Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02017R0625-20220128

Consolidated text: Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/2022-01-28

02017R0625 — GA — 28.01.2022 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2017/625 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 15 Márta 2017

maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 095 7.4.2017, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2019/478 of 14 January 2019 (*)

  L 82

4

25.3.2019

►M2

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2019/2127 of 10 October 2019 (*)

  L 321

111

12.12.2019

►M3

RIALACHÁN (AE) 2021/1756 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 6 Deireadh Fómhair 2021

  L 357

27

8.10.2021


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 137, 24.5.2017, lch.  40 (2017/625)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) 2017/625 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 15 Márta 2017

maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

feidhmiú rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí eile ag údaráis inniúla na mBallstát;

(b) 

maoiniú rialuithe oifigiúla;

(c) 

cúnamh riaracháin agus comhar idir na Ballstáit chun na rialacha dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm i gceart;

(d) 

feidhmiú rialuithe an Choimisiúin sna Ballstáit agus i dtríú tíortha;

(e) 

coinníollacha a ghlacadh a bheidh le comhlíonadh i ndáil le hainmnithe agus le hearraí a thagann isteach san Aontas ó thríú tír;

(f) 

córas faisnéise ríomhairithe a bhunú chun an fhaisnéis agus na sonraí a bhaineann le rialuithe oifigiúla a bhainistiú.

2.  

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh na rialacha a fhíorú, is cuma an mbunaítear ar leibhéal an Aontais iad nó an iad na Ballstáit a bhunaíonn iad, chun reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm sna réimsí sin, is é sin rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

bia agus sábháilteacht bia, sláine agus folláine bia, ag céim ar bith den phróiseas táirgthe, próiseála agus leithdháilte bia, lena n-áirítear rialacha atá dírithe ar dhea-chleachtais a ráthú sa trádáil agus ar leasanna tomhaltóirí agus faisnéis a chosaint, agus ar mhonarú agus úsáid ábhar agus earraí atá ceaptha a bheith i dtadhall le bia;

(b) 

scaoileadh réamhbheartaithe Orgánach Géinmhodhnaithe (OGManna) chun críche bia agus beatha a tháirgeadh sa timpeallacht;

(c) 

beatha agus sábháilteacht beatha ag céim ar bith den phróiseas táirgthe, próiseála agus leithdháilte beatha agus úsáid beatha, lena n-áirítear na rialacha atá dírithe ar dhea-chleachtais a ráthú sa trádáil agus ar shláinte, leasanna tomhaltóirí agus faisnéis a chosaint;

(d) 

ceanglais maidir le sláinte ainmhithe;

(e) 

rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a chosc agus a íoslaghdú, rioscaí a thig as seachtháirgí ainmhithe agus as táirgí díorthaithe;

(f) 

ceanglais maidir le leas ainmhithe;

(g) 

bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí;

(h) 

ceanglais maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus a úsáid, agus maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, cé is moite de threalamh leata lotnaidicíde;

(i) 

táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha;

(j) 

úsáid agus lipéadú ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

3.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear i mír 2 a fhíorú i gcás ina bhfuil na ceanglais sin infheidhme maidir le hainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas nó atá le honnmhairiú ón Aontas.
4.  

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh an méid seo a leanas a fhíorú:

(a) 

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; mar sin féin, beidh an Rialachán seo infheidhme maidir le seiceálacha de bhun Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i gcás ina ndéantar, leis na seiceálacha sin, cleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha a shainaithint i ndáil leis na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 73 go hAirteagal 91 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b) 

Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

▼M3

(c) 

Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa Agus ón gComhairle ( 2 ); beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh Airteagal 118(1) den Rialachán sin a fhíorú, áfach.

▼B

5.  
Beidh feidhm freisin ag Airteagail, 4, 5, 6, 8, Airteagal 12(2) agus (3), Airteagail 15, 18 go 27, 31 go 34, 37 go 42, agus 78, Airteagal 86 go hAirteagal 108, pointe (b) d’Airteagal 112, Airteagal 130, agus Airteagail 131 go 141 maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo nó leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 2

Rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “rialuithe oifigiúla” gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí tarmligthe nó na daoine nádúrtha a dtarmligtear cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu i gcomhréir leis an Rialachán seo d’fhonn an méid seo a leanas a fhíorú:

(a) 

comhlíonadh an Rialacháin seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ag na hoibreoirí; agus

(b) 

go gcomhlíonann ainmhithe nó táirgí na ceanglais a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear maidir le deimhniú oifigiúil nó fianú oifigiúil a eisiúint.

2.  
Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” gníomhaíochtaí, seachas rialuithe oifigiúla, a dhéanann na húdaráis inniúla, nó na comhlachtaí tarmligthe nó na daoine nádúrtha a dtarmligtear gníomhaíochtaí oifigiúla áirithe eile chucu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh láithreacht galar ainmhithe nó lotnaidí plandaí a fhíorú nó leathadh na ngalar ainmhithe sin nó na lotnaidí plandaí sin a chosc nó a shrianadh, nó galair ainmhithe nó lotnaidí ainmhithe den sórt sin a dhíothú, údaruithe nó formheasanna a dheonú, agus deimhnithe oifigiúla nó fianuithe oifigiúla a eisiúint.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “dlí an bhia” dlí an bhia mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(2) 

ciallaíonn “dlí na beatha” na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin lena rialaítear beatha i gcoitinne, agus sábháilteacht beatha go háirithe, cibé acu ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta ag aon chéim den phróiseas táirgthe, próiseála agus leithdháilte beatha agus úsáide beatha;

(3) 

ciallaíonn “údaráis inniúla”:

(a) 

údaráis lárnacha Ballstáit atá freagrach as rialuithe oifigiúla agus as gníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b) 

aon údarás eile dár tugadh an fhreagracht sin;

(c) 

nuair is iomchuí, údaráis chomhfhreagracha tríú tír;

(4) 

ciallaíonn “údarás rialaithe le haghaidh táirgí orgánacha” eagraíocht riaracháin phoiblí Ballstáit don táirgeadh orgánach agus don lipéadú ar tháirgí orgánacha ar bhronn na húdaráis inniúla a n-inniúlachtaí uirthi, ina n-iomláine nó i bpáirt, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle ( 3 ), lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, údarás comhfhreagrach tríú tír nó údarás comhfhreagrach atá ag oibriú i dtríú tír;

(5) 

ciallaíonn “comhlacht tarmligthe” duine dlítheanach ar leith, ar tharmlig na húdaráis inniúla cúraimí áirithe chuige maidir le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla eile;

(6) 

ciallaíonn “nósanna imeachta fíorúcháin rialuithe” na socruithe agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla lena áirithiú go bhfuil rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile comhleanúnach agus éifeachtach;

(7) 

ciallaíonn “córas rialaithe” córas ina bhfuil na húdaráis inniúla agus na hacmhainní, na struchtúir, na socruithe agus na nósanna imeachta arna mbunú i mBallstát lena áirithiú go ndéantar rialuithe oifigiúla i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 18 go 27;

(8) 

ciallaíonn “plean rialaithe” tuairisc arna bunú ag na húdaráis inniúla ina bhfuil faisnéis faoi struchtúr agus eagrú an chórais rialaithe oifigiúil, agus faisnéis faoina fheidhmiú, agus pleanáil mhionsonraithe na rialuithe oifigiúla atá le déanamh, thar thréimhse ama, i ngach ceann de na réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(9) 

ciallaíonn “ainmhithe” ainmhithe mar a shainmhínítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429;

(10) 

ciallaíonn “galar ainmhithe” galar mar a shainmhínítear é i bpointe (16) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) 2016/429;

(11) 

ciallaíonn “earraí” gach a bhfuil faoi réir ceann amháin nó níos mó de na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cé is moite d'ainmhithe;

(12) 

ciallaíonn “bia” bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(13) 

ciallaíonn “beatha” beatha mar a shainmhínítear í i bpointe (4) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(14) 

ciallaíonn “seachtháirgí ainmhithe” seachtháirgí ainmhithe mar a shainmhínítear iad i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

(15) 

ciallaíonn “táirgí díorthaithe” táirgí díorthaithe mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

(16) 

ciallaíonn “plandaí” plandaí mar a shainmhínítear iad i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE)2016/2031;

(17) 

ciallaíonn “lotnaidí plandaí'” lotnaidí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;

(18) 

ciallaíonn “táirgí cosanta plandaí” na táirgí cosanta plandaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(19) 

ciallaíonn “táirgí de bhunadh ainmhíoch” táirgí de bhunadh ainmhíoch mar a shainmhínítear iad i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(20) 

ciallaíonn “táirgí geirmeacha” táirgí geirmeacha mar a shainmhínítear iad i bpointe (28) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/429;

(21) 

ciallaíonn “táirgí plandaí” táirgí plandaí mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/2031;

(22) 

ciallaíonn “réada eile” réada mar a shainmhínítear iad i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/2031;

(23) 

ciallaíonn “guais” aon oibreán nó riocht a d'fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó ar leas ainmhithe nó ar an gcomhshaol;

(24) 

ciallaíonn “riosca” feidhm den dóchúlacht go n-imreofar tionchar díobhálach ar shláinte an duine, ar leas ainmhithe nó ar an gcomhshaol agus de dhéine an tionchair sin, toisc guais a bheith ann;

(25) 

ciallaíonn “deimhniúchán oifigiúil” an nós imeachta trína soláthraíonn na húdaráis inniúla dearbhú maidir le comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(26) 

ciallaíonn “oifigeach deimhniúcháin”:

(a) 

aon oifigeach de chuid na n-údarás inniúil arna n-údarú ag údaráis den sórt sin deimhnithe oifigiúla a shíniú; nó

(b) 

aon duine nádúrtha eile a dtugann na húdaráis inniúla an t-údaras dó deimhnithe oifigiúla a shíniú i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(27) 

ciallaíonn “deimhniú oifigiúil” doiciméad páipéir nó leictreonach atá sínithe ag an oifigeach deimhniúcháin agus lena ndearbhaítear comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(28) 

ciallaíonn “fianú oifigiúil” aon lipéad, marc nó aon chineál eile fianaithe a eisíonn na hoibreoirí faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil, trí rialuithe oifigiúla atá tiomnaithe chuige sin, nó na húdaráis inniúla iad féin, agus lena ndearbhaítear comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(29) 

Ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí dá bhforáiltear sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(30) 

ciallaíonn “iniúchadh” scrúdú córasach neamhspleách chun a chinneadh an gcomhlíonann gníomhaíochtaí agus na torthaí a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin socruithe beartaithe agus chun a chinneadh an gcuirtear na socruithe sin i bhfeidhm go héifeachtach, agus freisin chun a chinneadh an bhfuil siad oiriúnach leis na cuspóirí a bhaint amach;

(31) 

ciallaíonn “rátáil” oibreoirí a aicmiú bunaithe ar mheasúnú ar a mhéad a chomhlíonann siad na critéir rátála;

(32) 

ciallaíonn “tréidlia oifigiúil” tréidlia arna cheapadh, mar bhall foirne nó ar bhonn eile, ag na húdaráis inniúla, a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na rialacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(33) 

ciallaíonn “oifigeach oifigiúil sláinte plandaí” duine nádúrtha arna cheapadh, mar bhall foirne nó ar bhonn eile, ag na húdaráis inniúla, agus a bhfuil an oiliúint chuí air rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na rialacha ábhartha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2);

(34) 

ciallaíonn “ábhar sonraithe riosca” ábhar sonraithe riosca mar a shainmhínítear iad i bpointe (g) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(35) 

ciallaíonn “turas fada” turas fada mar a shainmhínítear é i bpointe (m) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005;

(36) 

ciallaíonn “trealamh leata lotnaidicíde” aon trealamh leata lotnaidicíde mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2009/128/CE;

(37) 

Ciallaíonn “coinsíneacht” líon ainmhithe nó cainníocht earraí arna gcumhdach ag an deimhniú oifigiúil céanna, an fianú oifigiúil céanna nó ag aon doiciméad eile, arna n-iompar ar an modh iompair céanna agus a thagann as an gcríoch chéanna nó as an tríú tír chéanna agus, cé is moite d’earraí atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2), ar den chineál céanna, den aicme chéanna nó den tuairisc chéanna iad;

(38) 

ciallaíonn “post rialaithe teorann” áit, agus na saoráidí a bhaineann léi, arna n-ainmniú ag Ballstát chun na rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear in Airteagal 47(1) a dhéanamh;

(39) 

ciallaíonn “pointe imeachta” post rialaithe teorann nó aon áit eile arna hainmniú ag Ballstát óna bhfágann ainmhithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 críoch chustaim an Aontais;

(40) 

ciallaíonn “teacht isteach san Aontas” an ghníomhaíocht arb í ainmnithe agus earraí a thabhairt isteach i gceann de na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ó áit lasmuigh de na críocha sin ach amháin i ndáil leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2), cás ina gciallaíonn an ghníomhaíocht arb í earraí a thabhairt isteach “i gcríoch an Aontais” mar a shainmhínítear é sa dara fomhír d’Airteagal 1(3) de Rialachán (AE) 2016/2031;

(41) 

ciallaíonn “seiceáil dhoiciméadach” scrúdú a dhéanamh ar na deimhnithe oifigiúla, ar na fianuithe oifigiúla agus ar na doiciméid eile, lena n-áirítear doiciméid de chineál tráchtála, a cheanglaítear a bheith ag gabháil leis an gcoinsíneacht amhail dá bhforáiltear sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus in Airteagal 56(1), nó i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 77(3), 126(3), 128(1) agus 129(1);

(42) 

ciallaíonn “seiceáil céannachta” amharc-chigireacht lena fhíorú go bhfuil inneachar agus lipéadú coinsíneachta, lena n-áirítear marcanna ar ainmhithe, séalaí agus modhanna iompair, ag freagairt don fhaisnéis atá sna deimhnithe oifigiúla, sna fianuithe oifigiúla agus i ndoiciméid eile a ghabhann léi;

(43) 

ciallaíonn “seiceáil fhisiceach” seiceáil ar ainmnithe nó ar earraí agus, de réir mar is iomchuí, seiceálacha ar phacáistiú, ar mhodhanna iompair, ar lipéadú agus ar theocht, ar an sampla le haghaidh anailíse, ar thástáil nó ar dhiagnóis agus seiceáil ar bith eile is gá chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhíorú;

(44) 

ciallaíonn “idirthuras” aistriú ó thríú tír amháin go dtí tríú tír eile faoi mhaoirseacht lucht custaim trí cheann amháin de na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I nó ó cheann amháin de na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I go críoch eile a liostaítear in Iarscríbhinn I trí chríoch tríú tír, ach amháin i ndáil leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2), cás ina gciallaíonn sé ceann amháin díobh seo a leanas;

(a) 

gluaiseacht ó thríú tír amháin go tríú tír eile, mar a shainmhínítear é sa chéad fhomhír d’Airteagal 1(3) de Rialachán (AE) 2016/2031 dul, faoi mhaoirseacht lucht custaim, trí “chríoch an Aontais”, mar a shainmhínítear sin sa dara fomhír d’Airteagal 1(3) den Rialachán sin; nó

(b) 

gluaiseacht ó “chríoch an Aontais” go cuid eile de “chríoch an Aontais”, mar a shainmhínítear sin sa dara fomhír d'Airteagal 1(3) de Rialachán (AE) 2016/2031 dul trí chríoch tríú tír mar a shainmhínítear sin sa cheád fhomhír d’Airteagal 1(3) den Rialachán sin;

(45) 

ciallaíonn “faoi mhaoirseacht na n-údarás custaim” gníomhaíocht maoirseachta custaim mar a shainmhínítear i bpointe (27) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

(46) 

ciallaíonn “rialú na n-údarás custaim” rialuithe custaim mar a shainmhínítear iad i bpointe (3) d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 952/2013;

(47) 

ciallaíonn “coimeád oifigiúil” an nós imeachta trína n-áirithíonn na húdaráis inniúla nach n-aistrítear ainmhithe agus earraí atá faoi réir rialuithe oifigiúla, ná nach mbaintear leo, fad agus atáthar ag feitheamh ar chinneadh maidir lena gceann scríbe; áirítear leis sin stóráil ag oibreoirí i gcomhréir le treoracha agus faoi rialú na n-údarás inniúil;

(48) 

ciallaíonn “turasleabhar” an doiciméad a leagtar amach i bpointe 1 go pointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005.

(49) 

ciallaíonn “cúntóir oifigiúil” ionadaí ó na húdaráis inniúla atá oilte i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear faoi Airteagal 18 agus a fhostaítear chun cúraimí áirithe maidir le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh.

(50) 

ciallaíonn “feoil agus miodamas inite feola”, chun críoch phointe (a) d’Airteagal 49(2) den Rialachán seo, na táirgí a liostaítear i bhfochaibidil 0201 go fochaibidil 0208 de Chaibidil 2 de Roinn I de Chuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle ( 6 ).

(51) 

ciallaíonn “marc sláinte” marc a dhéantar tar éis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) a dhéanamh agus lena bhfianaítear go bhfuil an fheoil oiriúnach lena caitheamh ag an duine.



TEIDEAL II

RIALUITHE OIFIGIÚLA AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIFIGIÚLA EILE SNA BALLSTÁIT



CAIBIDIL I

Údaráis inniúla

Airteagal 4

Údaráis inniúla a ainmniú

1.  
I gcás gach ceann de na réimsí arna rialú leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla dá dtugann siad an fhreagracht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú nó a dhéanamh.
2.  

I gcás go dtugann Ballstát, don réimse céanna, an fhreagracht rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú nó a dhéanamh do níos mó ná údarás inniúil amháin, ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó i gcás ina gceadaítear do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1, a bhuí leis an ainmniúchán sin, freagrachtaí sonracha i ndáil le rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a aistriú chuig údaráis phoiblí eile, déanfaidh an Ballstát an méid seo a leanas:

(a) 

comhordú éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú idir na húdaráis ar fad lena mbaineann agus comhleanúnachas agus éifeachtacht rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile ar fud a chríche a áirithiú; agus

(b) 

údarás aonair a ainmniú, i gcomhréir le ceanglais bhunreachtúla na mBallstát, a bheidh freagrach as an gcomhar a chomhordú agus as an teagmháil leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile i ndáil leis na rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh i ngach ceann de na réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

3.  
Na húdaráis inniúla atá freagrach as comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, féadfaidh siad freagrachtaí áirithe a bhaineann le rialuithe oifigiúla nó le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a thabhairt do cheann amháin nó níos mó de na húdaráis rialaithe le haghaidh táirgí orgánacha. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh siad códuimhir do gach ceann acu.
4.  

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear an Coimisiún ar an eolas faoi na sonraí teagmhála agus faoi aon athruithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1;

(b) 

na húdaráis aonair arna n-ainmniú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 2; agus

(c) 

na húdaráis rialaithe le haghaidh táirgí orgánacha dá dtagraítear i mír 3;

(d) 

na comhlachtaí tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 28(1);

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil don phobal freisin, lena n-áirítear ar an idirlíon.

Airteagal 5

Oibleagáidí ginearálta maidir leis na húdaráis inniúla agus na na húdaráis rialuiithe le haghaidh táirgí orgánacha

1.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis rialaithe le haghaidh táirgí orgánacha mar a leanas:

(a) 

beidh nósanna imeachta agus/nó socruithe i bhfeidhm acu chun a áirithiú go bhfuil na rialuithe oifigiúla agus na gníomhaíochtaí oifigiúla eile éifeachtach agus iomchuí;

(b) 

beidh nósanna imeachta agus/nó socruithe i bhfeidhm acu chun neamhchlaontacht, cáilíocht agus comhleanúnachas rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a áirithiú ar gach leibhéal;

(c) 

beidh nósanna imeachta agus/nó socruithe i bhfeidhm acu lena áirithiú go bhfuil na baill foirne sin a mbíonn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile á ndéanamh acu saor ó aon choinbhleacht leasa;

(d) 

beidh cumas leordhóthanach saotharlainne acu, nó rochtain ar air, chun anailís, tástáil agus diagnóis a dhéanamh;

(e) 

beidh a ndóthain ball foirne acu a bhfuil na cáilíochtaí agus an taithí chuí acu, nó rochtain ar a leithéid, chun gur féidir rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil;

(f) 

beidh saoráidí agus trealamh atá iomchuí agus coinnithe go cuí acu lena áirithiú gur féidir leis an bhfoireann rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach;

(g) 

beidh na cumhachtaí dlí acu chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus chun an ghníomhaíocht dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a dhéanamh;

(h) 

beidh na nósanna imeachta dlí i bhfeidhm acu lena áirithiú go mbeidh rochtain ag an bhfoireann ar áitreabh, agus ar dhoiciméid, na n-oibreoirí, chun go mbeidh siad in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích go cuí;

(i) 

beidh pleananna teagmhasacha i bhfeidhm acu, agus beidh siad réidh le pleananna den sórt sin a oibriú i gcás éigeandála, agus nuair is iomchuí i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

2.  
Aon tréidlia oifigiúil a cheapfar, déanfar a cheapachán i scríbhinn agus leagfar amach leis na rialuithe oifigiúla agus na gníomhaíochtaí oifigiúla eile agus na cúraimí gaolmhara ar chucu a rinneadh an ceapachán. Na ceanglais a fhorchuirtear ar fhoireann na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear an ceanglas a bheith saor ó aon choinbhleacht leasa, beidh feidhm acu maidir le gach tréidlia oifigiúil.
3.  
Aon oifigeach oifigiúil sláinte plandaí a cheapfar, déanfar a cheapachán i scríbhinn agus leagfar amach leis na rialuithe oifigiúla agus na gníomhaíochtaí oifigiúla eile agus na cúraimí gaolmhara ar chucu a rinneadh an ceapachán. Na ceanglais a fhorchuirtear ar fhoireann na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear an ceanglas a bheith saor ó aon choinbhleacht leasa, beidh feidhm acu maidir le gach oifigeach oifigiúil sláinte plandaí.
4.  

Maidir leis an bhfoireann a bheidh ag déanamh rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile:

(a) 

cuirfear oiliúint chuí orthu, dá réimse inniúlachta, a chuirfidh ar a gcumas tabhairt faoina ndualgais agus rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach;

(b) 

beidh siad suas chun dáta ina réimse inniúlachta agus gheobhaidh siad oiliúint bhreise rialta de réir mar is gá; agus

(c) 

cuirfear oiliúint orthu sna hábhair a leagtar amach i gCaibidil I d’Iarscríbhinn II agus ar oibleagáidí na n-údarás inniúil a thig as an Rialachán seo, de réir mar is iomchuí.

Déanfaidh na húdaráis inniúla, na húdaráis rialaithe le haghaidh táirgí orgánacha agus na comhlachtaí tarmligthe cláir oiliúna a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear an oiliúint dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) ar na daoine a mbíonn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile á ndéanamh acu.

5.  
I gcás ina bhfuil níos mó ná aonad amháin, laistigh de sheirbhísí údaráis inniúil, inniúil chun rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh, áiritheofar comhordú éifeachtúil agus éifeachtach agus comhar éifeachtúil agus éifeachtach idir na haonaid éagsúla.

Airteagal 6

Iniúchtaí na n-údarás inniúil

1.  
Chun a áirithiú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh acu, déanfaidh na húdaráis inniúla iniúchtaí inmheánacha nó cuirfidh siad iniúchtaí inmheánacha á ndéanamh orthu féin agus déanfaidh siad bearta iomchuí i bhfianaise thorthaí na n-iniúchtaí sin.
2.  
Beidh na hiniúchtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir grinnscrúdú neamhspleách agus arna ndéanamh ar bhealach trédhearcach.

