoch a shroicheadh.

5.   Cuirfear torthaí an mheasúnaithe leochaileachta faoi bhráid na mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann barúil a thabhairt ar an measúnú sin.

6.   Nuair is gá sin agus i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin moladh ina leagfar amach na bearta riachtanacha a bheidh le glacadh ag an mBallstát lena mbaineann agus an teorainn ama faoina gcuirfear bearta den sórt sin chun feidhme. Iarrfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ar na Ballstáit lena mbaineann na bearta riachtanacha a dhéanamh.

7.   Bunóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na bearta atá le moladh do na Ballstáit lena mbaineann ar thorthaí an mheasúnaithe leochaileachta, agus anailís riosca na Gníomhaireachta, barúlacha an Bhallstáit lena mbaineann agus torthaí shásra meastóireachta Schengen á gcur san áireamh.

Ba cheart na bearta sin a bheith dírithe ar na leochaileachtaí a sainaithníodh sa mheasúnú a dhíothú ionas go mbeidh na Ballstáit in ann a n-ullmhacht aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn a mhéadú trína n-acmhainneachtaí, trealamh teicniúil, córais, acmhainní agus pleananna teagmhasacha a fheabhsú.

8.   I gcás nach ndéanann Ballstát bearta riachtanacha an mholta a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an t-ábhar a tharchur chuig an mbord bainistíochta agus fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith. Glacfaidh an bord bainistíochta cinneadh ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin ina leagfar amach na bearta riachtanacha a bheidh le glacadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus an teorainn ama faoina ndéanfar bearta den sórt sin a chur chun feidhme. Beidh cinneadh an bhoird bainistíochta ina cheangal ar an mBallstát. Mura ndéanann an Ballstát na bearta a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear sa chinneadh sin, tabharfaidh an bord bainistíochta fógra don Chomhairle agus don Choimisiún agus d'fhéadfadh sé go ndéanfaí gníomhaíocht bhreise i gcomhréir le hAirteagal 19.

9.   Déanfar torthaí an mheasúnaithe leochaileachta a tharchur, i gcomhréir le hAirteagal 50, ar bhonn tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Roinn 3

Teorainneacha Seachtracha a Bhainistiú

Airteagal 14

Gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht ag na teorainneacha seachtracha

1.   Féadfaidh Ballstát cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht chun a chuid oibleagáidí a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le rialú ag na teorainneacha seachtracha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta i gcomhréir le hAirteagal 19 chomh maith.

2.   Eagróidh an Ghníomhaireacht an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochtúil don Bhallstát óstach agus féadfaidh sí, ag gníomhú di i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

oibríochtaí comhpháirteacha a chomhordú do Bhallstát amháin nó níos mó agus foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh;

(b)

mear-idirghabhálacha teorann a eagrú agus foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh ón díorma mearfhreagartha, agus de réir mar is iomchuí, foirne breise Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh;

(c)

gníomhaíochtaí a chomhordú do Bhallstát amháin nó níos mó agus do thríú tír amháin nó níos mó ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha le tríú tíortha comharsanachta;

(d)

foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce i dteophointí;

(e)

faoi chuimsiú na n-oibríochtaí a luaitear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den mhír seo agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 agus leis an dlí idirnáisiúnta, cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do Bhallstáit agus do thríú tíortha, chun tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine atá i nguais ar muir agus a d'fhéadfadh tarlú le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir;

(f)

a cuid saineolaithe féin chomh maith le baill na bhfoirne a bhí fostaithe sa Ghníomhaireacht ar iasacht ó na Ballstáit a imscaradh chun tacú le húdaráis náisiúnta inniúla na mBallstát lena mbaineann ar feadh tréimhse iomchuí;

(g)

trealamh teicniúil a chur ar fáil.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

4.   Más rud é go mbíonn riachtanais airgeadais shubstaintiúla bhreise ar an nGníomhaireacht mar gheall ar staid ag na teorainneacha seachtracha, cuirfidh sí an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 15

Oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann a thionscnamh ag na teorainneacha seachtracha

1.   Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an nGníomhaireacht go ndéanfadh sí oibríochtaí comhpháirteacha a lainseáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear inimirce neamhdhlíthiúil, bagairtí atá ann agus a bheidh ann ag a theorainneacha seachtracha nó an choireacht thrasteorann, nó chun cúnamh teicniúil agus oibríochtúil méadaithe a sholáthar agus a chuid oibleagáidí á gcur chun feidhme aige i dtaca leis an rialú ag na teorainneacha seachtracha.

2.   Arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil dúshláin shonracha agus dhíréireacha air, go háirithe i gcás ina dtagann líon mór náisiúnach tríú tír, ar náisiúnaigh iad atá ag iarraidh teacht isteach gan údarú i gcríoch an Bhallstáit sin, ar phointí na dteorainneacha seachtracha, féadfaidh an Ghníomhaireacht mear-idirghabháil teorann a dhéanamh ar feadh tréimhse ama teoranta i gcríoch an Bhallstáit óstaigh sin.

3.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin meastóireacht ar thograí ó na Ballstáit le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha, agus déanfaidh sé nó sí na tograí sin a fhormheas agus a chomhordú. Déanfar anailís riosca a bheidh críochnúil, iontaofa agus cothrom le dáta sula ndéanfar aon oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann, rud a chuirfidh ar chumas na Gníomhaireachta ord tosaíochta a leagan síos le haghaidh na n-oibríochtaí comhpháirteacha agus na mear-idirghabhálacha teorann atá beartaithe, agus an tionchar ar chodanna den teorainn sheachtrach á chur san áireamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil.

4.   Bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe leochaileachta, agus anailís riosca na Gníomhaireachta agus sraith anailíse an phictiúir de dhálaí Eorpacha a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 á gcur san áireamh, molfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin don Bhallstát lena mbaineann oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann a thionscnamh agus a chur i gcrích. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a trealamh teicniúil ar fáil do na Ballstáit óstach nó do na Ballstáit rannpháirteacha.

5.   Féadfar cuspóirí oibríochta comhpháirtí nó mear-idirghabhála teorann a ghnóthú mar chuid d'oibríocht ilchuspóireach. D'fhéadfadh feidhmeanna garda cósta agus an choireacht thrasteorann a chosc, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh imircigh a smuigleáil nó gáinneáil ar dhaoine, agus bainistiú imirce, lena n-áirítear sainaithint, clárú, faisnéisiú agus filleadh, a bheith i gceist le hoibríochtaí den sórt sin.

Airteagal 16

Plean oibríochta d'oibríochtaí comhpháirteacha

1.   Mar ullmhúcháin d'oibríocht chomhpháirteach, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, i gcomhar leis an mBallstát óstach, liosta de threalamh teicniúil agus den fhoireann a mbeidh gá léi a tharraingt suas agus na hacmhainní atá ar fáil ag an mBallstát óstach á gcur san áireamh. Ar bhonn na n-eilimintí sin, saineoidh an Ghníomhaireacht pacáiste athneartaithe theicniúil agus oibríochtúil chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta atá le háireamh sa phlean oibríochta.

2.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin plean oibríochta a tharraingt suas d'oibríochtaí comhpháirteacha ag na teorainneacha seachtracha. Comhaontóidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach, i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha, an plean oibríochta lena sonrófar gnéithe eagraíochtúla agus nós imeachta na hoibríochta comhpháirtí.

3.   Beidh an plean oibríochta ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar an mBallstát óstach agus ar na Ballstáit rannpháirteacha. Cuimseoidh sé gach gné a mheastar a bheith riachtanach chun an oibríocht chomhpháirteach a chur i gcrích, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an staid maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear aidhm na hoibríochta;

(b)

an fad atá tuartha don oibríocht chomhpháirteach;

(c)

an limistéar geografach ina dtarlóidh an oibríocht chomhpháirteach;

(d)

tuairisc ar chúraimí, ar fhreagrachtaí, lena n-áirítear i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha, agus ar threoracha speisialta i gcomhair foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, lena n-áirítear maidir le cead féachaint ar bhunachair shonraí agus maidir le harmáin seirbhíse, armlón agus trealamh incheadaithe sa Bhallstát is ósta;

(e)

comhdhéanamh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile;

(f)

forálacha a bhaineann le ceannas agus le rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an Bhallstáit óstaigh a bheidh freagrach as comhoibriú le baill na bhfoirne agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus ionad bhaill na bhfoirne sa slabhra ceannais;

(g)

an trealamh teicniúil atá le húsáid le linn na hoibríochta comhpháirtí, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú a theastaíonn, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

(h)

forálacha mionsonraithe maidir leis na nGníomhaireacht teagmhais a thuairisciú láithreach don bhord bainistíochta agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha;

(i)

scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcálacha don tuarascáil mheastóireachta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint na gceart bunúsach, agus dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh;

(j)

maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach maidir le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus na reachtaíochta ábhartha sa limistéar geografach ina dtarlaíonn an oibríocht chomhpháirteach, lena n-áirítear tagairtí don dlí náisiúnta, don dlí idirnáisiúnta agus do dhlí an Aontais maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus díbhordáil. Maidir leis sin, bunófar an plean oibríochta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014;

(k)

téarmaí an chomhair le tríú tíortha, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;

(l)

nósanna imeachta lena dtreoraítear daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaosaigh gan tionlacan agus daoine ar leochaileach a gcás, chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil;

(m)

nósanna imeachta lena leagtar amach sásra chun gearán in aghaidh na ndaoine uile atá páirteach in oibríocht chomhpháirteach nó i mear-idirghabháil teorann, lena n-áirítear gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile an Bhallstáit óstaigh agus in aghaidh baill d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht, ar gearáin iad ina líomhnaítear sáruithe ar chearta bunúsacha i gcomhthéacs a bpáirtíochta in oibríocht chomhpháirteach nó i mear-idirghabháil teorann;

(n)

socruithe lóistíochta lena n-áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina bhfuil sé beartaithe an oibríochtaí chomhpháirteach a dhéanamh.

4.   Aon leasuithe nó aon oiriúnuithe ar an bplean oibríochta, teastóidh lena n-aghaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha, comhaontú an stiúrthóra feidhmiúcháin agus an Bhallstáit óstaigh araon. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochta arna leasú nó arna oiriúnú chuig na Ballstáit rannpháirteacha láithreach.

Airteagal 17

Nós imeachta chun mear-idirghabháil teorann a lainseáil

1.   Má iarrann Ballstát go ndéanfaí mear-idirghabháil teorann a lainseáil, áireofar san iarraidh sin tuairisc ar an staid, na haidhmeanna féideartha agus na riachtanais a mbeifear ag dréim leo. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, más gá, saineolaithe a sheoladh ón nGníomhaireacht láithreach chun an staid a mheas ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas láithreach faoi iarraidh ó Bhallstát mear-idirghabháil teorann a lainseáil.

3.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarraidh ó Bhallstát, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin i gcuntas torthaí anailísí riosca na Gníomhaireachta agus sraith anailíse an phictiúir de dhálaí Eorpacha a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 chomh maith le toradh an mheasúnaithe leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 13 agus aon fhaisnéis ábhartha eile a sholáthraíonn an Ballstát lena mbaineann nó aon Bhallstát eile.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cinneadh faoin iarraidh mear-idirghabháil teorann a lainseáil laistigh de dhá lá oibre ón dáta a bhfuarthas an iarraidh. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Ballstát lena mbaineann agus an bord bainistíochta ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh ag an am céanna. Luafar sa chinneadh na príomhchúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe.

5.   Má chinneann an stiúrthóir feidhmiúcháin mear-idirghabháil teorann a lainseáil, déanfaidh sé nó sí foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh ón díorma mearfhreagartha i gcomhréir le hAirteagal 20(5) agus ón gcomthiomsú de threalamh mearfhreagartha i gcomhréir le hAirteagal 39(7), agus i gcás inar gá, déanfaidh sé nó sí cinneadh maidir le hathneartú láithreach ó cheann amháin nó níos mó d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, i gcomhréir le hAirteagal 20(8).

6.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhar leis an mBallstát óstach plean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 16(3) a tharraingt suas láithreach agus, in aon chás, ag tráth nach déanaí ná trí lá oibre ó dháta an chinnidh.

7.   A luaithe a chomhaontaítear an plean oibríochta agus a dtugtar chuig na Ballstáit é, iarrfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin i scríbhinn ar na Ballstáit na gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile atá mar chuid den díorma mearfhreagartha a imscaradh láithreach. Léireoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin próifílí agus líon na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile a éilítear ó gach Ballstát as measc na ngardaí sin a sainaithníodh sa díorma mearfhreagartha.

8.   I gcomhthráth leis an imscaradh dá dtagraítear i mír 7, agus i gcás inar gá, chun a áirithiú go ndéanfar athneartú a sholáthar láithreach d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh ón díorma mearfhreagartha, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na Ballstáit ar an eolas faoi líon agus próifílí na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile atá le himscaradh sa bhreis air sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin i scríbhinn do na pointí teagmhála náisiúnta agus luafar inti an dáta a dtarlóidh an t-imscaradh. Soláthrófar cóip den phlean oibríochta dóibh chomh maith.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar líon agus próifílí na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile a shanntar don díorma mearfhreagartha a chur ar fáil láithreach don Ghníomhaireacht chun imscaradh iomlán a ráthú i gcomhréir le hAirteagal 20(5) agus (7). Cuirfidh na Ballstáit gardaí teorann breise agus baill foirne ábhartha eile bhreise ar fáil ón díorma náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20(8).

10.   Déanfar an díorma mearfhreagartha a imscaradh tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis an dáta a gcomhaontófar an plean oibríochta idir an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach. Nuair is gá, laistigh de sheacht lá oibre ó imscaradh an díorma mearfhreagartha, imscarfar foirne breise Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta.

11.   I gcás ina ndéantar an díorma mearfhreagartha a imscaradh, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, i gcomhairle leis an mbord bainistíochta, na tosaíochtaí a mheas láithreach maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha na Gníomhaireachta atá ar siúl agus a thuartar ag teorainneacha seachtracha eile d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le hath-leithdháileadh féideartha acmhainní do limistéir na dteorainneacha seachtracha is mó a bhfuil gá le himscaradh treisithe.

Airteagal 18

Foireann tacaíochta don bhainistiú imirce

1.   I gcás ina bhfuil aghaidh á tabhairt ag Ballstát ar dhúshláin dhíréireacha ón imirce ag teophointí áirithe ar a theorainneacha seachtracha, a bhfuil mórphlódú isteach de shreabha imirce measctha mar shaintréith díobh, féadfaidh an Ballstát sin athneartú teicniúil agus oibríochtúil a iarraidh ó fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce. Cuirfidh an Ballstát sin iarraidh ar athneartú agus ar mheasúnú ar a riachtanais faoi bhráid na Gníomhaireachta agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe EASO agus Europol.

2.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, measúnú ar iarraidh de chuid Ballstáit ar athneartú agus measúnú ar a chuid riachtanas chun críocha pacáiste chuimsitheach athneartaithe a shainiú a bheidh comhdhéanta de ghníomhaíochtaí éagsúla agus á gcomhordú ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais atá le comhaontú ag an mBallstát lena mbaineann.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát óstach agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha, téarmaí an chomhair ag an teophointe a bhunú agus beidh sé freagrach maidir leis an gcomhordú ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce.

4.   Leis an athneartú teicniúil agus oibríochtúil a sholáthraíonn foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, na foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh agus saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, féadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(a)

agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha, cúnamh a sholáthar i scagadh ar náisiúnaigh tríú tír a thagann isteach ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear na náisiúnaigh tríú tír sin a shainaithint, a chlárú agus a fhaisnéisiú agus, arna iarraidh sin don Bhallstát, méarlorgaireacht a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír agus faisnéis a sholáthar maidir le cuspóir na nósanna imeachta sin;

(b)

an fhaisnéis tosaigh a sholáthar do na daoine ar mian leo cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta agus an fhaisnéis sin a tharchur chuig údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit lena mbaineann nó chuig EASO;

(c)

cúnamh teicniúil agus oibríochtúil maidir le filleadh, lena n-áirítear ullmhú agus eagrú na n-oibríochtaí um fhilleadh.

5.   I gcás inar gá, áireofar i bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce foireann ag a bhfuil saineolas i gcosaint leanaí, i ngáinneáil ar dhaoine, i gcosaint in aghaidh géarleanúint atá bunaithe ar inscne agus/nó i gcearta bunúsacha.

Airteagal 19

Staid a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha

1.   I gcás ina bhfágtar go bhfuil rialú ag na teorainneacha seachtracha chomh neamhéifeachtach sin go bhféadfaí feidhmiú limistéar Schengen a chur i mbaol ós rud é:

(a)

nach nglacann Ballstát na bearta is gá i gcomhréir le cinneadh ón mbord bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(8); nó

(b)

nár iarr Ballstát a bhfuil dúshláin shonracha agus dhíréireacha roimhe ag na teorainneacha seachtracha tacaíocht leordhóthanach ón nGníomhaireacht faoi Airteagal 15, faoi Airteagal 17 ná faoi Airteagal 18, nó nach bhfuil na céimeanna is gá á ndéanamh aige chun na gníomhartha faoi na hAirteagail sin a chur chun feidhme,

féadfaidh an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh gan mhoill trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, lena sonrófar bearta chun na rioscaí sin a mhaolú, ar bearta iad a bheidh le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann comhoibriú leis an nGníomhaireacht i gcur chun feidhme na mbeart sin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht sula ndéanfaidh sé a thogra.

2.   Má thagann staid chun cinn lena n-éileofar gníomhaíocht phráinneach, cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin staid sin gan mhoill agus cuirfear ar an eolas í faoi gach beart agus cinneadh a bheidh glactha ina dhaidh sin mar fhreagairt air sin.

3.   Chun an riosca go gcuirfí limistéar Schengen i mbaol a mhaolú, déanfar foráil sa chinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas, bearta a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)

mear-idirghabhálacha teorann a eagrú agus a chomhordú agus foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh ón díorma mearfhreagartha, agus foirne breise Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh mar is iomchuí;

(b)

foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag teophointí;

(c)

gníomhaíochtaí a chomhordú do Bhallstát amháin nó níos mó agus do thríú tír amháin nó níos mó ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha le tríú tíortha comharsanachta;

(d)

trealamh teicniúil a chur ar fáil;

(e)

idirghabhálacha um fhilleadh a eagrú.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, laistigh de dhá lá oibre ón dáta a nglacfar an cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cinneadh faoi na gníomhartha is gá a dhéanamh chun na bearta arna sainaithint sa chinneadh sin a fhorghníomhú go praiticiúil, lena n-áirítear an trealamh teicniúil agus líon agus próifílí na ngardaí teorann agus na mball foirne ábhartha eile a mbeidh gá leo chun cuspóirí an chinnidh sin a bhaint amach.

(b)

plean oibríochta a tharraingt suas agus é a thíolacadh do na Ballstáit lena mbaineann.

5.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát lena mbaineann teacht ar chomhaontú faoin bplean oibríochta laistigh de thrí lá oibre ón dáta a dtíolacfar é.

6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill agus in aon chás laistigh de chúig lá oibre ó bunaíodh an plean oibríochta, na baill foirne is gá a imscaradh ón díorma mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 20(5) le gur féidir na bearta a shainaithnítear sa chinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhorghníomhú go praiticiúil. Déanfar foirne breise Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh mar is gá ag an dara céim agus in aon chás laistigh de sheacht lá oibre ón díorma mearfhreagartha a imscaradh.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill, agus in aon chás laistigh de 10 lá oibre ón bplean oibríochta a bhunú, leas a bhaint as an trealamh teicniúil is gá chun na bearta a shainaithnítear sa chinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a fhorghníomhú go praiticiúil.

Bainfear leas as trealamh teicniúil breise de réir mar is gá ag an dara céim i gcomhréir le hAirteagal 39.

8.   Comhlíonfaidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin comhoibreoidh sé láithreach leis an nGníomhaireacht agus déanfaidh sé an beart is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin agus forghníomhú praiticiúil na mbeart a leagtar amach sa chinneadh sin agus sa phlean oibríochta a comhaontaíodh leis an stiúrthóir feidhmiúcháin a éascú.

