This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E169
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE XV - CONSUMER PROTECTION#Article 169 (ex Article 153 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XV - COSAINT AN TOMHALTÓRA
Airteagal 169 (sean-Airteagal 153 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XV - COSAINT AN TOMHALTÓRA
Airteagal 169 (sean-Airteagal 153 CCE)
IO C 202, 7.6.2016, p. 124–124
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/124 |
Airteagal 169
(sean-Airteagal 153 CCE)
1. Chun leasanna na dtomhaltóirí a chur ar aghaidh agus chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, rannchuideoidh an tAontas le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chosaint, maille lena gceart a chur ar aghaidh chun faisnéise agus oideachais agus chun iad féin a eagrú ar mhaithe lena leasanna a choimirciú.
2. Rannchuideoidh an tAontas leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú:
(a) |
trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 faoi chuimsiú chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh; |
(b) |
trí bhearta a thacaíonn leis an mbeartas arna shaothrú ag na Ballstáit, a fhorlíonann é agus a dhéanann faireachán air. |
3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a ghlacadh.
4. Ní chuirfidh bearta arna nglacadh de bhun mhír 3 cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den sórt sin a bheith ag luí leis na Conarthaí. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.