Airteagal 7

An ceart chun achomhairc

Na cinntí a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 55, le hAirteagal 66(3) agus (6), le hAirteagal 67, le pointe (b) d’Airteagal 137(3) agus le hAirteagal 138(1) agus (2) maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, beidh siad faoi réir cheart achomhairc daoine den sórt sin i gcoinne na gcinntí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní bheidh tionchar ag an gceart achomhairc ar oibleagáid na n-údarás inniúil ghníomhaíocht phras a dhéanamh chun na rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe nó plandaí, na rioscaí do leas ainmhithe a dhíothú nó a shrianadh nó, maidir le OGManna agus le táirgí cosanta plandaí, chun na rioscaí don chomhshaol a dhíothú agus a shrianadh freisin, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 8

Oibleagáidí rúndachta na n-údarás inniúil

1.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla, faoi réir mhír 3, maidir le faisnéis a fuarthas agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile nach nochfar í do thríú páirtithe, nuair, faoin reachtaíocht náisiúnta nó reachtaíocht an Aontais, de thoradh a cineáil, is faisnéis í a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil.

Chun na críche sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar oibleagáidí rúndachta iomchuí do bhaill foirne agus do dhaoine aonair eile a fhostaítear chun rialuithe agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh.

2.  
Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le húdaráis rialaithe le haghaidh táirgí orgánacha, agus maidir le comhlachtaí tarmligthe agus le daoine nádúrtha dá dtarmligtear cúraimí maidir le rialú oifigiúil, agus maidir le saotharlanna oifigiúla.
3.  

Ach amháin i gcás ina bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh faisnéise a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil amhail dá dtagraítear i mír 1, agus gan dochar do chásanna ina n-éilítear nochtadh le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta, áireofar le faisnéis den sórt sin faisnéis a bhainfeadh ón méid seo a leanas dá nochtfaí í:

(a) 

cuspóir cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;

(b) 

cosaint leasanna tráchtála oibreora nó aon duine nadúrtha nó dhlítheanaigh eile; nó

(c) 

cosaint imeachtaí cúirte agus comhairle dlí.

4.  
Agus iad ag cinneadh i dtaobh leas sáraitheach poiblí a bheith nó gan a bheith i nochtadh faisnéise a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil amhail dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla, inter alia, rioscaí a d’fheádfadh a bheith ann do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó don chomhshaol, agus cineál, déine agus méid rioscaí den sórt sin a chur san áireamh.
5.  

Ní chuirfidh na hoibleagáidí rúndachta dá bhforáiltear san Airteagal seo cosc ar na húdaráis inniúla faisnéis a fhoilsiú ná a chur ar fáil don phobal ar bhealach eile faoi thoradh na rialuithe oifigiúla maidir le hoibreoirí aonair, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, gan dochar do chásanna ina n-éilítear nochtadh le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta:

(a) 

go dtugtar an deis don oibreoir lena mbaineann trácht a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil í a fhoilsiú nó a chur ar fáil don phobal ar bhealach eile, sula bhfoilseofar nó sula scaoilfear an fhaisnéis sin, agus práinn an cháis á cur san áireamh; agus

(b) 

go gcuirtear san áireamh san fhaisnéis a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil don phobal ar bhealach eile na barúlacha a chuir an t-oibreoir lena mbaineann in iúl, nó go bhfoilsítear nó go scaoiltear an fhaisnéis sin in éineacht le barúlacha den sórt sin.



CAIBIDIL II

Rialuithe oifigiúla



Roinn I

Ceanglais ghinearálta

Airteagal 9

Rialacha ginearálta maidir le rialuithe oifigiúla

1.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar na hoibreoirí ar fad go rialta, ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

rioscaí sainaitheanta a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i) 

ainmhithe agus earraí;

(ii) 

na gníomhaíochtaí atá faoi rialú na n-oibreoirí;

(iii) 

suíomh na ngníomhaíochtaí nó oibríochtaí na n-oibreoirí;

(iv) 

úsáid táirgí, próiseas, ábhair nó substaintí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht, ar shláine nó ar fholláine bia nó beatha, sláinte nó leas ainmhithe, sláinte plandaí nó, i gcás OGManna agus táirgí cosanta plandaí, a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an gcomhshaol freisin;

(b) 

aon fhaisnéis lena léireofaí an dóchúlacht go gcuirfí tomhaltóirí amú, go háirithe maidir le cineál, aitheantas, airíonna, comhdhéanamh, cainníocht, marthanacht, tír thionscnaimh nó bunáitíocht, modh monaraíochta nó táirgthe an bhia;

(c) 

stair na n-oibreoirí maidir le torthaí na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh orthu agus a mhéid a chomhlíonann siad na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(d) 

iontaofacht agus torthaí rialuithe dílse a rinne oibreoirí, nó a rinne tríú páirtí arna iarraidh sin ag na hoibreoirí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, scéimeanna príobháideacha dearbhaithe cáilíochta, chun críche comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhionnadh; agus

(e) 

aon fhaisnéis a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a léiriú.

2.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla go rialta, le minicíochtaí iomchuí á gcinneadh ar bhonn riosca, chun aon sáruithe d’aon ghnó a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a aithint, arna ndéanamh trí chleachtais chalaoiseacha nó trí chleachtais mheabhlacha, agus faisnéis faoi sháruithe den sórt sin arna roinnt trí shásraí an chúnaimh riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 102 go hAirteagal 108 agus aon fhaisnéis a thugann le fios go bhféadfadh sáruithe den sórt sin a bheith á ndéanamh á cur san áireamh.
3.  

Rialuithe oifigiúla a dhéanfar roimh ainmhithe agus earraí áirithe a chur ar an margadh, nó roimh na hainmhithe agus earraí sin a aistriú d’fhonn na deimhnithe oifigiúla nó na fianaithe oifigiúla a cheanglaítear leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a eisiúint, mar choinníoll lena gcur ar an margadh nó lena n-aistriú, déanfar na rialuithe sin i gcomhréir leis an dá ní seo a leanas:

(a) 

na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b) 

na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 18 go hAirteagal 27.

4.  
Déanfar rialuithe oifigiúla gan fógra a thabhairt roimh ré, ach amháin nuair is gá fógra den sórt sin a thabhairt chun go ndéanfar an rialú oifigiúil, agus nuair a bhíonn bonn cuí-réasúnaithe leis chuige sin. Rialuithe oifigiúla a dhéantar arna iarraidh sin don oibreoir, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar réamhfhógra sula ndéanfar iad. Fiú má dhéantar rialuithe oifigiúla le fógra roimh ré, ní chiallaíonn sé sin nach bhféadfar rialuithe oifigiúla a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré.
5.  
Déanfar rialuithe oifigiúla a mhéid is féidir ar shlí a choimeádfaidh an t-ualach riaracháin agus an cur isteach oibríochtúil ar oibreoirí chomh híseal is féidir, ach gan difear diúltach a dhéanamh do cháilíocht an rialaithe.
6.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar an modh céanna, agus aird á tabhairt ar an ngá atá leis na rialuithe a chur in oiriúint do na cúinsí sonracha, is cuma an bhfuil na hainmhithe agus na hearraí lena mbaineann:

(a) 

ar fáil ar mhargadh an Aontais, cibé acu an de thionscnamh an Bhallstáit ina ndéantar na rialuithe oifigiúla nó Ballstáit eile iad;

(b) 

le honnmhairiú ón Aontas; nó

(c) 

ag teacht isteach san Aontas.

7.  
A mhéid is géarghá chun na rialuithe oifigiúla a eagrú, féadfaidh Ballstáit an chinn scríbe a éileamh ar na hoibreoirí a seachadtar ainmhithe nó earraí orthu ó Bhallstát eile, teacht isteach ainmnithe nó earraí den sórt sin a thuairisciú.

Airteagal 10

Oibreoirí, próisis agus gníomhaíochtaí atá faoi réir rialuithe oifigiúla

1.  

A mhéid is gá chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhionnadh, déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ainmhithe agus ar earraí ag aon chéim den táirgeadh, den phróiseáil, den leithdháileadh agus den úsáid;

(b) 

substaintí, ábhair nó réada eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shaintréithe nó ar shláinte ainmnithe agus earraí, agus ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme acu, ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil, den leithdháileadh agus den úsáid;

(c) 

oibreoirí maidir lena gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ainmhithe a choimeád, trealaimh, modhanna iompair, áitribh agus áiteanna eile atá faoina rialú agus a dtimpeallachtaí agus ar dhoiciméadacht ghaolmhar.

2.  
Gan dochar do na rialacha maidir le liostaí nó cláir atá ann cheana a bunaíodh ar bhonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh na húdaráis inniúla liosta oibreoirí a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta. I gcás inarb ann do liosta nó do chlár den sórt sin cheana chun críocha eile, féadfar é a úsáid freisin chun críocha an Rialacháin seo.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a leasú maidir le catagóirí oibreoirí a leagan amach a bheidh díolmhaithe ó liosta na n-oibreoirí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina mbeadh ualach riaracháin díréireach orthu iad a chur ar liosta den sórt sin i gcomparáid leis an riosca a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí.

Airteagal 11

Trédhearcacht rialuithe oifigiúla

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a mbeidh leibhéal ard trédhearcachta ag baint leo agus cuirfidh siad, ar laghad uair amháin sa bhliain, ar fáil don phobal, lena n-áirítear trína foilsiú ar an idirlíon, faisnéis ábhartha a bhaineann le heagrú agus le déanamh rialuithe oifigiúla.

Áiritheoidh siad freisin foilsiú rialta agus tráthúil faisnéise ar an méid seo a leanas:

(a) 

cineál, líon agus toradh na rialuithe oifigiúla;

(b) 

cineál agus minicíocht na gcásanna neamhchomhlíonta a bhraitear;

(c) 

cineál agus líon na gcásanna ina ndearna na húdaráis inniúla bearta i gcomhréir le hAirteagal 138; agus

(d) 

cineál agus líon na gcásanna inar forchuireadh na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 139.

Féadfar an fhaisnéis da dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den dara fomhír den mhír seo sin a chur ar fáil, i gcás inarb iomchuí, tríd an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 113(1) a fhoilsiú.

2.  
Bunóidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta chun a áirithiú go ndéantar aon mhíchruinneas san fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal a cheartú.
3.  

Féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil don phobal ar bhealach eile, maidir le rátáil oibreoirí aonair bunaithe ar thoradh rialaithe oifigiúil amháin nó níos mó, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

na critéir rátála a bheith oibiachtúil, trédhearcach agus ar fáil don phobal; agus

(b) 

socruithe iomchuí a bheith i bhfeidhm chun cothroime, comhleanúnachas agus trédhearcacht an phróisis rátála a áirithiú.

Airteagal 12

Nósanna imeachta doiciméadaithe maidir le rialú

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla i gcomhréir le nósanna imeachta doiciméadaithe.

Cumhdóidh na nósanna imeachta sin na réimsí ábhar maidir le nósanna imeachta rialaithe a leagtar amach i gCaibidil II d’Iarscríbhinn II agus beidh treoracha iontu don fhoireann a bheidh i mbun rialuithe oifigiúla.

2.  
Beidh nósanna imeachta fíorúcháin maidir le rialú i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla.
3.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla mar a leanas:

(a) 

bearta ceartaitheacha a dhéanamh i ngach cás ina ndéantar, trí na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 2, easnaimh a shainaithint; agus

(b) 

na nósanna imeachta doiciméadaithe dá bhforáiltear i mír 1 a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí.

4.  
Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 freisin maidir le comhlachtaí tarmligthe agus maidir leis na húdaráis rialaithe le haghaidh táirgí orgánacha.

Airteagal 13

Taifid i scríbhinn ar rialuithe oifigiúla

1.  
Dréachtóidh na húdaráis inniúla taifid i scríbhinn ar gach rialú oifigiúil a dhéanann siad. Féadfaidh na taifid sin bheith ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach.

Beidh sna taifid:

(a) 

cur síos ar chuspóir na rialuithe oifigiúla;

(b) 

na modhanna rialuithe arna gcur i bhfeidhm;

(c) 

torthaí na rialuithe oifigiúla; agus

(d) 

nuair is iomchuí, gníomhaíocht a cheanglaíonn na húdaráis oifigiúla ar an oibreoir a dhéanamh mar thoradh ar a rialuithe oifigiúla.

2.  
Mura n-éilítear a mhalairt, chun críocha imscrúduithe breithiúnacha nó chun imeachtaí cúirte a chosaint, déanfar cóip de na taifid dá bhforáiltear i mír 1 a chur ar fáil do na hoibreoirí a bheidh faoi réir rialú oifigiúil arna iarraidh sin dóibh, ach amháin i gcás inar eisíodh deimhniú oifigiúil nó fianú oifigiúil. Cuirfidh na húdaráis inniúla an t-oibreoir ar an eolas go pras, i scríbhinn, faoi aon chás ina mbeidh neamhchomhlíonadh ann a shainaithneofar trí na rialuithe oifigiúla.
3.  

I gcás ina n-éilíonn rialuithe oifigiúla foireann nó ionadaithe na n-údarás inniúil a bheith i láthair in áitreabh an oibreora go rialta nó ar bhonn leanúnach, soláthrófar na taifid dá bhforáiltear i mír 1 chomh minic agus go bhféadfar an méid seo a leanas a dhéanamh i leith na n-údarás inniúil agus an oibreora:

(a) 

iad a chur ar an eolas go rialta faoin leibhéal comhlíonta; agus

(b) 

iad a chur ar an eolas go pras faoi aon chás ina mbeidh neamhchomhlíonadh a shainaithneofar trí na rialuithe oifigiúla.

4.  
Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 freisin maidir le comhlachtaí tarmligthe, maidir le húdaráis rialaithe le haghaidh táirgí orgánacha agus maidir le daoine nádúrtha a dtarmligtear cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu.

Airteagal 14

Modhanna agus teicnící do rialuithe oifigiúla

Áireofar an méid seo a leanas leis na rialuithe oifigiúla, leis na modhanna agus leis na teicnící, de réir mar is iomchuí:

(a) 

scrúdú ar na rialuithe atá curtha i bhfeidhm ag oibreoirí agus ar na torthaí a fuarthas;

(b) 

cigireacht ar an méid seo a leanas:

(i) 

trealaimh, modhanna iompair, áitreabh agus áiteanna eile atá faoina rialú agus a dtimpeallachtaí;

(ii) 

ainmhithe agus earraí, lena n-áirítear earraí leathchríochnaithe, amhábhair, comhábhair, cabhracha próiseála agus táirgí eile arna n-úsáid chun earraí a ullmhú agus a tháirgeadh, nó chun ainmhithe a bheathú nó a chóireáil;

(iii) 

táirgí agus próisis ghlantacháin agus chothabhála;

(iv) 

inrianaitheacht, lipéadú, cur i láthair, fógraíocht agus ábhar pacáistithe ábhartha lena n-áirítear ábhair atá ceaptha a bheith i dtadhall le bia;

(c) 

rialuithe ar dhálaí sláinteachais in áitreabh na n-oibreoirí;

(d) 

measúnú ar nósanna imeachta maidir le dea-chleachtais monaraíochta, dea-chleachtais sláinteachais, dea-chleachtais feirmeoireachta agus ar nósanna imeachta atá bunaithe ar phrionsabail na bpointí criticiúla rialaithe ar anailís guaise (HACCP);

(e) 

scrúdú ar dhoiciméid, ar thaifid inrianaitheachta agus ar thaifid eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le measúnú ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, doiciméad atá ag gabháil le bia, beatha agus aon substaint nó ábhar a thagann isteach nó a fhágann bunaíocht;

(f) 

agallaimh le hoibreoirí agus lena mbaill foirne;

(g) 

fíorú na dtomhaiseanna a thóg an t-oibreoir agus torthaí eile tástála;

(h) 

sampláil, anailís, diagnóis agus tástálacha;

(i) 

iniúchtaí ar oibreoirí;

(j) 

aon ghníomhaíocht eile is gá chun cásanna neamhchomhlíonta a shainaithint.

Airteagal 15

Oibleagáidí oibreoirí

1.  

A mhéid is gá chun na rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh, tabharfaidh na hoibreoirí, i gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla sin, rochtain orthu seo a leanas d’fhoireann na n-údarás inniúil:

(a) 

an trealamh, na modhanna iompair, an t-áitreabh agus áiteanna eile atá faoina rialú agus a dtimpeallachtaí;

(b) 

a gcórais bainistíochta faisnéise ríomhairithe;

(c) 

na hainmhithe agus na hearraí atá faoina rialú;

(d) 

a ndoiciméid agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.  
Le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, tabharfaidh na hoibreoirí cúnamh d’fhoireann na n-údarás inniúil agus na n-údarás orgánacha rialaithe agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu agus comhoibreoidh siad leis an bhfoireann sin.
3.  
An t-oibreoir atá freagrach as coinsíneacht a thagann isteach san Aontas, déanfaidh sé, de bhreis ar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 , an fhaisnéis go léir a chur ar fáil ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, agus gan mhoill, ar pháipéar nó go leictreonach, maidir leis na hainmhithe agus na hearraí.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an gcomhar agus maidir leis an malartú faisnéise idir oibreoirí agus údaráis inniúla i ndáil le teacht agus díluchtú na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) i gcás inar gá sin chun a áirithiú go bhféadfar iad a shainaithint go huile is go hiomlán agus go bhféadfar rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar earraí den sórt sin a dhéanamh go héifeachtúil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
5.  

Chun críche Airteagal 10(2) agus faoi réir Airteagal 10(3), déanfaidh na hoibreoirí na sonraí cothromaithe le dáta seo a leanas, ar a laghad, a chur ar fáil do na húdaráis inniúla:

(a) 

a n-ainm agus a bhfoirm dhlíthiúil; agus

(b) 

na gníomhaíochtaí sonracha a dhéanann siad, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a ghabhtar de láimh trí chianchumarsáid, agus na háiteanna atá faoina rialú.

6.  
Beidh na hoibleagáidí atá ar oibreoirí agus a leagtar amach san Airteagal seo infheidhme freisin i gcásanna ina mbeidh rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla á ndéanamh ag tréidlianna oifigiúla, oifigigh oifigiúla sláinte plandaí, comhlachtaí tarmligthe, údaráis rialúcháin agus daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí rialúcháin oifigiúla áirithe nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile chucu.



Roinn II

Ceanglais bhreise maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile i réimsí áirithe

Airteagal 16

Ceanglais bhreise

1.  
Sna réimsí a rialaítear leis na rialacha dá bhforáiltear sa Roinn seo, beidh feidhm ag na rialacha sin de bhreis ar na rialacha eile a leagtar amach sa Rialachán seo.
2.  

Agus gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Roinn seo á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

an taithí a fuair údaráis inniúla agus oibreoirí gnólachtaí bia agus beatha i ndáil le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) agus Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

(b) 

forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta;

(c) 

ionchais tomhaltóirí maidir le comhdhéanamh bia agus athruithe i bpátrúin tomhaltais bia;

(d) 

rioscaí do shláinte an duine agus ainmhithe agus plandaí, a bhaineann le hainmhithe agus le hearraí; agus

(e) 

faisnéis maidir le sáruithe d’aon ghnó a d’fhéadfadh a bheith déanta trí chleachtais chalaoiseacha nó trí chleachtais mheabhlacha.

3.  

Agus gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Roinn seo á nglacadh aige, a mhéid nach gcuirfidh sé cosc ar ghnóthú na gcuspóirí a shaothraítear trí na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh freisin:

(a) 

an gá atá ann cur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme a éascú, agus cineál agus méid na ngnólachtaí beaga á gcur san áireamh;

(b) 

an gá atá ann úsáid leanúnach modhanna seanbhunaithe ag céim ar bith den táirgeadh, den phróiseáil nó den leithdháileadh bia, agus táirgeadh bianna traidisiúnta a chumasú; agus

(c) 

riachtanais na n-oibreoirí sin atá i réigiúin atá faoi réir srianta geografacha ar leith.

Airteagal 17

Sainmhínithe sonracha

Chun críche Airteagal 18:

(a) 

ciallaíonn “faoi fhreagracht an tréidlia oifigiúil” go sannann an tréidlia oifigiúil feidhmiú gníomhaíochta do chúntóir oifigiúil;

(b) 

ciallaíonn “faoi mhaoirseacht an tréidlia oifigiúil” go ndéanann cúntóir oifigiúil gníomhaíocht faoi fhreagracht an tréidlia oifigiúil, agus go bhfuil an tréidlia oifigiúil i láthair ag an áitreabh le linn an ama a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a dhéanamh;

(c) 

ciallaíonn “cigireacht réamhbháis” fíorú a dhéanamh, sula ndéanfar gníomhaíochtaí an mharaithe, ar cheanglais maidir le sláinte an duine agus ainmhithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an scrúdú cliniciúil ar gach ainmhí aonair, agus fíorú a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoin slabhra bia amhail dá dtagraítear i Roinn III d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(d) 

ciallaíonn “cigireacht iarbháis” an fíorú a dhéantar, sa seamlas nó san áit láimhseála géim, ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

conablaigh mar a shainítear iad i bpointe 1.9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus scairteach mar a shainítear í i bpointe 1.11 den Iarscríbhinn sin, chun a chinneadh an bhfuil an fheoil oiriúnach lena caitheamh ag an duine ,

(ii) 

ábhar sonraithe riosca a bhaint, agus

(iii) 

sláinte agus leas na n-ainmhithe.

Airteagal 18

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le táirgeadh táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine

1.  
Rialuithe oifigiúla a dhéantar chun comhlíonadh na rialacha a fhíorú dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo i ndáil le táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine, áireofar orthu an fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 de réir mar is infheidhme.
2.  

Áireofar an méid seo a leanas ar na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 agus a dhéanfar i ndáil le feoil a tháirgeadh:

(a) 

an chigireacht réamhbháis a dhéanfaidh tréidlia oifigiúil sa seamlas, agus a bhféadfadh cúntóirí oifigiúla cúnamh a thabhairt dó maidir le hainmhithe a roghnú roimh ré, ar cúntóirí iad a mbeadh oiliúint faighte acu chun na críche sin;

(b) 

de mhaolú ar mhír (a), maidir le héanlaith chlóis agus giorriaigh, an chigireacht réamhbháis a dhéanfaidh tréidlia oifigiúil, faoi mhaoirseacht an tréidlia oifigiúil nó, i gcás ina mbeidh ráthaíochtaí leordhóthanacha i bhfeidhm, faoi fhreagracht an tréidlia oifigiúil;

(c) 

an chigireacht iarbháis a dhéanfaidh tréidlia oifigiúil, faoi mhaoirseacht an tréidlia oifigiúil nó, i gcás ina mbeidh ráthaíochtaí leordhóthanacha i bhfeidhm, faoi fhreagracht an tréidlia oifigiúil;

(d) 

na rialuithe oifigiúla eile a dhéanfaidh tréidlia oifigiúil, faoi mhaoirseacht an tréidlia oifigiúil nó, i gcás ina mbeidh ráthaíochtaí leordhóthanacha i bhfeidhm, faoi fhreagracht an tréidlia oifigiúil, i seamlais, i monarcha gearrtha agus in áiteanna láimhseála géim, chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

sláinteachas táirgthe feola;

(ii) 

iarmhair táirgí íocshláinte tréidliachta a bheith i láthair agus éilleáin a bheith i láthair i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch le caitheamh ag an duine;

(iii) 

iniúchtaí ar dhea-chleachtais sláinteachais agus ar nósanna imeachta atá bunaithe ar phrionsabal na bpointí criticiúla rialaithe ar anailís guaise (HACCP);

(iv) 

tástálacha saotharlainne chun oibreáin zónóiseacha agus galair ainmhithe a bhrath agus chun comhlíonadh an critéir mhicribhitheolaigh a shainítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún ( 9 ) a fhíorú;

(v) 

láimhseáil agus diúscairt seachtháirgí ainmhithe agus ábhar sonraithe riosca;

(vi) 

sláinte agus leas na n-ainmhithe.