9.   Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile nó baill foirne a mbeidh baint acu i gcúraimí a bhaineann le filleadh ar fáil, arna gcinneadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo. Ní fhéadfaidh na Ballstáit an staid dá dtagraítear in Airteagal 20(3) agus (8) a agairt.

10.   I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh laistigh de 30 lá agus nach gcomhoibreoidh sé leis an nGníomhaireacht amhail dá bhforáiltear faoi mhír 8 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/399 a chur ar bun.

Airteagal 20

Comhdhéanamh agus imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a imscaradh mar bhaill d'Fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta chuig oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann agus faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce. Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe a imscaradh óna mbaill foirne féin.

2.   Ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta, trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, cinneadh maidir le próifílí agus líon foriomlán na ngardaí teorann agus na mball foirne ábhartha eile a chuirfear ar fáil d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na próifílí agus ar líon iomlán na ngardaí teorann. Rannchuideoidh na Ballstáit le foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta trí bhíthin díorma náisiúnta agus é sin ar bhonn na bpróifílí éagsúla sainithe trí ghardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile a ainmniú de réir na bpróifílí sin atá ag teastáil.

3.   Déanfar pleanáil i leith rannchuidiú na mBallstát maidir lena ngardaí teorann a chur ar iasacht chuig oibríochtaí comhpháirteacha ar leith bunaithe ar chaibidlíocht dhéthaobhach bhliantúil agus ar chomhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit na gardaí teorann ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanann difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar iarraidh den sórt sin 21 lá oibre ar a laghad roimh an imscaradh atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát staid eisceachtúil den sórt sin a agairt, soláthróidh sé cúiseanna agus faisnéis atá cuimsitheach chuig an nGníomhaireacht i scríbhinn, ar cúiseanna agus faisnéis iad a ndéanfar a n-inneachar a áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 12.

4.   Ó thaobh mear-idirghabhálacha teorann, ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta, trí thromlach de thrí cheathrú, cinneadh maidir le próifílí agus líon íosta na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile a chomhfhreagraíonn do na próifílí sin a chuirfear ar fáil do dhíorma mearfhreagartha d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ina dhiaidh sin ar phróifílí agus ar líon iomlán na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile sa díorma mearfhreagartha. Rannchuideoidh na Ballstáit leis an díorma mearfhreagartha trí bhíthin díorma náisiúnta saineolaithe ar bhonn na bpróifílí éagsúla sainithe trí ghardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile a ainmniú de réir na bpróifílí sin atá ag teastáil.

5.   Is é a bheidh sa díorma mearfhreagartha buanchór a chuirfear ar fáil láithreach don Ghníomhaireacht agus ar féidir é a imscaradh ó gach Ballstát laistigh de chúig lá oibre ón uair a chomhaontaíonn an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach an plean oibríochta. Chun na críche sin, déanfaidh gach Ballstát, ar bhonn bliantúil, líon áirithe de ghardaí teorann nó de bhaill foirne ábhartha eile a chur ar fáil don Ghníomhaireacht. Is mar a bheidh sé sa chinneadh ón mbord bainistíochta a bheidh a bpróifílí. Is é 1 500 garda teorann nó ball foirne ábhartha eile ar a íosmhéid a bheidh i líon iomlán na foirne curtha ar fáil ag na Ballstáit. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a fhíorú an gcomhfhreagraíonn na gardaí teorann a bheidh molta ag na Ballstáit do na próifílí sainithe. Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar Bhallstát garda teorann a bhaint den díorma i gcás mí-iompair nó sárú ar na rialacha is infheidhme.

6.   Beidh gach Ballstát freagrach as an rannchuidiú le líon na ngardaí teorann nó na mball foirne ábhartha eile, dá dtagraítear i mír 5, i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

7.   Na gardaí teorann agus/nó na baill foirne ábhartha eile ón díorma mearfhreagartha, cuirfidh na Ballstáit ar fáil lena n-imscaradh iad arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht. I gcás ina léirítear in anailís riosca agus in aon mheasúnú leochaileachta go bhfuil staid ann i mBallstát lena ndéanfaí difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta, is leath dá rannchuidiú a shocraítear in Iarscríbhinn I a bheidh i rannchuidiú an Bhallstáit sin le haghaidh mear-idirghabháil teorann a imscaradh. Ballstát óstach ina bhfuiltear i mbun mear-idirghabháil teorann, ní dhéanfaidh sé foireann is cuid dá rannchuidiú seasta leis an díorma mearfhreagartha a imscaradh. Más ann d'easpa foirne lena himscaradh sa mhear-idirghabháil teorann, cinnfidh an bord bainistíochta, ar bhonn togra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, conas a líonfar an easpa sin.

8.   Más gá, déanfar imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta ón díorma mearfhreagartha a fhorlíonadh láithreach le foirne breise Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Chun na críche sin, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, cuirfidh na Ballstáit in iúl láithreach líon, ainmneacha agus próifílí gardaí teorann agus ball foirne ábhartha eile óna ndíorma náisiúnta a fhéadfaidh siad a chur ar fáil laistigh de sheacht lá oibre ó thús na mear-idirghabhála teorann. Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid a dhéanann difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Má dhéanann Ballstát staid eisceachtúil den sórt sin a agairt, soláthróidh sé cúiseanna agus faisnéis atá cuimsitheach maidir leis an staid chuig an nGníomhaireacht i scríbhinn, ar cúiseanna agus faisnéis iad a ndéanfar a n-inneachar a áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 12.

9.   Má tharlaíonn sé go bhfuil gá le níos mó gardaí ná mar a fhoráiltear dóibh faoi mhír 5 agus faoi mhír 8, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas láithreach. Chomh maith leis sin, iarrfaidh sé nó sí ar an gComhairle gealltanais a lorg ó na Ballstáit chun an easpa a líonadh.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na gardaí teorann agus na baill foirne ábhartha eile a rannchuidíonn siad i gcomhoiriúint leis na próifílí agus an líon a chinn an bord bainistíochta. Is é an Ballstát baile a chinnfidh fad thréimhse an imscartha ach ní lú ná 30 lá an fad sin aon chás, seachas má bhíonn tréimhse is giorra ná 30 lá ag an oibríocht a bhfuil an t-imscaradh mar chuid di.

11.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta le gardaí teorann inniúla nó le baill foirne ábhartha eile atá fostaithe sa Ghníomhaireacht ar iasacht ó na Ballstáit mar shaineolaithe náisiúnta. Déanfar rannchuidiú na mBallstát maidir lena ngardaí teorann nó lena mbaill foirne ábhartha eile a chur ar iasacht chuig an nGníomhaireacht don bhliain ina dhiaidh sin, déanfar é a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh na Ballstáit gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile ar fáil le bheith curtha ar iasacht, mura rud é go ndéanfadh sé sin difear tromchúiseach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh Ballstáit na gardaí teorann nó na baill foirne ábhartha eile atá curtha ar iasacht acu a athghairm.

12 mhí nó níos mó a bheidh sna tréimhsí ar iasacht sin ach ní bheidh tréimhsí níos lú ná trí mhí iontu in aon chás. Na gardaí teorann agus na baill foirne ábhartha eile atá ar iasacht, measfar mar bhaill na foirne iad agus beidh na cúraimí agus cumhachtaí a bheidh ag baill a bhfoirne acu. An Ballstát a bhfuil na gardaí teorann sin nó na baill foirne ábhartha eile sin ar iasacht aige, measfar gurb é a mBallstát baile é.

Ní dhéanfar baill foirne eile atá fostaithe ag an nGníomhaireacht ar bhonn sealadach agus nach bhfuil cáilithe chun feidhmeanna rialaithe ag teorainneacha a fheidhmiú a imscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha ach amháin ar chúraimí maidir le comhordú agus ar chúraimí eile nach n-éileofar oiliúint iomlán garda teorann leo. Ní bheidh siad mar chuid d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta.

12.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht líon na ngardaí teorann a bheidh tiomnaithe ag gach Ballstát d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta agus líon na ngardaí teorann a bheidh imscartha iarbhír a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Liostófar sa tuarascáil sin na Ballstáit a d'agair an staid eisceachtúil dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 8 sa bhliain roimhe sin. Áireofar inti freisin na cúiseanna agus an fhaisnéis a sholáthair an Ballstát lena mbaineann.

Airteagal 21

Treoracha d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta

1.   Le linn foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscaradh, eiseoidh an Ballstát óstach treoracha do na foirne sin i gcomhréir leis an bplean oibríochta.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, trína oifigeach comhordúcháin, a cuid barúlacha a chur in iúl don Bhallstát is ósta faoi na treoracha a thugtar d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát óstach na barúlacha sin san áireamh agus leanfaidh siad iad a mhéid is féidir.

3.   I gcásanna nach mbíonn na treoracha a eisítear d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta i gcomhréir leis an bplean oibríochta, tuairisceoidh an t-oifigeach comhordúcháin láithreach don stiúrthóir feidhmiúcháin, a fhéadfaidh, más iomchuí, gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 25(3).

4.   Déanfaidh baill na bhfoirne, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine. Beidh cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí i gcomhréir le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar na forais seo a leanas: inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

5.   Beidh baill na bhfoirne fós faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit baile. Déanfaidh an Ballstát baile foráil maidir le bearta iomchuí araíonachta nó eile i gcomhréir lena dhlí náisiúnta maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha nó le hoibleagáidí cosanta idirnáisiúnta le linn oibríocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann.

Airteagal 22

Oifigeach Comhordúcháin

1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme oibríochtúil gnéithe eagrúcháin uile na n-oibríochtaí comhpháirteacha, na dtreoirthionscadal nó na mear-idirghabhálacha teorann, lena n-áirítear baill foirne de chuid na Gníomhaireachta a bheith i láthair.

2.   Ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó ó fhoireann na Gníomhaireachta lena imscaradh mar oifigeach comhordúcháin do gach oibríocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann ar leith. Tabharfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin fógra don Bhallstát is ósta i leith an cheapacháin.

3.   Gníomhóidh an t-oifigeach comhordúcháin thar ceann na Gníomhaireachta i ngach gné d'imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Is é an ról a bheidh ag an oifigeach comhordúcháin ná an comhar agus an comhordú i measc na mBallstát óstach agus na mBallstát rannpháirteach a chothú. Déanfaidh an t-oifigeach comhordúcháin an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, an Ballstát óstach agus baill d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, trí chuidiú a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha a n-imscartha leis na foirne;

(b)

faireachán ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochta, lena n-áirítear sa mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don Ghníomhaireacht i leith sin;

(c)

gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d'imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile;

(d)

tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin i gcás nach bhfuil na treoracha a eisíonn an Ballstát óstach d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta i gcomhréir leis an bplean oibríochta.

4.   I gcomhthéacs oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin údarú don oifigeach comhordúcháin cúnamh a thabhairt le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochta agus imscaradh na bhfoirne a réiteach.

Airteagal 23

Pointe teagmhála náisiúnta

Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta chun cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht ar gach ábhar a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Beidh fáil ar an bpointe teagmhála náisiúnta i gcónaí.

Airteagal 24

Costais

1.   Seasfaidh an Ghníomhaireacht go hiomlán na costais seo a leanas arna dtabhú ag na Ballstáit agus a ngardaí teorann agus a mbaill foirne ábhartha eile á gcur ar fáil acu chun críocha imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, lena n-áirítear an díorma mearfhreagartha:

(a)

costais taistil ón mBallstát baile go dtí an Ballstát óstach agus ón mBallstát óstach go dtí an Ballstát baile;

(b)

costais a bhaineann le vacsaínithe;

(c)

costais a bhaineann le riachtanais speisialta árachais;

(d)

costais a bhaineann le cúram sláinte;

(e)

liúntais chothaithe laethúla, costais chóiríochta san áireamh;

(f)

costais a bhaineann le trealamh teicniúil na Gníomhaireachta.

2.   Bunóidh an bord bainistíochta rialacha mionsonraithe maidir le híocaíocht an liúntais chothaithe laethúil le baill d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta agus déanfaidh sé iad a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

Airteagal 25

Gníomhaíochtaí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh

1.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin oibríochtaí na Gníomhaireachta a fhoirceannadh más rud é nach bhfuil na coinníollacha chun na gníomhaíochtaí sin a sheoladh á gcomhlíonadh a thuilleadh. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Ballstát lena mbaineann ar an eolas roimh fhoirceannadh den sórt sin.

2.   Na Ballstáit atá rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach, i mear-idirghabháil teorann nó in imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, féadfaidh siad a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin an oibríocht chomhpháirteach sin, nó an mhear-idirghabháil teorann sin nó imscaradh na foirne tacaíochta sin don bhainistiú imirce a fhoirceannadh.

3.   Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, tar éis don té sin an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas, maoiniú oibríochta a tharraingt siar nó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh mura n-urramaíonn an Ballstát óstach an plean oibríochta.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, tar éis don té sin dul i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas, an maoiniú d'oibríocht chomhpháirteach, do mhear-idirghabháil teorann, do threoirthionscadal, d'imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, d'oibríocht um fhilleadh, d'idirghabháil um fhilleadh nó do shocrú oibre a tharraingt siar nó gníomhaíochtaí den sórt sin a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh go hiomlán nó i bpáirt má mheasann an té sin go bhfuil cearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta á sárú go tromchúiseach agus gur dóchúil go leanfar den sárú sin. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.

5.   Má chineann an stiúrthóir feidhmiúcháin imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag an nGníomhaireacht a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé nó sí na gníomhaireachtaí ábhartha eile atá gníomhach sa teophointe sin a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin.

Airteagal 26

Meastóireacht ar ghníomhaíochtaí

Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin meastóireacht ar thorthaí na n-oibríochtaí comhpháirteacha agus na mear-idirghabhálacha teorann, na dtreoirthionscadal, imscaradh na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus an chomhair oibríochtúil le tríú tíortha. Cuirfidh sé nó sí tuarascálacha meastóireachta mionsonraithe, in éineacht le barúlacha an oifigigh um chearta bunúsacha, chuig an mbord bainistíochta laistigh de 60 lá tar éis dheireadh na ngníomhaíochtaí sin. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin anailís chomparáideach chuimsitheach ar na torthaí sin d'fhonn cur le cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtacht gníomhaíochtaí a bheidh ann amach anseo, agus áireoidh sé nó sí an anailís sin i dtuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil na Gníomhaireachta.

Roinn 4

Filleadh

Airteagal 27

Filleadh

1.   Maidir le filleadh, agus i gcomhréir leis an urraim do chearta bunúsacha agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus don dlí idirnáisiúnta chomh maith, lena n-áirítear cosaint dídeanaithe agus cearta leanaí, go háirithe, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

comhordú, ar leibhéal teicniúil agus oibríochtúil, ar ghníomhaíochtaí na mBallstát a bhaineann le filleadh, lena n-áirítear imeachtaí deonacha, chun córas comhtháite bainistíochta um fhilleadh a bhaint amach i measc údaráis inniúla na mBallstát, córas ina mbeidh údaráis ábhartha tríú tíortha agus geallsealbhóirí eile rannpháirteach;

(b)

cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a thabhairt do Bhallstáit a bhfuil dúshláin áirithe orthu maidir leis na córais um fhilleadh atá acu;

(c)

úsáid chórais ábhartha TF a chomhordú agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le comhar consalach chun náisiúnaigh tríú tíortha a shainaithint agus chun doiciméid taistil a fháil, gan faisnéis a nochtadh maidir leis an bhfíric go ndearnadh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta; oibríochtaí um fhilleadh a eagrú agus a chomhordú agus tacaíocht a thabhairt i gcás imeachtaí deonacha, i gcomhar leis na Ballstáit;

(d)

gníomhaíochtaí a chuireann le malartú faisnéise agus sainaithint agus comhthiomsú dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le filleadh a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú;

(e)

na hoibríochtaí, idirghabhálacha agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chaibidil seo a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Áireofar sa chúnamh teicniúil agus oibríochtúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 gníomhaíochtaí chun cuidiú le Ballstáit nósanna imeachta um fhilleadh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla a chur i gcrích, go háirithe tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

seirbhísí ateangaireachta;

(b)

faisnéis phraiticiúil maidir le tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo, i gcomhar, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear EASO;

(c)

comhairle faoi nósanna imeachta um fhilleadh a chur chun feidhme agus a bhainistiú i gcomhlíonadh Threoir 2008/115/CE;

(d)

comhairle agus cúnamh maidir leis na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na fillithe ar fáil chun críocha fillte agus chun go gcuirfear cosc ar fhillithe éalú, i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE agus leis an dlí idirnáisiúnta.

3.   Díreoidh an Ghníomhaireacht ar shineirgíochtaí a fhorbairt agus líonraí agus cláir maidir le filleadh a fhaigheann maoiniú ón Aontas a nascadh i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear Gréasán Imirce na hEorpa.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint as acmhainní airgeadais an Aontais atá ar fáil maidir le filleadh. Ina comhaontuithe deontais leis na Ballstáit, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh aon tacaíocht airgeadais coinníollach ar urraim iomlán don Chairt.

Airteagal 28

Oibríochtaí um fhilleadh

1.   Gan staidéar a dhéanamh ar fhiúntas cinntí um fhilleadh agus i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE, cuirfidh an Ghníomhaireacht an cúnamh is gá ar fáil agus, arna iarraidh sin do Bhallstát rannpháirteach amháin nó níos mó, áiritheoidh sí comhordú nó eagrú oibríochtaí um fhilleadh, lena n-áirítear trí aerárthaí a chairtfhostú chun críocha na n-oibríochtaí sin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin, a mholadh do Bhallstáit go ndéanfadh sí oibríochtaí um fhilleadh a chomhordú nó a eagrú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn míosúil, an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas faoina bpleanáil tháscach maidir le líon na bhfillithe, agus maidir leis na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu, i ndáil le hoibríochtaí náisiúnta ábhartha um fhilleadh, agus maidir lena riachtanais i dtaca le cúnamh nó comhordú ón nGníomhaireacht araon. Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht suas plean oibríochta rollach chun na hathneartuithe is gá, lena n-áirítear trí threalamh teicniúil, a sholáthar do na Ballstáit iarrthacha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin, nó arna iarraidh sin do Bhallstát, dátaí agus cinn scríbe na n-oibríochtaí um fhilleadh, a measann sí go bhfuil gá leo, a áireamh sa phlean oibríochta rollach, bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais. Ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta cinneadh faoin modus operandi a bheidh sa chlár oibríochta rollach.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht an cúnamh is gá a thabhairt agus, arna iarraidh sin don Bhallstát rannpháirteach nó ar bhonn a molta féin, a áirithiú go gcomhordófar agus go n-eagrófar oibríochtaí um fhilleadh a ndéanfaidh tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi na modhanna taistil agus na tionlacaithe don fhilleadh éigeantach a chur ar fáil ina leith (“oibríochtaí um fhilleadh lena mbailítear daoine”). Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha agus an Ghníomhaireacht go ráthófar urraim do chearta bunúsacha, do phrionsabal an non-refoulement, agus d'úsáid chomhréireach modhanna sriantachta le linn na hoibríochta um fhilleadh ina hiomláine. Beidh ar a laghad ionadaí amháin ón mBallstát, agus duine amháin den lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ón díorma arna bhunú faoi Airteagal 29 nó ó chóras náisiúnta faireacháin an Bhallstáit rannpháirtigh, i láthair le linn na hoibríochta um fhilleadh ina hiomláine go dtí go sroichfear an tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin plean um fhilleadh a tharraingt suas gan mhoill le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh lena mbailítear daoine. Tiocfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus aon Bhallstát rannpháirteach ar chomhaontú faoin bplean um fhilleadh ina sonrófar an ghné eagraíochtúil agus an ghné nós imeachta den oibríocht um fhilleadh lena mbailítear daoine, agus na himpleachtaí maidir leis na cearta bunúsacha agus le rioscaí na n-oibríochtaí sin á gcur i gcuntas. Ní fhéadfar aon leasú ná oiriúnú a dhéanamh ar an bplean sin ach amháin le comhaontú na bpáirtithe dá dtagraítear i mír 3 agus sa mhír seo.

