This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32009R0397
Regulation (EC) No 397/2009 of the European Parliament and of the Council of 6 May 2009 amending Regulation (EC) No 1080/2006 on the European Regional Development Fund as regards the eligibility of energy efficiency and renewable energy investments in housing
Rialachán (CE) Uimh. 397/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i ndáil le hincháilitheacht infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tithíochta
Rialachán (CE) Uimh. 397/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i ndáil le hincháilitheacht infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tithíochta
IO L 126, 21.5.2009, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32013R1301
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32006R1080 | Cur le | airteagal 7.1BI | 10/06/2009 | |
Modifies | 32006R1080 | Cur le | airteagal 7.4 | 01/08/2006 | |
Modifies | 32006R1080 | Leasú | airteagal 7.2 | 10/06/2009 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Repealed by | 32013R1301 |
21.5.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/3 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 397/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Bealtaine 2009
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i ndáil le hincháilitheacht infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tithíochta
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 162 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
D'fhonn acmhainn foráis inbhuanaithe na hEorpa a fheabhsú san fhadtéarma, ghlac an Coimisiún an 26 Samhain 2008 Teachtaireacht ar Phlean do Théarnamh Eacnamaíoch Eorpach a dhéanann an tábhacht a bhaineann le tabhairt faoi infheistíochtaí a fheabhsóidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, lena n-áirítear san earnáil tithíochta, a mheas. |
(2) |
Tacaíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) le hidirghabhálacha san earnáil tithíochta, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, i bhfabhar na mBallstát a d'aontaigh don Aontas Eorpach an 1 Bealtaine 2004 nó ina dhiaidh sin, agus ina bhfabhar sin amháin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart an tacaíocht airgeadais sin don infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tithíochta a chur ar fáil le haghaidh na mBallstát ar fad. |
(3) |
Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do na hinfheistíochtaí sin a dhéantar faoi chuimsiú na scéimeanna poiblí i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht úsáide deiridh fuinnimh agus seirbhísí fuinnimh (4). |
(4) |
D'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe a leagtar amach in Airteagal 158 den Chonradh, ba cheart go dtacódh idirghabhálacha leis an gcomhtháthú sóisialta. |
(5) |
Mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil bhliantúil 2007 gur cheart go mbeadh na húdaráis reachtaíochta agus an Coimisiún sásta athbhreithniú a dhéanamh ar dhearadh na gclár caiteachais a bheidh ann amach anseo trí bhreithniú cuí a dhéanamh ar an mbonn ar a ríomhtar na costais incháilithe a shimpliú agus trí úsáid níos mó a bhaint as íocaíochtaí cnapshuime nó cothromráta in ionad aisíocaíocht a dhéanamh ar ‘fíorchostais’. |
(6) |
D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an simpliú is gá ar bhainistiú, ar riaradh agus ar rialú na n-oibríochtaí a bhfaightear deontas ERDF ina leith, go háirithe nuair atá siad nasctha le córas aisíocaíochta bunaithe ar thorthaí, is cuí trí chineál costais incháilithe sa bhreis a chur leo, eadhon, costais indíreacha, cnapshuimeanna agus scálaí caighdeánacha cothromráta costais aonaid. |
(7) |
D'fhonn an deimhneacht dhlíthúil i ndáil le hincháilitheacht caiteachais a áirithiú, ba cheart go mbeadh na cineálacha breise chostais incháilithe sin infheidhme ar gach deontas a fhaightear ón ERDF. Ba cheart, mar sin, go mbeadh cur i bhfeidhm cúlghabhálach riachtanach ón 1 Lúnasa 2006, arb é an dáta ar tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 i bhfeidhm. |
(8) |
Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 leis seo mar a leanas:
1) |
cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘1a. I ngach Ballstát, beidh caiteachas ar fheabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh agus ar úsáid fuinnimh inathnuaite i gcás tithíochta atá ann cheana incháilithe go dtí méid arb ionann é agus 4 % den leithdháileadh iomlán ERDF. Saineoidh na Ballstáit na catagóirí de thithíocht incháilithe ina rialacha náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 56(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, d'fhonn tacú leis an gcomhtháthú sóisialta.’. |
2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh de mhír 2: ‘2 Is iad na Ballstáit sin a d'aontaigh don Aontas Eorpach an 1 Bealtaine 2004 nó ina dhiaidh sin, agus iad sin amháin, a bheidh incháilithe do chaiteachas ar thithíocht, ach amháin do chaiteachas ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar úsáid fuinnimh inathnuaite faoi mar a leagtar amach i mír 1a é, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:’. |
3) |
Cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘4. I gcás deontas, is caiteachas incháilithe iad na costais seo a leanas le haghaidh ranníocaíochta ón ERDF, ar an gcoinníoll go dtabhaítear iad i gcomhréir le rialacha náisiúnta, lena n-áirítear rialacha cuntasaíochta, agus faoi na coinníollacha sonracha dá bhforáiltear thíos:
Ní fhéadfar na roghanna dá dtagraítear i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) a chomhcheangal ach amháin i gcás ina gcumhdaíonn gach aon cheann acu catagóir éagsúil chostais incháilithe nó i gcás ina mbaintear úsáid astu le haghaidh tionscadal éagsúil san oibríocht chéanna. Socrófar na costais dá dtagraítear i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) roimh ré agus ar bhonn ríomha a bheidh cóir, cothromasach agus infhíoraithe. Ní rachaidh an chnapshuim dá dtagraítear i bpointe (iii) thar EUR 50 000.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1(3), áfach, ón 1 Lúnasa 2006.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Bealtaine 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. KOHOUT
(1) Tuairim an 25 Feabhra 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009.
(3) IO L 210, 31.7.2006, lch. 1.
(4) IO L 114, 27.4.2006, lch. 64.