3.  

Féadfaidh an t-údarás inniúil, ar bhonn anailís riosca, cead a thabhairt d’fhoireann seamlais cuidiú chun cúraimí a fheidhmiú maidir leis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 2 i mbunaíochtaí ina maraítear éanlaithe clóis nó giorriaigh, nó i mbunaíochtaí ina maraítear ainmhithe de speicis eile, chun cúraimí sonracha samplála agus tástála a chur i gcrích i ndáil le rialuithe den sórt sin, ar an gcoinníoll maidir leis an bhfoireann sin:

(a) 

go ngníomhaíonn siad neamhspleách ar fhoireann táirgthe an tseamlais;

(b) 

gur cuireadh oiliúint iomchuí orthu chun na cúraimí sin a chur i gcrích; agus

(c) 

go gcuireann siad na cúraimí sin i gcrích agus an tréidlia oifigiúil nó an cúntóir oifigiúil i láthair agus orduithe an tréidlia nó an chúntóra sin á leanúint acu.

4.  
I gcás nár sainaithníodh, leis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in bpointe (a) agus (b) de mhír 2, aon easnamh a d’fhágfadh go mbeadh an fheoil mí-oiriúnach lena caitheamh ag an duine, déanfaidh an tréidlia oifigiúil, faoi mhaoirseacht an tréidlia oifigiúil, faoi fhreagracht an tréidlia oifigiúil, , nó comhaltaí foirne an tseamlais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i mír 3,an marc sláinte a chur ar chrúbacha intíre, ar mhamaigh géim saothraithe seachas giorriaigh, agus ar ghéim fiáin mór.
5.  
Leanfaidh an tréidlia oifigiúil de bheith freagrach as na cinntí a ghlacfar tar éis rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear i mír 2 agus i mír 4, fiú má dhéanann sé feidhmiú gníomhaíochta a shannadh don chúntóir oifigiúil.

▼M3

6.  
Chun críocha rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 arna ndéanamh i ndáil le moilisc dhébhlaoscacha beo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo, déanfaidh na húdaráis inniúla limistéir táirgthe agus athseachadta a aicmiú.

▼B

7.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha sonracha i leith fheidhmiú na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 2 go mír 6 den Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain, de mhaolú ar phointe (a) de mhír 2, a fhéadfar an chigireacht réamhbháis a dhéanamh i seamlais áirithe faoi mhaoirseacht nó faoi fhreagracht tréidlia oifigiúil, ar an gcoinníoll nach mbíonn aon tionchar ag na maoluithe ar bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo;

(b) 

na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh, maidir le héanlaith chlóis agus giorriaigh, cathain a bheidh ráthaíochtaí leordhóthanacha ann le go bhféadfar na rialuithe oifigiúla a dhéanamh faoi fhreagracht tréidlia oifigiúil cigireachta i ndáil leis na cigireachtaí réamhbháis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;

(c) 

na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain, de mhaolú ar phointe (a) de mhír 2, a fhéadfar an chigireacht réamhbháis a dhéanamh in áit seachas an seamlas i gcás marú éigeandála;

(d) 

na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain, de mhaolú ar phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2, a fhéadfar an chigireacht réamhbháis a dhéanamh ag an ngabháltas bunáitíochta;

(e) 

na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh, maidir le héanlaith chlóis agus giorriaigh, cathain a bheidh ráthaíochtaí leordhóthanacha ann le go bhféadfar na rialuithe oifigiúla a dhéanamh faoi fhreagracht tréidlia oifigiúil cigireachta i ndáil leis na cigireachtaí iarbháis agus na gníomhaíochtaí iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (c) agus pointe (d) de mhír 2;

(f) 

na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain, de mhaolú ar phointe (c) de mhír 2, i gcás marú éigeandála, a dhéanfaidh an tréidlia oifigiúil an chigireacht iarbháis;

▼M3

(g) 

critéir agus coinníollacha chun a chinneadh, de mhaolú ar mhír 6, i gcás nach bhfuil limistéir táirgthe agus athseachadta le haicmiú i ndáil leis an méid seo a leanas:

(i) 

Pectinidae, agus

(ii) 

i gcás nach scagbheathóirí iad: eicínideirmigh agus gastrapóid mhuirí;

▼B

(h) 

maoluithe sonracha i ndáil le Rangifer tarandus tarandus, Lagopus lagopus agus Lagopus mutus, chun go bhféadfar leanúint de nósanna agus de chleachtais atá seanbhunaithe, áitiúil agus traidisiúnta, ar an gcoinníoll nach mbíonn aon tionchar ag na maoluithe ar bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo;

(i) 

na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain, de mhaolú ar phointe (d) de mhír 2, a fhéadfaidh an fhoireann arna hainmniú chuige sin ag na húdaráis agus arna hoiliúint go hiomchuí, na rialuithe oifigiúla i monarchana gearrtha a dhéanamh;

(j) 

íoscheanglais shonracha d’fhoireann na n-údarás inniúil agus don tréidlia oifigiúil agus don chúntóir oifigiúil chun a áirithiú go ndéanfaidh siad na cúraimí atá orthu, dá bhforáiltear san Airteagal seo, ar bhealach leordhóthanach, lena n-áirítear íoscheanglais shonracha maidir le hoiliúint;

(k) 

íoscheanglais iomchuí oiliúna le haghaidh chomhaltaí foirne an tseamlais a mbeidh cúnamh á thabhairt acu chun cúraimí a fheidhmiú a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile i gcomhréir le mír 3.

8.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha i leith fheidhmiú na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear san Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na ceanglais shonracha chun na rialuithe oifigiúla a dhéanamh agus íosmhinicíocht aonfhoirmeach na rialuithe oifigiúla sin, ag féachaint do na guaiseanna agus na rioscaí sonracha atá ann maidir le gach táirge de bhunadh ainmhíoch agus do na próisis éagsúla a chuirtear i bhfeidhm air agus i gcás ina mbeidh íosleibhéal rialuithe oifigiúla ag teastáil chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirgí de bhunadh ainmhíoch;

▼M3

(b) 

na coinníollacha le haghaidh limistéir aicmithe táirgthe agus athseachadta a aicmiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu maidir le moilisc dhébhlaoscacha beo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo;

▼B

(c) 

na cásanna ina bhfuil na húdaráis inniúla le beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus Airteagal 138(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíonadh i gcásanna sonracha;

(d) 

socruithe praiticiúla na cigireachta réamhbháis agus iarbháis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), agus (c) de mhír 2, lena n-áirítear na ceanglais aonfhoirmeacha atá riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar ráthaíochtaí leordhóthanacha a chomhlíonadh tráth a ndéanfar na rialuithe oifigiúla faoi fhreagracht an tréidlia oifigiúil;

(e) 

ceanglais theicniúla an mhairc sláinte agus na socruithe praiticiúla maidir lena úsáid;

(f) 

ceanglais shonracha chun rialuithe oifigiúla a fheidhmiú agus íosmhinicíocht aonfhoirmeach do na rialuithe oifigiúla sin maidir le bainne amh, táirgí bainne agus táirgí iascaigh, i gcás ina bhfuil íosleibhéal rialuithe oifigiúla riachtanach chun freagairt do ghuaiseanna aonfhoirmeacha aitheanta agus do na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

9.  
Agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu agus go háirithe maidir le ceanglais sábháilteachta bia, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh lena gcuirfear treoirthionscadail chun feidhme a bheidh teoranta ó thaobh ama agus méid, chun meastóireacht a dhéanamh ar shocruithe praicticiúla malartacha le haghaidh rialuithe oifigiúla a fheidhmiú maidir le feoil a tháirgeadh. Tabharfar fógra faoi na bearta náisiúnta sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/1535. Cuirfear toradh na meastóireachta a dhéanfar trí na treoirthionscadail in iúl don Choimisiún a luaithe a bheidh sé ar fáil.
10.  
Chun críche Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, agus dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.

Airteagal 19

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le hiarmhair substaintí ábhartha i mbia agus i mbeatha

1.  
Le rialuithe oifigiúla a dhéantar le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, áireofar rialuithe oifigiúla a dhéanfar ag céim ar bith den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh, ar shubstaintí ábhartha lena n-áirítear substaintí atá le húsáid in ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, éilleáin agus substaintí atá neamhúdaraithe, toirmiscthe agus neamhinmhianaithe a bhféadfadh a n-iarmhair a bheith i mbia agus i mbeatha mar thoradh ar iad a bheith in úsáid nó i láthair ar bharraí nó ar ainmhithe nó ar iad a bheith in úsáid nó i láthair chun bia nó beatha a tháirgeadh nó a phróiseáil.
2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 144 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir leis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh agus maidir le gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh na rialuithe oifigiúla sin. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais shonracha chun rialuithe oifigiúla a chur i gcrích, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, raon na samplaí agus an chéim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh ina dtógfar na samplaí de réir na modhanna a bheidh le húsáid le haghaidh na samplála agus na n-anailísí saotharlainne arna leagan síos i gcomhréir le pointe (a) agus le pointe (b) d’Airteagal 34(6), agus ag féachaint do ghuaiseanna sonracha agus do rioscaí sonracha a bhaineann le substaintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

i gcás ina mbeidh na húdaráis inniúla le beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) nó Airteagal 138(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíonadh nó amhras a bheith ann maidir le neamhchomhlíonadh nó i ndáil le neamhchomhlíonadh;

(c) 

na cásanna ina mbeidh na húdaráis inniúla le ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagail 65 go 72 a dhéanamh, i ndáil le neamhchomhlíonadh nó amhras a bheith ann maidir le neamhchomhlíonadh nó i ndáil le neamhchomhlíonadh i dtaca le hainmhithe agus earraí ó thríú tíortha.

3.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích agus chun gníomhaíochtaí a bheith le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh na rialuithe oifigiúla sin, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin, ag féachaint do na guaiseanna agus na rioscaí a bhaineann le substaintí dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

socruithe sonracha agus ábhar sonrach sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagal 110, chun na codanna ábhartha den phlean náisiúnta rialaithe ilbhliantúil (MANCP) dá bhforáiltear in Airteagal 109(1) a ullmhú;

(c) 

socruithe praiticiúla sonracha maidir le gníomhachtú shásra an chúnaimh riaracháin dá bhforáiltear in Airteagail 102 go 108.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

4.  
Chun críche Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, agus dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.

Airteagal 20

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus do ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i ndáil le hainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, tairgí geirmeacha, seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe

1.  
Leis na rialuithe oifigiúla a dhéanfar chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d) agus (e) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, áireofar rialuithe oifigiúla a bheidh le cur i gcrích ag céim ar bith den phróiseas táirgthe, próiseála agus leithdháilte, ar ainmhithe, ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch, ar tháirgí geirmeacha, ar sheachtháirgí ainmhithe agus ar tháirgí díorthaithe.
2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos i ndáil le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ainmhithe, ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch, ar tháirgí geirmeacha, ar sheachtháirgí ainmhithe agus ar tháirgí díorthaithe chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 1(2) a fhíorú agus maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i ndiaidh na rialuithe oifigiúla. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais shonracha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ainmhithe, ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch agus ar tháirgí geirmeacha chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí aitheanta do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe trí rialuithe oifigiúla a dhéanfar chun a fhíorú go bhfuil bearta maidir le galar a chosc agus a rialú, arna leagan síos i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 1(2), á gcomhlíonadh;

(b) 

ceanglais shonracha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar sheachtháirgí ainmhithe agus ar tháirgí díorthaithe chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí sonracha do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe trí rialuithe oifigiúla a dhéanfar chun a fhíorú go bhfuil na rialacha dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 1(2), á gcomhlíonadh;

(c) 

i gcás ina mbeidh na húdaráis inniúla le beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 138(2) nó Airteagal 139(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíonadh nó amhras a bheith ann maidir le neamhchomhlíonadh nó i ndáil le neamhchomhlíonadh

3.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos amaidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha i ndáil le rialuithe oifigiúla a dhéanamh dá dtagraítear i mír 0 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin ar ainmhithe, ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch agus ar tháirgí geirmeacha i gcás inar gá íosleibhéal rialuithe oifigiúla chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe trí rialuithe oifigiúla a dhéanfar chun a fhíorú go bhfuil bearta maidir le galar a chosc agus a rialú, arna leagan síos i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 1(2), á gcomhlíonadh; agus

(b) 

íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin ar sheachtháirgí ainmhithe agus ar tháirgí díorthaithe i gcás inar gá íosleibhéal rialuithe oifigiúla chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí sonracha do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe trí rialuithe oifigiúla a dhéanfar chun a fhíorú go bhfuil na rialacha dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 1(2), á gcomhlíonadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

4.  
Chun críche Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, agus dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.

Airteagal 21

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht atá le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil leis na ceanglais maidir le leas ainmhithe

1.  
Rialuithe oifigiúla chun a fhíorú go bhfuil na rialacha dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 1(2) á gcomhlíonadh, déanfar iad ag gach céim ábhartha den táirgeadh, den phróiseáil agus den dháileadh feadh slabhra agraibhia.
2.  

Le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha lena leagtar síos ceanglais maidir le leas ainmhithe i gcás a n-iompair a fhíorú, go háirithe i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, áireofar:

(a) 

i gcás aistear fada idir Ballstáit agus chuig tríú tíortha, rialacha oifigiúla a dhéanamh sula ndéantar an lódáil chun riocht na n-ainmhithe atá le hiompar a sheiceáil;

(b) 

i gcás aistear fada idir Ballstáit agus chuig tríú tíortha d’eachainmhithe clóis seachas eachainmhithe cláraithe agus ainmhithe clóis de speiceas buaibheach, caorach, gabhair, mucach, agus roimh na haistir sin:

(i) 

rialuithe oifigiúla ar thurasleabhair chun a fhíorú go bhfuil an turasleabhar réalaíoch agus go léirítear go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 á chomhlíonadh; agus

(ii) 

rialuithe oifigiúla lena fhíorú go bhfuil údarú bailí iompróra, deimhniú um fhormheas don mhodh iompair d’aistir fhada agus deimhnithe inniúlachta do thiománaithe agus do na treoraithe ag an iompróir atá luaite sa turasleabhar;

(c) 

ag poist rialaithe teorann dá bhforáiltear in Airteagal 59(1) agus ag pointí imeachta:

(i) 

rialuithe oifigiúla ar riocht na n-ainmhithe atá á n-iompar agus ar an modh iompair chun comhlíonadh Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 1/2005 agus i gcás inarb infheidhme Chaibidil VI de a fhíorú;

(ii) 

rialuithe oifigiúla lena fhíorú go gcomhlíonann iompróirí na comhaontuithe idirnáisiúnta is infheidhme agus go bhfuil údaruithe iompróra bailí agus deimhnithe inniúlachta do thiománaithe agus do threoraithe acu; agus

(iii) 

rialuithe oifigiúla lena fhíorú go bhfuil eachainmhithe clóis agus ainmhithe clóis de speiceas buaibheach, caorach, gabhair, mucach, tar éis aistear fada a dhéanamh, nó chun aistear fada a dhéanamh.

3.  
Agus rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile á ndéanamh, déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá chun aon mhoill a bheadh ann idir an t-am a luchtaítear na hainmhithe agus am a n-imeachta, nó le linn an iompair, a chosc nó a íoslaghdú.

Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla ainmhithe a choinneáil le linn an iompair mura mbeidh sé sin sár-riachtanach ar mhaithe le leas na n-ainmhithe nó ar chúiseanna sláinte ainmhithe nó shláinte an duine. Más rud é, gur gá ainmhithe a choinneáil le linn an iompair ar feadh níos mó ná dhá uair an chloig, áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar socruithe iomchuí ar mhaithe lena gcúram agus, i gcás inar gá, chun iad a bheathú, chun uisce a chur ar fáil dóibh, chun iad a dhíluchtú agus chun lóistín a chur ar fáil dóibh.

4.  
I gcás ina suitear, i ndiaidh na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, go bhfuil neamhchomhlíonadh ann agus nach gcuirtear ina cheart é ag an eagraí roimh an turas, trí athruithe iomchuí arna ndéanamh ar na socruithe iompair, déanfaidh na húdaráis inniúla an turas fada sin a thoirmeasc.
5.  
I gcás ina ndeimhneoidh na húdaráis inniúla, i ndiaidh na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, nach bhfuil ainmhithe i riocht an turas a chríochnú, ordóidh siad go ndéanfar na hainmhithe a dhíluchtú, uisce a thabhairt dóibh, iad a bheathú agus scíth a thabhairt dóibh go dtí go mbeidh siad i riocht leanúint den turas.
6.  

Fógra faoi neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun críocha Airteagal 105 agus Airteagal 106, tabharfar dóibh seo a leanas é:

(a) 

na Ballstáit a dheonaigh an t-údarú don iompróir;

(b) 

i gcás ina sainaithneofar neamhchomhlíonadh i leith aon rialach den sórt sin atá infheidhme maidir leis an modh iompair, an Ballstát a dheonaigh deimhniú formheasa an mheáin iompair;

(c) 

i gcás ina sainaithneofar neamhchomhlíonadh i leith aon rialach den sórt sin atá infheidhme maidir le tiománaithe, an Ballstát a d’eisigh deimhniú inniúlachta an tiománaí.

7.  
Chun críche Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, agus dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.
8  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 1(2) a fhíorú. Tabharfar san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin an riosca do leas ainmhithe a bhaineann le gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus le hiompar agus marú ainmhithe, agus leagfar síos iontu rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais shonracha chun rialuithe oifigiúla den sórt sin a dhéanamh chun freagairt don riosca a bhaineann le speicis éagsúla ainmhithe agus modhanna iompair, agus an gá atá le cleachtais neamhchomhlíontacha a chosc, agus fulaingt ainmhithe a theorannú;

(b) 

na cásanna ina bhfuil na húdaráis inniúla le beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus 138(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíonta sonracha;

(c) 

fíorú ceanglais maidir le leas ainmhithe ag poist rialaithe teorann agus ag pointí imeachta agus na híoscheanglais is infheidhme maidir leis na pointí imeachta sin;

(d) 

critéir shonracha agus coinníollacha sonracha maidir le gníomhachtú shásraí an chúnaimh riaracháin dá bhforáiltear in Airteagail 102 go 108;

(e) 

na cásanna agus na coinníollacha nuair is féidir a áireamh ar an rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh ceanglas maidir le leas ainmhithe a fhíorú úsáid táscairí sonracha maidir le leas ainmhithe bunaithe ar chritéir intomhaiste i ndáil le feidhmíocht, agus ceapadh táscairí den sórt sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus theicniúil.

9.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanfar chun a fhíorú go bhfuil rialacha sin an Aontais á gcomhlíonadh dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 1(2) lena leagtar síos ceanglais maidir le leas ainmhithe agus i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i ndiaidh rialuithe oifigiúla den sórt sin, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin, i gcás inar gá íosleibhéal den rialú oifigiúil chun freagairt don riosca a bhaineann le speicis éagsúla ainmhithe agus modhanna iompair, agus an gá atá le cleachtais neamhchomhlíontacha a chosc, agus fulaingt ainmhithe a theorannú; agus

(b) 

na socruithe praiticiúla maidir le taifid i scríbhinn a choimeád ar rialuithe oifigiúla a dhéanfar agus tréimhse a gcoinneála.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 22

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le sláinte plandaí

1.  
Le rialuithe oifigiúla a dhéantar le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, áireofar rialuithe oifigiúla ar lotnaidí, plandaí, táirgí plandaí agus réada eile, agus ar oibreoirí gairmiúla agus ar dhaoine atá eile faoi réir na rialacha sin.
2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144, d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, ar rialacha iad is infheidhme maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht atá le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh na rialuithe oifigiúla sin a bheith déanta. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais shonracha chun rialuithe oifigiúla den sórt sin a dhéanamh ar phlandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2) agus atá á dtabhairt isteach nó á mbogadh timpeall san Aontas agus chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí aitheanta atá ann maidir le sláinte plandaí i ndáil le plandaí ar leith, táirgí plandaí ar leith agus réada eile ar de bhunadh nó tionscamh ar leith iad; agus

(b) 

na cásanna ina bhfuil na húdaráis inniúla le beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus Airteagal 138(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíonta sonracha.

3.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, ar rialacha iad is infheidhme maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i ndiaidh rialuithe oifigiúla den sórt sin, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin, i gcás inar gá íosleibhéal den rialú oifigiúil chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí aitheanta, aonfhoirmeacha atá ann maidir le sláinte plandaí i ndáil le plandaí ar leith, táirgí plandaí ar leith agus réada eile ar de bhunadh nó de thionscamh ar leith iad;

(b) 

minicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag údaráis inniúla ar oibreoirí atá údaraithe le pasanna plandaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ag féachaint an bhfuil plean bainistíochta maidir le riosca fiteasláintíochta curtha chun feidhme ag na hoibreoirí sin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 91 den Rialachán sin do na plandaí agus na táirgí plandaí sin agus do na réada eile a tháirgeann siad;

(c) 

minicíocht aonfhoirmeach na rialuithe oifigiúla a dhéanfaidh údaráis inniúla ar oibreoirí atá údaraithe an marc a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 96(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 nó an fianú oifigiúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 99(2) den Rialachán sin a eisiúint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

4.  
Chun críche Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, agus dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.

Airteagal 23

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le horgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) chun críche an táirgthe bia agus beatha agus i ndáil le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe

1.  
Le rialuithe oifigiúla a dhéantar le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, áireofar rialuithe oifigiúla ar OGManna chun críche bia agus beatha a tháirgeadh agus ar bhia géinmhodhnaithe agus ar bheatha ghéinmhodhnaithe ag gach céim ábhartha den táirgeadh, den phróiseáil agus den dháileadh feadh an tslabhra agraibhia.
2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir leis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh agus maidir le gníomhaíocht a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh rialuithe oifigiúla den sórt sin. Tabharfar san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin an gá atá le híosleibhéal rialuithe oifigiúla a áirithiú chun cosc a chur ar chleachtais a sháraíonn na rialacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2), agus leagfar síos:

(a) 

ceanglais shonracha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun freagairt do ghuaiseanna agus rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta go mbeadh:

(i) 

OGManna le haghaidh bia agus beatha a tháirgeadh agus bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe i láthair i slabhra agraibhia nár údaraíodh i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003;

(ii) 

OGManna á saothrú do tháirgeadh bia agus beatha agus an plean faireacháin dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 13(2) de Threoir 2001/18/CE agus i bpointe (b) d’Airteagal 5(5) agus i bpointe (b) d’Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh 1829/2003 á chur i bhfeidhm i gceart;

(b) 

na cásanna ina bhfuil na húdaráis inniúla le beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus Airteagal 138(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíonta sonracha.

3.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe aonfhoirmeacha praiticiúla chun na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, lena gcuirfear san áireamh an gá atá le híosleibhéal rialuithe oifigiúla a áirithiú chun cosc a chur ar chleachtais a sháraíonn na rialacha sin i ndáil le híosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin i gcás inar gá íosleibhéal rialuithe oifigiúla chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

OGManna le haghaidh bia agus beatha a tháirgeadh agus bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a bheith i láthair i slabhra agraibhia ar OGManna agus bia agus beatha iad nár údaraíodh i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003;

(b) 

saothrú OGManna do tháirgeadh bia agus beatha agus an plean faireacháin dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 13(2) de Threoir 2001/18/CE agus i bpointe (b) d’Airteagal 5(5) agus i bpointe (b) d’Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh 1829/2003 a chur i bhfeidhm i gceart;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

4.  
Chun críche Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, agus dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.