5.   Plean um fhilleadh d'oibríochtaí um fhilleadh lena mbailítear daoine, beidh sé ina cheangal ar an nGníomhaireacht agus ar aon Bhallstát rannpháirteach. Cuimseoidh sé gach céim a bheidh riachtanach chun an oibríocht um fhilleadh lena mbailítear daoine a chur i gcrích.

6.   Déanfar faireachán ar gach oibríocht um fhilleadh i gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE. Déanfaidh an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach an faireachán ar oibríochtaí um fhilleadh éigeantach ar bhonn critéar atá oibiachtúil agus trédhearcach agus clúdófar leis an oibríocht um fhilleadh iomlán ón gcéim réamh-imeachta go dtí go seachadfar na fillithe sa tríú tír a mbeifear ag filleadh uirthi. Cuirfidh an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach tuarascáil ar gach oibríocht um fhilleadh éigeantach faoi bhráid an stiúrthóra feidhmiúcháin, an oifigigh um chearta bunúsacha agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát uile a bhfuil baint acu leis an oibríocht ar leith. Más gá, áiritheoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus na húdaráis náisiúnta inniúla faoi seach bearta leantacha iomchuí.

7.   I gcás ina bhfuil ábhair imní ag an nGníomhaireacht maidir leis an urraim do chearta bunúsacha i leith oibríocht um fhilleadh, cuirfidh sí a hábhair imní in iúl do na Ballstáit rannpháirteacha agus don Choimisiún.

8.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin meastóireacht ar thorthaí na n-oibríochtaí um fhilleadh. Gach sé mhí, déanfaidh sé nó sí tuarascáil mheastóireachta mhionsonraithe lena gclúdófar na hoibríochtaí go léir um fhilleadh a rinneadh sa seimeastar roimhe sin, in éineacht le barúlacha an oifigigh um chearta bunúsacha, a tharchur chuig an mbord bainistíochta. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin anailís chomparáideach chuimsitheach ar na torthaí sin d'fhonn cur le cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtacht oibríochtaí um fhilleadh a bheidh ann amach anseo. Áireoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an anailís sin i dtuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil na Gníomhaireachta.

9.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht oibríochtaí um fhilleadh a mhaoiniú nó a chómhaoiniú le deontais óna buiséad, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, agus tosaíocht á tabhairt d'oibríochtaí atá á gcur i gcrích ag níos mó ná Ballstát amháin, nó ó theophointí.

Airteagal 29

Díorma lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach

1.   Tar éis dul i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha, cruthóidh an Ghníomhaireacht díorma lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ó chomhlachtaí inniúla a dhéanann gníomhaíochtaí faireacháin ar an bhfilleadh éigeantach i gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE agus ar cuireadh oiliúint orthu i gcomhréir le hAirteagal 36 den Rialachán seo.

2.   Cinnfidh an bord bainistíochta, ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, próifíl agus líon an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach atá le cur ar fáil don díorma sin. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bpróifíl agus ar líon iomlán na ndaoine don fhilleadh éigeantach. Beidh na Ballstáit freagrach as rannchuidiú leis an díorma trí lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach a ainmniú de réir na próifíle sainithe. Déanfar lucht faireacháin don fhilleadh ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí a áireamh sa díorma.

3.   Rannchuidiú na mBallstát de lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach le hoibríochtaí um fhilleadh agus le hidirghabhálacha um fhilleadh don bhliain ina dhiaidh sin, pleanálfar an rannchuidiú sin ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanfaidh difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar an iarraidh sin ar a laghad 21 lá oibre roimh an imscaradh atá beartaithe, nó cúig lá oibre i gcás mear-idirghabháil um fhilleadh.

4.   Arna iarraidh sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht an lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ar fáil do Bhallstáit rannpháirteacha chun faireachán a dhéanamh, thar a gceann, ar chur chun feidhme ceart na hoibríochta um fhilleadh agus na n-idirghabhálacha um fhilleadh le linn fhad na hoibríochta agus na n-idirghabhálacha. Cuirfidh sé ar fáil lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí d'aon oibríochtaí um fhilleadh a bhfuil baint acu le leanaí.

5.   Leanfaidh lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach de bheith faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit baile le linn oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh.

Airteagal 30

Díorma tionlacaithe don fhilleadh éigeantach

1.   Cruthóidh an Ghníomhaireacht díorma tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ó chomhlachtaí inniúla náisiúnta a dhéanann oibríochtaí um fhilleadh i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus (5) de Threoir 2008/115/CE agus ar cuireadh oiliúint orthu i gcomhréir le hAirteagal 36 den Rialachán seo.

2.   Cinnfidh an bord bainistíochta, ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, próifíl agus líon na dtionlacaithe don fhilleadh éigeantach atá le cur ar fáil don díorma sin. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bpróifíl agus ar an líon iomlán. Cuirfidh na Ballstáit leis an díorma trí thionlacaithe don fhilleadh éigeantach a ainmniú de réir na próifíle sainithe. Déanfar tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí a áireamh sa díorma.

3.   Rannchuidiú na mBallstát de thionlacaithe don fhilleadh éigeantach le hoibríochtaí um fhilleadh agus le hidirghabhálacha um fhilleadh don bhliain ina dhiaidh sin, pleanálfar an rannchuidiú sin ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit na tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanfaidh difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar an iarraidh sin ar a laghad 21 lá oibre roimh an imscaradh atá beartaithe, nó cúig lá oibre i gcás mear-idirghabháil um fhilleadh.

4.   Arna iarraidh sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht na tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ar fáil do Bhallstáit rannpháirteacha chun fillithe a thionlacan thar a gceann agus chun páirt a ghlacadh in oibríochtaí agus idirghabhálacha um fhilleadh. Cuirfidh sé ar fáil tionlacaithe don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí d'aon oibríochtaí um fhilleadh a bhfuil baint acu le leanaí.

5.   Leanfaidh tionlacaithe don fhilleadh éigeantach de bheith faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit baile le linn oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh.

Airteagal 31

Díorma speisialtóirí don fhilleadh

1.   Cruthóidh an Ghníomhaireacht díorma speisialtóirí don fhilleadh ó chomhlachtaí inniúla náisiúnta agus ó bhaill foirne na Gníomhaireachta, a bhfuil na scileanna agus an saineolas is gá acu chun gníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh a dhéanamh agus ar cuireadh oiliúint orthu i gcomhréir le hAirteagal 36. Cuirfear na speisialtóirí sin ar fáil chun cúraimí ar leith a dhéanamh, amhail grúpaí áirithe náisiúnach tríú tíortha a shainaithint, doiciméid ó thríú tíortha a fháil agus comhar consalach a éascú.

2.   Cinnfidh an bord bainistíochta, ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, próifíl agus líon na speisialtóirí don fhilleadh atá le cur ar fáil don díorma sin. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bpróifíl agus ar an líon iomlán daoine. Cuirfidh na Ballstáit leis an díorma trí speisialtóirí a ainmniú de réir na próifíle sainithe. Déanfar speisialtóirí don fhilleadh éigeantach ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint sonraí a áireamh sa díorma.

3.   Rannchuidiú na mBallstát de speisialtóirí don fhilleadh le hoibríochtaí um fhilleadh agus le hidirghabhálacha um fhilleadh don bhliain ina dhiaidh sin, pleanálfar an rannchuidiú sin ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus ar bhonn comhaontuithe bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin, cuirfidh Ballstáit na speisialtóirí don fhilleadh ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanann difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar an iarraidh sin ar a laghad 21 lá oibre roimh an imscaradh atá beartaithe, nó cúig lá oibre i gcás mear-idirghabháil um fhilleadh.

4.   Arna iarraidh sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht na speisialtóirí don fhilleadh ar fáil do Bhallstáit atá rannpháirteach in oibríochtaí um fhilleadh agus chun páirt a ghlacadh in idirghabhálacha um fhilleadh. Cuirfidh sé ar fáil speisialtóirí don fhilleadh ag a bhfuil saineolas ar leith i gcosaint leanaí d'aon oibríochtaí um fhilleadh a bhfuil baint acu le leanaí.

5.   Leanfaidh speisialtóirí don fhilleadh de bheith faoi réir bhearta araíonachta na Gníomhaireachta nó a mBallstáit bhaile le linn oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh.

Airteagal 32

Foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh

1.   Is é a bheidh sa Ghníomhaireacht, ó na díormaí a leagtar amach in Airteagal 29, Airteagal 30 agus Airteagal 31, foirne saincheaptha idirghabhála Eorpacha um fhilleadh atá le himscaradh le linn idirghabhálacha um fhilleadh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 24 mutatis mutandis maidir leis na foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh.

Airteagal 33

Idirghabhálacha um fhilleadh

1.   In imthosca ina bhfuil Ballstát ag tabhairt aghaidh ar ualach agus an oibleagáid náisiúnaigh tríú tíortha atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag Ballstát a fhilleadh á cur chun feidhme aige, déanfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh ón mBallstát sin an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochtúil i bhfoirm idirghabháil um fhilleadh a chur ar fáil. Féadfaidh imscaradh foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh chuig an mBallstát óstach agus eagrú oibríochtaí um fhilleadh ón mBallstát óstach a bheith san idirghabháil sin.

2.   In imthosca ina bhfuil Ballstát ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin shonracha agus dhíréireacha agus a oibleagáid náisiúnaigh tríú tíortha atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag Ballstát a fhilleadh á cur chun feidhme aige, déanfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh ón mBallstát sin, an cúnamh iomchuí teicniúil agus oibríochtúil i bhfoirm mear-idirghabháil um fhilleadh a chur ar fáil. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a mholadh ar a tionscnamh féin cúnamh teicniúil agus oibríochtúil den sórt sin a thabhairt don Bhallstát sin. Féadfaidh imscaradh tapa foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh chuig an mBallstát óstach agus eagrú oibríochtaí um fhilleadh ón mBallstát óstach a bheith i mear-idirghabháil um fhilleadh.

3.   I gcomhthéacs idirghabháil um fhilleadh, déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin plean oibríochta a tharraingt suas gan mhoill, i gcomhaontú leis an mBallstát óstach agus leis na Ballstáit rannpháirteacha. Beidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 16.

4.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cinneadh maidir leis an bplean oibríochta a luaithe is féidir agus, sa chás dá dtagraítear i mír 2, laistigh de chúig lá oibre. Tabharfar fógra, i scríbhinn, láithreach i leith an fhógra do na Ballstáit lena mbaineann agus don bhord bainistíochta.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht idirghabhálacha um fhilleadh a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

CAIBIDIL III

Forálacha ginearálta

Roinn 1

Rialacha Ginearálta

Airteagal 34

Cosaint ar chearta bunúsacha agus straitéis um chearta bunúsacha

1.   Áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an Chairt, leis an dlí ábhartha idirnáisiúnta — lena n-áirítear Coinbhinsiún 1951 maidir le Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis sin maille le hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement.

Chun na críche sin, déanfaidh an ghníomhaireacht straitéis um chearta bunúsacha a tharraingt suas, a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear sásra éifeachtach chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha a bheith á n-urramú i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.

2.   Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige, áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach nach ndéanfar aon duine a chur i dtír, a chur i dtír in aghaidh a thola, a sheoladh chuig tír, a thabhairt ar láimh, nó a fhilleadh ar shlí eile, de shárú ar phrionsabal an non-refoulement, do na húdaráis i dtír ar bith nó i dtír a bhféadfadh an baol a bheith ann go ndéanfaí an duine a dhíbirt aisti nó a fhilleadh chuig tír eile de shárú ar an bprionsabal céanna sin.

3.   Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige, cuirfidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach i gcuntas na riachtanais speisialta a bhíonn ag leanaí, ag mionaoisigh neamhthionlactha, ag daoine faoi mhíchumas, ag íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, ag daoine óna dteastaíonn cúnamh liachta, ag daoine óna dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta, acu siúd atá i nguais ar muir, agus ag daoine eile i gcás an-leochaileach.

Ina ghníomhaíochtaí go léir, tabharfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach aird ar leith ar chearta leanaí agus áiritheoidh siad go ndéanfar leas an linbh a urramú.

4.   Agus a cuid cúraimí á gcomhlíonadh aici, cuirfidh an Ghníomhaireacht i gcuntas sa chaidreamh a bheidh aici leis na Ballstáit agus sa chomhar a dhéanfaidh sí le tríú tíortha, tuarascálacha an fhóraim chomhchomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 70 (“an fóram comhchomhairleach”) agus an oifigigh um chearta bunúsacha.

Airteagal 35

Cóid iompair

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an bhfóram comhchomhairleach, cód iompair a dhréachtú agus a fhorbairt tuilleadh, cód is infheidhme maidir leis na hoibríochtaí go léir um rialú ag teorainneacha a bheidh á gcomhordú ag an nGníomhaireacht agus maidir le gach duine atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Leagfar síos leis an gcód iompair nósanna imeachta atá beartaithe chun prionsabal an smachta reachta agus an prionsabal go n-urramaítear cearta bunúsacha a ráthú, agus díriú ar leith ar dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear páistí, ar mhionaoisigh neamhthionlactha agus ar dhaoine eile i gcás leochaileach, agus ar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu freisin.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an bhfóram comhchomhairleach, cód iompair a tharraingt suas agus a fhorbairt tuilleadh, cód iompair i dtaca le fillithe a fhilleadh, ar cód é a mbeidh feidhm aige agus na hoibríochtaí agus na hidirghabhálacha go léir um fhilleadh á gcomhordú nó á n-eagrú ag an nGníomhaireacht. Beidh cur síos sa chód iompair sin ar nósanna imeachta caighdeánaithe coiteanna a mbeidh d'aidhm leo simpliú a dhéanamh ar an gcaoi a n-eagraítear oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh, agus lena n-áiritheofar filleadh dínitiúil orthu siúd atá le filleadh agus urraim á tabhairt dá gcearta bunúsacha go hiomlán, agus go háirithe do phrionsabail maidir le dínit an duine, leis an toirmeasc ar chéasadh agus toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, leis an gceart chun saoirse agus slándála, leis an gceart chun cosaint ar shonraí pearsanta agus leis an gceart ar neamh-idirdhealú.

3.   Tabharfar aird ar leith sa chód iompair um fhilleadh go háirithe ar an oibleagáid a leagtar ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do chóras éifeachtach faireacháin agus duine á fhilleadh go héigeantach mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE agus ar an straitéis um chearta bunúsacha.

Airteagal 36

Oiliúint

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar le heintitis oiliúna iomchuí na mBallstát, agus, i gcás inarb iomchuí, le hEASO agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, uirlisí oiliúna sainiúla a fhorbairt, lena n-áirítear oiliúint ar leith i leanaí agus i ndaoine eile i gcás leochaileach a chosaint. Cuirfidh sí ardoiliúint ar fáil do ghardaí teorann agus d'fhoireann ábhartha eile ar baill iad d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, ardoiliúint is ábhartha dá gcúraimí agus dá gcumhachtaí. Déanfaidh saineolaithe de chuid na Gníomhaireachta freachnaimh a sheoladh go tráthrialta leis na gardaí teorann sin i gcomhréir le sceideal na n-ardoiliúintí agus na bhfreachnamh dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na Gníomhaireachta.

2.   Seolfaidh an Ghníomhaireacht pé tionscnaimh is gá chun a áirithiú go bhfaighidh gardaí teorann agus baill foirne ábhartha eile de chuid na mBallstát a bheidh rannpháirteach i bhfoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, chomh maith le foireann na Gníomhaireachta féin, go bhfaighidh siad oiliúint i ndlí ábhartha an Aontais agus sa dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí um chearta bunúsacha an duine, um rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, agus i gcás inarb iomchuí um chuardach agus tarrtháil, sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla a eagraíonn an Ghníomhaireacht.

3.   Maidir leis na gardaí teorann a bheidh le háireamh sa díorma mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 20(5), déanfaidh an Ghníomhaireacht 100 % dá n-oiliúint a mhaoiniú chun críocha a rannpháirtíochta sa díorma sin.

4.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht na tionscnaimh is gá chun oiliúint a áirithiú do na baill foirne sin a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, baill foirne a shanntar do na díormaí dá dtagraítear in Airteagal 29, in Airteagal 30 agus in Airteagal 31. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcuirfear oiliúint i ndlí ábhartha an Aontais agus sa dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear an dlí um chearta bunúsacha an duine agus um rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, ar gach ball foirne atá aici agus atá rannpháirteach in oibríochtaí um fhilleadh agus in idirghabhálacha um fhilleadh, agus ar fhoireann na Gníomhaireachta féin, sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht lárchuraclaim choiteanna a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh d'fhonn oiliúint a chur ar ghardaí teorann agus déanfaidh sí oiliúint a sholáthar ar an leibhéal Eorpach dóibh siúd a dhéanfaidh gardaí teorann náisiúnta na mBallstát a theagasc, lena n-áirítear oiliúint um chearta bunúsacha an duine, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta agus an dlí muirí ábhartha. Beidh sé mar aidhm ag na lárchuraclaim choiteanna na caighdeáin is airde agus na cleachtais is fearr i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais um bainistiú teorainneacha a chur chun cinn. Tar éis di dul i gcomhairle leis an bhfóram comhchomhairleach agus leis an oifigeach um chearta bunúsacha, déanfaidh an Ghníomhaireacht na lárchuraclaim choiteanna a dhréachtú. Cuimseoidh na Ballstáit na lárchuraclaim choiteanna san oiliúint a chuireann siad ar fáil dá ngardaí teorann náisiúnta agus do na baill foirne a bhfuil baint acu i gcúraimí a bhaineann le filleadh.

6.   Ina theannta sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht cúrsaí breise oiliúna agus seimineáir ar ábhair a bhaineann le rialú ag na teorainneacha seachtracha agus le náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh, a chur ar fáil d'oifigigh i seirbhísí náisiúnta inniúla na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, i seirbhísí náisiúnta inniúla tríú tíortha.

7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar chríocha an tríú tír i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an tríú tír.

8.   Bunóidh an Ghníomhaireacht clár malartaithe lena gcumasófar do ghardaí teorann atá rannpháirteach i bhfoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta agus do bhaill de chuid na bhfoirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh fios gnóithe sonrach nó sainscileanna a fháil i mBallstát eile taobh amuigh dá mBallstát féin trí bhíthin taithí agus dea-chleachtais thar lear, trína bheith ag obair le gardaí teorann agus leo siúd a bhfuil baint acu i gcúraimí a bhaineann le filleadh.

Airteagal 37

Taighde agus nuálaíocht

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán réamhghníomhach ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i dtaca le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, lena n-áirítear úsáid a bhaint as ardteicneolaíocht faireachais. Déanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí an taighde sin a scaipeadh ar Pharlaimint na hEorpa, ar na Ballstáit, agus ar an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 50. Féadfaidh sí na torthaí sin a úsáid, mar is iomchuí, in oibríochtaí comhpháirteacha, i mear-idirghabhálacha teorann, in oibríochtaí um fhilleadh agus in idirghabhálacha um fhilleadh.

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún agus mórthéamaí taighde á sainaithint acu. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún agus creatchláir ábhartha an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta á dtarraingt suas agus á gcur chun feidhme.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na codanna sin den Chreatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht a bhaineann le slándáil teorann a chur chun feidhme. Chun na críce sin, agus i gcás inar ndearna an Coimisiún na cumhachtaí ábhartha a tharmligean chuici, beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGníomhaireacht:

(a)

ar bhonn na gclár oibre ábhartha a ghlac an Coimisiún, déanfaidh sí bainistiú ar chuid de chéimeanna cur chun feidhme an chláir, agus ar chuid de na céimeanna a bhainfidh le ré feidhme cláir áirithe;

(b)

na hionstraimí forghníomhúcháin buiséid um ioncam agus caiteachas a ghlacadh, agus na hoibríochtaí ar fad is gá chun bainistiú a dhéanamh ar an gclár;

(c)

tacaíocht a chur ar fáil do chur chun feidhme an chláir.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht treoirthionscadail a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialacháin seo a phleanáil agus a chur chun feidhme.

Airteagal 38

Trealamh teicniúil a fháil mar éadáil nó a léasú

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, aisti féin nó faoi chomhúinéireacht le Ballstát áirithe, trealamh teicniúil a fháil mar éadáil nó é a léasú d'fhonn an trealamh sin a imscaradh agus oibríochtaí comhpháirteacha, treoirthionscadail, mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh, idirghabhálacha um fhilleadh, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce nó tionscadail um chúnamh teicniúil a chur ar bun, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil a fháil ar chinneadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhairle leis an mbord bainistíochta. Déanfar anailís chríochnúil maidir le riachtanais agus le costas is tairbhe sula bhfaightear mar éadáil nó ar léas trealamh a tharraingeodh costais shuntasacha ar an nGníomhaireacht. Déanfar foráil do chaiteachas den sórt sin i mbuiséad na Gníomhaireachta arna ghlacadh ag an mbord bainistíochta.

3.   I gcás ina bhfaigheann an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil tábhachtach mar éadáil nó ar léas, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás éadáil a gheobhaidh an Ghníomhaireacht féin nó a bheidh faoi chomhúinéireacht, tiocfaidh an Ghníomhaireacht ar chomhaontú le Ballstát amháin go ndéanfaidh an Ballstát sin foráil do chlárú an trealaimh i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme sa Bhallstát sin;

(b)

i gcás léasa, déanfar an trealamh a chlárú i mBallstát.

4.   Ar bhonn comhaontú samplach arna dhréachtú ag an nGníomhaireacht agus arna fhormheas ag an mbord bainistíochta, comhaontóidh Ballstát an chláraithe agus an Ghníomhaireacht ar théarmaí lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht an trealaimh agus lena rialófar úsáid an trealaimh, lena n-airítear forálacha sonracha maidir le himscaradh tapa le linn mear-idirghabhálacha teorann. I gcás sócmhainní atá faoi chomhúinéireacht, cumhdófar leis na téarmaí freisin tréimhsí a mbeidh lánfháil ag an nGníomhaireacht ar na sócmhainní. Cuirfear ar fáil don Ghníomhaireacht trealamh teicniúil ar bith ar leis an nGníomhaireacht amháin é má iarrann sí sin agus ní fhéadfaidh Ballstát an chláraithe an staid eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 39(8) a agairt.

5.   Cuirfidh Ballstát an chláraithe nó soláthraí an trealaimh theicniúil na saineolaithe agus an criú teicniúil is gá ar fáil chun an trealamh teicniúil a oibriú ar shlí atá ceart de réir an dlí agus atá sábháilte.

Airteagal 39

Comhthiomsú de threalamh teicniúil

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar bun agus coimeádfaidh sí taifid lárnaithe de threalamh atá i gcomhthiomsú de threalamh teicniúil, ar comhthiomsú é atá comhdhéanta de threalamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó na Gníomhaireachta agus trealamh atá faoi chomhúinéireacht na mBallstát agus na Gníomhaireachta le haghaidh a gníomhaíochtaí oibríochtúla.

2.   Déanfar trealamh ar leis an nGníomhaireacht amháin é a chur ar fáil leana imscaradh aon tráth amhail dá dtagraítear in Airteagal 38(4).

3.   Beidh trealamh faoi chomhúinéireacht na Gníomhaireachta, a bhfuil sciar aici de is mó ná 50 %, ar fáil freisin lena imscaradh i gcomhréir le comhaontú idir Ballstát agus an Ghníomhaireacht amhail dá dtagraítear in Airteagal 38(4).

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht an trealaimh a liostaítear sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil a áirithiú.

Chuige sin, saineoidh sé na caighdeáin theicniúla a bheidh le comhlíonadh ag an trealamh lena úsáid i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, i gcás inar gá. Trealamh a bheidh le fáil ag an nGníomhaireacht, mar úinéir aonair nó mar chomhúinéir, agus trealamh faoi úinéireacht na mBallstát agus a liostaítear sa chomhthiomsú den trealamh teicniúil, comhlíonfaidh siad na caighdeáin seo.

5.   Saineoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil is gá chun riachtanais na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, go háirithe i dtaca le hoibríochtaí comhpháirteacha, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh a chur i gcrích, i gcomhréir lena clár oibre don bhliain i dtrácht.

Mura leor an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil chun an plean oibríochta a comhaontaíodh i dtaca le gníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht é a athbhreithniú ar bhonn na riachtanas sin a bhfuil údar maith leo agus ar bhonn a chomhaontófar idir na Ballstáit.

6.   Cuimseofar sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil, ar ítimí iad ar aithníodh go bhfuil siad de dhíth ar an nGníomhaireacht de réir cineáil trealaimh theicniúil. Déanfar an trealamh a liostófar sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil a imscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, treoirthionscadal, mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh nó idirghabhálacha um fhilleadh.

7.   Beidh ar áireamh sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil comhthiomsú de threalamh mearfhreagartha ina mbeidh méid teoranta ítimí de threalamh is gá chun go bhféadfaí mear-idirghabhálacha teorann a dhéanamh. Déanfar rannchuidithe na mBallstát leis an gcomhthiomsú de threalamh mearfhreagartha a phleanáil de réir na gcaibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus na gcomhaontuithe déthaobhacha bliantúla dá dtagraítear i mír 8. Maidir leis an trealamh ar liosta na n-ítimí sa chomhthiomsú sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit an staid eisceachtúil dá dtagraítear i mír 8 a agairt.

Déanfar an trealamh ar an liosta seo a sheoladh chuig an gceann scríbe lena imscaradh a luaithe is féidir, agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an dáta a aontófar an plean oibríochta.

Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht leis an gcomhthiomsú sin leis an trealamh a bheidh ar fáil ag an nGníomhaireacht amhail dá dtagraítear in Airteagal 38(1).

8.   Rannchuideoidh na Ballstáit leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil sin. Maidir le rannchuidiú na mBallstát i dtaca le comhthiomsú agus imscaradh an trealaimh sin le haghaidh oibríochtaí sonracha, déanfar sin a phleanáil ar bhonn caibidlíochtaí déthaobhacha bliantúla agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit. I gcomhréir leis na comhaontuithe sin agus a mhéid atá sin ina chuid den líon íosta ítimí de threalamh theicniúil le haghaidh bliain áirithe, cuirfidh na Ballstáit a dtrealamh teicniúil ar fáil lena imscaradh arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, seachas i gcás ina bhfuil staid eisceachtúil a dhéanfadh difear mór d'urscaoileadh a gcuid cúraimí náisiúnta i gceist. Má dhéanann Ballstát an staid eisceachtúil sin a agairt, soláthróidh sé cúiseanna agus faisnéis atá cuimsitheach chuig an nGníomhaireacht, i scríbhinn, ar cúiseanna agus faisnéis iad a ndéanfar a n-inneachar a áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 13. Déanfar iarraidh na Gníomhaireachta ar a laghad 45 lá roimh imscaradh beartaithe mórthrealaimh theicniúil agus 30 lá roimh imscaradh beartaithe trealaimh eile. Déanfar athbhreithniú bliantúil ar na rannchuidithe leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil.

9.   Ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, cinnfidh an bord bainistíochta, ar bhonn bliantúil, na rialacha maidir le trealamh teicniúil, lena n-áirítear an líon foriomlán íosta ítimí is gá, de réir chineál an trealaimh theicniúil agus na téarmaí maidir lena n-imscaradh agus faoina ndéanfar costais a aisíoc chomh maith leis an líon teoranta ítimí de threalamh teicniúil do chomthiomsú de threalamh mearfhreagartha. Chun críoch buiséadach, ba cheart don bhord bainistíochta an cinneadh sin a dhéanamh faoin 30 Meitheamh gach bliain.

10.   I gcás ina ndéanfar mear-idirghabháil teorann, beidh feidhm ag Airteagal 17(11) dá réir sin.

11.   Má bhíonn gá gan choinne do threalamh teicniúil le haghaidh oibríocht chomhpháirteach nó le haghaidh mear-idirghabháil teorann tar éis an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil a bheith leagtha síos agus nach féidir na riachtanais sin a chomhlíonadh ón gcomhthiomsú de threalamh teicniúil nó ón gcomhthiomsú de threalamh mearfhreagartha, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inar féidir sin, agus ar bhonn ad hoc, an trealamh teicniúil a chur ar fáil don Ghníomhaireacht lena imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht.

12.   Tabharfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin tuairisc go tráthrialta ar chomhdhéanamh agus ar imscaradh an trealaimh sin, ar cuid den chomhthiomsú de threalamh teicniúil é, don bhord bainistíochta. I gcás nach mbaintear amach an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil a éilítear sa chomhthiomsú, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an bord bainistíochta ar an eolas ina thaobh gan mhoill. Cinnfidh an bord bainistíochta tosaíocht a thabhairt d'imscaradh práinneach an trealaimh theicniúil agus déanfaidh sé gach beart is gá chun an t-easnamh a leigheas. Cuirfidh an bord bainistíochta an Coimisiún ar an eolas faoin easnamh agus faoi na bearta a rinne sé. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi sin agus faoina mheasúnú féin.

13.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar bhonn bliantúil, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa i dtaobh an líon ítimí de threalamh teicniúil a gheall gach Ballstát a chur isteach sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Liostófar sa tuarascáil sin na Ballstáit a d'agair an staid eisceachtúil dá dtagraítear i mír 8 sa bhliain roimhe sin agus áireofar ann na cúiseanna agus an fhaisnéis a sholáthair an Ballstát lena mbaineann.

14.   Cláróidh na Ballstáit sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil sin gach modh iompair agus gach trealamh oibriúcháin a ceannaíodh trí bhíthin Bhearta Sonracha an Chiste Slándála Inmheánaí i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), nó, i gcás inarb ábhartha, trí bhíthin cistiú tiomnaithe ar bith eile de chuid an Aontais arna chur ar fáil do na Ballstáit d'fhonn acmhainn oibríochtúil na Gníomhaireachta a mhéadú. Beidh an trealamh teicniúil sin ina chuid den líon íosta ítimí de threalamh teicniúil a áireofar in aon bhliain ar leith.

Cuirfidh na Ballstáit an trealamh teicniúil sin ar fáil don Ghníomhaireacht lena imscaradh arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht. I gcás oibríocht dá dtagraítear in Airteagal 17 nó in Airteagal 19 den Rialachán seo, ní fhéadfaidh siad an staid eisceachtúil dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a agairt.

15.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na taifid a bhaineann leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil a bhainistiú mar a leanas:

(a)

aicmiú de réir an chineáil trealaimh agus de réir an chineáil oibríochta;

(b)

aicmiú de réir úinéara (Ballstát, gníomhaireacht, eile);

(c)

líon iomlán ítimí de threalamh a éilítear;

(d)

ceanglais criú más infheidhme;

(e)

faisnéis eile, amhail mionsonraí clárúcháin, ceanglais iompair agus chothabhála, na córais onnmhairíochta náisiúnta is infheidhme, treoracha teicniúla, nó faisnéis eile is ábhartha d'úsáid cheart an trealaimh.

16.   Seasfaidh an Ghníomhaireacht 100 % den chostas a bhainfidh le himscaradh a dhéanamh ar an trealamh teicniúil ar cuid é den líon íosta ítimí de threalamh teicniúil a chuirfidh Ballstát ar leith ar fáil in aon bhliain ar leith. I gcás ina n-úsáidtear trealamh teicniúil nach cuid den líon íosta ítimí de threalamh teicniúil é, déanfaidh an Ghníomhaireacht é a chómhaoiniú gan dul os cionn 100 % den chaiteachas incháilithe, agus imthosca ar leith na mBallstát a dhéanfaidh trealamh teicniúil den sórt sin a imscaradh á gcur i gcuntas.

Airteagal 40

Cúraimí agus cumhachtaí bhaill na bhfoirne

1.   Beidh d'acmhainn ag baill na bhfoirne gach cúram dá gcuid a chur i gcrích agus gach cumhacht dá gcuid a fheidhmiú i dtaca le rialú ag teorainneacha agus le filleadh, maille leis na cumhachtaí is gá chun cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 agus Treoir 2008/115/AE a bhaint amach.

2.   Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag baill na bhfoirne, comhlíonfaidh siad dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, agus urramóidh siad cearta bunúsacha an duine agus dlí náisiúnta an Bhallstáit is ósta.

3.   Ní fhéadfaidh baill na bhfoirne cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin faoi threoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh de chuid an Bhallstáit óstaigh agus, mar riail ghinearálta, i láthair gardaí teorann nó ball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh de chuid an Bhallstáit óstaigh. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann.

4.   Éide shainiúil dá gcuid féin a chaithfidh baill na bhfoirne, i gcás inarb iomchuí, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu. Caithfidh siad ar a n-éidí freisin comhartha céannachta pearsanta infheicthe agus armbhanda gorm ar a mbeidh inchomharthaí an Aontais agus na Gníomhaireachta, rud a dhéanfaidh iad a shainaithint mar bheith rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach, in imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, i dtreoirthionscadal, i mear-idirghabháil teorann, in oibríocht um fhilleadh nó in idirghabháil um fhilleadh. Chun críocha aitheantais i dtaca le húdaráis náisiúnta an Bhallstáit óstaigh, beidh doiciméad creidiúnaithe ar iompar ag baill na bhfoirne i gcónaí, agus é le taispeáint acu arna iarraidh sin orthu.

5.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, féadfaidh baill na bhfoirne armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a iompar de réir mar a údaraítear i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit bhaile. Féadfaidh an Ballstát óstach, áfach, cosc a chur ar armáin seirbhíse ar leith a bheith ar iompar, nó ar armlón agus trealamh áirithe a bheith ar iompar, más amhlaidh a chuirtear, faoi reachtaíocht an Bhallstáit, an cosc céanna i bhfeidhm ar a ghardaí nó ar a fhoireann teorann féin a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh. Sula n-imscarfar baill na bhfoirne, cuirfidh an Ballstát óstach an Ghníomhaireacht ar an eolas i dtaobh na n-armán seirbhíse is incheadaithe, i dtaobh an armlóin agus an trealaimh is incheadaithe, agus i dtaobh na gcoinníollacha a bhaineann lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

6.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, beidh sé d'údarás ag baill na bhfoirne forneart a úsáid, lena n-áirítear armáin seirbhíse, armlón agus trealamh, le toiliú an Bhallstáit bhaile agus an Bhallstáit óstaigh, i láthair ghardaí teorann an Bhallstáit óstaigh agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh. Féadfaidh an Ballstát óstach, le toiliú an Bhallstáit bhaile, údarás a thabhairt do bhaill na bhfoirne forneart a úsáid in éagmais ghardaí teorann an Bhallstáit óstaigh.

7.   Féadfar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach bhaill na bhfoirne nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh.

8.   Chun críocha an Rialacháin seo, údaróidh an Ballstát óstach do bhaill na bhfoirne breathnú ar bhunachair shonraí Eorpacha, ar breathnú é atá riachtanach chun aidhmeanna oibriúcháin a chomhlíonadh a shonraítear sa phlean oibríochta maidir le seiceálacha teorann, faireachas ar theorainneacha agus filleadh. Féadfaidh an Ballstát óstach iad a údarú freisin breathnú ar a bhunachair shonraí náisiúnta i gcás inar gá chun na críche céanna. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh siad an rochtain sin ar bhunachair shonraí ar shlí éifeachtúil agus éifeachtach. Ní cheadóidh baill na bhfoirne ach na sonraí sin is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus chun a gcumhachtaí a fheidhmiú. Sula n-imscarfar baill na foirne, cuirfidh an Ballstát óstach an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha a bhféadfar breathnú orthu. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do gach Ballstát a bheidh rannpháirteach san imscaradh.

Déanfar an breathnú sin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh maidir le cosaint sonraí.

9.   Is iad gardaí teorann an Bhallstáit óstaigh nó baill na bhfoirne (i gcás ina n-údaraíonn an Ballstát dóibh feidhmiú ar a shon) a dhéanfaidh gach cinneadh maidir le cead isteach a dhiúltú do dhuine i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399.

Airteagal 41

Doiciméad creidiúnaithe

1.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an mBallstát óstach, doiciméad i dteanga oifigiúil an Bhallstáit óstaigh agus i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais chuig comhaltaí na bhfoirne chun iad a shainaithint agus de chruthúnas ar chearta an tsealbhóra a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí nó a cumhachtaí a fheidhmiú, cúraimí agus cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 40. Beidh na gnéithe seo a leanas i dtaobh gach ball den fhoireann ar áireamh sa doiciméad:

(a)

ainm agus náisiúntacht;

(b)

céim nó teideal an phoist;

(c)

grianghraf digitithe a tógadh le deireanas; agus

(d)

na cúraimí sin a bhfuil cead a ndéanta le linn an imscartha.

2.   Seolfar an doiciméad sin ar ais chuig an nGníomhaireacht tráth a dtiocfaidh deireadh le hoibríocht chomhpháirteach, le himscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, leis an treoirthionscadal, leis an mear-idirghabháil teorann, leis an oibríocht um fhilleadh nó leis an idirghabháil um fhilleadh.

Airteagal 42

Dliteanas sibhialta

1.   I gcás ina mbeidh baill de na foirne ag feidhmiú i mBallstát óstach, is é an Ballstát sin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin, a bheidh faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaidh na baill le linn a gcuid oibríochtaí.

2.   Más de thoradh mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil a tharlóidh an damáiste sin, féadfaidh an Ballstát óstach dul i dteagmháil leis an mBallstát baile ag lorg aisíocaíochta ón mBallstát baile ar airgead ar bith a d'íoc an Ballstát óstach le híospartaigh nó le daoine a bhfuil teideal acu thar a gceann.

3.   Gan dochar d'fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, déanfaidh gach Ballstát a éilimh uile in aghaidh an Bhallstáit óstaigh nó in aghaidh aon Bhallstáit eile i leith aon damáiste a rinneadh dó a tharscaoileadh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil.

4.   Aon díospóid a tharlóidh idir na Ballstáit i dtaobh fheidhmiú mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo agus nach féidir a réiteach leis an gcaibidlíocht, cuirfear í faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 273 CFAE.

5.   Gan dochar d'fheidhmiú a ceart i leith an tríú páirtí, seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhaineann le haon damáiste a dhéanfar do threalamh na Gníomhaireachta agus imscaradh ar siúl, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil.

Airteagal 43

Dliteanas coiriúil

Agus oibríocht chomhpháirteach, treoirthionscadal, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, mear-idirghabháil teorann, oibríocht um fhilleadh nó idirghabháil um fhilleadh ar siúl, caithfear le baill na bhfoirne mar a chaithfí le feidhmeannaigh de chuid an Bhallstáit óstaigh i dtaca le haon chionta coiriúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ina n-aghaidh nó a d'fhéadfaidís siúd iad féin a dhéanamh.

Roinn 2

Malartú faisnéise agus cosaint sonraí

Airteagal 44

Córais mhalartaithe faisnéise

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá a dhéanamh chun malartú faisnéise is ábhartha dá cúraimí leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit a éascú agus, i gcás inarb iomchuí, leis na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais lena mbaineann. Déanfaidh sí córas faisnéise a fhorbairt agus a oibriú a mbeidh d'acmhainn aige faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na gníomhaithe sin, agus sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagail 45, 47, 48 agus 49 den Rialachán seo a mhalartú i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (32) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (33).

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá a ghlacadh chun éascú a dhéanamh ar fhaisnéis is ábhartha dá cúraimí a mhalartú le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe má bhaineann an fhaisnéis sin leis na gníomhaíochtaí sin ina mbíonn siad rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 51 agus le hAirteagal 62(5).

Airteagal 45

Cosaint sonraí

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici.

2.   Leagfaidh an bord bainistíochta síos bearta a úsáidfidh an Ghníomhaireacht chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le hoifigeach um chosaint sonraí na Gníomhaireachta. Déanfar na bearta sin a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

3.   Gan dochar d'Airteagal 47, d'Airteagal 48 agus d'Airteagal 49, féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha riaracháin.