Airteagal 24

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le táirgí cosanta plandaí

1.  
Leis na rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 1(2) den Rialachán seo a fhíorú, áireofar freisin rialuithe oifigiúla maidir le substaintí gníomhacha agus teorantóirí, sineirgígh, comhfhoirmligh agus aidiúvaigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.
2.  

Chun minicíocht na rialuithe oifigiúla atá bunaithe ar riosca dá dtagraítear i mír (1) a chinneadh, cuirfidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas san áireamh freisin:

(a) 

torthaí gníomhaíochtaí faireacháin ábhartha, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin maidir le hiarmhar lotnaidicídí a chuirtear i gcrích chun críocha Airteagal 32(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus Airteagal 8 de Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ); agus

(b) 

faisnéis faoi tháirgí cosanta plandaí atá neamhúdaraithe, lena n-áirítear trádáil neamhdhleathach táirgí cosanta plandaí, agus torthaí rialuithe iomchuí a dhéanfaidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ); agus

(c) 

faisnéis faoi nimhiú maidir le táirgí cosanta plandaí, lena n-áirítear faisnéis atá ar fáil de réir Airteagal 56 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus faisnéis maidir le freagairtí sláinte éigeandála a chuireann na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 45(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ) ar fáil.

3.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir leis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais shonracha chun rialuithe oifigiúla den sórt sin a dhéanamh chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirgí cosanta plandaí maidir lena monarú, lena gcur ar an margadh, lena dtabhairt isteach san Aontas, lena lipéadú, lena bpacáistiú, lena bheith á n-iompar, a stóráil agus á n-úsáid, chun a áirithiú go n-úsáidfear go sábháilte inbhuanaithe iad agus chun a dtrádáil neamhdhleathach a chomhrac; agus

(b) 

na cásanna ina bhfuil na húdaráis inniúla le beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus Airteagal 138(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíonta sonracha.

4.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha i ndáil le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin i gcás inar gá íosleibhéal rialuithe oifigiúla chun freagairt do ghuaiseanna agus do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirgí cosanta plandaí maidir lena monarú, lena gcur ar an margadh, lena dtabhairt isteach san Aontas, lena lipéadú, lena bpacáistiú, lena bheith á n-iompar, a stóráil agus á n-úsáid, chun a áirithiú go n-úsáidfear go sábháilte inbhuanaithe iad agus chun a dtrádáil neamhdhleathach a chomhrac;

(b) 

bailiú faisnéise, faireachán agus tuairisciú ar nimhithe amhrasta ó tháirgí cosanta plandaí;

(c) 

bailiú faisnéise, agus faireachán agus tuairisciú ar tháirgí neamhúdaraithe cosanta plandaí lena n-áirítear trádáil neamhdhleathach táirgí cosanta plandaí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

5.  
Chun críche Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, agus dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.

Airteagal 25

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile i ndáil le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praicticiúla aonfhoirmeacha chun na rialuithe oifigiúla a dhéanamh le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 1(2) a fhíorú:

(a) 

ceanglais shonracha agus inneachar sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagal 110, chun na codanna ábhartha den phlean náisiúnta rialaithe ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 109(1) a ullmhú, agus inneachar sonrach breise den tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 113;

(b) 

freagrachtaí agus cúraimí sonracha do na lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh de bhreis orthu siúd dá bhforáiltear in Airteagal 98;

(c) 

socruithe praiticiúla chun sásraí an chúnaimh riaracháin dá bhforáiltear in Airteagail 102 go 108 a ghníomhachtú, lena n-áirítear an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus comhlachtaí tarmligthe a bhaineann le cásanna neamhchomhlíonta nó dóchúlacht an neamhchomhlíonta;

(d) 

na modhanna a bheidh le húsáid le haghaidh samplála agus le haghaidh anailísí agus tástálacha saotharlainne seachas, ach aon rialacha a bhaineann le tairseacha a shocrúa eisiamh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 26

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, táscairí geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

1.  

De mhaolú ar Airteagal 31(3), i ndáil leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 1(2), i gcás inar tharmlig na húdaráis inniúla na cinntí maidir leis an údarú ainm chláraithe táirge a úsáid, féadfaidh siad freisin cur i bhfeidhm na mbeart seo a leanas a tharmligean:

(a) 

a ordú go mbeadh roinnt gníomhaíochtaí de chuid an oibreora faoi réir rialuithe oifigiúla córasacha nó méadaithe;

(b) 

a ordú don oibreoir minicíocht a rialuithe féin a mhéadú;

(c) 

a ordú go ndéanfar athrú ar an lipéad ionas go mbeidh sé ag teacht le sonraíochtaí an táirge agus leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 1(2).

2.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 1(2) a fhíorú. Leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe sin, rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais, modhanna agus teicnící dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 14 maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun comhlíonadh sonraíochtaí táirge agus ceanglais lipéadaithe a fhíorú;

(b) 

modhanna agus teicnící sonracha dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh atá dírithe ar inrianaitheacht earraí agus ainmhithe a thagann faoi raon feidhme na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 1(2) a áirithiú ag gach céim den phróiseas táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin, agus ar ráthaíochtaí a sholáthar i ndáil le comhlíonadh na rialacha sin;

(c) 

na cásanna ina bhfuil na húdaráis inniúla le ceann amháin nó níos mó de na bearta nó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 138(1) agus (2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíonta sonracha.

3.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun na rialuithe oifigiúla a dhéanamh le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, ar rialacha iad a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

socruithe praiticiúla sonracha chun sásraí an chúnaimh riaracháin dá bhforáiltear in Airteagail 102 go 108 a chur i ngníomh, lena n-áirítear an malartú faisnéise idir údaráis inniúla, údaráis inniúla agus comhlachtaí tarmligthe a bhaineann le cásanna neamhchomhlíonta nó dóchúlacht an neamhchomhlíonta; agus

(b) 

oibleagáidí sonracha tuairiscithe na gcomhlachtaí tarmligthe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

4.  
Chun críche Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.

Airteagal 27

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le rioscaí nua-aitheanta i ndáil le bia agus beatha

1.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar chatagóirí áirithe bia agus beatha chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 1(2) a fhíorú agus maidir le gníomhaíocht a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla de bhun rialuithe oifigiúla den sórt sin. Tabharfaidh na gníomhartha tarmligthe sin aghaidh ar rioscaí nua-aitheanta a d’fhéadfadh teacht chun cinn trí bhia nó beatha do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe nó, maidir le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin, nó aon rioscaí den sórt sin a thig as patrúin nua táirgthe nó tomhaltais bia nó beatha, ar rioscaí iad nach féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach orthu in éagmais rialacha coiteanna den sórt sin. Leagfar síos leis na gníomhartha tarmligthe sin rialacha maidir leis an méid seo a leanas síos leis na gníomhartha sin:

(a) 

ceanglais shonracha aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a chur i bhfeidhm chun freagairt do na guaiseanna sonracha agus na rioscaí atá ann maidir le gach catagóir bia agus beatha agus do na próisis éagsúla a chuirtear i bhfeidhm air; agus

(b) 

na cásanna ina bhfuil na húdaráis inniúla le beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus 138(2) a dhéanamh i gcásanna sonracha a bhaineann le neamh-chomhlíonadh

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanfar ar chatagóirí áirithe bia agus beatha chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 1(2) a fhíorú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí nua-aitheanta, a d’fhéadfadh teacht chun cinn, do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, trí bhia nó trí bheatha, nó maidir le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol, nó aon rioscaí den sórt sin a thig as patrúin nua táirgthe nó tomhaltais bia nó beatha, agus nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach in éagmais na rialacha coiteanna sin maidir leis an méid seo a leanas íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin, i gcás ina mbeidh íosleibhéal rialaithe oifigiúil ag teastáil chun freagairt do na guaiseanna sonracha agus na rioscaí atá ann maidir le gach catagóir bia agus beatha agus do na próisis éagsúla a chuirtear i bhfeidhm air. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
3.  
Ar mhórfhorais práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le cásanna ina mbeidh rioscaí tromchúiseacha ann do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 145(3).



CAIBIDIL III

Cúraimí áirithe de chuid na n-údarás inniúil a tharmligean

Airteagal 28

Tarmligean cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil ag na húdaráis inniúla

1.  
Féadfaidh údaráis inniúla cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean chuig comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó, nó chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 29 agus Airteagal 30 faoi seach. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbeidh na cumhachtaí is gá ag an gcomhlacht tarmligthe, nó ag an duine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí den sórt sin chuige, chun na cúraimí sin a dhéanamh go héifeachtach.
2.  
I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil nó Ballstát, má chinneann sé amhlaidh, cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, a tharmligean chuig comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó, sannfaidh sé códuimhir do gach comhlacht tarmligthe agus ainmneoidh siad na húdaráis ábhartha a bheidh freagrach as a bhformheas agus as maoirseacht a dhéanamh orthu.

Airteagal 29

Coinníollacha maidir le cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean chuig comhlachtaí tarmligthe

Beidh tarmligean cúraimí áirithe maidir le rialú oifigiúil chuig comhlacht tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i scríbhinn agus comhlíonfar na coinníollacha a leanas leis:

(a) 

beidh cur síos beacht sa tarmligean ar na cúraimí sin i ndáil le rialú oifigiúil is féidir leis an gcomhlacht tarmligthe a dhéanamh, agus na coinníollacha faoinar féidir leis na cúraimí sin a dhéanamh;

(b) 

an comhlacht tarmligthe a bheith mar a leanas:

(i) 

an saineolas, an trealamh agus an bonneagar a bheith aige atá de dhith chun na cúraimí sin i ndáil le rialú oifigiúil arna dtarmligean chuige a dhéanamh;

(ii) 

a dhóthain foirne a bheith aige a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu;

(iii) 

neamhchlaonta agus saor ó aon choinbhleacht leasa agus go háirithe, ní bheidh sé i gcás ina bhféadfar, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú na gcúraimí sin maidir le rialú oifigiúil arna dtarmligean chuige;

(iv) 

oibríonn sé agus tá sé creidiúnaithe i gcomhréir le caighdeáin atá ábhartha i ndáil leis na cúraimí tarmligthe atá i dtrácht, lena n-áirítear caighdeán EN ISO/IEC 17020 “Ceanglais maidir le hoibriú cineálacha éagsúla comhlachtaí a dhéanann cigireacht”;

(v) 

tá cumhachtaí leordhóthanacha aige chun na rialuithe oifigiúla arna dtarmligean chuige a dhéanamh; agus

(c) 

socruithe a bheith i bhfeidhm lena n-áiritheofar comhordú éifeachtúil agus éifeachtach idir na húdaráis inniúla atá ag tarmligean agus an comhlacht tarmligthe.

Airteagal 30

Coinníollacha maidir le cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean chuig daoine nádúrtha

Féadfaidh údaráis inniúla cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó i gcás ina gceadaítear sin leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagail 18 go 27. Beidh tarmligean den sórt sin i scríbhinn agus comhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh cur síos beacht sa tarmligean ar na cúraimí sin i ndáil le rialú oifigiúil is féidir leis na daoine nádúrtha a dhéanamh, agus na coinníollacha faoinar féidir leis na daoine nádúrtha na cúraimí sin a dhéanamh;

(b) 

maidir leis na daoine nádúrtha:

(i) 

beidh an saineolas, an trealamh agus an bonneagar acu atá de dhith chun na cúraimí maidir le rialú oifigiúil arna dtarmligean chucu a dhéanamh;

(ii) 

beidh na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu;

(iii) 

gníomhóidh siad go neamhchlaonta agus beidh siad saor ó aon choinbhleacht leasa maidir le feidhmiú na gcúraimí sin i ndáil le rialú oifigiúil arna dtarmligean chucu; agus

(c) 

beidh socruithe i bhfeidhm lena n-áiritheofar comhordú éifeachtúil agus éifeachtach idir na húdaráis inniúla atá ag tarmligean agus na daoine nádúrtha.

Airteagal 31

Coinníollacha chun cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean

1.  

Féadfaidh na húdaráis inniúla cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean chuig comhlacht tarmligthe amháin nó níos mó, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach dtoirmisctear leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) tarmligean den sórt sin; agus

(b) 

go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29(1) seachas an méid sin a leagtar síos i bpointe (b)(iv).

2.  

Féadfaidh na húdaráis inniúla cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

go gceadaíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) tarmligean den sórt sin; agus

(b) 

go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30, arna gcur i bhfeidhm mutatis mutandis, á gcomhlíonadh.

3.  
Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh maidir leis na cúraimí dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 138(1) agus in Airteagal 138(2) agus (3) a tharmligean chuig comhlacht tarmligthe nó chuig duine nádúrtha.

Airteagal 32

Oibleagáidí na gcomhlachtaí tarmligthe agus na ndaoine nádúrtha

Na comhlachtaí tarmligthe nó na daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chucu i gcomhréir le Airteagal 28(1), nó ar tarmligeadh cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile chucu i gcomhréir le hAirteagal 31, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a) 

torthaí na rialuithe oifigiúla agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile a rinne siad a chur in iúl do na húdaráis inniúla atá ag tarmligean, ar bhonn rialta, agus tráth ar bith a n-iarrann na húdaráis inniúla amhlaidh;

(b) 

na húdaráis inniúla atá ag tarmligean a chur ar an eolas láithreach i gcás ina léiríonn torthaí na rialuithe oifigiúla neamhchomhlíonadh nó ina léiríonn siad go bhfuil seans mór neamhchomhlíonta ann, mura bhforáiltear a mhalairt le socruithe sonracha arna leagan síos idir an t-údarás inniúil agus an comhlacht tarmligthe nó an duine nádúrtha lena mbaineann; agus

(c) 

rochtain a thabhairt d’údaráis inniúla ar a n-áitribh agus ar na saoráidí atá acu agus comhoibriú agus cúnamh a chur ar fáil.

Airteagal 33

Oibleagáidí na n-údarás inniúil atá ag tarmligean

Na húdaráis inniúla a tharmlig cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil chuig comhlachtaí tarmligthe nó chuig daoine nádúrtha i gcomhréir le hAirteagal 28(1) nó a tharmlig cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile chuig comhlachtaí tarmligthe nó chuig daoine nádúrtha i gcomhréir le hAirteagal 31, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a) 

iniúchtaí nó cigireachtaí comhlachtaí nó daoine den sórt sin a eagrú, de réir mar is gá, agus an dúbláil a sheachaint agus aon chreidiúnú dá dtagraítear i bpointe (b) (iv) d’Airteagal 29(1) á chur san áireamh;

(b) 

an tarmligean a tharraingt siar ina iomláine nó i bpáirt gan mhoill:

(i) 

i gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil ag teip ar chomhlacht tarmligthe den sórt sin nó ar dhuine nádúrtha den sórt sin na cúraimí a tarmligeadh chucu a dhéanamh;

(ii) 

i gcás ina mainníonn an comhlacht tarmligthe nó an duine nádúrtha gníomhaíocht chuí agus thráthúil a dhéanamh chun na heasnaimh a aithníodh a réiteach; nó

(iii) 

i gcás ina dtaispeántar neamhspleáchas nó neamhchlaontacht an chomhlachta tarmligthe nó an duine nádúrtha a bheith sáraithe.

Ní dochar an pointe seo d’inniúlacht na n-údarás inniúil an tarmligean sin a tharraingt siar ar chúiseanna eile seachas na cúiseanna dá dtagraítear sa Rialachán seo.



CAIBIDIL IV

Sampláil, anailísí, tástálacha agus diagnóisí

Airteagal 34

Modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála, anailísí, tástálacha agus diagnóisí

1.  
Comhlíonfaidh na modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála agus anailísí, tástálacha agus diagnóisí saotharlainne le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile rialacha an Aontais lena mbunaítear na modhanna sin nó na critéir feidhmíochta le haghaidh na modhanna sin.
2.  

In éagmais rialacha an Aontais amhail dá dtagraítear i mír 1, agus i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, úsáidfidh na saotharlanna oifigiúla ceann amháin de na modhanna seo a leanas de réir a oiriúnaí a bheidh siad dá riachtanais shonracha anailíseacha, tástála agus diagnóise:

(a) 

na modhanna atá ar fáil a chomhlíonann rialacha nó prótacail ábhartha atá aitheanta go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear iad sin atá glactha ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú; nómodhanna ábhartha arna bhforbairt; nó

arna moladh ag na saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus arna mbailíochtú i gcomhréir le prótacail eolaíochta atá inghlactha go hidirnáisiúnta;

(b) 

in éagmais na rialacha nó na bprótacal oiriúnach amhail dá tagraítear i bpointe (a), modhanna lena gcomhlíontar na rialacha ábhartha arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta, nó, mura bhfuil ann do rialacha den sórt sin, modhanna ábhartha arna bhforbairt nó arna moladh ag saotharlanna tagartha náisiúnta agus arna mbailíochtú i gcomhréir le prótacail eolaíochta atá inghlactha go hidirnáisiúnta; nó

modhanna ábhartha arna bhforbairt agus arna mbailíochtú le staidéar bailíochtaithe idirshaotharlainne nó insaotharlainne i gcomhréir le prótacail eolaíochta atá inghlactha go hidirnáisiúnta.

3.  
I gcás ina bhfuil géarghá le hanailísí, tástálacha nó diagnóisí saotharlainne agus nach ann d’aon cheann de na modhanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an tsaotharlann tagartha náisiúnta ábhartha nó, murach ann do shaotharlann tagartha náisiúnta den sórt sin, aon saotharlann eile arna hainmniú i gcomhréir le hAirteagal 37(1), modhanna a úsáid seachas na modhanna sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo go dtí go mbailíochtófar modh iomchuí i gcomhréir le prótacail eolaíochta atá inghlactha go hidirnáisiúnta.
4.  
Nuair is féidir, is iad na critéir ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III bunús na modhanna a úsáidfear d’anailísí saotharlainne.
5.  
Déanfar na samplaí a ghlacadh, a láimhseáil agus a lipéadú ar bhealach a ráthóidh a mbailíocht dhlíthiúil, eolaíoch agus theicniúil.
6.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe a leanas:

(a) 

na modhanna a bheidh le húsáid le haghaidh samplála, agus le haghaidh anailísí, tástálacha agus diagnóisí saotharlainne;

(b) 

critéir feidhmíochta, paraiméadair anailíse, tástála nó diagnóise, éiginnteacht maidir le tomhais agus nósanna imeachta chun na modhanna sin a bhailíochtú;

(c) 

torthaí anailíse, tástála agus diagnóise a léirmhíniú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 35

An dara tuairim shaineolach

1.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh an ceart ag oibreoirí, a bhfuil a n-ainmhithe nó a n-earraí faoi réir sampláil, anailís, tástáil nó diagnóis i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla, an dara tuairim shaineolach a lorg, ar chostas an oibreora féin.

Leis an gceart don dara tuairim shaineolach, beidh an t-oibreoir i dteideal athbhreithniú doiciméadach a iarraidh ar an tsampláil, anailís, tástáil nó diagnóis atá déanta ag saineolaí aitheanta eile a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí aige.

2.  

Nuair is ábhartha, nuair is iomchuí agus nuair atá sé indéanta ón taobh teicniúil de, ag féachaint go háirithe d'fhorleithne agus leithdháileadh na guaise sna hainmhithe nó sna hearraí, do shomheatacht shamplaí na n-earraí agus don mhéid foshraithe atá ar fáil, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a) 

agus an sampla á thógáil, agus má iarrann an t-oibreoir amhlaidh, a áirithiú go dtógfar cainníocht leordhóthanach samplaí chun an dara tuairim shaineolach a cheadú agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh, más gá; nó,

(b) 

i gcás nach bhfuil sé indéanta an chainníocht leordhóthanach a thógáil amhail dá dtagraítear i bpointe (a) , an t-oibreoir a chur ar an eolas faoi sin.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo nuair a bheidh sé á mheas an bhfuil lotnaidí coraintín i láthair i bplandaí, i dtáirgí plandaí nó i réada eile chun comhlíonadh na rialacha amhail dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2) a fhíorú.

3.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, go bhféadfaidh na hoibreoirí, i gcás ina mbeidh aighneas idir na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí, bunaithe ar an dara tuairim shaineolach dá dtagraítear i mír 1, athbhreithniú doiciméadach a iarraidh, ar a gcostas féin, ar an anailís, an tástáil nó an diagnóis thosaigh, agus i gcás inarb iomchuí, anailís, tástáil nó diagnóis eile a iarraidh a dhéanfaidh saotharlann oifigiúil eile.
4.  
Ní dhéanfaidh an t-iarratas ón oibreoir ar an dara tuairim shaineolach faoi mhír 1 den Airteagal seo difear d’oibleagáid na n-údarás inniúil gníomhaíocht phras a dhéanamh chun na rioscaí do shláinte an duine, agus do shláinte ainmhithe agus plandaí, nó do leas ainmhithe a chosc nó a shrianadh nó, maidir le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, rioscaí don chomhshaol freisin, i gcomhréir leis an Rialachán se agus leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 36

Sampláil ainmhithe agus earraí arna gcur ar díol trí bhíthin cianchumarsáide

1.  
I gcás ainmhithe agus earraí a chuirtear ar díol trí bhíthin cianchumarsáide, féadfar samplaí a ordaíonn na húdaráis inniúla ó oibreoirí gan iad féin a chur in aithne a úsáid chun críocha rialú oifigiúil.
2.  

Déanfaidh údaráis inniúla, a luaithe a bheidh siad i seilbh na samplaí, gach is gá lena áirithiú go n-áiritheofar an méid seo a leanas i ndáil leis na hoibreoirí óna n-ordófar na samplaí sin i gcomhréir le mír 1:

(a) 

go gcuirtear ar an eolas iad gur glacadh samplaí den sórt sin i gcomhthéacs rialú oifigiúil agus, nuair is iomchuí, go bhfuil siad á n-anailísiú nó á dtástáil chun críocha rialú oifigiúil den sórt sin; agus,

(b) 

i gcás ina ndéantar anailís nó tástáil ar na samplaí dá dtagraítear sa mhír sin, go bhfuil siad in ann an ceart chun an dara tuairim shaineolach amhail dá bhforáiltear in Airteagal 35(1) a fheidhmiú.

3.  
Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le comhlachtaí tarmligthe agus daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí áirithe maidir le rialú oifigiúil chucu.

Airteagal 37

Saotharlanna oifigiúla a ainmniú

1.  
Ainmneoidh na húdaráis inniúla na saotharlanna oifigiúla a dhéanfaidh na hanailísí, na tástálacha agus na diagnóisí saotharlainne ar na samplaí a glacadh le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, sa Bhallstát a n-oibríonn na húdaráis inniúla sin ina gcríoch, nó i mBallstát eile, nó i dtríú tír ar Páirtí Conarthach sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch í.
2.  

Féadfaidh na húdaráis inniúla saotharlann atá suite i mBallstát eile nó i dtríú tír ar páirtí conarthach leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch í, a ainmniú mar shaotharlann oifigiúil faoi réir na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

go bhfuil socruithe iomchuí i bhfeidhm faoina mbeidh na húdaráis inniúla in ann na hiniúchtaí agus na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 39(1) a dhéanamh nó iniúchtaí agus cigireachtaí den sórt sin a tharmligean chuig údaráis inniúla an Bhallstáit, ag chuig údaráis an tríú tír ar Páirtí Conarthach sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch í, ina bhfuil an tsaotharlann suite; agus

(b) 

go bhfuil an tsaotharlann ainmnithe cheana féin mar shaotharlann oifigiúil ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sí suite.