4.   Gan dochar d'Airteagal 48, toirmiscfear sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an nGníomhaireacht a aistriú, agus toirmiscfear ar na Ballstáit sonraí pearsanta a próiseáladh faoi chuimsiú an Rialacháin seo a tharchur chuig údaráis tríú tíre nó chuig tríú páirtithe eile, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 46

Cuspóirí na próiseála ar shonraí pearsanta

1.   Is chun na gcríoch seo a leanas amháin a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil:

(a)

oibríochtaí comhpháirteacha, treoirthionscadail agus mear-idirghabhálacha teorann a eagrú agus a chomhordú, faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce i gcomhréir le hAirteagal 47;

(b)

oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh a eagrú agus a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 48;

(c)

malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, EASO, Europol nó Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 47;

(d)

anailís ar riosca i gcomhréir le hAirteagal 11;

(e)

feithiclí a shainaithint agus a rianú faoi chuimsiú EUROSUR i gcomhréir le hAirteagal 49.

(f)

cúraimí riaracháin.

2.   Agus próiseáil sin á déanamh ar shonraí pearsanta de réir mar a thagraítear i mír 1, tabharfar urraim do phrionsabal na comhréireachta agus teorannófar chuig sonraí pearsanta atá riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear sa mhír sin.

3.   Ballstát nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais a chuirfidh sonraí pearsanta ar fáil don Ghníomhaireacht, is iadsan a chinnfidh an chríoch nó na críocha chuig a ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil, faoi mar a luaitear i mír 1. Ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht próiseáil a dhéanamh ar am bhfaisnéis sin chun críoch atá éagsúil agus a thagann freisin faoi mhír 1, ach amháin má údaraíonn soláthraí na sonraí di é sin a dhéanamh.

4.   Agus na sonraí pearsanta á n-aistriú, féadfaidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais aon srianta ar rochtain nó ar úsáid na faisnéise sin, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena n-áirítear a haistriú, a scriosadh nó a dhíothú, a chur in iúl. I gcás inar léir, tar éis sonraí pearsanta a aistriú, go bhfuil gá le srianta den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na srianta sin a chomhlíonadh.

Airteagal 47

Próiseáil ar shonraí pearsanta a bhaileofar le linn oibríochtaí comhpháirteacha, treoirthionscadal agus mear-idirghabhálacha teorann, agus a bhaileoidh na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.   Ní phróiseálfaidh an Ghníomhaireacht ach na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta a bhaileoidh na Ballstáit agus a sheolfaidh siad chuici nó a bhaileoidh foireann na Gníomhaireachta féin nó a sheolfaidh sí chuici i gcomhthéacs oibríochtaí comhpháirteacha, treoirthionscadal agus mear-idirghabhálacha teorann, agus a bhaileoidh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus a sheolfaidh siad chuici:

(a)

sonraí pearsanta daoine a bhfuil, ar fhorais réasúnacha, droch-amhras ina leith ag údaráis inniúla na mBallstát go bhfuil siad páirteach sa choireacht thrasteorann, amhail imircigh a smuigleáil, gáinneáil ar dhaoine nó an sceimhlitheoireacht;

(b)

sonraí pearsanta a bhaineann le daoine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha gan údarú, ar sonraí iad a bhaileoidh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, lena n-áirítear sonraí a bhaileofar agus iad ag gníomhú faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce;

(c)

uimhreacha plátaí ceadúnais, uimhreacha aitheantais feithicle, uimhreacha teileafóin nó uimhreacha aitheantais long atá nasctha leis na daoine dá dtagraítear in (a) agus in (b), agus ar sonraí iad a bhfuil gá leo d'fhonn imscrúdú agus anailís a dhéanamh ar na bealaí agus modhanna a úsáidtear agus imirce neamhdhlíthiúil agus an choireacht thrasteorann ar siúl.

2.   Maidir leis na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1, ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht iad a phróiseáil ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar gá sonraí a tharchur chuig EASO, Europol nó Eurojust d'fhonn a n-úsáide i gcomhréir leis na sainorduithe a tugadh dóibh, agus i gcomhréir le hAirteagal 52;

(b)

i gcás inar gá sonraí a tharchur chuig na húdaráis sna Ballstáit ábhartha atá freagrach as rialú ag teorainneacha, as imirce, as tearmann nó as forghníomhú an dlí d'fhonn a n-úsáide i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a bhaineann le cosaint sonraí;

(c)

i gcás inar gá na sonraí pearsanta sin chun anailísí riosca a ullmhú.

Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le daoine dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a aistriú chuig údaráis um fhorfheidhmiú an dlí ach amháin i gcásanna sonracha agus nuair is fíorghá sin chun an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

3.   Déanfar sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe a chuirfear iad chuig EASO, chuig Europol nó chuig Eurojust nó chuig údaráis inniúla na mBallstát, nó a luaithe a úsáidfear iad chun anailísí riosca a ullmhú. Ní rachaidh an tréimhse stórála, in aon chás, thar 90 lá tar éis dháta bailithe na sonraí sin. Na sonraí a bheidh i dtorthaí na n-anailísí riosca, ní luafar aon ainmneacha iontu.

Airteagal 48

Sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh

1.   Agus oibríochtaí um fhilleadh á n-eagrú agus á gcomhordú aici agus idirghabhálacha um fhilleadh á ndéanamh aici, féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta fillithe a phróiseáil.

2.   Leis an bpróiseáil a dhéanann an Ghníomhaireacht ar na sonraí pearsanta, teorannófar í chuig na sonraí pearsanta a bheidh riachtanach chun críocha na hoibríochta um fhilleadh nó na hidirghabhála um fhilleadh.

3.   Scriosfar na sonraí pearsanta a luaithe a bheidh cuspóir a mbailithe bainte amach, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis dheireadh na hoibríochta um fhilleadh nó na hidirghabhála um fhilleadh.

4.   I gcás nach ndéanann Ballstát sonraí pearsanta fillithe a chur chuig an iompróir, féadfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí sin a aistriú.

Airteagal 49

Sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú EUROSUR

Féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil faoi mar a leagtar amach in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013.

Airteagal 50

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha slándála an Choimisiúin a chur i bhfeidhm mar a leagtar síos iad i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444. Beidh feidhm ag na rialacha sin, inter alia, i dtaca le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm na prionsabail slándála a bhaineann le próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 mar atá curtha chun feidhme ag an gCoimisiún. Bunóidh an bord bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal slándála sin.

3.   Ní fhágfar le haicmiú nach gcuirfear an fhaisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Comhlíonfaidh tarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad a tarchuireadh chuig Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis an Rialachán seo na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil, ar rialacha iad atá infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.

Roinn 3

Comhar na Gníomhaireachta

Airteagal 51

Comhar le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht éascú ar chomhoibriú oibríochtúil na mBallstát le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le gníomhaíochtaí sonracha.

2.   Cuimseofar leis an tacaíocht a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil de bhun phointe (l), phointe (n) agus phointe (o) d'Airteagal 8(1) oibríochtaí um fhilleadh na mBallstát, ina mbeidh Éire nó an Ríocht Aontaithe, nó an dá cheann acu, rannpháirteach chomh maith, a eagrú.

3.   Cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i dtaca le críocha Ghiobráltar nó go mbeidh comhaontú ann maidir le raon na mbeart sin a bhaineann le daoine a bheith ag trasnú na dteorainneacha seachtracha.

Airteagal 52

Comhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún, agus le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, le hEASO, le Europol, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, le Eurojust, le Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh, leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, chomh maith le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, eile de chuid an Aontais, in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe le cuspóirí aghaidh níos fearr a thabhairt ar dhúshláin imirce agus an choireacht thrasteorann, amhail imircigh a smuigleáil, gáinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht, a chosc agus a bhrath.

Chuige sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Tarlóidh an comhoibriú dá dtagraítear i mír 1 laistigh de chreatlach na socruithe oibre a rinneadh leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1. Beidh formheas an Choimisiúin ag na socruithe sin roimh ré. I ngach cás, cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

3.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit i ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo. Cé go bhfuil siad lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, gabhfaidh sí le comhar den sórt sin freisin i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an limistéar custaim a n-áirítear bainistiú riosca, i gcás ina bhféadfaidh na gníomhaíochtaí sin tacú le chéile. Ní dochar an comhar sin do na hinniúlachtaí atá ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit cheana.

4.   Ní bhainfidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais ná na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1 úsáid as faisnéis a gheobhaidh siad ón nGníomhaireacht ach amháin faoi theorainneacha a n-inniúlachta agus a mhéid a urramaíonn siad cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear ceanglais chosanta sonraí. Sonraí pearsanta a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht iad a phróiseáil, beidh a dtarchur go hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, nó cur na sonraí sin in iúl ar bhealach eile dóibh, faoi réir socruithe sonracha oibre i ndáil le malartú sonraí pearsanta agus beidh an tarchur agus an cur in iúl sin faoi réir formheasta roimh ré ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Beidh aon aistriú sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht ag teacht leis na forálacha cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 45 go hAirteagal 49. Maidir le faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil, déanfar foráil sna socruithe sin go gcomhlíonfaidh institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais nó an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, rialacha agus caighdeáin slándála a bheidh coibhéiseach leo siúd a chuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm.

5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí agus ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, a bheith rannpháirteach ina cuid gníomhaíochtaí, go háirithe in oibríochtaí comhpháirteacha agus i dtreoirthionscadail, in anailís riosca agus in oiliúint, a mhéid a bheidh láithreacht na mbreathnadóirí sin i gcomhréir le cuspóirí na ngníomhaíochtaí sin, agus go bhféadfadh a láithreacht a bheith ina rannchuidiú le feabhsú an chomhair agus le malartú na ndea-chleachtas, agus nach ndéanann sé aon difear do shábháilteacht fhoriomlán ná do shlándáil fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin. Ní bheidh na breathnadóirí sin rannpháirteach in anailís riosca ná in oiliúint mura mbeidh comhaontú na mBallstát lena mbaineann ann. Maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha agus le treoirthionscadail, beidh rannpháirtíocht na mbreathnadóirí faoi réir chomhaontú an Bhallstáit óstaigh. Áireofar sa phlean oibríochta rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na mbreathnadóirí. Gheobhaidh na breathnadóirí sin oiliúint iomchuí ón nGníomhaireacht roimh a rannphairtíocht.

Airteagal 53

Comhar Eorpach um fheidhmeanna an gharda chósta

1.   I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, tacóidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun chúraimí an gharda cósta, ar leibhéal náisiúnta agus Aontais, agus i gcás inarb iomchuí, ar leibhéal idirnáisiúnta, mar seo a leanas:

(a)

comhroinnt, comhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar fhaisnéis atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna n-óstáil ag na gníomhaireachtaí sin nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach agus gan dochar d'úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

(b)

seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena n-áirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar talún chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith;

(c)

acmhainn a fhorbairt trí threoirlínte agus moltaí a tharraingt suas agus trí dhea-chleachtais a bhunú, agus trí oiliúint agus malartú foirne a chur ar fáil;

(d)

malartú faisnéise agus comhar um fheidhmeanna garda cósta a fheabhsú lena n-áirítear trí dhúshláin oibríochtúla agus rioscaí atá ag teacht chun cinn sa réimse muirí a anailísiú;

(e)

acmhainn a chomhroinnt trí oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme agus trí shócmhainní agus acmhainneachtaí eile a chomhroinnt, sa mhéid go ndéanann na gníomhaireachtaí sin na gníomhaíochtaí sin a chomhordú agus go gcomhaontaíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leo.

2.   Is de réir socrú oibre, a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme do na gníomhaireachtaí sin, a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Déanfaidh bord bainistíochta na Gníomhaireachta agus boird riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí agus na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach socrú den sórt sin a fhormheas.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, lámhleabhar praiticiúil a chur ar fáil maidir le comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta. Beidh ar áireamh sa lámhleabhar sin treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais chun faisnéis a mhalartú. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar i bhfoirm molta.

Airteagal 54

Comhar le tríú tíortha

1.   In ábhair atá faoi réim a gníomhaíochtaí agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhar teicniúil agus oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a éascú agus a spreagadh, laistigh de chreat bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais, lena n-áirítear cearta bunúsacha a chosaint agus prionsabal an non-refoulement. Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit dlí an Aontais, lena n-áirítear noirm agus caighdeáin is cuid de acquis an Aontais nuair a tharlóidh comhar le tríú tíortha ar chríoch na dtíortha eile sin freisin. Fónfaidh bunú an chomhair le tríú tíortha chun caighdeáin bhainistithe teorainneacha agus fillte Eorpacha a chur chun cinn.

2.   Le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais, agus i gcomhordú leo, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis na dtríú tíortha atá inniúil in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Le linn déanamh di amhlaidh, gníomhóidh sí laistigh de chreat bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais, lena n-áirítear maidir le cosaint na gceart bunúsach agus prionsabal an non-refoulement. Gníomhóidh sí freisin laistigh de chreat socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích leis na húdaráis sin, i gcomhréir le dlí agus beartas an Aontais. Sonróidh na socruithe oibre sin raon, cineál agus cuspóir an chomhair agus beidh siad gaolmhar le bainistiú an chomhair oibríochtúil. Beidh formheas an Choimisiúin ag na dréachtsocruithe roimh ré. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa ar an eolas sula mbeidh socrú oibre curtha i gcrích. Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht dlí an Aontais, lena n-áirítear noirm agus caighdeáin is cuid de acquis an Aontais.

3.   I gcás inar gá cúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú oibríochtúil a chomhordú idir na Ballstáit agus an tríú tír maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha. Beidh an deis ag an nGníomhaireacht gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar na teorainneacha seachtracha, le Ballstát nó le Ballstáit agus le tríú tír in aice le ceann de na Ballstáit sin, faoi réir chomhaontú an tríú tír sin atá in aice leis. Cuirfear oibríochtaí i gcrích ar bhonn plean oibríochta a chomhaontóidh an Ballstát nó na Ballstáit atá ar theorainn an limistéir oibríochtúil. Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht na mBallstát in oibríochtaí comhpháirteacha ar chríoch tríú tíortha. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas i dtaobh na ngníomhaíochtaí sin.

4.   I gcásanna ina mbeartaítear go ndéanfar foirne a imscaradh do thríú tír i ngníomhaíochtaí a mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag baill na foirne, nó ina n-éilítear sin le gníomhaíochtaí eile i dtríú tíortha, tabharfar comhaontú stádais i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann. Sa chomhaontú stádais, cumhdófar na gnéithe uile is gá chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích. Leagfar amach ann go háirithe raon feidhme na hoibríochta, dliteanas sibhialta agus coiriúil agus cúraimí agus cumhachtaí bhaill na bhfoirne. Sa chomhaontú stádais, áiritheofar go ndéanfar na cearta bunúsacha a urramú go hiomlán le linn na n-oibríochtaí sin.

5.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas samhail de chomhaontú stádais le haghaidh gníomhaíochtaí ar chríoch tríú tíortha.

6.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis inniúla sa tríú tír i dtaca le filleadh, lena n-áírítear doiciméid taistil a fháil.

7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ag na teorainneacha seachtracha úd dá dtagraítear in Airteagal 14, sna hoibríochtaí um fhilleadh dá dtagraítear in Airteagal 28, sna hidirghabhálacha um fhilleadh dá dtagraítear in Airteagal 33, agus san oiliúint dá dtagraítear in Airteagal 36, a mhéid a bheidh láithreacht na mbreathnadóirí sin i gcomhréir le cuspóirí na ngníomhaíochtaí úd, go bhféadtar leis an láithreacht sin rannchuidiú le comhar a fheabhsú agus le malartú dea-chleachtas, agus nach ndéantar aon difear leis do shábháilteacht fhoriomlán na ngníomhaíochtaí sin. Ní tharlóidh rannpháirtíocht na mbreathnadóirí sin ach amháin le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 14, 19, 28, agus 36, agus le comhaontú an Bhallstáit óstaigh amháin maidir leis na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 33. Áireofar sa phlean oibríochta rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na mbreathnadóirí. Gheobhaidh na breathnadóirí sin oiliúint iomchuí ón nGníomhaireacht roimh a rannpháirtíocht. Ceanglófar orthu cloí le cóid iompair na Gníomhaireachta le linn páirt a ghlacadh ina gníomhaíochtaí.

8.   Beidh an Ghníomhaireacht rannpháirteach i gcur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta a thabharfaidh an tAontas i gcrích le tríú tíortha, laistigh de chreat bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais, agus maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

9.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tairbhiú de chistiú ón Aontas i gcomhréir le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtugtar tacaíocht do bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais. Féadfaidh sí tionscadail um chúnamh teicniúil a sheoladh agus a mhaoiniú sa tríú tír i dtaca le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

10.   Agus comhaontuithe déthaobhacha á gcur i gcrích acu le tríú tíortha, féadfaidh na Ballstáit, le comhaontú na Gníomhaireachta, forálacha a áireamh maidir le ról agus le hinniúlacht na Gníomhaireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe maidir le feidhmiú cumhachtaí feidhmiúcháin ag baill d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a imscarfaidh an Ghníomhaireacht le linn oibríochtaí comhpháirteacha, treoirthionscadal, mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh nó idirghabhálacha um fhilleadh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon fhorálacha den sórt sin.

11.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Airteagail seo. Áireoidh sí measúnú ar an gcomhar le tríú tíortha ina tuarascálacha bliantúla.

Airteagal 55

Oifigigh idirchaidrimh i dtríú tíortha

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe óna foireann féin a imscaradh mar oifigigh idirchaidrimh, saineolaithe a mbeidh an chosaint is treise dá bhfuil ann acu agus a ndualgais á gcur i gcrích acu i dtríú tíortha. Beidh siad ina gcuid de ghréasáin chomhair áitiúla nó réigiúnacha na n-oifigeach idirchaidrimh agus na saineolaithe slándála den Aontas agus de na Ballstáit, lena n-áirítear an gréasán a cuireadh ar siúl de bhun Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle (34). Ní imscarfar oifigigh idirchaidrimh ach i dtríú tíortha ina gcomhlíonann cleachtais bhainistithe teorainneacha íoschaighdeáin chearta an duine.

2.   Laistigh de chreat bheartas caidrimh sheachtraigh an Aontais, tabharfar tosaíocht i gcás imscaradh oifigeach idirchaidrimh do na tríú tíortha sin is ionann, bunaithe ar anailís riosca, agus tír thionscnaimh nó tír idirthurais maidir le himirce neamhdhlíthiúil. Ar bhonn cómhalartach, féadfaidh an Ghníomhaireacht glacadh le hoifigigh idirchaidrimh a chuirfidh na tríú tíortha sin ar dualgas. Ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, glacfaidh an bord bainistíochta liosta na dtosaíochtaí ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an bord bainistíochta imscaradh na n-oifigeach idirchaidrimh a fhormheas.

3.   Áireofar ar chúraimí oifigigh idirchaidrimh na Gníomhaireachta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus cearta bunúsacha á n-urramú, teagmhálacha a bhunú le húdaráis inniúla na tríú tíre sin dár sannadh na hoifigigh, agus na teagmhálacha sin a choimeád ar bun d'fhonn rannchuidiú le cosc na hinimirce neamhdhlíthiúla, agus leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce sin, agus rannchuidiú le fillithe a fhilleadh. Beidh dlúth-chomhordú ann idir na hoifigigh idirchaidrimh sin agus toscaireachtaí de chuid an Aontais.

4.   Beidh an cinneadh maidir le hoifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig tríú tíortha faoi réir tuairim a fháil roimh ré ón gCoimisiún. Coimeádfar Parlaimint na hEorpa ar an eolas go hiomlán i leith na ngníomhaíochtaí sin gan mhoill.

Roinn 4

Creat Ginearálta agus Eagrú na Gníomhaireachta

Airteagal 56

Stádas dlí agus suíomh

1.   Comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, teachtfaidh an Ghníomhaireacht an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge dá dtugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith páirteach in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Beidh an Ghníomhaireacht neamhspleách i ndáil lena sainordú teicniúil agus oibríochtúil a chur i bhfeidhm.

4.   Déanfaidh a stiúrthóir feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

5.   Beidh suíomh na Gníomhaireachta i Vársá, an Pholainn, faoi réir chur chun feidhme Airteagal 57.

Airteagal 57

Comhaontú ceanncheathrún

1.   Na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a bheidh le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát ina bhfuil suí na Gníomhaireachta agus maidir leis na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme maidir leis an stiúrthóir feidhmiúcháin, an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin, baill an bhoird bhainistíochta, foireann na Gníomhaireachta agus le baill dá dteaghlach sa Bhallstát sin, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát sin ina bhfuil suí na Gníomhaireachta.

2.   Déanfar an comhaontú ceanncheathrún a thabhairt i gcrích tar éis formheas an bhoird bhainistíochta a fháil tráth nach déanaí ná an 7 Aibreán 2017.

3.   Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil suíomh na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirítear córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis, agus naisc iomchuí iompair.

Airteagal 58

Foireann

1.   Beidh feidhm maidir le foireann na Gníomhaireachta ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (“na Coinníollacha Fostaíochta”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (35), agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do na Coinníollacha Fostaíochta.

2.   Chun Airteagal 12, Airteagal 22 agus Airteagal 32(2) a chur chun feidhme, ní fhéadfar a ainmniú mar oifigeach comhordúcháin nó mar oifigeach idirchaidrimh ach ball foirne de chuid na Gníomhaireachta faoi réir na Rialachán Foirne nó faoi réir Theideal II de na Coinníollacha Fostaíochta. Chun Airteagal 20(11) a chur chun feidhme, ní fhéadfar ach gardaí teorann nó foireann ábhartha eile atá ar iasacht a ainmniú mar bheith tugtha ar iasacht d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta. Ainmneoidh an Ghníomhaireacht na saineolaithe náisiúnta sin a bhfuiltear le bheith tugtha ar iasacht d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta i gcomhréir leis an Airteagal sin.

3.   I gcomhaontú leis an gCoimisiún, glacfaidh an bord bainistíochta na bearta cur chun feidhme is gá de bhun Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

4.   Féadfaidh an bord bainistíochta forálacha a ghlacadh ionas go lamhálfar gardaí teorann nó foireann ábhartha eile ó na Ballstáit a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht. Cuirfidh na forálacha sin ceanglais Airteagal 20(11) san áireamh, go háirithe go meastar gur baill de na foirne sin atá sna gardaí teorann nó i bhfoireann ábhartha eile atá ar iasacht agus beidh na cúraimí orthu agus na cumhachtaí acu dá bhforáiltear in Airteagal 40. Áireofar leo sin forálacha maidir le coinníollacha an imscartha.

Airteagal 59

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

Airteagal 60

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith an damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta fhoireann na Gníomhaireachta ina leith faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 61

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta

(a)

bord bainistíochta;

(b)

stiúrthóir feidhmiúcháin;

(c)

fóram comhchomhairleach; agus

(d)

oifigeach um chearta bunúsacha.

Airteagal 62

Feidhmeanna an bhoird bainistíochta

1.   Beidh an bord bainistíochta freagrach as cinntí straitéiseacha na Gníomhaireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh ar thogra ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 69;

(b)

an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69;

(c)

cinntí a ghlacadh maidir leis an measúnú leochaileachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13(1) agus (8), is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a ghlacfar na cinntí lena leagtar amach bearta arna ghlacadh faoi Airteagal 13(8);

(d)

cinntí a ghlacadh maidir le samhail chomhtháite choiteann anailísí riosca a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 11(1);

(e)

cinntí a ghlacadh maidir le cineál agus téarmaí imscaradh oifigeach idirchaidrimh i mBallstáit, i gcomhréir le hAirteagal 12(2);

(f)

straitéis theicniúil agus oibríochtúil a ghlacadh i gcomhair bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip i gcomhréir le hAirteagal 3(2);

(g)

cinneadh a ghlacadh maidir leis na próifílí agus an líon iomlán gardaí teorann nó foirne ábhartha eile a bheidh le cur ar fáil d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(h)

cinneadh a ghlacadh maidir leis na próifílí agus an líon íosta gardaí teorann nó na foirne ábhartha eile a chomhfhreagraíonn do na próifílí sin a bheidh le cur ar fáil don díorma mearfhreagartha d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, i gcomhréir le hAirteagal 20(4) agus le tromlach trí cheathrú de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu;

(i)

tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin a ghlacadh agus í a sheoladh, faoin 1 Iúil ar a dhéanaí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí;

(j)

doiciméad aonair clársceidealaithe ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil na Gníomhaireachta agus a clár oibre don bhliain dár gcionn a ghlacadh gach bliain roimh an 30 Samhain, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, tar éis tuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, agus an doiciméad sin a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(k)

nósanna imeachta a bhunú chun go nglacfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cinntí a bhaineann le cúraimí teicniúla agus oibríochtúla na Gníomhaireachta;

(l)

buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, agus feidhmeanna eile i leith bhuiséad na Gníomhaireachta a chomhlíonadh de bhun Roinn 5 den Chaibidil seo;

(m)

údarás araíonachta a fheidhmiú ar an stiúrthóir feidhmiúcháin agus ar an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin, le comhaontú an stiúrthóra feidhmiúcháin;

(n)

a rialacha nós imeachta a bhunú;

(o)

struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta a bhunú agus beartas foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh;

(p)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh a bheidh ar comhréir le rioscaí na calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;

(q)

rialacha inmheánacha a ghlacadh lena ndéanfar coinbhleachtaí leasa i leith a chomhaltaí a chosc agus a bhainistiú;

(r)

i gcomhréir le mír 8, maidir le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a fheidhmiú arna dtabhairt ag na Rialacháin Foirne don Údarás Ceapacháin agus ag na Coinníollacha Fostaíochta don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche (“Cumhachtaí an Údaráis Cheapacháin”);

(s)

rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(t)

bearta leantacha leormhaithe maidir leis na fionnachtana agus na moltaí a eascraíonn as na tuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid OLAF, a áirithiú;

(u)

pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 8(3) a ghlacadh agus a uasdhátú go tráthrialta;

(v)

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus faoi réir na gCoinníollacha Fostaíochta, a bheidh neamhspleách ar fad agus é nó í i mbun a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh;

(w)

modheolaíocht choiteann maidir le measúnú leochaileachta a chinneadh, lena n-áirítear na critéir oibiachtúla a bheidh mar bhunús ag an nGníomhaireacht chun an measúnú leochaileacha a dhéanamh, minicíocht measúnuithe den sórt sin agus conas a dhéanfar measúnuithe leochaileachta comhleanúnacha;

(x)

measúnú agus faireachán feabhsaithe ar Bhallstát dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chinneadh;

(y)

an t-oifigeach um chearta bunúsacha a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 71(1);

(z)

na socruithe oibre le tríú tíortha a fhormheas.

Poibleofar an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (i).

3.   I gcás tograí i gcomhair cinntí den bhord bainistíochta dá dtagraítear i mír 2 faoi ghníomhaíochtaí sonracha de chuid na Gníomhaireachta a dhéanfar ag teorainneacha seachtracha aon Bhallstáit ar leith, nó ina garchomharsanacht, ceanglófar vóta i bhfabhar a nglactha ó Chomhalta an bhoird bhainistíochta a bheidh ag ionadú an Bhallstáit sin.

4.   Féadfaidh an bord bainistíochta an stiúrthóir feidhmiúcháin a chomhairliú maidir le haon ábhar a bhaineann le bainistiú oibríochtúil na dteorainneacha seachtracha agus fillte a fhorbairt, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde.

5.   Má iarrann Éire agus/nó an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sonracha, cinnfidh an bord bainistíochta é sin.

Déanfaidh an bord bainistíochta cinneadh ar bhonn gach cáis ar leith, agus le tromlach glan na gcomhaltaí sin dá chuid a bhfuil ceart vótála acu. Measfaidh an bord bainistíochta, sa chinneadh a dheanfaidh sé, má chuidíonn rannpháirtíocht na hÉireann agus/nó na Ríochta Aontaithe leis an ngníomhaíocht i gceist a chur i gcrích. Leagfar amach sa chinneadh ranníoc airgeadais na hÉireann agus/nó na Ríochta Aontaithe leis an ngníomhaíocht ar a bhfuil iarraidh ar rannpháirtíocht déanta.

6.   Déanfaidh an bord bainistíochta aon fhaisnéis ábhartha faoi thoradh na nósanna imeachta meastóireachta, arna seoladh ag an nGníomhaireacht, a chur ar aghaidh ar bhonn bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (“an t-údarás buiséadach”).

7.   Féadfaidh an bord bainistíochta bord beag feidhmiúcháin a bhunú chun cuidiú leis agus lena stiúrthóir feidhmiúcháin maidir leis na cinntí, na cláir agus na gníomhaíochtaí sin a ghlacfaidh an bord bainistíochta a ullmhú agus cinntí sealadacha práinneacha áirithe a ghlacadh thar ceann an bhoird bhainistíochta nuair is gá sin. Ní ghlacfaidh an bord feidhmiúcháin cinntí nach mór a ghlacadh le tromlach dhá thrian nó trí cheathrú den bhord bainistíochta. Féadfaidh an bord bainistíochta cúraimí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig an mbord feidhmiúcháin, go háirithe i gcás ina gcuirfidh sé seo le héifeachtúlacht na Gníomhaireachta. Ní fhéadfaidh sé cúraimí a bhaineann le cinntí nach mór a ghlacadh le tromlach dhá thrian nó trí cheathrú den bhord bainistíochta a tharmligean chuig an mbord feidhmiúcháin.

8.   Glacfaidh an bord bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis cheapacháin a tharmligean chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Údarófar don stiúrthóir feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá sin in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an bord bainistíochta, trí chinneadh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an stiúrthóir feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach. Féadfaidh sé iad a fheidhmiú é féin ansin, nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an stiúrthóir feidhmiúcháin.

Airteagal 63

Comhdhéanamh an bhoird bainistíochta

1.   Gan dochar do mhír 3, is iad a bheidh ar an mbord bainistíochta ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún, agus ceart vótála acu go léir. Chuige sin, ceapfaidh gach Ballstát comhalta den bhord bainistíochta chomh maith le malartach a dhéanfaidh ionadaíocht dó nó di nuair a bheidh sé nó sí as láthair. Ceapfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí agus a malartaigh. Mairfidh na téarmaí oifige ar feadh ceithre bliana. Féadfar na téarmaí oifige sin a shíneadh.

2.   Ceapfar comhaltaí an bhoird bhainistíochta ar bhonn a dtaithí ábhartha ardleibhéil agus a saineolais ábhartha ardleibhéil i réimse an chomhair oibríochtúil maidir le bainistiú teorainneacha agus filleadh agus ar bhonn a scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún le cothromaíocht inscne ó thaobh ionadaíocht ar an mbord bainistíochta a bhaint amach.

3.   Beidh tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen páirteach sa Ghníomhaireacht. Beidh ionadaí amháin agus malartach amháin acu araon ar an mbord bainistíochta. Beidh feidhm ag na socruithe arna bhforbairt faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais lena sonraítear cineál agus méid rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta agus na rialacha mionsonraithe don rannpháirtíocht sin, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann.

Airteagal 64

Clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla

1.   Glacfaidh an bord bainistíochta, faoin 30 Samhain gach bliain, doiciméad clársceidealaithe ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn, a bheidh bunaithe ar dhréacht arna chur ar aghaidh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh agus, maidir leis an gclársceidealú ilbhliantúil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Cuirfidh an bord bainistíochta an doiciméad sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

2.   Tiocfaidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 chun bheith ina dhoiciméad cinntitheach tar éis ghlacadh deireanach an bhuiséid ghinearálta. Déanfar é a choigeartú dá réir i gcás inar gá.

3.   Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear cuspóirí, torthaí ionchais, táscairí feidhmíochta agus pleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil limistéir straitéiseacha idirghabhála agus míneofar ann gach a mbeidh de dhíth d'fhonn na cuspóirí a bhaint amach. Áireofar ann straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar aon le gníomhaíochtaí atá nasctha leis an straitéis sin.

4.   Cuirfear an clársceidealú ilbhliantúil i bhfeidhm trí chláir oibre bhliantúla agus, más iomchuí, déanfar é a thabhairt cothrom le dáta de dhroim thoradh meastóireachta arna déanamh de bhun Airteagal 81. Léireofar conclúid na meastóireachta sin, más iomchuí, sa chlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn freisin.

5.   Beidh sa chlár oibre bliantúil cur síos ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú lena gcuimseofar cuspóirí mionsonraithe agus torthaí ionchais, táscairí feidhmíochta san áireamh. Beidh ann chomh maith léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclársceidealú ilbhliantúil. Sonrófar ann go soiléir na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

6.   Glacfar an clár oibre bliantúil i gcomhréir le clár reachtach an Aontais i réimsí ábhartha a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an filleadh;

7.   I gcás ina sannfar cúram nua don Ghníomhaireacht, tar éis clár oibre bliantúil a ghlacadh, leasóidh an bord bainistíochta an clár oibre bliantúil.

8.   Glacfar le haon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil tríd an nós imeachta céanna is infheidhme maidir le glacadh an chláir oibre bhliantúil thosaigh. Féadfaidh an bord bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin.

Airteagal 65

Cathaoirleacht an bhoird bainistíochta

1.   Toghfaidh an bord bainistíochta cathaoirleach agus leas-chathaoirleach as measc na gcomhaltaí sin dá chuid a bhfuil ceart vótála acu. Toghfar an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an bhoird bhainistíochta a bhfuil ceart vótála acu. Gabhfaidh an leas-chathaoirleach ionad an chathaoirligh ar bhonn ex-officio i gcás ina gcoiscfear air nó uirthi freastal ar a dhualgais nó a dualgais.

2.   Rachaidh téarma oifige an chathaoirligh agus an leas-chathaoirligh in éag nuair a scoirfidh a gcomhaltas faoi seach ar an mbord bainistíochta. Faoi réir na forála seo, mairfidh téarmaí oifige an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh ceithre bliana. Féadfar na téarmaí oifige sin a shíneadh aon uair amháin.

Airteagal 66

Cruinnithe

1.   Déanfaidh cathaoirleach an bhoird bhainistíochta cruinnithe an bhoird bainistíochta a chomóradh.

2.   Glacfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici.

3.   Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an bhoird bainistíochta in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, tiocfaidh an bord le chéile ar thionscnamh an chathaoirligh, ar iarraidh ón gCoimisiún, nó ó thrian de chomhaltaí an bhoird ar a laghad.

4.   Cuirfear cuireadh ar Éirinn agus ar an Ríocht Aontaithe freastal ar chruinnithe an bhoird bhainistíochta.

5.   Féadfaidh an bord bainistíochta cuireadh a chur ar ionadaí ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

6.   Féadfaidh an bord bainistíochta cuireadh a chur ar aon duine eile ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chruinnithe i gcáil breathnóra, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

7.   Féadfaidh comhaltaí an bhoird bainistíochta, faoi réir fhorálacha a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

8.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don bhord bainistíochta.

Airteagal 67

Vótáil

1.   Gan dochar d'Airteagal 20(4), do phointe (c), pointe (j) agus pointe (l) d'Airteagal 62(2), d'Airteagal 65(1) agus d'Airteagal 69(2) agus (4), déanfaidh an bord bainistíochta a chinntí a ghlacadh trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. In éagmais comhalta, beidh a mhalartach nó a malartach i dteideal a cheart nó a ceart chun vótála a fheidhmiú. Ní chaithfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin vóta.

3.   Leagfar amach na socruithe vótála ar bhealach níos mionsonraithe sna rialacha nós imeachta. Áireofar sna rialacha sin na coinníollacha ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, maille le haon cheanglais chóraim.

4.   Ionadaithe tíortha atá bainteach le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, beidh cearta teoranta vótála acu a chomhfhreagraíonn dá socruithe faoi seach. Ionas go lamhálfar do na tíortha comhlachaithe a gceart vótála a fheidhmiú, sonróidh an Ghníomhaireacht an clár oibre lena n-aithneofar na pointí sin dár deonaíodh ceart teoranta vótála.

Airteagal 68

Feidhmeanna agus cumhachtaí an stiúrthóra fheidhmiúcháin

1.   Is é an stiúrthóir feidhmiúcháin, a mbeidh neamhspleáchas iomlán aige nó aici maidir lena chúraimí nó lena cúraimí a chomhlíonadh, a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht. Gan dochar d'inniúlachtaí institiúidí faoi seach an Aontais agus an bhoird bainistíochta, ní iarrfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin teagaisc ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní ghlacfaidh sé nó sí teagasc uathu.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin tuairisciú ar chur i gcrích a chúraimí nó a cúraimí. Áirítear leis sin tuairisciú ar chur chun feidhme na straitéise um chearta bunúsacha agus ar an bhfaireachán uirthi, tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin, an clár oibre don bhliain ina dhiaidh sin agus clársceidealú ilbhliantúil na Gníomhaireachta nó aon ábhar eile a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa chomh maith, má iarrtar air nó uirthi déanamh amhlaidh agus tuairisceoidh sé nó sí di go tráth rialta.

3.   Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as ullmhú agus cur chun feidhme na gcinntí straitéiseacha arna ndéanamh ag an mbord bainistíochta agus as cinntí a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh na feidhmeanna agus na cumhachtaí seo a leanas ag an stiúrthóir feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí, na cláir agus na gníomhaíochtaí straitéiseacha arna nglacadh ag an mbord bainistíochta a mholadh, a ullmhú agus a chur chun feidhme, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena rialacha cur chun feidhme agus le haon dlí is infheidhme;

(b)

an uile bheart is gá a dhéanamh, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go ndéanfar an Ghníomhaireacht a riar agus a fheidhmiú ó lá go lá i gcomhréir leis an Rialacháin seo;

(c)

an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú gach bliain agus é a chur faoi bhráid an bhoird bhainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d)

an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú gach bliain agus í a chur faoi bhráid an bhoird bhainistíochta;

(e)

dréachtráiteas faoi mheastacháin ioncaim agus chaiteachais na Gníomhaireachta a tharraingt suas de bhun Airteagal 75, agus an buiséad a chur chun feidhme de bhun Airteagal 76;

(f)

a chumhachtaí nó a cumhachtaí a tharmligean chuig baill eile d'fhoireann na Gníomhaireachta faoi réir rialacha a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 62(2)(n);

(g)

moladh a ghlacadh maidir le bearta i gcomhréir le hAirteagal 13(6), lena n-áirítear cinntí lena moltar go ndéanfaidh Ballstáit oibríochtaí comhpháirteacha, mear-idirghabhálacha teorann nó aon ghníomhaíocht eile dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a thionscnamh agus a chur i gcrích;

(h)

meastóireacht a dhéanamh ar thograí le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann arna ndéanamh ag na Ballstáit, agus na tograí sin a fhormheas agus a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagal 15(3);

(i)

meastóireacht a dhéanamh ar iarrataí le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh arna ndéanamh ag na Ballstáit, agus na tograí sin a fhormheas agus a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 33;

(j)

cur chun feidhme na bpleananna oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 33(4) a áirithiú;

(k)

an iarraidh ar chúnamh ó Bhallstát d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce a mheasúnú agus a riachtanais a mheasúnú, i gcomhordú le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 18(2);

(l)

cur chun feidhme an chinnidh ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a áirithiú;

(m)

maoiniú ar ghníomhaíochtaí a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 25;

(n)

meastóireacht a dheanamh ar thorthaí na ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 26;

(o)

an líon íosta ítimí de threalamh teicniúil is gá chun riachtanais na Gníomhaireachta a chomhlíonadh a shainaithint, go háirithe maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha, imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 39(5);

(p)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina leanfar de chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus d'imscrúduithe OLAF, mar aon le tuairisciú don Choimisiún dhá uair sa bhliain, agus don bhord bainistíochta go rialta, maidir leis an dul chun cinn;

(q)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiula eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina n-aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus más iomchuí pionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(r)

straitéis frithchalaoise le haghaidh na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an bhoird bhainistíochta lena formheas.

4.   Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cuntasach don bhord bainistíochta faoina chuid nó faoina cuid gníomhaíochtaí.