3.  

Beidh ainmniúchán na saotharlainne oifigiúla i scríbhinn agus beidh cur síos mionsonraithe ann ar an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí a dhéanann an tsaotharlann mar shaotharlann oifigiúil;

(b) 

na coinníollacha faoina ndéanann sí na cúraimí dá dtagraitear i bpointe (a); agus

(c) 

na socruithe is gá chun comhordú agus comhoibriú éifeachtúil agus éifeachtach idir an tsaotharlann agus na húdaráis inniúla a áirithiú.

4.  

Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla saotharlann a ainmniú mar shaotharlann oifigiúil ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil an saineolas, an trealamh agus an bonneagar is gá aici chun anailísí nó tástálacha nó diagnóisí a dhéanamh ar shamplaí;

(b) 

i gcás ina bhfuil a dóthain foirne aici a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu agus an oiliúint chuí orthu;

(c) 

i gcás go n-áirithíonn sí go ndéantar na cúraimí a chuirtear uirthi, mar a leagtar amach i mír 1 iad, go neamhchlaonta agus saor ó aon choinbhleacht leasa maidir le feidhmiú a cúraimí mar shaotharlann oifigiúil;

(d) 

i gcás inar féidir léi torthaí na hanailíse, na tástála nó na diagnóise a rinneadh ar na samplaí a glacadh le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a thabhairt go tráthúil; agus

(e) 

i gcás ina n-oibríonn sí i gcomhréir le caighdeán EN ISO/IEC 17025 agus ina bhfuil sí creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán sin ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a oibríonn i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

5.  

Maidir le raon feidhme creidiúnaithe saotharlainne oifigiúla amhail dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 4:

(a) 

áiritheofar ann na modhanna anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne sin ar fad is gá leis an tsaotharlann a úsáid le haghaidh anailísí, tástálacha nó diagnóisí nuair a oibríonn sí mar shaotharlann oifigiúil;

(b) 

féadfaidh modh amháin anailísí, tástála nó diagnóise saotharlainne nó níos mó a bheith i gceist, nó meascán modhanna;

(c) 

féadfar é a shainiú ar bhealach solúbtha, ionas go n-áireofar i raon feidhme an chreidiúnaithe leaganacha modhnuithe de na modhanna arna n-úsáid ag an saotharlann oifigiúil nuair a dheonófar an creidiúnú nó modhanna nua sa bhreis ar na modhanna sin, ar bhonn bhailíochtú na saotharlainne féin gan measúnú sonrach a bheith déanta ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta roimh na modhanna modhnaithe nó nua sin a úsáid.

6.  
I gcás nach bhfuil an saineolas, an trealamh, an bonneagar ná an fhoireann is gá ag saotharlann oifigiúil ar bith, arna hainmniú san Aontas, nó i dtríú tír ar Páirtí Conarthach sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch í, i gcomhréir le mír 1, chun anailísí, tástálacha nó diagnóisí saotharlainne nua nó fíorneamhchoitianta a dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla iarraidh ar shaotharlann nó ar ionad diagnóiseach nach gcomhlíontar iontu ceann amháin nó níos mó de cheanglais a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4 na hanailísí, na tástálacha agus na diagnóisí sin a dhéanamh.

Airteagal 38

Oibleagáidí saotharlann oifigiúil

1.  
I gcás ina léiríonn torthaí anailíse, tástála nó diagnóise ar na samplaí a glacadh le linn rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile, ina léiríonn siad riosca do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, agus don chomhshaol freisin, nó ina léiríonn siad dóchúlacht neamhchomhlíonta, tabharfaidh na saotharlanna oifigiúla fógra láithreach do na húdaráis inniúla a d’ainmnigh don anailís, don tástáil nó don diagnóis sin iad agus, i gcás inarb ábhartha, do na comhlachtaí tarmligthe nó daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí chucu. Féadfar a shonrú, áfach, le socruithe sonracha idir na húdaráis inniúla, na comhlachtaí tarmligthe nó na daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí chucu agus na saotharlanna oifigiúla, nach bhfuil ceanglas ann an fhaisnéis sin a sholáthar láithreach.
2.  
Arna iarraidh sin don tsaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh nó do shaotharlann tagartha náisiúnta tagartha, glacfaidh saotharlanna oifigiúla páirt i dtástálacha comparáideacha nó inniúlachta idir-shaotharlainne a eagrófar do na hanailísí, na tástálacha nó na diagnóisí a dhéanfaidh siad mar shaotharlanna oifigiúla.
3.  
Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, cuirfidh saotharlanna oifigiúla ar fáil don phobal ainmneacha na modhanna arna n-úsáid le haghaidh anailísí, tástálacha nó diagnóisí arna ndéanamh i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochta oifigiúla eile.
4.  
Chomh maith leis na torthaí, cuirfidh na saotharlanna oifigiúla in iúl, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, an modh a úsáidtear le haghaidh gach anailíse, tástála nó diagnóise arna ndéanamh i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochta oifigiúla eile.

Airteagal 39

Iniúchtaí ar shaotharlanna oifigiúla

1.  
Eagróidh na húdaráis inniúla iniúchtaí ar na saotharlanna oifigiúla a d’ainmnigh siad i gcomhréir le hAirteagal 36(1), ar bhonn rialta agus am ar bith a gceapann siad go bhfuil iniúchadh riachtanach, mura gcinnfidh siad go bhfuil an iniúchtaí den sórt sin iomarcach ag féachaint don mheasúnú creidiúnaithe dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 37(4).
2.  

Tarraingeoidh na húdaráis inniúla siar láithreach ainmniúchán saotharlainne oifigiúla, ina iomláine, nó i gcás cúraimí áirithe, i gcás ina mainníonn dé ghníomhaíocht cheartaitheach thráthúil agus iomchuí a dhéanamh tar éis torthaí iniúchta dá bhforáiltear i mír 1 a fháil, a nochtann aon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

ní chomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 37(4) agus (5);

(b) 

ní chomhlíonann sé na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 38;

(c) 

léiríonn sé drochfheidhmíocht sna tástálacha comparáideachta idirshaotharlainne dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 40

Maolú ón gcoinníoll maidir le creidiúnú éigeantach saotharlann oifigiúil áirithe

1.  

De mhaolú ar phointe (e) d’Airteagal 37(4), féadfaidh na húdaráis inniúla iad seo a leanas a ainmniú mar shaotharlanna oifigiúla cibé acu a chomhlíonann siad an choinníoll dá bhforáiltear sa phointe sin nó nach gcomhlíonann:

(a) 

saotharlanna:

(i) 

arb é an t-aon ghníomhaíocht a dhéanann siad Trichinella a bhrath i bhfeoil;

(ii) 

nach n-úsáidtear chun Trichinella a bhrath ach na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 ( 13 );

(iii) 

a dhéanann Trichinella a bhrath faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil nó saotharlainne oifigiúla arna hainmniú i gcomhréir le hAirteagal 37(1), agus arna creidiúnú i gcomhréir le caighdeán EN ISO/IEC 17025 leis na modhanna dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo a úsáid; agus

(iv) 

a ghlacann páirt go rialta sna tástálacha comparáideacha nó inniúlachta idirshaotharlainne arna n-eagrú ag na saotharlanna náisiúnta tagartha do na modhanna a úsáideann siad chun Trichinella a bhrath, agus a n-éiríonn go sásúil leo sna tástálacha sin;

(b) 

saotharlanna nach ndéanann ach anailísí, tástálacha nó diagnóisí i gcomhthéacs gníomhaíochtaí oifigiúla eile, ar choinníoll:

(i) 

nach n-úsáideann siad ach na modhanna anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus i bpointe (a) nó i bpointe (b) d’Airteagal 34(2);

(ii) 

go ndéanann siad na hanailísí, na tástálacha nó na diagnóisí faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil nó na saotharlann tagartha náisiúnta i ndáil leis na modhanna a úsáidtear iontu;

(iii) 

go nglacann siad páirt go rialta sna tástálacha comparáideacha nó inniúlachta idirshaotharlainne arna n-eagrú ag na saotharlanna náisiúnta tagartha i ndail leis na modhanna a úsáideann siad chun Trichinella a bhrath, agus a n-éiríonn go sásúil leo sna tástálacha sin; agus

(iv) 

córas dearbhaithe cáilíochta a bheith i bhfeidhm chun torthaí iontaofa fónta a áirithiú ó na modhanna anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne a úsáidtear.

2.  
I gcás ina n-éilíonn na modhanna atá á n-úsáid ag na saotharlanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo dearbhú ar thoradh na hanailíse, na tástála nó na diagnóise saotharlainne, déanfaidh saotharlann oifigiúil a chomhlíonann na gceanglas a leagtar amach i bpointe (e) d’Airteagal 37(4) an anailís, tástáil nó diagnóis dearbhúcháin saotharlainne.
3.  
Beidh na saotharlanna oifigiúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 suite sna Ballstáit sin a bhfuil na húdaráis inniúla a d’ainmnigh iad suite ina gcríoch.

Airteagal 41

Cumhachtaí chun maoluithe a ghlacadh ón gcoinníoll maidir le creidiúnú éigeantach na modhanna anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne ar fad atá á n-úsáid ag saotharlanna oifigiúla

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil leis na cásanna ina bhféadfaidh, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh, na húdaráis inniúla saotharlanna a ainmniú mar shaotharlanna oifigiúla i gcomhréir le hAirteagal 37(1), ar saotharlanna iad nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 37(4) maidir leis na modhanna ar fad a úsáideann siad do rialuithe oifigiúla nó do ghníomhaíochtaí oifigiúla eile, ar choinníoll go gcomhlíonann saotharlanna den sórt sin na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go n-oibríonn siad, agus go ndéantar iad a chreidiúnú i gcomhréir le caighdeán EN ISO/ICE 17025 le haghaidh úsáide modha amháin nó níos mó atá cosúil leis na modhanna a úsáideann siad, nó ionadaíoch orthu; agus

(b) 

go mbaineann siad úsáid rialta agus shuntasach as na modhanna dá bhfuair siad an creidiúnú dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo; seachas, i ndáil leis an réimse arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2), i gcás nach ann do mhodh bailíochtaithe chun na lotnaidí nó plandaí sonracha a bhrath dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus (2).

Airteagal 42

Maoluithe sealadacha ón gcoinníoll maidir le creidiúnú éigeantach saotharlann oifigiúil áirithe

1.  

De mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 37(5), féadfaidh na húdaráis inniúla saotharlann oifigiúil atá ann cheana a ainmniú go sealadach mar shaotharlann oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 37(1) chun modh anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne a úsáid nach bhfuil an creidiúnú dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 37(4) faighte aige dó:

(a) 

i gcás ina bhfuil úsáid an mhodha sin arna cheangal le déanaí ag rialacha an Aontais;

(b) 

i gcás ina n-éilíonn athrú ar mhodh atá á úsáid creidiúnú nua nó síneadh ar raon feidhme an chreidiúnaithe a fuair an tsaotharlann oifigiúil; nó

(c) 

i gcás ina bhfuil an riachtanas an modh a úsáid ann de thoradh éigeandála nó riosca atá tagtha chun cinn do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó do leas ainmhithe nó, maidir le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin.

2.  

Beidh an t-ainmniú sealadach dá dtagraítear i mír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

an tsaotharlann oifigiúil a bheith creidiúnaithe cheana féin i gcomhréir le caighdeán EN ISO/IEC 17025 le haghaidh úsáid modh atá cosúil leis an modh nach bhfuil áirithe faoi raon feidhme a chreidiúnaithe;

(b) 

córas dearbhaithe cáilíochta a bheith i bhfeidhm sa saotharlann oifigiúil chun torthaí iontaofa fónta a áirithiú trí úsáid an mhodha nach bhfuil áirithe faoi raon feidhme an chreidiúnaithe atá ann cheana;

(c) 

go ndéanann siad na hanailísí, na tástálacha nó na diagnóisí faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil nó na saotharlainne tagartha náisiúnta don mhodhsin.

3.  
Ní rachaidh an t-ainmniú sealadach dá bhforáiltear i mír 1 thar thréimhse bliana. Féadfar é a athnuachan uair amháin ar feadh tréimhse bliana.
4.  
Beidh na saotharlanna oifigiúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 suite sna Ballstáit sin a bhfuil na húdaráis inniúla a d’aimnigh siad suite ina gcríoch.



CAIBIDIL V

Rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí a thagann isteach san Aontas

Airteagal 43

Rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí a thagann isteach san Aontas

Eagrófar na rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí a thagann isteach san Aontas ar bhonn riosca. I gcás na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 47 agus Airteagal 48, déanfar rialuithe oifigiúla den sórt sin i gcomhréir le hAirteagail 47 go 64.



Roinn I

Ainmhithe agus earraí seachas na hAinmhithe agus NA hEarraí sin atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann faoi Roinn II

Airteagal 44

Rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus earraí seachas na hainmhithe agus na hearraí sin atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann faoi Roinn II

1.  
Chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhionnadh, déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla go rialta, ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, ar ainmhithe agus ar earraí a thagann isteach san Aontas agus nach bhfuil feidhm ag Airteagal 47 ná Airteagal 48 maidir leo.
2.  

Maidir le hainmhithe agus earraí dá dtagraítear i mír 1, cinnfear minicíocht iomchuí na rialuithe oifigiúla, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

na rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe, plandaí, do leas ainmhithe nó, maidir le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, agus don chomhshaol, a bhaineann le cineálacha éagsúla ainmhithe agus táirgí;

(b) 

aon fhaisnéis a léiríonn gur dócha go bhféadfaí tomhaltóirí a chur amú, go háirithe maidir le cineál, céannacht, airíonna, comhdhéanamh, cainníocht, marthanacht, tír thionscnaimh nó bunáitíocht, modh monaraíochta nó táirgthe na n-earraí;

(c) 

stair chomhlíonta na gceanglas arna mbunú leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) is infheidhme maidir leis na hainmhithe nó na hearraí lena mbaineann:

(i) 

ag an tríú tír agus den bhunaíocht tionscnaimh nó ag an ionad táirgthe, de réir mar is iomchuí;

(ii) 

ag an onnmhaireoir;

(iii) 

ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht;

(d) 

na rialuithe a rinneadh cheana féin ar na hainmhithe agus ar na hearraí lena mbaineann; agus

(e) 

na ráthaíochtaí a thug údaráis inniúla an tríú tír tionscnaimh maidir le comhlíonadh na gceanglas arna mbunú leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó le ceanglais a aithnítear iad a bheith coibhéiseach leo, ag ainmhithe agus earraí.

3.  

Déanfar na rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear i mír 1 ag áit iomchuí laistigh de chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear:

(a) 

an pointe teacht isteach san Aontas;

(b) 

post rialaithe teorann;

(c) 

an pointe scaoilte do shaorchúrsaíocht san Aontas;

(d) 

trádstórais agus áitreabh an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht;

(e) 

an ceann scríbe.

4.  

D’ainneoin mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh na húdaráis inniúla ag poist rialaithe teorann agus ag pointí teacht isteach eile san Aontas rialuithe oifigiúla ar an méid seo a leanas nuair atá cúis acu a chreidiúint go bhféadfaidís sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí nó leas ainmhithe a chur i mbaol nó, maidir le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, agus an comhshaol, freisin, a chur i mbaol:

(a) 

modhanna iompair, lena n-áirítear iad a bheith folamh; agus

(b) 

pacáistiú, lena n-áirítear pailléid.

5.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh freisin ar earraí a chuirtear faoi aon cheann de na nósanna imeachta custaim a shainmhínítear i bpointe (16) (a), (b)agus (c) d’Airteagal 5 de Rialachán (CEE) Uimh. 952/2013 agus i stóráil shealadach a shainmhínítear i bpointe (17) d’Airteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 45

Cineálacha rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus earraí seachas na hainmhithe agus na hearraí sin atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann faoi Roinn II

1.  

I gcás ina ndéantar rialuithe oifigiúla i gcomhréir le hAirteagal 44(1):

(a) 

áireofar seiceáil dhoiciméadach iontu i gcónaí; agus

(b) 

áireofar seiceálacha céannachta agus fisiceacha ag brath ar an riosca do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, do leas ainmnithe nó, maidir le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin.

2.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla na seiceála fisiceacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 faoi choinníollacha iomchuí ionas gur féidir imscrúduithe a dhéanamh i gceart.
3.  
I gcás ina léiríonn na seiceálacha doiciméadacha, céannachta nó fisiceacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach gcomhlíonann ainmhithe agus earraí na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), beidh feidhm ag Airteagail 66(1), (3) agus (5), Airteagal 67, 68, agus 69, Airteagal 71(1) agus (2), Airteagal 72(1) agus (2), Airteagal 137 agus Airteagal 138.
4.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar oibreoirí fógra a thabhairt faoi theacht isteach earraí áirithe san Aontas.

Airteagal 46

Samplaí a thógtar ó ainmhithe agus earraí seachas na hainmhithe agus na hearraí sin atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann faoi Roinn II

1.  

I gcás ina dtógtar samplaí ó ainmhithe agus earraí, déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas, gan dochar d’Airteagail 34 go 42:

(a) 

na hoibreoirí lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis chustaim a chur ar an eolas;

(b) 

cinneadh a dhéanamh an gá nó nach gá na hainmhithe nó na hearraí a choinneáil go dtí go bhfaighfear torthaí na hanailíse, na tástála nó na diagnóise a rinneadh, ar choinníoll go n áirithítear inrianaitheacht na n-ainmhithe nó na n-earraí.

2.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas:

(a) 

na nósanna imeachta is gá a bhunú chun inrianaitheacht na n-ainmhithe nó na n-earraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a áirithiú;

(b) 

na doiciméid a shainaithint a chaithfidh a bheith ag gabháil leis na hainmhithe nó na hearraí dá dtagraítear i mír 1 nuair a thógfaidh na húdaráis inniúla samplaí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).



Roinn II

Rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann ar earraí agus ar ainmhithe

Airteagal 47

Ainmhithe agus earraí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

1.  

Chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhionnadh, déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla ag an bpost rialaithe teorann ina dtagann gach coinsíneacht isteach an chéad uair, ar gach coinsíneacht ina bhfuil na catagóirí ainmhithe agus earraí seo a leanas a thagann isteach san Aontas:

(a) 

ainmhithe;

▼M1

(b) 

products of animal origin, germinal products, animal by-products, hay and straw and foodstuffs containing both products of plant origin and processed products of animal origin (‘composite products’);

▼B

(c) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile amhail dá dtagraítear sna liostaí arna mbunú de bhun Airteagal 72(1) agus Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;

(d) 

earraí ó thríú tíortha áirithe a bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún ina leith, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo, go bhfuil gá le beart a éilíonn méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla ar theacht isteach dóibh san Aontas de bharr riosca aitheanta nó riosca atá ag teacht chun cinn, nó toisc go bhfuil fianaise ann go bhféadfadh neamhchomhlíonadh tromchúiseach agus forleathan na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a bheith i gceist;

▼M3

(e) 

ainmhithe agus earraí atá faoi réir beart éigeandála dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Airteagal 261 de Rialachán (AE) 2016/429, nó Airteagail 28(1), 30(1), 40(2), 41(3), 49(1), 53(3) agus 54(3) de Rialachán (AE) 2016/2031 lena gceanglaítear coinsíneachtaí na n-ainmhithe nó na n-earraí sin, arna sainaithint trí bhíthin a gcód ón Ainmníocht Chomhcheangailte, le bheith faoi réir rialuithe oifigiúla ar theacht isteach dóibh san Aontas;

▼B

(f) 

ainmhithe agus earraí ar bunaíodh coinníollacha nó bearta i dtaobh a dteacht isteach san Aontas le bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 nó le hAirteagal 128 faoi seach, nó i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena gceanglaítear comhlíonadh na gcoinníollacha nó na mbeart sin a fhionnadh ar theacht isteach na n-ainmhithe nó na n-earraí sin san Aontas.

2.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas:

(a) 

liostaí a bhunú ar a mbeidh mionsonraí na n-ainmhithe agus na n-earraí uile dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, agus a gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte á lua; agus

(b) 

liosta na n-earraí a bhaineann leis an gcatagóir dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 a bhunú, agus na cóid atá acu ón Ainmníocht Chomhcheangailte á lua, agus an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá maidir leis na rioscaí dá dtagraítear sa phointe sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 145 maidir le leasuithe ar na catagóirí coinsíneachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, chun táirgí ilchodacha, féar tirim, tuí agus táirgí eile a áireamh, ar táirgí iad a theorannaítear go docht do tháirgí a bhfuil riosca nua-aitheanta nó riosca atá méadaithe go mór ag baint leo maidir le sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, agus riosca don chomhshaol freisin.
4.  
Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sna gníomhartha lena mbunaítear na bearta nó na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) de mhír 1, beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le coinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí sin dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1 nuair nach de chineál tráchtála iad.
5.  
Áiritheoidh na hoibreoirí atá freagrach as an gcoinsíneacht go ndéantar na catagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh le haghaidh rialuithe oifigiúla ag an bpost rialaithe teorann dá dtagraítear sa mhír sin.

Airteagal 48

Ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na rialacha lena mbunaítear na cásanna ina bhféadfar, agus na coinníollacha faoina bhféadfar, na catagóirí ainmnithe agus earraí seo a leanas a dhíolmhú ó fhorálacha Airteagal 47, agus cén uair a bheidh bonn cirt le díolúine den sórt sin:

(a) 

earraí a sheoltar mar shamplaí trádála nó mar ítimí le taispeáint do thaispeántais, nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh;

(b) 

ainmhithe agus earraí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críoch eolaíoch;

(c) 

earraí atá ar bord modh iompair a oibríonn go hidirnáisiúnta, nach ndíluchtaítear agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ag an bhfoireann agus ag paisinéirí;

(d) 

earraí ar cuid de bhagáiste pearsanta paisinéirí iad agus a bhfuil sé beartaithe iad a chaitheamh nó a úsáid ag an duine féin;

(e) 

coinsíneachtaí beaga earraí a chuirtear chuig daoine nádúrtha agus nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh;

(f) 

peataí mar a shainmhínítear iad i bpointe (11) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429;

(g) 

earraí a ndearnadh cóireáil shonrach orthu agus nach dtéann thar na méideanna atá le sainiú sna gníomhartha tarmligthe sin;

(h) 

na catagóirí ainmhithe nó earraí lena mbaineann riosca íseal nó nach bhfuil aon riosca sonrach ag baint leo nach bhfuil gá dá bhrí sin le rialuithe ag poist rialaithe teorann ina leith.

Airteagal 49

Rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

1.  
Chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) á gcomhlíonadh, déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar na coinsíneachtaí de chatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) nuair a thiocfaidh an choinsíneacht chomh fada leis an bpost rialaithe teorann. Áireofar eiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha sna rialuithe oifigiúla sin.
2  

Déanfar seiceálacha fisiciúla a mhéid a bhaineann siad leis an méid seo a leanas:

(a) 

ainmhithe, seachas ainmhithe uisceacha, nó feoil agus scairteach feola inite, déanfaidh tréidlia oifigiúil iad, a fhéadfaidh cúnamh a fháil ó fhoireann atá oilte i gcomhréir leis na ceanglais arna mbunú de bhun mhír 5 in ábhair thréidliachta agus arna n-ainmniú ag na húdaráis inniúla chun na críche sin.