5.   Is é an stiúrthóir feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta.

Airteagal 69

An stiúrthóir feidhmiúcháin agus an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún ar a laghad triúr iarrthóirí a mholadh do phost an stiúrthóra fheidhmiúcháin a bhunófar ar liosta iarrthóirí a chuirfear le chéile tar éis fógraí i gcomhair na bpost sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, sna nuachtáin nó ar shuímh eile preasa nó idirlín,

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh ar fhorais fiúntais agus scileanna deimhnithe ardleibhéil i réimsí an riaracháin agus na bainistíochta, lena n-áirítear taithí ábhartha ghairmiúil shinsearach i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus fillte. Sula gceapfar é nó í, iarrfar ar na hiarrthóirí a mholann an Coimisiún ráiteas a dhéanamh os comhair coiste inniúil nó coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh a chomhaltaí nó a gcomhaltaí a fhreagairt.

Tar éis ráiteas den sórt sin, glacfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim lena leagfar amach a dearcthaí agus féadfar iarrthóir is fearr léi a léiriú ann.

Ceapfaidh an bord bainistíochta an stiúrthóir feidhmiúcháin agus na dearcthaí sin á gcur san áireamh. Is le tromlach dhá thrian de na comhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an bord bainistíochta an cinneadh.

Má dhéanann an bord bainistíochta cinneadh iarrthóir a cheapadh seachas an t-iarrthóir a léirigh Parlaimint na hEorpa mar an iarrthóir ab fhearr léi, cuirfidh an bord bainistíochta an modh a cuireadh tuairim Pharlaimint na hEorpa san áireamh in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i scríbhinn.

Beidh sé de chumhacht ag an mbord bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, an stiúrthóir feidhmiúcháin a dhífhostú.

3.   Beidh leas-stiúrthóir feidhmiúcháin de chúnamh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin. Má bhíonn an stiúrthóir feidhmiúcháin as láthair nó mura mbíonn sé nó sí ar fáil, glacfaidh leas-stiúrthóir feidhmiúcháin a ionad nó a hionad.

4.   Ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, déanfaidh an bord bainistíochta an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh. Déanfar an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh ar fhorais fiúntais agus scileanna deimhnithe iomchuí riaracháin agus bainistíochta, lena n-áirítear taithí ghairmiúil ábhartha ar bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus fillte. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ar a laghad triúr iarrthóirí a mholadh don phost mar leas-stiúrthóir feidhmiúcháin. Is le tromlach dhá thrian de na comhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an bord bainistíochta an cinneadh.

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír, beidh sé de chumhacht ag an mbord bainistíochta an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin a dhífhostú.

5.   Mairfidh téarma oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin ar feadh cúig bliana. Faoi dheireadh na tréimhse sin, gabhfaidh an Coimisiún measúnú de láimh a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an stiúrthóra feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

6.   Féadfaidh an bord bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún lena gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh sé síneadh a chur le téarma oifige an stiúrthóra fheidhmiúcháin uair amháin, nach faide ná cúig bliana.

7.   Mairfidh téarma oifige an leas-stiúrthóra fheidhmiúcháin ar feadh cúig bliana. Féadfaidh an bord bainistíochta síneadh a chur leis uair amháin, ar feadh tréimhse eile nach faide ná cúig bliana ar a mhéad.

Airteagal 70

Fóram comhchomhairleach

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht fóram comhchomhairleach a bhunú chun cabhrú leis an stiúrthóir feidhmiúcháin agus leis an mbord bainistíochta maidir le comhairle neamhspleách in ábhair a bhaineann le cearta bunúsacha.

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh d'EASO, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, d'Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus d'eagraíochtaí ábhartha eile a bheith rannpháirteach san fhóram comhchomhairleach. Ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, cinnfidh an bord bainistíochta i dtaobh chomhdhéanamh an fhóraim chomhchomhairligh agus na dtéarmaí maidir le faisnéis a tharchur chuig an bhfóram comhchomhairleach. Déanfaidh an fóram comhchomhairleach, tar éis dul i gcomhairle leis an mbord bainistíochta agus an stiúrthóir feidhmiúcháin, a mhodhanna oibre a mhíniú agus a chlár oibre a chur ar bun.

3.   Rachfar i gcomhairle leis an bhfóram comhchomhairleach maidir leis an straitéis um chearta bunúsacha a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun feidhme, leis an sásra gearáin a bhunú, leis na cóid iompair agus le lárchuraclaim choiteanna.

4.   Déanfaidh an fóram comhchomhairleach tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

5.   Gan dochar do chúraimí an oifigigh um chearta bunúsacha, beidh rochtain éifeachtach ag an bhfóram comhchomhairleach ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann le cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear trí chuairteanna ar an láthair a thabhairt ar oibríochtaí comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann faoi réir chomhaontú an Bhallstáit óstaigh, agus ar theophointí, oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh.

Airteagal 71

An t-oifigeach um chearta bunúsacha.

1.   Ceapfaidh an bord bainistíochta oifigeach um chearta bunúsacha. Is é a bheidh mar chúraimí air nó uirthi cur le straitéis na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach ag an nGníomhaireacht agus urramú na gceart bunúsach ag an nGníomhaireacht a chur chun cinn. Beidh na cáilíochtaí agus an taithí is gá i réimse na gceart bunúsach ag an oifigeach um chearta bunúsacha.

2.   Beidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas. Tuairisceoidh sé nó sí go díreach don bhord bainistíochta agus comhoibreoidh leis an bhfóram comhchomhairleach. Tuairisceoidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha amhlaidh ar bhonn rialta agus, sa tslí sin, cuirfidh leis an sásra um fhaireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha.

3.   Rachfar i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha maidir leis na pleananna oibríochta arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 16, le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 33(4). Beidh rochtain aige nó aicí ar an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le cearta bunúsacha a urramú i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.

Airteagal 72

Sásra gearáin

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an oifigeach um chearta bunúsacha, na bearta is gá chun sásra gearáin a bhunú i gcomhréir leis an Airteagal seo chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil cearta bunúsacha á n-urramú i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.

2.   Aon duine dá ndéanann gníomhaíochtaí na foirne atá rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach, i dtreoirthionscadal, i mear-idirghabháil teorann, in imscaradh foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, in oibríocht um fhilleadh nó in idirghabháil um fhilleadh, difear go díreach, nó gur sáraíodh, dar leis nó léi, a chearta nó a cearta bunúsacha de dhroim na ngníomhaíochtaí sin, nó aon pháirtí a ionadaíonn duine den sórt sin, féadfaidh sé nó sí gearán i scríbhinn a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta.

3.   Gearáin a bhfuil bonn maith leo agus baint acu le sáruithe nithiúla ar chearta bunúsacha, agus iad sin amháin, a bheidh inghlactha.

4.   Beidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as gearáin arna bhfáil ag an nGníomhaireacht a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Chun na críche sin, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha inghlacthacht gearáin a athbhreithniú, gearáin inghlactha a chlárú, gach gearán cláraithe a chur ar aghaidh chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, gearáin maidir le baill na bhfoirne a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile, cur in iúl don údarás nó don chomhlacht ábhartha inniúil do chearta bunúsacha i mBallstát, agus bearta leantacha na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit sin a chlárú agus a áirithiú.

5.   I gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin, má tá gearán inghlactha, cuirfear in iúl do ghearánaigh gur cláraíodh gearán, gur tosaíodh ar an ngearán a mheasúnú agus go bhféadfar bheith ag súil le freagra a luaithe a chuirfear sin ar fáil. Má chuirtear gearán ar aghaidh chun údarás nó comhlachtaí náisiúnta, cuirfear a sonraí teagmhála ar fáil don ghearánach. Mura mbeidh gearán inghlactha, cuirfear na cúiseanna leis sin in iúl do ghearánaigh agus, más féidir, aon roghanna eile atá ar fáil chun díriú ar a n-abhair imní.

Beidh aon chinneadh i bhfoirm scríofa agus réasúnaithe.

6.   I gcás gearán cláraithe faoi dhuine d'fhoireann na Gníomhaireachta, áiritheoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí, i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha, lena n-áirítear bearta araíonachta de réir mar is gá. Tuairisceoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin laistigh de thréimhse ama chinnte don oifigeach um chearta bunúsacha maidir leis na fionnachtana agus na bearta leantacha a dhéanann an Ghníomhaireacht mar fhreagra ar an ngearán, lena n-áirítear bearta araíonachta de réir mar is gá.

Má bhaineann gearán le saincheisteanna cosanta sonraí, iarrfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin ar oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta a bheith rannpháirteach. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha agus an t-oifigeach cosanta sonraí meabhrán tuisceana a bhunú, i scríbhinn, lena sonrófar roinnt a gcúraimí agus an comhar i dtaca le gearáin a fuarthas.

7.   Má chláraítear gearán a bhaineann le garda teorann de chuid Ballstát óstach nó le ball de na foirne, lena n-áirítear ball na bhfoirne atá tugtha ar iasacht dóibh nó saineolaí náisiúnta ar iasacht, áiritheoidh an Ballstát baile go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí, lena n-áirítear bearta araíonachta más gá nó bearta eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Tabharfaidh an Ballstát ábhartha tuairisc don oifigeach um chearta bunúsacha maidir leis na fionnachtana agus na bearta leantacha a dhéantar mar fhreagra ar an ngearán laistigh de thréimhse ama chinnte, agus más gá, go tráthrialta ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta leantacha maidir leis an ábhar mura bhfaighfear aon tuairisc ón mBallstát ábhartha.

8.   I gcás ina bhfaighfear gur sháraigh garda teorann nó saineolaí náisiúnta ar iasacht cearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta, féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar an mBallstát an gardaí teorann sin nó an saineolaí náisiúnta ar iasacht sin a bhaint láithreach ó ghníomhaíocht na Gníomhaireachta nó ón díorma mearfhreagartha.

9.   Tuairisceoidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha don stiúrthóir feidhmiúcháin agus don bhord bainistíochta maidir le fionnachtana agus bearta leantacha na Gníomhaireachta agus na mBallstát a dhéantar mar fhreagra ar an ngearán. Áireoidh an Ghníomhaireacht faisnéis maidir leis an sásra gearáin ina tuarascáil bhliantúil.

10.   Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i mír 1 go mír 9 agus tar éis dul i gcomhairle leis an bhfóram comhchomhairleach, foirm chaighdeánaithe ghearáin a tharraingt suas ina gceanglófar faisnéis mhionsonraithe shonrach a thabhairt maidir leis an sárú líomhanta ar chearta bunúsacha. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha aon rialacha mionsonraithe breise a tharraingt suas de réir mar is gá. Cuirfidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha an fhoirm sin agus rialacha mionsonraithe breise den sórt sin faoi bhráid an stiúrthóra fheidhmiúcháin agus an bhoird bhainistíochta.

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh faisnéis maidir le hindéantacht agus nós imeachta gearán a dhéanamh ar fáil go héasca, lena n-áirítear do dhaoine leochaileacha. Déanfar an fhoirm ghearáin chaighdeánaithe a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta agus i gcruachóip i rith ghníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta, i dteangacha a thuigeann náisiúnaigh tríú tír, nó a gcreidtear le réasún a thuigeann. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha gearáin a mheas fiú nuair nach gcuirtear faoina bhráid nó faoina bráid iad san fhoirm ghearáin chaighdeánaithe.

11.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht lena n-áirítear an t-oifigeach um chearta bunúsacha aon sonraí pearsanta atá sa ghearán a láimhseáil agus a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus déanfaidh na Ballstáit iad a láimhseáil agus a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Cinneadh Réime 2008/977/CGB.

Nuair a chuireann gearánaí gearán isteach, tuigfear go bhfuil an gearánach sin ag toiliú leis an nGníomhaireacht agus an oifigeach um chearta bunúsacha do phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta de réir bhrí phointe (d) d'Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

D'fhonn leasa na ngearánach a chosaint, déileálfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais le gearáin faoi rún mura ndéanfaidh an gearánach a cheart nó a ceart chun rúndachta a tharscaoileadh go sainráite. Nuair a tharscaoileann gearánaigh a gceart chun rúndachta, tuigfear go dtoilíonn siad leis an oifigeach um chearta bunúsacha nó an Ghníomhaireacht do nochtadh a gcéannachta do na húdaráis inniúla nó do na comhlachtaí inniúla i ndáil leis an ábhar faoi ghearán, i gcás inar gá.

Airteagal 73

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm maidir leis an nGníomhaireacht ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 (36).

2.   Gan dochar do chinntí arna ndéanamh ar bhonn Airteagal 342 CFAE, táirgfear i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil agus an clár oibre dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (j) d'Airteagal 62(2).

3.   Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá i gcomhair fheidhmiú na Gníomhaireachta.

Airteagal 74

Trédhearcacht agus cumarsáid

1.   Beidh an Ghníomhaireacht faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 nuair a bheidh iarratais ar rochtain ar dhoiciméid atá ina seilbh á láimhseáil aici.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid, ar a tionscnamh féin, maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme a cúraimí. Poibleoidh sí faisnéis ábhartha lena n-áirítear an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 62(2) agus áiritheoidh sí, gan dochar d'Airteagal 50, go háirithe, go ndéanfar faisnéis oibiachtúil, cuimsitheach, iontaofa atá sothuigthe go héasca faoina cuid oibre a thabhairt don phobal agus d'aon pháirtí leasmhar go mear. Déanfaidh sí amhlaidh gan faisnéis oibríochtúil a nochtadh, ar faisneis í, a chuirfeadh gnóthú chuspóir na n-oibríochtaí i mbaol, dá bpoibleofaí é.

3.   Leagfaidh an bord bainistíochta síos na socruithe praiticiúla chun mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm.

4.   Beidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach i dteideal comhfhreagras i scríbhinn a dhíriú ar an nGníomhaireacht in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Beidh sé de cheart ag an duine sin freagra a fháil sa teanga chéanna.

5.   Féadfaidh cinntí a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina gcúis le gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach nó le caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 CFAE faoi seach.

Roinn 5

Ceanglais airgeadais

Airteagal 75

Buiséad

1.   Is é a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar do chineálacha eile ioncaim:

(a)

fóirdheontas ón Aontas, arna iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (roinn an Choimisiúin);

(b)

ranníocaíocht ó na tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen arna bunú sna socruithe ábhartha a shonraíonn a ranníocaíocht airgeadais;

(c)

cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad-hoc i gcomhréir le rialacha airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 79 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

(d)

táillí ar sheirbhísí a sholáthraítear;

(e)

aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit.

2.   Cuimseofar le caiteachas na Gníomhaireachta a speansais riaracháin, bhonneagair agus oibríochta agus speansais a bhaineann le foireann.

3.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin dréachtráiteas faoi mheastacháin ioncaim agus chaiteachais na Gníomhaireachta a tharraingt suas don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear plean bunaíochta, agus seolfaidh chuig an mbord bainistíochta é.

4.   Comhardófar an t-ioncam agus an caiteachas.

5.   Glacfaidh an bord bainistíochta, ar bhonn an dréachtráitis mheastacháin a bheidh tarraingthe suas ag an stiúrthóir feidhmiúcháin, dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an plean sealadach bunaíochta. Déanfaidh an bord bainistíochta iad a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain, in éineacht leis an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair.

6.   Seolfaidh an bord bainistíochta na dréachtmheastacháin deiridh ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an dréachtphlean bunaíochta maille leis an réamhchlár oibre, chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta gach bliain.

7.   Cuirfidh an Coimisiún an meastachán ar aghaidh chuig an údarás buiséadach in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus do mhéid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh iad i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE.

9.   Údaróidh an t-údarás buiséadach leithreasuithe i gcomhair an fhóirdheontais a íocfar leis an nGníomhaireacht.

Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta i gcomhair na Gníomhaireachta.

10.   Glacfaidh an bord bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta. Beidh sé críochnaitheach ach a mbeidh glactha go críochnaitheach le dréachtbhuiséad an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.

11.   Leanfaidh aon athrú ar an mbuiséad, lena n-áirítear an plean bunaíochta, an nós imeachta céanna.

12.   I gcás aon tionscadal tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 (37) ón gCoimisiún.

13.   Chun imscaradh mear-idirghabhálacha teorann agus idirghabhálacha um fhilleadh a mhaoiniú, beidh i mbuiséad na Gníomhaireachta arna ghlacadh ag an mbord bainistíochta cúlchiste oibríochtúil airgeadais arb ionann é agus 4 % ar a laghad den leithdháileadh atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla. An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, ba cheart an ceathrú cuid ar a laghad den chúlchiste a bheith ar fáil chun riachtanais a éireoidh go dtí deireadh na bliana a chumhdach.

Airteagal 76

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta de bhliain airgeadais N + 1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais N in iúl d'oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38).

3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta do bhliain N, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

5.   Ar bharúlacha ón gCúirt Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta do bhliain N, de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, tarraingeoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a bhfuil sé nó sí freagrach astu agus cuirfidh iad ar aghaidh chun an bhoird bainistíochta chun tuairim a fháil.

6.   Seachadfaidh an bord bainistíochta tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta do bhliain N.

7.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, seolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an bhoird bhainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

8.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N+1.

9.   Seolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar a barúlacha faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1. Cuirfidh sé nó sí an freagra sin chuig an mbord bainistíochta freisin.

10.   Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

11.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di le tromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don stiúrthóir feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 77

Calaois a chomhrac

1.   Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) agus glacfaidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici.

2.   Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón nGníomhaireacht.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (39) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais de chuid na Gníomhaireachta, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 78

Coinbhleachtaí leasa a chosc

Glacfaidh an Ghníomhaireacht rialacha inmheánacha lena gceanglaítear ar bhaill a comhlachtaí agus ar a baill foirne aon staid a d'fhéadfadh bheith ina cúis le coinbhleacht leasa le linn a bhfostaíochta nó a dtéarma oifige agus na staideanna sin a thuairsciú.

Airteagal 79

Forálacha airgeadais

Déanfaidh an bord bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d'oibriú na Gníomhaireachta agus mura mbeidh an Coimisiún tar éis toiliú don imeacht sin roimh ré.

CAIBIDIL IV

Leasú

Airteagal 80

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/399

I Rialachán (CE) Uimh. 2016/399, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29(1):

“1.   In imthosca eisceachtúla ina gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol mar thoradh ar easnaimh thromchúiseacha leanúnacha a bhaineann le rialú teorann seachtraí dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo nó de thoradh Ballstát gan cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) a chomhlíonadh, agus a mhéid is baol tromchúiseach na himthosca sin do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha nó i gcodanna de, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar feadh tréimhse sé mhí ar a mhéad. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh, trí huaire ar a mhéad, go ceann tréimhse nach faide ná sé mhí más ann do na cúinsí eisceachtúla fós.

CAIBIDIL V

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 81

Meastóireacht

1.   Faoin 7 Deireadh Fómhair 2019, agus gach ceithre bliana dá éis sin, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach neamhspleách chun an méid seo a leanas a mheasúnú go háirithe:

(a)

na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí;

(b)

tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fheidhmiú na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre i ndáil lena cuspóirí, lena sainordú agus lena cúraimí;

(c)

cur chun feidhme an chomhair Eorpaigh maidir le feidhmeanna garda cósta;

(d)

an gá a d'fhéadfadh a bheith ann chun sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú;

(e)

na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin.

Áireofar sa mheastóireacht anailís shonrach ar an tslí a ndearnadh an Chairt agus dlí ábhartha eile an Aontais a chomhlíonadh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena conclúidí maidir leis an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mbord bainistíochta. Féadfaidh an bord bainistíochta moltaí a eisiúint chun an Choimisiúin maidir le hathruithe ar an Rialachán seo. Poibleofar an tuarascáil mheastóireachta agus na conclúidí maidir leis an tuarascáil.

Airteagal 82

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 agus Cinneadh 2005/267/CE.

2.   Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, arna aisghairm, a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 83

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 20(5) agus (6) agus Airteagal 39(7) ón 7 Nollaig 2016. Beidh feidhm ag Airteagail 29, 30, 31 agus 32 ón 7 Eanáir 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 14 Meán Fómhair 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  IO C 303, 19.8.2016, lch. 109.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch. 17).

(5)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(6)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Méan Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(10)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(13)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(14)  Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi chuimsiú an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 60).

(15)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(16)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(17)  IO L 188, 20.7.2007, lch. 19.