(b) 

ainmhithe uisceacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch seachas na cinn sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, táirgí geirmeacha nó seachtháirgí ainmhithe, déanfaidh tréidlia oifigiúil iad, nó foireann atá oilte i gcomhréir leis na ceanglais arna mbunú de bhun mhír 5 agus arna n-ainmniú ag na húdaráis inniúla chun na críche sin.

(c) 

plandaí, táirgí plandaí agus réada eile arna dhéanamh ag oifigeach oifigiúil sláinte plandaí.

3.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar bhonn córasach ag poist rialaithe teorann ar choinsíneachtaí ainmhithe atá á n-iompar agus ar mhodhanna iompair chun comhlíonadh na gceanglas maidir le leas ainmnithe a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhíorú. Cuirfidh na húdaráis inniúla socruithe i bhfeidhm chun tosaíocht a thabhairt do rialuithe oifigiúla ar ainmhithe atá á n-iompar agus chun an mhoill ar rialuithe den sórt sin a laghdú.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na módúlachtaí a bhunú maidir le cur i láthair choinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), na haonaid iompair nó na fo-eintitis a d’fhéadfadh coinsíneacht aonair a dhéanamh suas agus uasmhéid aonad iompair nó fho-eintiteas den sórt sin i ngach coinsíneacht, lena gcuirfear san áireamh an gá atá le láimhseáil thapa, éifeachtúil na gcoinsíneachtaí sin a ráthú, agus na rialuithe oifigiúla atá le déanamh ag na húdaráis inniúla, agus más ábhartha, na caighdeáin idirnáisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
5.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na rialacha lena mbunaítear ceanglais shonracha oiliúna don fhoireann dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, maidir le seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ag na poist rialaithe teorann.

Airteagal 50

Deimhnithe agus doiciméid a ghabhann le coinsíneachtaí agus coinsíneachtaí atá roinnte

1.  
Na bundeimhnithe nó na bundoiciméid oifigiúla, nó a gcoibhéisí leictreonacha, arna gceangal leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus atá ag gabháil le coinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), tíolacfar iad d’údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann, agus coinneoidh na húdaráis inniúla sin iad, mura bhforáiltear a mhalairt sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
2.  
Eiseoidh údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann cóip fhíordheimhnithe pháipéir nó leictreonach de na deimhnithe nó na doiciméid oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 don oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht nó, má roinntear an choinsíneacht, eiseoidh siad cóipeanna fíordheimhnithe páipéir nó leictreonacha de dheimhnithe nó dhoiciméid den sórt sin.
3.  
Ní scoiltfear coinsíneachtaí go dtí go ndéanfar rialuithe oifigiúla agus go dtí go an Doiciméad Coiteann um Shláinte ar Theacht isteach san Aontas (CHED) dá dtagraítear in Airteagal 56 tugtha chun críche i gcomhréir le hAirteagal 56(5) agus le hAirteagal 57.
4.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha lena mbunaítear na cásanna ina gcaithfidh, agus na coinníollacha faoina gcaithfidh, CHED a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) chuig an gceann scríbe.

Airteagal 51

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla ag poist rialuithe teorann

1.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 145 maidir le rialacha chun an méid seo a leanas a bhunú:

(a) 

na cásanna ina bhféadfaidh, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh, údaráis inniúla poist rialaithe teorann iompar ar aghaidh choinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) chuig an gceann scríbe a údarú, go dtí go mbeidh torthaí na seiceálacha fisiceacha ar fáil, nuair atá gá le seiceálacha den sórt sin;

(b) 

na teorainneacha ama agus na módúlachtaí maidir le seiceálacha doiciméadacha agus, i gcás inar gá, seiceálacha céannachta agus fisiceacha a dhéanamh ar ainmhithe agus ar earraí atá faoi réir na rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear in Airteagal 47(1) a thagann isteach san Aontas ar muir nó trí aeriompar ón tríú tír, déanfar iad a aistriú ó shoitheach nó ó aerárthach agus iomprófar iad faoi mhaoirseacht custaim go dtí soitheach nó aerárthach eile sa chalafort nó san aerfort céanna lena gcur ar aghaidh, (“coinsíneachtaí trasloingsithe”);

(c) 

na cásanna ina bhféadfar, agus na coinníollacha faoina bhféadfar, seiceálacha céannachta agus fisiceacha na gcoinsíneachtaí trasloingsithe agus na n-ainmhithe a thagann d’aer nó de mhuir agus a fhanann ar an modh céanna iompair don taisteal ar aghaidh, a dhéanamh ag post rialaithe teorann seachas ag an bpost ag a dtagann siad isteach an chéad uair san Aontas;

(d) 

na cásanna ina bhféadfar, agus na coinníollacha faoina bhféadfar, iompar choinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a údarú agus na rialuithe áirithe oifigiúla atá le déanamh ag poist rialaithe teorann ar choinsíneachtaí den sórt sin, lena n-áirítear na cásanna agus na coinníollacha chun earraí a stóráil i dtrádstórais shaora nó custaim nó i gcriosanna saora arna bhformheas go speisialta;

(e) 

na cásanna ina mbeidh agus na coinníollacha faoina mbeidh feidhm ag maoluithe ar na rialacha i dtaobh seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha, maidir le coinsíneachtaí trasloingsithe agus maidir le hidirthuras choinsíneachtaí na n-earraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 47(1).

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha lena mbunaítear na cásanna ina mbeidh, agus na coinníollacha faoina mbeidh, feidhm ag maoluithe ar na rialacha i dtaobh seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha, maidir le coinsíneachtaí trasloingsithe agus maidir le hidirthuras choinsíneachtaí na n-earraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 47(1).

Airteagal 52

Sonraí na seiceálacha doiciméadacha, seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha

Chun críocha chur chun feidhme aonfhoirmeach na rialacha a leagtar síos in Airteagal 49, Airteagal 50 agus Airteagal 51 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraí na n-oibríochtaí atá le déanamh le linn na seiceálacha doiciméadacha, seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha dá dtagraítear sna hAirteagail sin a leagan síos chun feidhmíocht éifeachtúil na rialuithe oifigiúla sin a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 53

Rialuithe oifigiúla nach ndéantar ag na poist rialaithe teorann

1.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha lena mbunófar na cásanna inar féidir agus na coinníollacha faoinar féidir an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ar choinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) i dtreo is gur féidir leis na húdaráis inniúla na seiceálacha sin a dhéanamh ag pointí rialaithe seachas ag poist rialaithe teorann ar choinníoll go gcomhlíonann na pointí rialaithe sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 64(3) agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 64(4);

(b) 

seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ag post rialaithe teorann eile, i mBallstát eile, ar choinsíneachtaí a ndearnadh seiceálacha doiciméadacha agus céannachta orthu ag na post rialaithe teorann ag ar tháinig na hearraí isteach an chéad uair san Aontas;

(c) 

seiceálacha céannachta agus fisiceacha a dhéanamh ag post rialaithe teorann eile, i mBallstát eile, ar choinsíneachtaí a ndearnadh seiceálacha doiciméadacha orthu ag na post rialaithe teorann ag ar tháinig na hearraí isteach an chéad uair san Aontas;

(d) 

cúraimí sonracha rialaithe a dhéanamh ag údaráis chustaim nó údaráis phoiblí eile, a mhéid nach bhfuil na cúraimí sin faoi fhreagracht na n-údarás sin cheana féin, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

coinsíneachtaí dá dtagraítear in Airteagal 65(2);

(ii) 

bagáiste pearsanta paisinéirí;

(iii) 

earraí a ordaítear trí dhíolacháin le cianchonarthaí, lena n-áirítear ar an teileafón nó ar líne.

(iv) 

peataí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ).

(e) 

seiceálacha doiciméadacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réada eile dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 47(1) a dhéanamh i gcéin ó phost rialaithe teorann.

2.  
Beidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 56(3), pointe (a) d’Airteagal 57(2), Airteagal59(1), pointe (a) agus pointe (d) d’Airteagal 60(1) agus Airteagal 62 agus Airteagal 63, freisin maidir leis na pointí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 54

Minicíocht na seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha

1.  
Beidh na coinsíneachtaí ar fad de na catagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) faoi réir seiceálacha doiciméadacha.
2.  
Déanfar seiceálacha céannachta agus fisiceacha ar choinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a mhinic is gá ag brath ar an riosca a bhaineann le gach ainmhí, earra nó gach catagóir ainmhithe nó earraí do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó do leas ainmhithe nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin.
3.  

Déanfaidh Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an ráta iomchuí minicíochta dá dtagraítear i mír 2. Áiritheofar leis na rialacha go mbeidh na minicíochtaí sin níos airde na minicíocht a náid agus bunófar leo:

(a) 

na critéir agus na nósanna imeachta maidir le rátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha atá le déanamh ar choinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) d’Airteagal 47(1) a chinneadh agus a mhodhnú, agus chun iad a choigeartú ag brath ar an leibhéal riosca a bhaineann leis na catagóirí sin, ag féachaint don mhéid seo a leanas:

(i) 

faisnéis arna bailiú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 125(1);

(ii) 

torthaí rialuithe shaineolaithe an Choimisiúin arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 120(1);

(iii) 

stair na n-oibreoirí maidir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chomhlíonadh;

(iv) 

sonraí agus faisnéis arna mbailiú tríd an gcóras bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla (CBFRO) dá dtagraítear in Airteagal 131;

(v) 

measúnuithe eolaíochta atá ar fáil; agus,

(vi) 

aon fhaisnéis eile maidir leis an riosca a bhaineann le catagóirí ainmhithe agus earraí;

(b) 

na coinníollacha faoinar féidir leis na Ballstáit rátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha arna mbunú i gcomhréir le pointe (a) a bhunú chun na fachtóirí riosca áitiúla a thabhairt san áireamh;

(c) 

na nósanna imeachta lena áirithiú go gcuirtear rátaí minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha arna mbunú i gcomhréir le pointe (a) i bhfeidhm ar bhealach tráthúil, aonfhoirmeach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

4.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena leagtar síos:

(a) 

minicíocht seiceálacha céannachta agus fisiceacha do na catagóirí earraí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 47(1);

(b) 

minicíocht na seiceálacha céannachta agus fisiceacha do na catagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear i bpointe (e) agus (f) d’Airteagal 47(1) ar choinníoll nach bhfuil foráil déanta ina leith cheana sna gníomhartha dá dtagraítear ann.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 55

Cinntí maidir le coinsíneachtaí

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir le gach coinsíneacht de na catagóirí ainmnithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) tar éis na rialuithe oifigiúla a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha doiciméadacha agus, nuair is gá, seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha agus léireoidh siad an gcomhlíonann an choinsíneacht na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus, nuair is iomchuí, an nós imeachta custaim is infheidhme.
2.  

Is é an té a dhéanfaidh cinntí maidir le coinsíneachtaí:

(a) 

tréidlia oifigiúil nuair a bhaineann siad le hainmhithe, táirgí de thionscnamh ainmhíoch, táirgí geirmeacha nó seachtháirgí ainmhíocha, nó

(b) 

oifigeach oifigiúil sláinte ainmhithe a dhéanfaidh na cinntí nuair a bhaineann siad le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile.

3.  
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh gur foireann shainoilte, arna hainmniú go sonrach ag na húdaráis inniúla chun na críche sin, a dhéanfaidh aon chinntí maidir le coinsíneachtaí de tháirgí iascaigh, moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo a bhfuil sé beartaithe iad a chaitheamh ag an duine.

Airteagal 56

Úsáid an Doiciméid Choitinn um Shláinte ar Theacht isteach san Aontas (an CHED) ag an oibreoir agus ag na húdaráis inniúla

1.  
I gcás gach coinsíneachta de na catagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), comhlánóidh an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht an chuid ábhartha den CHED, lena gcuirfear ar fáil an fhaisnéis is gá chun an choinsíneacht agus a ceann scríbe a aithint láithreach agus ina hiomláine.
2.  
Measfar go n-áirítear leis na tagairtí a dhéantar sa Rialachán seo don CHED, tagairt dá choibhéis leictreonach.
3.  

Úsáidfidh na daoine seo a leanas an CHED:

(a) 

na hoibreoirí atá freagrach as coinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) d’fhonn réamhfhógra a thabhairt do na húdaráis inniúla ag an bpost rialaithe teorann maidir le teacht na gcoinsíneachtaí sin; agus

(b) 

údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann, d’fhonn:

(i) 

taifead a dhéanamh ar thoradh na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh agus aon chinntí arna ndéanamh ar an mbonn sin, lena n-áirítear an cinneadh coinsíneacht a dhiúltú;

(ii) 

an fhaisnéis a chur in iúl dá dtagraítear i bpointe (i) tríd an CBFRO.

4.  
Na hoibreoirí atá freagrach as an coinsíneacht, tabharfaidh siad réamhfhógra i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 tríd an gcuid ábhartha den CHED a chomhlánú agus a chur isteach sa CBFRO lena tharchur chuig údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann sula dtagann an choinsíneacht féin isteach san Aontas.
5.  

Tabharfaidh na húdaráis inniúla ag an bpost rialaithe teorann an CHED chun críche a luaithe:

(a) 

a dhéanfar na rialuithe oifigiúla ar fad arna gceangal le hAirteagal 49(1);

(b) 

a bheidh torthaí na seiceálacha fisiceacha, i gcás ina n-éilítear seiceálacha den sórt sin, ar fáil; agus

(c) 

a dhéanfar cinneadh faoin gcoinsíneacht i gcomhréir le hAirteagal 55 agus a thaifeadfar ar an CHED é.

Airteagal 57

Úsáid an doiciméid choitinn um shláinte ar theacht isteach san Aontas ag na húdaráis chustaim

1.  
Maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a chur faoi nós imeachta custaim agus a láimhseáil faoi nós imeachta custaim ag na húdaráis chustaim, lena n-áirítear a dteacht isteach nó a láimhseáil i dtrádstórais shaora nó i dtrádstórais chustaim nó i gcriosanna saora, beidh siad faoi réir thíolacadh an CHED, agus é tugtha chun críche go cuí, ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht do na húdaráis custaim, gan dochar do na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 48 ná do na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 53 agus in Airteagal 54.At this stage, the CHED shall have been duly finalised sa IMSOC ag údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann.
2.  

Déanfaidh na húdaráis custaim an méid seo a leanas:

(a) 

ní cheadóidh siad coinsíneacht a chur faoi nós imeachta custaim atá éagsúil ón gceann arna chur in iúl ag údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann; agus

(b) 

ní cheadóidh siad scaoileadh coinsíneachta i saorchúrsaíocht go dtí go dtíolacfar, gan dochar do na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 46 ná do na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 53 agus in Airteagal 54, CHED a tugadh chun críche go cuí agus a dhearbhaíonn go gcomhlíonann an choinsíneacht na rialacha infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

3.  
I gcás ina ndéantar dearbhú custaim le haghaidh coinsíneachta de na catagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) agus nach dtíolactar an CHED, coinneoidh na húdaráis custaim an choinsíneacht agus tabharfaidh siad fógra láithreach do na húdaráis inniúla ag an bpost rialaithe teorann. Déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá i gcomhréir le hAirteagal 66(6).

Airteagal 58

Formáid, ceanglais ama agus rialacha sonracha maidir le húsáid CHED

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

formáid an CHED agus na treoracha maidir lena thíolacadh agus lena úsáid, agus na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta á gcur san áireamh; agus

(b) 

na híoscheanglais ama maidir le réamhfhógra faoi choinsíneachtaí a chaithfidh oibreoirí atá freagrach as na coinsíneachtaí a thabhairt, amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 56(3) chun go mbeidh na húdaráis inniúla ag an bpost rialaithe teorann in ann rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar bhealach tráthúil, éifeachtach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2)

Airteagal 59

Poist rialaithe teorann a ainmniú

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit poist rialaithe teorann chun críche rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na catagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1).
2.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún sula ndéanfaidh siad post rialaithe teorann a ainmniú. Áireofar san fhógra sin an fhaisnéis ar fad is gá don Choimisiún lena fhíorú go gcomhlíonann an post rialaithe teorann atá beartaithe na híoscheanglais atá leagtha síos in Airteagal 64.
3.  

Laistigh de thrí mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a) 

an bhfuil ainmniúchán an phoist rialaithe teorann atá beartaithe ag brath ar thoradh fabhrach rialaithe arna dhéanamh ag saineolaithe an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 116 chun comhlíonadh na n-íoscheanglas a leagtar síos in Airteagal 64 a fhíorú; agus

(b) 

dáta rialú den sórt sin, ar dáta é nach déanaí ná sé mhí ón dáta ar tugadh an fógra.

4.  
I gcás inar chuir an Coimisiún Ballstát ar an eolas, i gcomhréir le mír 3, nach bhfuil rialú riachtanach, féadfaidh an Ballstát dul ar aghaidh leis an ainmniúchán.
5.  
Cuirfidh an Ballstát moill ar ainmniúchán an phoist rialaithe teorann go dtí go mbeidh toradh fabhrach an rialaithe curtha in iúl dó ag an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún torthaí a rialaithe, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3, in iúl laistigh de thrí mhí ó dháta an rialaithe sin ar a dhéanaí.

Airteagal 60

Poist rialaithe teorann a liostú

1.  

Cuirfidh gach Ballstát ar fáil ar an idirlíon liostaí nuashonraithe de na poist rialaithe teorann atá ar a gcríoch, agus soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas do gach post rialaithe teorann:

(a) 

a shonraí teagmhála;

(b) 

a uaireanta oscailte;

(c) 

an suíomh sonrach agus cé acu an pointe teacht isteach ag calafort, aerfort, d’iarnród nó de bhóthar é; agus

(d) 

na catagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) atá san áireamh i raon feidhme a ainmniúcháin.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid, catagóirí, giorrúcháin le haghaidh ainmniúcháin agus faisnéis eile a bheidh le húsáid ag na Ballstáit sna liostaí de phoist rialaithe teorann a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 61

Formheas eintiteas rialaithe teorann atá ann cheana a tharraingt siar agus iad a athainmniú

1.  
Tarraingeofar siar formheas post cigireachta teorann i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 97/78/CE agus le hAirteagal 6 de Threoir 91/496/CEE agus ainmniúchán pointí teacht isteach i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 669/2009 agus le hAirteagal 13(c)(4) de Threoir 2000/29/CE agus ainmniú na gcéad phointí tabhairt isteach i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 284/2011 ón gCoimisiún ( 15 ).
2.  
Féadfaidh na Ballstáit poist cigireachta teorann, pointí ainmnithe teacht isteach, pointí teacht isteach agus na chéad phointí tabhairt isteach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a athainmniú mar phoist rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 59(1) ar choinníoll go bhfuil na híoscheanglais dá dtagraítear in Airteagal 64 á gcomhlíonadh.
3.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 59(2), (3) ná (5) maidir leis an athainmniúchán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 62

Ainmniúchán post rialaithe teorann a tharraingt siar

1.  

I gcás nach gcomhlíonann post rialaithe teorann na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 62 a thuilleadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

an t-ainmniúchán dá bhforáiltear in Airteagal 59(1) a tharraingt siar i gcás gach catagóra ainmhithe agus earraí a ndearnadh an t-ainmniúchán ina leith, nó i gcás roinnt áirithe acu; agus

(b) 

na poist rialaithe teorann a bhaint ó na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 60(1), i gcás na gcatagóirí ainmhithe agus earraí ar tarraingíodh siar an t-ainmniúchán ina leith.

2.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi tharraingt siar ainmniúchán poist rialaithe teorann amhail dá bhforáiltear i mír 1 agus na cúiseanna le tarraingt siar den sórt sin.
3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil leis na cásanna sin, agus na nósanna imeachta sin, inar féidir na poist rialaithe teorann sin nár tarraingíodh siar a n-ainmniúchán ach i bpáirt i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo a athainmniú de mhaolú ar Airteagal 59.
4.  
Ní dochar an tAirteagal seo d’inniúlacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir le hainmniúchán post rialaithe teorann a tharraingt siar ar chúiseanna eile seachas na cúiseanna dá dtagraítear sa Rialachán seo.

Airteagal 63

Ainmniúchán post rialaithe teorann a chur ar fionraí

1.  
Cuirfidh Ballstát ainmniúchán poist rialaithe teorann ar fionraí agus ordóidh sé stop a chur lena ghníomhaíochtaí i gcás na gcatagóirí ainmhithe agus earraí ar fad a ndearnadh an t-ainmniúchán ina leith, nó i gcás cuid áirithe de na catagóirí sin, i gcásanna ina bhféadfadh gníomhaíochtaí den sórt sin sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí nó leas ainmhithe a chur i mbaol nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, chomh maith leis an comhshaol a chur i mbaol. I gcás riosca tromchúiseach, beidh éifeacht láithreach ag an bhfhionraí sin.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach má chuirtear ainmniúchán poist rialaithe teorann ar fionraí agus na cúiseanna le fionraí den sórt sin.
3.  
Léireoidh na Ballstáit go bhfuil ainmniúchán poist rialaithe teorann curtha ar fionraí sna liostaí dá dtagraítear in Airteagal 60(1).
4.  

Cuirfidh na Ballstáit deireadh leis an bhfionraí dá bhforáiltear i mír 1 a luaithe:

(a) 

a bheidh na húdaráis inniúla sásta nach ann a thuilleadh don riosca dá dtagraítear i mír 1; agus

(b) 

a bheidh an fhaisnéis ar bhfuil deireadh an fhionraí bunaithe uirthi curtha in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile acu.

5.  
Ní dochar an tAirteagal seo d’inniúlacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir le hainmniúchán post rialaithe teorann a chur ar fionraí ar chúiseanna eile seachas na cúiseanna dá dtagraítear sa Rialachán seo.

Airteagal 64

Íoscheanglais le haghaidh post rialaithe teorann

1.  
Beidh poist rialaithe teorann suite i ngiorracht don phointe teacht isteach san Aontas agus bíodh sin in áit atá ainmnithe ag na húdaráis custaim i gcomhréir le hAirteagal 135(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó i gcrios saor.
2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh a bhaineann leis na cásanna inar féidir agus na coinníollacha faoinar féidir post rialaithe teorann a bheith suite i gcéin ón bpointe teacht isteach san Aontais seachas i ngiorracht dó i gcásanna ina mbíonn srianta sonracha geografacha ann.
3.  

Maidir leis na poist rialaithe teorann:

(a) 

beidh líon leordhóthanach foireann atá cáilithe go cuí iontu;

(b) 

beidh áitreabh nó saoráidí eile acu atá oiriúnach do chineál agus do líon na gcatagóirí ainmhithe agus earraí arna láimhseáil;

(c) 

beidh trealamh agus áitreabh nó saoráidí eile acu lenar féidir rialuithe oifigiúla a dhéanamh do gach ceann de na catagóirí ainmhithe agus earraí dá bhfuil an post rialaithe teorann ainmnithe;

(d) 

beidh socruithe i bhfeidhm acu a ráthóidh, de réir mar is iomchuí, rochtain ar aon trealamh, áitreabh nó seirbhís eile is gá chun na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 65, Airteagal 66 agus Airteagal 67 a chur i bhfeidhm i gcás amhrais, neamhchomhlíonadh, coinsíneachtaí neamhchomhlíontacha nó coinsíneachtaí a mbaineann riosca leo;

(e) 

beidh socruithe teagmhasacha i bhfeidhm chun oibríocht rianúil rialuithe oifigiúla a áirithiú agus chun na bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 65, Airteagal 66 agus Airteagal 67 a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcás dálaí nó teagmhas gan choinne nach féidir a thuar;

(f) 

beidh an teicneolaíocht agus an trealamh acu is gá d’oibríocht éifeachtúil CBFRO agus, de réir mar is iomchuí, do chórais bainistíochta faisnéise ríomhairithe eile is gá chun sonraí agus faisnéis a láimhseáil agus a mhalartú;

(g) 

beidh rochtain acu ar sheirbhísí saotharlann oifigiúil a bhfuil an cumas iontu torthaí anailíseacha, tástála agus diagnóiseacha a fháil laistigh de spriocamanna oiriúnacha agus atá feistithe leis na huirlisí teicneolaíochta faisnéise is gá chun a áirithiú go dtugtar torthaí anailísí, tástálacha nó diagnóisí arna ndéanamh isteach sa CBFRO de réir mar is iomchuí;

(h) 

socruithe iomchuí chun na catagóirí éagsúla ainmhithe agus earraí a láimhseáil i gceart agus chun rioscaí de bharr tras-truaillithe a chosc; agus

(i) 

socruithe chun na caighdeáin ábhartha bhithshlándála a chomhlíonadh chun leathadh galar isteach san Aontas a chosc.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos i ndáil leis na gceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a leagan amach chun gnéithe sonracha agus riachtanais loighistice a bhaineann leis na rialuithe oifigiúla a chur san áireamh agus leis na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 66(3) agus (6) agus Airteagal 67 a chur i bhfeidhm i ndáil leis na catagóirí éagsúla ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
5.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na cásanna agus na coinníollacha ina mbeidh poist rialaithe teorann arna n-ainmniú d’allmhairiú lomán neamhphróiseáilte, adhmaid sháfa agus shliste díolmhaithe ó cheann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo chun riachtanais na n-údarás inniúil atá i gceannas ar rialuithe oifigiúla agus iad ag oibriú faoi shrianta sonracha geografacha, a chur san áireamh agus feidhmiú ceart na rialuithe a áirithiú ag an am céanna.



Roinn III

Gníomhaíocht i gcás amhras faoi neamhchomhlíonadh agus i gcás neamhchomhlíonadh ainmhithe agus earraí ó thríú tíortha atá ag teacht isteach san Aontas

Airteagal 65

Amhras faoi neamhchomhlíonadh agus rialuithe oifigiúla treisithe

1.  
I gcás amhras faoi neamhchomhlíonadh choinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 44(1) agus in Airteagal 47(1) leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla chun an t-amhras sin a dhearbhú nó a dhíothú.
2.  
Beidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí nach ndearbhaíonn oibreoirí na catagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a bheith iontu, beidh siad faoi réir rialuithe oifigiúla ag na húdaráis inniúla i gcás ina bhfuil cúis ann a chreidiúint go bhfuil catagóirí den sórt sin ainmhithe nó earraí i láthar sa choinsíneacht.
3.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla na coinsíneachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoi choimeád oifigiúil go dtí go bhfaighfear torthaí na rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear sna míreanna sin.

I gcás inarb iomchuí, déanfar na coinsíneachtaí sin a aonrú nó a chur i gcoraintín agus tabharfar foscadh, bia, uisce d’ainmhithe agus, de réir mar is gá, cuirfear cóireáil orthu, go dtí go bhfaighfear torthaí na rialuithe oifigiúla.

4.  
I gcás ina bhfuil cúis ag na húdaráis inniúla amhras a bheith orthu maidir le cleachtais chalaoiseacha nó mhíthreorach oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht nó i gcás ina dtugann rialuithe oifigiúla cúis lena chreidiúint go ndearnadh sárú tromchúiseach nó rialta ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, agus sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 66(3), na rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí a bhfuil an áit tionscnaimh agus an úsáid chéanna acu a threisiú de réir mar is iomchuí.
5.  
Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit trí CBFRO maidir lena gcinneadh rialuithe oifigiúla treisithe a dhéanamh, amhail dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, agus léireoidh siad na cúiseanna atá lena gcinneadh.
6.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, rialacha a leagan síos ar na nósanna imeachta chun go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe oifigiúla treisithe dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo ar bhealadh comhordaithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 66

Bearta a bheidh le déanamh i gcás coinsíneachtaí neamhchomhlíontacha a thagann isteach san Aontas

1.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla faoi choimeád oifigiúil aon choinsíneacht ainmhithe nó earraí a thagann isteach san Aontas nach gcomhlíonann na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus diúltóidh siad a cead isteach san Aontas.

Cuirfidh na húdaráis inniúla coinsíneachtaí den sórt sin a aonrú nó a chur i gcoraintín, de réir mar is iomchuí, agus coimeádfar ainmhithe a bhaineann léi agus tabharfar aire dóibh nó cuirfear cóireáil orthu faoi dhálaí iomchuí go dtí go bhfaighfear aon chinnidh a dhéanfar ina dhiaidh sin. Más féidir, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh freisin an leas a bhaineann le cúram speisialta a chur ar fáil i ndáil le cineálacha áirithe earraí.

2.  
Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha i ndáil leis na socruithe praicticiúla maidir leis an aonrú agus an coraintín dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
3.  

Ordóidh an t-údarás inniúil, fad a bhaineann leis an gcoinsíneacht dá dtagraítear i mír 1, gan mhoill, don oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

an choinsíneacht a scrios;

(b) 

an choinsíneacht a athsheoladh lasmuigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 72(1) agus (2); nó

(c) 

an choinsíneacht a chur faoi réir cóireáil speisialta i gcomhréir le hAirteagal 71(1) agus (2) nó faoi réir aon bhirt eile is gá chun chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú agus, nuair is iomchuí, críocha seachas na críocha ar chucu a leithdháileadh i dtús báire í a chinneadh don choinsíneacht.

Aon ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír, déanfar iad i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear go háirithe, maidir le coinsíneachtaí ainmhithe beo, aon ghníomhaíocht sin a bheartaítear chun ainmhithe a spáráil ó phian, ó anacair nó ó fhulaingt nach gá.

Nuair is éard atá sa choinsíneacht plandaí, táirgí plandaí nó réada eile, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír seo maidir leis an gcoinsíneacht nó le luchtóga di.

Sula n-ordóidh an t-údarás inniúil don oibreoir gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhréir le (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, éistfidh sé leis an oibreoir lena mbaineann, ach amháin má tá gá le gníomhaíocht láithreach chun freagairt do riosca do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin.

4  

I gcás ina n-ordaíonn an t-údarás inniúil don oibreoir ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) den chéad fhomhír 3 a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás inniúil sin a údarú go heisceachtúil nach ndéanfar an ghníomhaíocht ach i ndáil le cuid den choinsíneacht, ar an gcoinníoll gurb amhlaidh maidir leis an scriosadh i bpáirt, athsheoladh, cóireáil speisialta, nó beart eile:

(a) 

go n-áirithítear comhlíonadh leo;

(b) 

nach riosca iad do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe ná, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol ach oiread; agus

(c) 

nach gcuireann siad isteach ar oibríochtaí rialuithe oifigiúla.

5.  

Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra láithreach faoi aon chinneadh teacht isteach a dhiúltú do choinsíneacht amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, agus faoi aon ordú arna eisiúint i gcomhréir le mhír 3 agus mhír 6 den Airteagal seo agus Airteagal 67 dóibh seo a leanas:

(a) 

an Coimisiún;

(b) 

údaráis inniúla na mBallstát eile;

(c) 

na húdaráis chustaim;

(d) 

údaráis inniúla an tríú tír tionscnaimh; agus

(e) 

an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht.

Tabharfar an fógra sin tríd an CBFRO.

6.  
Mura dtíolactar coinsíneacht na gcatagóirí ainmhithe nó earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) do na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear ann, nó mura dtíolactar í i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 50(1) agus (3), agus in Airteagal 56(1), (3) agus (4), nó leis na rialacha arna nglacadh faoi Airteagal 48, Airteagal 49(4), Airteagal 51, Airteagal 53(1) agus Airteagal 58, ordóidh na húdaráis inniúla go ndéanfar í a choinneáil nó a aistarraingt, agus cuirfear faoi choimeád oifigiúil coinsíneacht den sórt sin gan mhoill.

Beidh feidhm ag míreanna 1, 3 agus 5 den Airteagal seo maidir le coinsíneachtaí den sórt sin.

7.  
Na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfear i bhfeidhm iad ar chostas an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.

Airteagal 67

Bearta atá le déanamh i ndáil le hainmhithe nó earraí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha a mbaineann riosca leo

I gcás ina léiríonn rialuithe oifigiúla go mbaineann riosca le coinsíneacht ainmhithe nó earraí do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó do leas ainmhithe nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin, déanfar coinsíneacht den sórt sin a aonrú nó a chur i gcoraintín agus coimeádfar na hainmhithe a bhaineann leis agus tabharfar aire dóibh nó cuirfear cóireáil orthu faoi dhálaí iomchuí go dtí go bhfaighfear aon chinneadh a dhéanfar ina dhiaidh sin.

Coinneoidh na húdaráis inniúla an choinsíneacht sin faoi choimeád oifigiúil agus ordóidh siad, gan mhoill, don oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht sin:

(a) 

an choinsíneacht a scriosadh i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus na bearta ar fad a dhéanamh is gá chun sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, leas ainmhithe nó an comhshaol a chosaint, agus maidir le hainmhithe beo, lena n-áirítear go háirithe na rialacha maidir le pian, anacair nó fulaingt atá inseachanta a sheachaint; nó

(b) 

an choinsíneacht a chur faoi réir cóireáil speisialta i gcomhréir le hAirteagal 71(1) agus (2).

Na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfear i bhfeidhm iad ar chostas an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.

Airteagal 68

Bearta leantacha i ndáil le cinntí arna ndéanamh maidir le coinsíneachtaí neamhchomhlíontacha a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha

1.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla mar a leanas:

(a) 

déanfaidh siad neamhbhailí deimhnithe oifigiúla agus, de réir mar is iomchuí, doiciméid ábhartha eile a ghabhann leis na coinsíneachtaí a bhí faoi réir bearta de bhun Airteagal 66(3) agus (6) agus Airteagal 67; agus

(b) 

comhoibreoidh siad i gcomhréir le hAirteagal 102 go hAirteagal 108 chun aon bheart sa bhreis a dhéanamh is gá lena áirithiú nach bhfuil sé indéanta coinsíneachtaí a thabhairt isteach san Aontas athuair ar diúltaíodh teacht isteach dóibh i gcomhréir le hAirteagal 66(1).

2.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina ndearnadh na rialuithe oifigiúla maoirseacht ar chur i bhfeidhm na mbeart arna n-ordú i gcomhréir le Airteagal 66(3) agus (6) agus Airteagal 67 chun a áirithiú nach cúis í an choinsíneacht le drochthionchar ar shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, ar leas ainmhithe nó ar an gcomhshaol, le linn na mbeart sin a chur i bhfeidhm, nó go dtí go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm.

Nuair is iomchuí, déanfar cur i bhfeidhm den sórt sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúla Ballstáit eile.

Airteagal 69

Mainneachtain an oibreora na bearta arna n-ordú ag na húdaráis inniúla a chur i bhfeidhm

1.  
Déanfaidh an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht na bearta ar fad arna n-ordú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 66(3) agus (6) agus le hAirteagal 67 gan mhoill agus, ar a dhéanaí, laistigh de 60 lá ón lá a dtugann na húdaráis inniúla fógra don oibreoir lena mbaineann faoina gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 66(5). Féadfaidh na húdaráis inniúla tréimhse is giorra ná an tréimhse 60 lá a shonrú.
2.  

Más amhlaidh, tar éis don tréimhse dá dtagraítear in mír 1 dul in éag, nach bhfuil aon ghníomhaíocht déanta ag an oibreoir lena mbaineann, ordóidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a) 

go scriosfar an choinsíneacht nó go mbeidh sí faoi réir aon bhirt iomchuí eile;

(b) 

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 67, go scriosfar an choinsíneacht i saoráidí oiriúnacha atá suite chomh gar agus is féidir don phost rialaithe teorann, agus na bearta ar fad is gá a dhéanamh chun sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, leas ainmhithe agus an comhshaol a chosaint.

3.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a shíneadh don am is gá chun torthaí an dara tuairim shaineolach dá dtagraítear in Airteagal 35 a fháil, ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach aige sin ar shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí, ar leas ainmhithe nó i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, agus ar an gcomhshaol.
4.  
Na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfear i bhfeidhm iad ar chostas an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.

Airteagal 70

Airteagal 66, Airteagal 67 agus Airteagal 68 a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos chun comhsheasmhacht a áirithiú trasna na bpost rialaithe teorann ar fad dá dtagraítear in Airteagal 59(1) agus na bpointí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 53(1) maidir le cinntí agus bearta arna ndéanamh agus orduithe arna n-eisiúint ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 66, Airteagal 67 agus Airteagal 68, i bhfoirm treoracha atá le leanúint ag na húdaráis inniúla agus iad ag freagairt ar chásanna coitianta neamhchomhlíonta nó riosca a tharlaíonn arís is arís eile. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 71

Cóireáil speisialta coinsíneachtaí

1.  

Féadfar a áireamh i gcóireáil speisialta coinsíneachtaí dá bhforáiltear i bpointe (c) d’Airteagal 66(3) agus i bpointe (b) d’Airteagal 67 an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a) 

cóireáil nó próiseáil, lena n-áirítear dí-éilliú, nuair is iomchuí, cé is moite de chaolú, ionas go gcomhlíonfaidh an choinsíneacht ceanglais na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó ceanglais an tríú tír ónar athsheoladh í; nó

(b) 

cóireáil ar bhealach ar bith eile chun go mbeidh an choinsíneacht oiriúnach le caitheamh ag ainmhithe nó ag an duine nó chun críocha seachas chun críocha caithimh ag ainmhithe nó ag an duine.

2.  

Maidir leis an gcóireáil speisialta dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

déanfar í go héifeachtúil agus áiritheofar go ndíothófar aon riosca do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin;

(b) 

déanfar í a dhoiciméadú agus a dhéanamh faoi rialú na n-údarás inniúil, agus, i gcás inarb iomchuí, faoi rialú údaráis inniúil Ballstáit eile trí chomhaontú frithpháirteach; agus

(c) 

comhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na ceanglais agus na coinníollacha a ndéanfar an chóireáil speisialta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leo.

In éagmais rialacha arna nglacadh le gníomhartha tarmligthe, déanfar cóireáil speisialta den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 72

Coinsíneachtaí a athsheoladh

1.  

Ceadóidh na húdaráis inniúla coinsíneachtaí a athsheoladh faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil comhaontú déanta leis an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht maidir leis an gceann scríbe;

(b) 

gur chuir an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht ar an eolas i scríbhinn údaráis inniúla na mBallstát gur cuireadh údaráis inniúla an tríú tír tionscnaimh, murab ionann iad, nó an tríú tír is ceann scríbe ar an eolas faoi chúiseanna agus cúinsí an diúltaithe teacht isteach san Aontas don choinsíneacht ainmhithe nó earraí lena mbaineann;

(c) 

i gcás nach ionann an tríú tír is ceann scríbe agus an tríú tír tionscnaimh, go bhfuil toiliú údaráis inniúla an tríú tír is ceann scríbe faighte ag an oibreoir agus go bhfuil fógra tugtha ag na údaráis inniúla sin d’údaráis inniúla an Bhallstáit go bhfuil siad sásta glacadh leis an gcoinsíneacht; agus

(d) 

i gcás coinsíneachtaí ainmhithe go bhfuil an t-athsheoladh i gcomhréir le ceanglais maidir le leas ainmhithe.

2.  
Ní bheidh feidhm ag coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) agus phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo maidir le coinsíneachtaí na gcatagóirí earraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 47(1).



Roinn IV

Formheas na rialuithe réamhonnmhairithe

Airteagal 73

Rialuithe réamhonnmhairithe arna ndéanamh ag tríú tíortha a fhormheas

1.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, arna iarraidh sin do thríú tír, rialuithe sonracha réamhonnmhairithe a fhormheas a dhéanann tríú tír ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí sula n-onnmhairítear iad chuig an Aontas chun a fhíorú go sásaíonn na coinsíneachtaí ceanglais na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Ní bheidh feidhm ag formheas den sórt sin ach maidir le coinsíneachtaí de thionscnamh an tríú tír lena mbaineann agus féadfar iad a dheonú le haghaidh catagóir amháin nó níos mó ainmhithe nó earraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
2.  

Sonróidh an formheas dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a) 

íosmhinicíocht na rialuithe oifigiúla atá le déanamh ag údaráis inniúla na mBallstát ar theacht isteach do na coinsíneachtaí san Aontas, i gcás nach bhfuil aon chúis amhrais faoi neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ná faoi chleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha;

(b) 

na deimhnithe oifigiúla a chaithfidh a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas;

(c) 

samhail do na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) 

údaráis inniúla an tríú tír a gcaithfear na rialuithe réamhonnmhairithe a dhéanamh faoina bhfreagracht; agus

(e) 

i gcás inarb iomchuí, aon chomhlacht tarmligthe ar féidir leis na húdaráis inniúla cúraimí ar leith a tharmligean chucu. Ní fhéadfar tarmligean den sórt sin a fhormheas ach amháin má chomhlíonann sé critéir a leagtar amach in Airteagal 28 go hAirteagal 33 nó coinníollacha coibhéiseacha.

3.  

Ní fhéadfar an formheas dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú ar thríú tír ach amháin má léiríonn an fhianaise atá ar fáil agus, nuair is iomchuí, rialú an Choimisiúin arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 120, go n-áiritheoidh córas rialuithe oifigiúla an tríú tír sin an méid seo a leanas:

(a) 

go gcomhlíonann coinsíneachtaí na n-ainmhithe nó na n-earraí arna n-onnmhairiú chuig an Aontas na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó ceanglais choibhéiseacha; agus

(b) 

go bhfuil na rialuithe arna ndéanamh sa tríú tír sula seoltar an choinsíneacht chuig an Aontas éifeachtach go leor le teacht in ionad na seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha arna leagan síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó lena minicíocht a laghdú.

4.  

Maidir leis na húdaráis inniúla nó an comhlacht tarmligthe atá sonraithe san fhormheas:

(a) 

beidh siad freagrach as teagmhálacha leis an Aontas; agus

(b) 

áiritheoidh siad go mbeidh na deimhnithe oifigiúla dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 ag gabháil le gach coinsíneacht arna rialú.

5.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha agus critéir mhionsonraithe a leagan síos chun rialuithe réamhonnmhairithe a fhormheas a dhéanann tríú tíortha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le haghaidh rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát ar ainmhithe agus ar earraí atá faoi réir an fhormheasa dá dtagraítear sa mhír sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 74

Neamhchomhlíonadh na rialuithe réamhonnmhairithe agus aistarraingt an fhormheasa ar na rialuithe sin arna dhéanamh ag tríú tíortha

1.  

Nuair a léiríonn rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí catagóirí ainmhithe agus ainmhithe ar formheasadh rialuithe sonraithe réamhonnmhairithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 73(1) neamhchomhlíontachtaí tromchúiseacha agus rialta na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas láithreach:

(a) 

fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus na hoibreoirí lena mbaineann tríd an CBFRO dá dtagraítear in Airteagal 131(1) chomh maith le cúnamh riaracháin a lorg i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú in Airteagal 102 go hAirteagal 108; agus

(b) 

líon na rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ón tríú tír ábhartha a mhéadú agus, nuair is gá chun gur féidir scrúdú ceart anailíseach a dhéanamh ar an gcás, líon iomchuí samplaí a choimeád faoi dhálaí iomchuí stórais.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an formheas dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) a aistarraingt i gcás, tar éis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, ina ndealraíonn sé nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 73(3) agus (4) á gcomhlíonadh a thuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).



Roinn V

Comhar idir na húdaráis i ndáil le coinsíneachtaí ó thríú tíortha

Airteagal 75

Comhar idir na húdaráis i ndáil le coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha

1.  
Beidh údaráis inniúla, údaráis chustaim agus údaráis eile na mBallstát atá ag déileáil le hainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas i ndlúthchomhar lena chéile chun a áirithiú go ndéanfar na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

Chun na críche sin, maidir le húdaráis inniúla, údaráis chustaim agus údaráis eile:

(a) 

ráthóidh siad rochtain chómhalartach ar fhaisnéis atá riachtanach le haghaidh eagraíochta agus tabhairt i gcrích a ngníomhaíochtaí faoi seach i ndáil le hainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas; agus

(b) 

áiritheoidh siad malartú tráthúil faisnéis den sórt sin, lena n-áirítear trí mheán leictreonach.

2.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na socruithe aonfhoirmeacha comhair nach mór d’údaráis inniúla, údaráis chustaim agus údaráis eile dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm leis an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

rochtain údarás inniúil ar an bhfaisnéis is gá chun na coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas agus atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag post rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 47(1) a shainaithint láithreach agus ina n-iomláine;

(b) 

faisnéis arna bailiú ag údaráis inniúla, údaráis chustaim agus údaráis eile ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas a thabhairt cothrom le dáta go cómhalartach, trí fhaisnéis a mhalartú nó trí na tacair ábhartha sonraí a shioncronú; agus

(c) 

cinntí arna nglacadh ag údaráis den sórt sin ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a chur in iúl go tapa.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 76

Comhar idir na húdaráis i ndáil le coinsíneachtaí nach bhfuil faoi réir rialuithe sonracha ag teorainneacha

1.  
Beidh feidhm ag mír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, i gcás coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí seachas na coinsíneachtaí sin atá faoi réir rialuithe ar theacht isteach san Aontas dóibh mar a cheanglaítear le hAirteagal 47(1) den Rialachán seo agus a ndearnadh dearbhú custaim ina leith lena scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir le pointe 12 d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus le hAirteagal 158 go hAirteagal 202 den Rialachán sin.
2.  
Cuirfidh údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht ar fionraí i gcás ina bhfuil cúis acu a chreidiúint go bhféadfadh riosca a bheith ag baint leis an gcoinsíneacht do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin agus tabharfaidh siad fógra láithreach do na húdaráis inniúla faoi fhionraí den sórt sin.
3.  
Maidir le coinsíneacht a bhfuil a scaoileadh i saorchúrsaíocht curtha ar fionraí de bhun mhír 2, scaoilfear í más rud é, laistigh de thrí lá oibre ón scaoileadh a chur ar fionraí, nach bhfuil iarrtha ag na húdaráis inniúla ar na húdaráis chustaim leanúint leis an bhfionraí nó má tá sé curtha in iúl acu do na húdaráis nach bhfuil aon riosca ann.
4.  

I gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil riosca ann do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin;

(a) 

iarrfaidh siad ar na húdaráis chustaim gan an choinsíneacht a scaoileadh i saorchúrsaíocht agus an ráiteas seo a leanas a áireamh sa sonrasc tráchtála a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus in aon doiciméad ábhartha a ghabhann leis nó sna doiciméid choibhéiseacha leictreonacha:

“Riosca ag baint leis an táirge seo – ní údaraítear a scaoileadh i saorchúrsaíocht – Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ”;

(b) 

ní cheadófar aon nós imeachta custaim eile gan toiliú na n-údarás inniúil; agus

(c) 

beidh feidhm ag Airteagail 66(1), (3), (5) agus (6), Airteagail 67, 68, agus 69, Airteagal 71(1) agus (2), agus Airteagal 72 (1) agus (2).

5.  
I gcás coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí cé is moite díobh sin atá faoi réir rialuithe ar a dteacht isteach san Aontas mar a cheanglaítear le hAirteagal 47(1) agus nach bhfuil aon dearbhú custaim lena scaoileadh i saorchúrsaíocht déanta ina leith, déanfaidh na húdaráis chustaim, i gcás ina bhfuil cúis acu a chreidiúint go bhféadfadh riosca a bheith ag baint leis an gcoinsíneacht do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó do leas ainmhithe nó, i ndáil le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin, an fhaisnéis ábhartha ar fad a tharchur chuig na húdaráis chustaim sna Ballstáit is ceann scríbe.