(18)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(19)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(20)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(21)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(22)  IO L 243, 16.9.2010, lch. 4.

(23)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(24)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(25)  IO C 186, 25.5.2016, lch. 10.

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear meicníocht chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle maidir leis an meicníocht sin agus lena rialaítear cúraimí agus cumhachtaí na n-aoi-oifigeach (IO L 199, 31.7.2007, lch. 30).

(27)  Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle an 16 Márta 2005 lena mbunaítear Líonra Faisnéise agus Comhordaithe slán bunaithe ar an ngréasán le haghaidh Seirbhísí Bainistithe Imirce Ballstát (IO L 83, 1.4.2005, lch. 48).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 189 27.6.2014, lch. 93).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).

(30)  Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(32)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(33)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le gréasán oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1)

(35)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(36)  Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(37)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(38)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(39)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

TÁBLA NA RANNCHUIDITHE, A BHEIDH LE CUR AR FÁIL AG GACH BALLSTÁT, LEIS AN LÍON IOMLÁN DE 1 500 GARDA TEORANN AGUS FOIREANN ÁBHARTHA EILE, I GCOMHRÉIR LE HAIRTEAGAL 20(5)

An Bheilg

30

An Bhulgáir

40

Poblacht na Seice

20

An Danmhairg

29

An Ghearmáin

225

An Eastóin

18

An Ghréig

50

An Spáinn

111

An Fhrainc

170

An Chróit

65

An Iodáil

125

An Chipir

8

An Laitvia

30

An Liotuáin

39

Lucsamburg

8

An Ungáir

65

Málta

6

An Ísiltír

50

An Ostair

34

An Pholainn

100

An Phortaingéil

47

An Rómáin

75

An tSlóivéin

35

An tSlóvaic

35

An Fhionlainn

30

An tSualainn

17

An Eilvéis

16

An Íoslainn

2

Lichtinstéin

 (*)

An Iorua

20

Iomlán

1 500


(*)  Rannchuideoidh Lichtinstéin trí thacaíocht chomhréireach airgeadais.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (AE) Uimh. 2007/2004

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2), an chéad fhomhír

Airteagal 1(2), an dara fomhír

Airteagal 6(3), Airteagal 34(1) agus Airteagal 34(4)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1a, an chuid tosaigh

Airteagal 2, an chuid tosaigh

Airteagal 1a, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (2) agus pointe (3)

Airteagal 1a, pointe (1a)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 1a, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 1a, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 1a, pointe(4)

Airteagal 2, pointe (8)

Airteagal 1a, pointe (5)

Airteagal 1a, pointe (6)

Airteagal 2, pointí (9) go (16)

Airteagail 3 go 5

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 7

Airteagal 2(1), an chuid tosaigh

Airteagal 8(1), an chuid tosaigh

Airteagal 8(1)(a) go (c)

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 2(1)(b)

Airteagal 8(1)(p)

Airteagal 2(1)(c)

Airteagal 2(1)(d)

Airteagal 8(1)(q)

Airteagal 2(1)(da)

Airteagal 8(1)(d)

Airteagal 2(1)(e)

Airteagal 8(1)(e)

Airteagal 8(1)(f)

Airteagal 2(1)(ea)

Airteagal 8(1)(g)

Airteagal 8(1)(h) go (o)

Airteagal 2(1)(f)

Airteagal 2(1)(g)

Airteagal 2(1)(h)

Airteagal 8(1)(r)

Airteagal 2(1)(i)

Airteagal 8(1)(s)

Airteagal 8(1)(t) agus (u)

Airteagal 2(1a)

Airteagal 34(2) agus Airteagal 34(3)

Airteagal 2(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 2a

Airteagal 35

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 15(3)

Airteagal 3(1), an dara fomhír

Airteagal 3(1), an tríú fomhír

Airteagal 15(4)

Airteagal 3(1a), an chéad fhomhír

Airteagal 25(1)

Airteagal 3(1a), an dara fomhír

Airteagal 25 (2)

Airteagal 3(1a), an tríú fomhír

Airteagal 21(5)

Airteagal 3(1a), an ceathrú fomhír

Airteagal 25(4)

Airteagal 3(1b)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 26

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3a(1), an chéad fhomhír

Airteagal 16(2)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, an chuid tosaigh

Airteagal 16(3), an chuid tosaigh

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 16(3)(a)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 16(3)(b)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 16(3)(c)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (d)

Airteagal 16(3)(d)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (e)

Airteagal 16(3)(e)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (f)

Airteagal 16(3)(f)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (g)

Airteagal 16(3)(g)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (h)

Airteagal 16(3)(h)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (i)

Airteagal 16(3)(i)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (j)

Airteagal 16(3)(j)

Airteagal 3a(1), an dara fomhír, pointe (k)

Airteagal 16(3)(k)

Airteagal 3a(2)

Airteagal 16(4)

Airteagal 3a(3)

Airteagal 22(1)

Airteagal 3b(1)

Airteagal 20(2)

Airteagal 3b(2)

Airteagal 20(3)

Airteagal 3b(3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 20(11), an chéad fhomhír

Airteagal 3b(3), an tríú fomhír

Airteagal 20(11), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 3b(4)

Airteagal 21(4)

Airteagal 3b(5), an chéad fhomhír

Airteagal 22(2)

Airteagal 3b(5), an dara fomhír

Airteagal 22(3)

Airteagal 3b(6)

Airteagal 3b(7)

Airteagal 20(12)

Airteagal 3c(1)

Airteagal 21(1)

Airteagal 3c(2)

Airteagal 21(2)

Airteagal 3c(3)

Airteagal 3c(4)

Airteagal 21(5)

Airteagal 4, an chéad mhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 4, an dara mír

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 4, an tríú mír

Airteagal 13(4)

Airteagal 4, an ceathrú mír

Airteagal 11 (5)

Airteagal 4, an cúigiú mír

Airteagal 11(4)

Airteagal 11(6)

Airteagal 4, an séú mír

Airteagal 11(7)

Airteagal 12

Airteagal 13(1) go (3)

Airteagal 13(5) go (9)

Airteagal 5, an chéad mhír

Airteagal 36(1)

Airteagal 5, an dara mír

Airteagal 36(2)

Airteagal 36(4)

Airteagal 5, an tríú, an ceathrú agus an cúigiú mír

Airteagal 36(5)

Airteagal 5, an séú mír

Airteagal 36(6)

Airteagal 5, an seachtú mír

Airteagal 36(7)

Airteagal 5, an t-ochtú mír

Airteagal 36(8)

Airteagal 6

Airteagal 37(1)

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír

Airteagal 38(1), Airteagal 38(2) agus Airteagal 38(3)

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 38(4)

Airteagal 7(1), an tríú fomhír

Airteagal 38(5)

Airteagal 7(2)

Airteagal 39(1) agus Airteagal 39(6)

Airteagal 7(3)

Airteagal 39(8)

Airteagal 7(4)

Airteagal 39(15)

Airteagal 7(5), an chéad fhomhír

Airteagal 39(16)

Airteagal 7(5), an dara fomhír

Airteagal 39(9)

Airteagal 7(5), an tríú fomhír

Airteagal 39(5), an chéad fhomhír

Airteagal 7(5), an ceathrú fomhír

Airteagal 39(5), an dara fomhír

Airteagal 7(6)

Airteagal 39(12)

Airteagal 7(7)

Airteagal 39(13)

Airteagal 8(1)

Airteagal 14(1) agus Airteagal 14(2), an chuid tosaigh

Airteagal 8(2), an chuid tosaigh

Airteagal 14(2), an chuid tosaigh

Airteagal 8(2)(a)

Airteagal 8(2)(b)

Airteagal 14(2)(f)

Airteagal 8(2)(c)

Airteagal 14(2)(a) agus (b)

Airteagal 14(2)(c) go (e) agus Airteagal 14(2)(g)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 8(3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 8a

Airteagal 15(2)

Airteagal 8b(1)

Airteagal 20(8)

Airteagal 8b(2)

Airteagal 8c

Airteagal 36

Airteagal 15(5)

Airteagal 8d(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 8d(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 8d(3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 8d(4)

Airteagal 17(4)

Airteagal 17(5)

Airteagal 8d(5)

Airteagal 17(6)

Airteagal 8d(6)

Airteagal 17(7) agus Airteagal 17(8)

Airteagal 8d(6)

Airteagal 17(8)

Airteagal 8d(7)

Airteagal 8d(8)

Airteagal 17(9)

Airteagal 8d(9)

Airteagal 17(10)

Airteagal 16(1)

Airteagal 8e(1), an chuid tosaigh

Airteagal 8e(1)(a)

Airteagal 16(3)(a)

Airteagal 8e(1)(b)

Airteagal 16(3)(b)

Airteagal 8e(1)(c)

Airteagal 16(3)(c)

Airteagal 8e(1)(d)

Airteagal 16(3)(d)

Airteagal 8e(1)(e)

Airteagal 16(3)(e)

Airteagal 8e(1)(f)

Airteagal 16(3)(f)

Airteagal 8e(1)(g)

Airteagal 16(3)(g)

Airteagal 8e(1)(h)

Airteagal 16(3)(h)

Airteagal 8e(1)(i)

Airteagal 16(3)(i)

Airteagal 8e(1)(j)

Airteagal 16(3)(j)

Airteagal 8e(1)(k)

Airteagal 16(3)(k)

Airteagal 16(3)(l) go (n)

Airteagal 8e (2)

Airteagal 16(4)

Airteagal 17(11)

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20(1)

Airteagal 20(4)

Airteagal 20(5) go (7)

Airteagal 20(9) agus (10)

Airteagal 21(3)

Airteagal 8f

Airteagal 23

Airteagal 8g(1)

Airteagal 22(2)

Airteagal 8g(2), an chuid tosaigh

Airteagal 22(3), an chuid tosaigh

Airteagal 8g(2)(a)

Airteagal 22(3)(a)

Airteagal 8g(2)(b)

Airteagal 22(3)(a)

Airteagal 8g(2)(c)

Airteagal 22(3)(b)

Airteagal 8g(2)(d)

Airteagal 22(3)(c)

Airteagal 22(3)(d)

Airteagal 8g(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 8g(4)

Airteagal 8h

Airteagal 24

Airteagal 25(3)

Airteagal 27(1) go (3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 27(4), Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(9)

Airteagal 9(1a)

Airteagal 35(2)

Airteagal 9(1b)

Airteagal 35(3) agus Airteagal 28(6)

Airteagal 9(1c)

Airteagal 28(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 54(6)

Airteagal 28(3) go (5)

Airteagal 28(7) agus (8)

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 37(2)

Airteagal 37(3)

Airteagal 37(4)

Airteagal 39(2) go (5)

Airteagal 39(7)

Airteagal 39(10) agus (11)

Airteagal 39(14)

Airteagal 10(1)

Airteagal 40(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 40(2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 40(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 40(4)

Airteagal 10(5)

Airteagal 40(5)

Airteagal 10(6)

Airteagal 40(6)

Airteagal 10(7)

Airteagal 40(7)

Airteagal 10(8)

Airteagal 40(8), an chéad fhomhír

Airteagal 10(9)

Airteagal 40(8), an dara fomhír

Airteagal 10(10)

Airteagal 40(9)

Airteagal 10a(1), an chuid tosaigh

Airteagal 41(1), an chuid tosaigh

Airteagal 10a(1)(a)

Airteagal 41(1)(a)

Airteagal 10a(1)(b)

Airteagal 41(1)(b)

Airteagal 10a(1)(c)

Airteagal 41(1)(c)

Airteagal 41(1)(d)

Airteagal 10a(2)

Airteagal 41(2)

Airteagal 10b

Airteagal 42

Airteagal 10c

Airteagal 43

Airteagal 11, an chéad mhír

Airteagal 44(1)

Airteagal 11, an dara mír

Airteagal 44(2)

Airteagal 11a, an chéad mhír

Airteagal 45(1)

Airteagal 11a, an dara mír

Airteagal 45(2) agus (3)

Airteagal 45(4)

Airteagal 11b(1)

Airteagal 48(1)

Airteagal 11b(2)

Airteagal 48(2)

Airteagal 11b(3)

Airteagal 48(3)

Airteagal 11b(4)

Airteagal 48(4)

Airteagal 11b(5)

Airteagal 46

Airteagal 11c(1)

Airteagal 47(1)

Airteagal 11c(2)

Airteagal 47(1), an chuid tosaigh agus Airteagal 47(1)(a)

Airteagal 47(1)(b)

Airteagal 47(1)(c)

Airteagal 11c(3), an chuid tosaigh

Airteagal 47(2), an chéad fhomhír, an chuid tosaigh

Airteagal 11c(3)(a)

Airteagal 47(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 47(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 11c(3)(b)

Airteagal 47(2), an chéad fhomhír, pointe (c)

Airteagal 47(2), an dara fomhír

Airteagal 11c(4)

Airteagal 47(3)

Airteagal 11c(5)

Airteagal 11c(6)

Airteagal 11c(7)

Airteagal 11ca

Airteagal 49

Airteagal 11d(1)

Airteagal 50(1)

Airteagal 11d(2)

Airteagal 50(2)

Airteagal 50(3)

Airteagal 12

Airteagal 51

Airteagal 13, an chéad mhír

Airteagal 52(1) agus (2)

Airteagal 52(3)

Airteagal 13, an dara mír

Airteagal 52(4)

Airteagal 13, an tríú mír

Airteagal 52(5)

Airteagal 53

Airteagal 14(1)

Airteagal 54(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 54(2)

Airteagal 54(3)

Airteagal 54(4)

Airteagal 54(5)

Airteagal 14(3)

Airteagal 55(1) agus (2)

Airteagal 14(4)

Airteagal 55(3)

Airteagal 14(5)

Airteagal 54(9)

Airteagal 14(6)

Airteagal 54(7)

Airteagal 54(8)

Airteagal 14(7)

Airteagal 54(10)

Airteagal 14(8)

Airteagal 54(11)

Airteagal 55(4)

Airteagal 15, an chéad mhír

Airteagal 56(1)

Airteagal 15, an dara mír

Airteagal 56(2)

Airteagal 15, an tríú mír

Airteagal 56(3)

Airteagal 15, an ceathrú mír

Airteagal 56(4)

Airteagal 15, an cúigiú mír

Airteagal 56(5)

Airteagal 15a

Airteagal 57

Airteagal 16

Airteagal 17(1)

Airteagal 58(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 58(2)

Airteagal 17(4)

Airteagal 58(3)

Airteagal 17(5)

Airteagal 58(4)

Airteagal 18

Airteagal 59

Airteagal 19

Airteagal 60

Airteagal 61

Airteagal 20(1)

Airteagal 62(1)

Airteagal 20(2), an chuid tosaigh

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, an chuid tosaigh

Airteagal 20(2)(a)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointí (c) go (h)

Airteagal 20(2)(b)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (i) agus Airteagal 62(2), an dara fomhír

Airteagal 20(2)(c)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (j)

Airteagal 20(2)(d)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (k)

Airteagal 20(2)(e)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (l)

Airteagal 20(2)(f)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (m)

Airteagal 20(2)(g)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (n)

Airteagal 20(2)(h)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointe (o)

Airteagal 20(2)(i)

Airteagal 62(2), an chéad fhomhír, pointí (p) go (z)

Airteagal 20(3)

Airteagal 62(3)

Airteagal 20(4)

Airteagal 62(4)

Airteagal 20(5)

Airteagal 62(5)

Airteagal 20(6)

Airteagal 62(6)

Airteagal 20(7)

Airteagal 62(7)

Airteagal 62(8)

Airteagal 21

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 22

Airteagal 65

Airteagal 23(1)

Airteagal 66(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 66(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 66(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 66(4)

Airteagal 66(5)

Airteagal 23(5)

Airteagal 66(6)

Airteagal 23(6)

Airteagal 66(7)

Airteagal 23(7)

Airteagal 66(8)

Airteagal 24(1)

Airteagal 67(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 67(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 67(3)

Airteagal 67(4)

Airteagal 25(1)

Airteagal 68(1)

Airteagal 25(2)

Airteagal 68(2)

Airteagal 25(3), an chuid tosaigh

Airteagal 68(3), an chuid tosaigh

Airteagal 25(3)(a)

Airteagal 68(3)(a)

Airteagal 25(3)(b)

Airteagal 68(3)(b)

Airteagal 25(3)(c)

Airteagal 68(3)(c)

Airteagal 25(3)(d)

Airteagal 68(3)(d)

Airteagal 25(3)(e)

Airteagal 68(3)(e)

Airteagal 25(3)(f)

Airteagal 68(3)(f)

Airteagal 68(3)(g), (h) agus (i)

Airteagal 25(3)(g)

Airteagal 68(3)(j)

Airteagal 68(3)(k) go (r)

Airteagal 25(4)

Airteagal 68(4)

Airteagal 68(5)

Airteagal 26(1)

Airteagal 69(1)

Airteagal 26(2), an chéad fhomhír

Airteagal 69(2), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 69(2), an dara fomhír

Airteagal 69(2), an ceathrú fomhír

Airteagal 26(2), an dara fomhír

Airteagal 69(2), an cúigiú fomhír

Airteagal 26(3)

Airteagal 69(3)

Airteagal 26(4)

Airteagal 69(4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 69(5) agus (7)

Airteagal 69(6)

Airteagal 26a(1)

Airteagal 34(1)

Airteagal 26a(2), an chéad fhomhír

Airteagal 70(1) agus (2)

Airteagal 26a(2), an dara fomhír

Airteagal 70(3)

Airteagal 26a(2), an tríú fomhír

Airteagal 70(4)

Airteagal 26a(3)

Airteagal 71(1) agus (2)

Airteagal 26a(4)

Airteagal 70(5) agus Airteagal 71(3)

Airteagal 72

Airteagal 27

Airteagal 73

Airteagal 28

Airteagal 74

Airteagal 29(1), an chuid tosaigh

Airteagal 75(1), an chuid tosaigh

Airteagal 29(1), an chéad fhleasc

Airteagal 75(1)(a)

Airteagal 29(1), an dara fleasc

Airteagal 75(1)(b)

Airteagal 75(1)(c)

Airteagal 29(1), an tríú fleasc

Airteagal 75(1)(d)

Airteagal 29(1), an ceathrú fleasc

Airteagal 75(1)(e)

Airteagal 29(2)

Airteagal 75(2)

Airteagal 29(3)

Airteagal 75(3)

Airteagal 29(4)

Airteagal 75(4)

Airteagal 29(5)

Airteagal 75(5) agus (6)

Airteagal 29(6)

Airteagal 75(7)

Airteagal 29(7)

Airteagal 75(8)

Airteagal 29(8)

Airteagal 75(9)

Airteagal 29(9)

Airteagal 75(10)

Airteagal 29(10)

Airteagal 75(11)

Airteagal 29(11), an chéad fhomhír

Airteagal 75(12)

Airteagal 29(11), an dara fomhír

Airteagal 75(13)

Airteagal 30(1)

Airteagal 76(1)

Airteagal 30(2)

Airteagal 76(2)

Airteagal 76(3)

Airteagal 30(3)

Airteagal 76(4)

Airteagal 30(4)

Airteagal 76(5)

Airteagal 30(5)

Airteagal 76(6)

Airteagal 30(6)

Airteagal 76(7)

Airteagal 30(7)

Airteagal 76(8)

Airteagal 30(8)

Airteagal 76(9)

Airteagal 76(10)

Airteagal 30(9)

Airteagal 76(11)

Airteagal 31(1) agus (2)

Airteagal 77(1)

Airteagal 77(2)

Airteagal 31(3)

Airteagal 77(3)

Airteagal 77(4)

Airteagal 78

Airteagal 32

Airteagal 79

Airteagal 80

Airteagal 33(1)

Airteagal 81(1), an chéad fhomhír

Airteagal 33(2)

Airteagal 33(2a)

Airteagal 33(2b)

Airteagal 81(1), an dara fomhír

Airteagal 33(3)

Airteagal 81(2)

Airteagal 82

Airteagal 34, an chéad mhír

Airteagal 83, an chéad mhír

Airteagal 83, an dara mír

Airteagal 34, an dara mír

Airteagal 34, an tríú mír

Airteagal 83, an tríú mír

Annex I

Annex II


Top