Roinn VI

Bearta sonracha

Airteagal 77

Rialacha maidir le rialuithe sonracha oifigiúla agus maidir le bearta a bheidh le glacadh tar éis rialuithe den sórt sin a dhéanamh

1.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le rialacha maidir le rialuithe sonracha oifigiúla a dhéanamh agus ar bhearta a ghlacadh i gcás neamhchomhlíonta, chun sonraíochtaí na gcatagóirí seo ainmnithe agus earraí seo a leanas a chur san áireamh nó a socruithe i ndáil le hiompar agus a modhanna iompair:

(a) 

coinsíneachtaí táirgí úra iascaigh a thugtar i dtír go díreach i gcalafoirt arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ( 16 ) ó shoitheach iascaireachta ar a bhfuil bratach tríú tír ar foluain;

(b) 

coinsíneachtaí géim fhiáin, neamhfheannta, fhionnaithigh;

(c) 

coinsíneachtaí na gcatagóirí earraí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 47(1) a sheachadtar, le stóras nó gan stóras i dtrádstóras custaim nó i gcriosanna saora arna formheas go speisialta, chuig soithigh atá ag fágáil an Aontais agus ar le haghaidh sholáthar an tsoithigh nó lena caitheamh ag an gcriú agus ag na paisinéirí a beartaíodh iad;

(d) 

ábhar pacáistíochta d’adhmad;

(e) 

beatha a ghabhann le hainmhithe agus a bhfuil sé beartaithe na hainmhithe sin a bheathú léi;

(f) 

ainmhithe agus earraí arna n-ordú trí dhíolacháin le cianchonarthaí, agus arna seachadadh ó thríú trí chuig seoladh san Aontas, agus na ceanglais maidir le fógra a thabhairt is gá chun go ndéanfar na rialuithe oifigiúla i gceart;

(g) 

táirgí plandaí a d’fhéadfadh, i ngeall ar a gceann scríbe, galair thógálacha ghabhálacha a leathadh;

(h) 

coinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 47(1) de thionscnamh an Aontais, agus ag filleadh ar an Aontas, tar éis do thríú tír diúltú dá dteacht isteach;

(i) 

earraí a thagann isteach san Aontas i mbulc ó thríú tír, is cuma an de thionscnamh an tríú tír sin iad ar fad;

(j) 

coinsíneachtaí earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) a thagann ó chríoch na Cróite agus a aistrítear trí chríoch na Boisnia agus na Heirseagaivéine ag Neum (“conair Neum”) sula dtagann siad isteach an athuair i gcríoch na Cróite tríd na pointí iontrála ag Kelk nó ag Zaton Doli;

(k) 

ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó fhorálacha Airteagal 47 i gcomhréir le hAirteagal 48.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na coinníollacha chun faireachán a dhéanamh ar iompar agus ar theacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe, ón bpost rialaithe teorann iontrála go dtí an bhunaíocht ag an gceann scríbe san Aontas, go dtí an post rialaithe teorann ag an gceann scríbe nó go dtí an post rialaithe teorann imeachta.
3.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe a leanas:

(a) 

samhlacha de dheimhnithe oifigiúla agus rialacha maidir le deimhnithe den sórt sin a eisiúint; agus

(b) 

formáid na ndoiciméad a chaithfidh a bheith ag gabháil leis na catagóirí ainmhithe nó earraí dá dtagraítear i mír 1.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).



CAIBIDIL VI

Rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a mhaoiniú

Airteagal 78

Rialacha ginearálta

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil chun an fhoireann agus na hacmhainní eile is gá a sholáthar chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh.
2.  
Beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin i gcás cúraimí sonracha áirithe i ndáil le rialú oifigiúil agus i gcás gníomhaíochtaí oifigiúla áirithe eile a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 28 agus Airteagal 31.

Airteagal 79

Táillí nó muirir éigeantacha

1.  

Baileoidh na húdaráis inniúla táillí nó muirir maidir le rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i gCaibidil II d’Iarscríbhinn IV agus maidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar ar ainmhithe agus earraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 47(1), ag poist rialaithe teorann nó ag na pointí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 53(1);

(a) 

ar leibhéal an chostais a ríomhadh i gcomhréir le hAirteagal 82(1); nó,

(b) 

ar leibhéil na méideanna dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV.

2.  

Baileoidh na húdaráis inniúla táillí nó muirir chun na costais a chumhdach a thabhaíonn siad i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe agus earraí dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) d’Airteagal 47(1);

(b) 

rialuithe oifigiúla arna ndéanamh arna iarraidh sin don oibreoir, chun an formheas a fháil dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;

(c) 

rialuithe oifigiúla nach raibh sé beartaithe i dtús báire iad a dhéanamh, agus;

(i) 

a tháinig chun bheith riachtanach tar éis neamhchomhlíonadh ag an oibreora céanna a bhrath le linn rialú oifigiúil a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialacháin seo; agus,

(ii) 

a dhéantar chun méid agus tionchar an neamhchomhlíonta a mheas, nó chun a fhíorú gur réitíodh an neamhchomhlíonadh.

3.  

D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh na Ballstáit, i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil II d’Iarscríbhinn IV, ar bhonn oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, méid na dtáillí nó na muirear a laghdú agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

leasanna na n-oibreoirí a bhfuil tréchur íseal acu;

(b) 

na modhanna traidisiúnta a úsáidtear don táirgeadh, don phróiseáil agus don dáileadh;

(c) 

riachtanais na n-oibreoirí sin atá suite i réigiúin atá faoi réir srianta geografacha sonracha; agus

(d) 

taifead na n-oibreoirí maidir le comhlíonadh na rialacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) mar a fionnadh trí rialuithe oifigiúla.

4.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh i ndáil le táillí agus muirir a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 82(1), nach mbaileofar iad faoin méid a mbeadh bailiú an táille nó an mhuirir sin neamheacnamaíoch faoina bhun, agus costas an bhailithe agus an t-ioncam iomlán a mbeifí ag súil leis ón táille agus ón muirear sin á gcur san áireamh.
5.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (j) d’Airteagal 1(2) a fhíorú.

Airteagal 80

Táillí nó muirir eile

Féadfaidh na Ballstáit táillí nó muirir a bhailiú chun na costais a chumhdach bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile seachas na táillí nó na muirir sin dá dtagraítear in Airteagal 79, mura dtoirmisctear sin leis na forálacha reachtacha is infheidhme sna réimsí a rialaítear leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 81

Costais

Na táillí nó na muirir atá le bailiú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 79(1) agus 79(2), cinnfear iad ar bhonn na gcostas seo a leanas, a mhéid is toradh iad sin ar na rialuithe oifigiúla lena mbaineann:

(a) 

tuarastail na foirne, lena n-áirítear foireann tacaíochta agus riaracháin, atá bainteach leis na rialuithe oifigiúla a dhéanamh, slándáil shóisialta na foirne sin, agus a bpinsean agus costais árachais;

(b) 

costas saoráidí agus trealaimh, lena n-áirítear costais cothabhála agus árachais agus costais ghaolmhara eile;

(c) 

costas tomhaltán, agus costas uirlisí;

(d) 

na costais seirbhísí a mhuirearaíonn comhlachtaí tarmligthe ar na húdaráis inniúla i ndáil le rialaithe oifigiúla a tarmligeadh chuig na comhlachtaí tarmligthe sin a dhéanamh;

(e) 

costas oiliúint n a foirne dá dtagraítear i bpointe (a), cé is moite den oiliúint sin is gá chun an cháilíocht is gá a fháil le bheith fostaithe ag na húdaráis inniúla;

(f) 

costas taistil na foirne dá dtagraítear i bpointe (a), agus costais chothaithe lena mbaineann;

(g) 

costas samplála agus anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne, arna mhuirearú ag saotharlanna oifigiúla i leith na gcúraimí sin.

Airteagal 82

Táillí nó muirir éigeantacha

1.  

Táillí nó muirir arna mbailiú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 79(1) agus le hAirteagal 79(2), déanfar iad a bhunú de réir ceann de na modhanna ríofa seo a leanas nó de réir teaglaim díobh:

(a) 

déanfar iad a shuíomh ag ráta comhréidh, ar bhonn chostais fhoriomlána na rialuithe oifigiúla arna dtabhú ag na húdaráis inniúla thar thréimhse ar leith, agus arna gcur i bhfeidhm ar na hoibreoirí ar fad, beag beann ar aon rialú oifigiúil a bheith á dhéanamh le linn na tréimhse tagartha i ndáil le gach oibreoir arna mhuirearú; agus iad ag cinneadh leibhéal na dtáillí a bheidh le muirearú ar gach earnáil, gníomhaíocht agus catagóir oibreoirí, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh an tionchar atá ag cineál agus méid na gníomhaíochta lena mbaineann agus ag na tosca riosca ábhartha ar leithdháileadh chostais fhoriomlána na rialuithe oifigiúla sin; nó

(b) 

ríomhfar iad ar bhonn ríomh chostais iarbhír gach rialaithe oifigiúil aonair, agus cuirfear i bhfeidhm iad ar na hoibreoirí atá faoi réir rialaithe oifigiúla den sórt sin.

2.  
Measfar na costais taistil amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 81(1) chun na táillí nó na muirir dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 79(1) agus 79(2) a ríomh ar bhealach nach ndéanann idirdhealú idir oibreoirí ar bhonn fhad a n-áitribh ó shuíomh na n-údarás inniúil.
3.  
I gcás ina ríomhtar táillí nó muirir i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, ní rachaidh na táillí ná na muirir a bhaileoidh na húdaráis inniúla thar na costais fhoriomlána arna dtabhú do na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh le linn na tréimhse dá dtagraítear ann.
4.  
I gcás ina ríomhtar na táillí nó na muirir i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, ní sháróidh siad costas iarbhír an rialaithe oifigiúil a dhéantar.

Airteagal 83

Táillí nó muirir a bhailiú agus a chur i bhfeidhm

1.  
Ní dhéanfar táille ná muirear a mhuirearú ar oibreoir do rialú oifigiúil agus do ghníomhaíocht oifigiúil eile arna déanamh ar bhonn gearáin ach amháin má bhíonn dearbhú an neamhchomhlíonta mar thoradh ar an rialú sin.
2.  
Ní aisíocfar go díreach ná go hindíreach táillí nó muirir a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 79 agus le hAirteagal 80, ach amháin i gcás gur bailíodh go míchuí iad.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh údaráis eile nó comhlachtaí tarmligthe eile seachas na húdaráis inniúla táillí nó muirir a bhailiú.

Airteagal 84

Táillí nó muirir a íoc

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla a áirithiú go bhfaighidh na hoibreoirí, arna iarraidh sin, cruthúnas ar íocaíocht táillí nó muirear i gcásanna nach bhfuil rochtain ag an oibreoir ar chruthúnas den sórt sin ar aon slí eile.
2.  
Íocfaidh an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht, nó a ionadaí, na táillí nó na muirir arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 79(1).

Airteagal 85

Trédhearcacht

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardleibhéal trédhearcachta ann maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

na táillí nó na muirir dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 79(1) agus Airteagal 79(2) agus Airteagal 80, eadhon:

(i) 

an modh agus na sonraí a úsáidtear chun na táillí nó na muirir sin a shuíomh;

(ii) 

méid na dtáillí nó na muirear a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach catagóir oibreora, agus i leith gach catagóir de rialuithe oifigiúla nó de ghníomhaíochtaí oifigiúla eile;

(iii) 

briseadh síos na gcostas amhail dá dtagraítear in Airteagal 81;

(b) 

céannacht na n-údarás nó na gcomhlachtaí atá freagrach as na táillí nó na muirir a bhailiú.

2.  
Cuirfidh gach údarás inniúil ar fáil don phobal do gach tréimhse tagartha, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na costais don údarás inniúil a bhfuil táille nó muirear dlite ina leith i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 79(1), Airteagal 79(2) agus Airteagal 80.
3.  
Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis na modhanna ginearálta a úsáidtear chun na táillí nó na muirir dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal79(1), Airteagal 79(2) agus Airteagal 80.



CAIBIDIL VII

Deimhniúchán oifigiúil

Airteagal 86

Ceanglais ghinearálta a bhaineann le deimhniúchán oifigiúil

1.  

Mar thoradh ar dheimhniúchán oifigiúil, eiseofar na nithe seo a leanas:

(a) 

deimhnithe oifigiúla; nó,

(b) 

fianuithe oifigiúla sna cásanna dá bhforáiltear sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

2.  
I gcás ina dtarmligeann na húdaráis inniúla cúraimí áirithe a bhaineann le deimhnithe oifigiúla nó fianuithe oifigiúla a eisiúint, nó leis an maoirseacht oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 90(1), comhlíonfaidh tarmligean den sórt sin Airteagal 28 go hAirteagal 33.

Airteagal 87

Deimhnithe oifigiúla

Beidh feidhm ag Airteagal 88, Airteagal 89 agus Airteagal 90:

(a) 

i gcás ina gceanglaítear leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) deimhniú oifigiúil a eisiúint; agus

(b) 

maidir le deimhnithe oifigiúla atá riachtanach chun coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a onnmhairiú go tríú tíortha, nó maidir le deimhnithe oifigiúla a iarrann údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe ar údarás inniúil an Bhallstáit seolta i leith coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá le honnmhairiú chuig tríú tíortha.

Airteagal 88

Deimhnithe oifigiúla a shíniú agus a eisiúint

1.  
Is iad na húdaráis inniúla a eiseoidh deimhnithe oifigiúla.
2.  

Ainmneoidh na húdaráis inniúla na hoifigigh dheimhniúcháin atá údaraithe le deimhnithe oifigiúla a shíniú agus áiritheoidh siad go bhfuil na hoifigigh sin:

(a) 

neamhchlaonta, saor ó aon choinbhleacht leasa, agus go háirithe, nach bhfuil siad i staid a d’fhéadfadh, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil lena bhfuil á dheimhniú; agus

(b) 

tar éis oiliúint chuí a fháil maidir leis na rialacha a bhfuil a gcomhlíonadh deimhnithe ag an deimhniú oifigiúil, agus maidir leis an measúnú teicniúil ar chomhlíonadh na rialacha sin mar aon leis na rialacha ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.  

Is é an t-oifigeach deimhniúcháin a shíneoidh na deimhnithe oifigiúla, agus eiseofar iad ar cheann de na forais seo a leanas:

(a) 

eolas a bheith ag an oifigeach deimhniúcháin féin go díreach ar na fíricí is déanaí agus na sonraí is ábhartha don deimhniúchán, a fuair an t-oifigeach deimhniúcháin ar na bealaí seo a leanas:

(i) 

trí rialú oifigiúil; nó

(ii) 

trí dheimhniú oifigiúil eile arna eisiúint ag na húdaráis inniúla a fháil;

(b) 

fíricí agus sonraí is ábhartha don deimhniúchán, arna bhfionnadh ag duine eile arna údarú chun na críche sin ag na húdaráis inniúla, agus ag gníomhú faoina rialú, ar choinníoll gur féidir leis an oifigeach deimhniúcháin beachtas fíricí agus sonraí den sórt sin a fhíorú;

(c) 

fíricí agus sonraí is ábhartha don deimhniúchán a fuarthas ó chórais rialaithe na n-oibreoirí féin, arna gcomhlánú agus arna ndearbhú le torthaí ó rialuithe oifigiúla rialta, i gcás ina bhfuil an t-oifigeach deimhniúcháin sásta ina thaobh sin go bhfuil na coinníollacha maidir leis an deimhniú oifigiúil a eisiúint comhlíonta.

4.  
Síneoidh an t-oifigeach deimhniúcháin na deimhnithe oifigiúla agus ní eiseofar iad ach ar bhonn phointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo i gcás ina gceanglaíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) é.

Airteagal 89

Ráthaíochtaí iontaofachta le haghaidh deimhnithe oifigiúla

1.  

Maidir le deimhnithe oifigiúla:

(a) 

beidh cód uathúil orthu;

(b) 

ní shíneoidh an t-oifigeach deimhniúcháin iad i gcás ina bhfuil siad bán nó neamhiomlán;

(c) 

tarraingeofar suas iad i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais a thuigeann an t-oifigeach deimhniúcháin agus, nuair is ábhartha, i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit is ceann scríbe;

(d) 

beidh siad barántúil agus beacht;

(e) 

beifear in ann an duine a shínigh iad agus an dáta eisiúna a shainaithint; agus

(f) 

ceadóidh siad an nasc idir an deimhniú, an t-údarás eisiúna agus an choinsíneacht, luchtóg nó ainmhí nó earra aonair arna chumhdach ag an deimhniú a fhíorú go héasca.

2.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta cuí ar fad chun eisiúint deimhnithe oifigiúla bréagacha nó míthreoracha a chosc nó chun míúsáid deimhnithe oifigiúla a chosc.

Airteagal 90

Cumhachtaí cur chun feidhme i dtaca le deimhnithe oifigiúla

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos chun Airteagal 88 agus Airteagal 89 a chur chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

samhlacha de dheimhnithe oifigiúla agus rialacha maidir le heisiúint deimhnithe den sórt sin, i gcás nach leagtar síos ceanglais sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b) 

na sásraí agus na socruithe teicniúla lena áirithiú go n-eisítear deimhnithe oifigiúla atá beacht agus iontaofa agus chun riosca calaoise a chosc;

(c) 

na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás ina n-aistarraingítear deimhnithe oifigiúla agus chun deimhnithe athsholáthair a eisiúint;

(d) 

rialacha maidir le cóipeanna deimhnithe de dheimhnithe oifigiúla a tháirgeadh;

(e) 

formáid na ndoiciméad a chaithfidh a bheith ag gabháil le hainmhithe agus le hearraí tar éis rialuithe oifigiúla a dhéanamh;

(f) 

rialacha maidir le deimhnithe leictreonacha a eisiúint agus maidir le sínithe leictreonacha a úsáid.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 91

Fianuithe oifigiúla

1.  
I gcás ina gceanglaítear leis an Rialachán seo nó leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go ndéanfadh na hoibreoirí na fianuithe oifigiúla a eisiúint faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil, nó go ndéanfadh na húdaráis inniúla féin iad a eisiúint, beidh feidhm ag mír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo.
2.  

Maidir leis na fianuithe oifigiúla:

(a) 

beidh siad barántúil agus beacht;

(b) 

tarraingeofar suas iad i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit is ceann scríbe; agus

(c) 

i gcás ina mbaineann siad le coinsíneacht nó le luchtóg, fíorú an naisc idir an fianú oifigiúil agus an choinsíneacht nó an luchtóg sin a cheadú.

3.  

Áiritheoidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas faoin bhfoireann a dhéanann rialuithe oifigiúla chun maoirseacht a dhéanamh ar eisiúint na bhfianuithe oifigiúla nó, i gcás inarb iad na húdaráis inniúla a eisíonn na fianuithe oifigiúla, an fhoireann atá bainteach le heisiúint na bhfianuithe oifigiúla sin:

(a) 

go bhfuil siad neamhchlaonta, saor ó aon choinbhleacht leasa, agus go háirithe, nach bhfuil siad i staid ina bhféadfaí, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil lena bhfuil á dheimhniú ag na fianuithe oifigiúla; agus

(b) 

gur cuireadh oiliúint chuí orthu:

(i) 

ar na rialacha a bhfuil a gcomhlíonadh deimhnithe ag na fianuithe oifigiúla agus ar mheasúnú teicniúil a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin;

(ii) 

ar na rialacha ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo.

4.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla rialta chun an méid seo a leanas a fhíorú:

(a) 

go gcomhlíonann na hoibreoirí a eisíonn na fianuithe na coinníollacha a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2); agus

(b) 

go n-eisítear an fianú ar bhonn fíricí agus sonraí atá ábhartha, ceart, infhíoraithe.



TEIDEAL III

SAOTHARLANNA TAGARTHA AGUS LÁRIONAID TAGARTHA

Airteagal 92

Cinneadh chun saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú

1.  

Sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), bunófar saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh i gcás ina mbraitheann éifeachtacht na rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ar cháilíocht, aonfhoirmeacht agus iontaofacht an mhéid seo a leanas:

(a) 

na modhanna anailíse, tástála nó diagnóise arna n-úsáid ag na saotharlanna oifigiúla atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 37(1); agus

(b) 

torthaí na n-anailísí, na dtástálacha agus na ndiagnóisí arna ndéanamh ag na saotharlanna oifigiúla sin.

2.  
Bunófar saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh i gcás ina bhfuil gá aitheanta le cleachtas aonfhoirmeach a chur chun cinn i ndáil le forbairt nó úsáid na modhanna dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar shainordú agus ar fheidhmiú na saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh go rialta.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an gcinneadh chun saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú trí ghníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 144.

Airteagal 93

Saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú

1.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú sna cásanna ina ndearnadh cinneadh saotharlann den sórt sin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 92
2.  

Maidir leis na hainmniúcháin dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

beidh siad faoi réir próiseas roghnúcháin poiblí; agus

(b) 

beidh siad teoranta ó thaobh ama agus mairfidh siad tréimhse cúig bliana ar a laghad, nó déanfar athbhreithniú orthu go rialta.

3.  

Maidir le saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh:

(a) 

feidhmeoidh siad i gcomhréir le caighdeán EN ISO/IEC 17025 agus déanfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta iad a chreidiúnú i gcomhréir leis an gcaighdeán sin, agus feidhmeoidh an comhlacht creidiúnaithe sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Maidir le raon feidhme an chreidiúnaithe sin:

(i) 

áiritheofar ann na modhanna anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne ar fad a cheanglaítear ar an tsaotharlann a úsáid nuair a oibríonn sí mar shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh;

(ii) 

féadfaidh modh amháin anailísí, tástála nó diagnóise saotharlainne nó níos mó a bheith i gceist, nó meascán modhanna;

(iii) 

féadfar an creidiúnú a shainiú ar bhealach solúbtha, ionas go n-áireofar i raon feidhme an chreidiúnaithe leaganacha modhnaithe de na modhanna a d’úsáid an tsaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh nuair a deonaíodh an creidiúnú, nó modhanna nua sa bhreis ar na modhanna sin, ar bhonn bhailíochtú na saotharlainne féin gan measúnú sonrach a dhéanamh, sula ndéanann comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an tsaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh suite na modhanna modhnaithe nó na modhanna nua sin a úsáid.

(b) 

beidh siad neamhchlaonta, saor ó aon choinbhleacht leasa agus go háirithe, ní bheidh siad i staid ina bhféadfaí, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú a gcúraimí mar shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh;

(c) 

beidh foireann chuícháilithe acu, nó beidh rochtain chonarthach acu ar fhoireann cuícháilithe, a bhfuil oiliúint leordhóthanach orthu i dteicnící anailíseacha, tástála agus diagnóiseacha a bhaineann lena réimse inniúlachta, agus beidh foireann tacaíochta acu de réir mar is iomchuí;

(d) 

beidh an bonneagar, an trealamh agus na táirgí is gá acu, nó beidh fáil acu orthu, chun na cúraimí a shannfar dóibh a chur i gcrích;

(e) 

áiritheoidh siad go mbeidh eolas maith ag a bhfoireann agus ag aon fhoireann ar conradh ar chaighdeáin agus ar chleachtais idirnáisiúnta agus go gcuirfear na forbairtí is déanaí i dtaighde ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal idirnáisiúnta san áireamh ina gcuid oibre;

(f) 

beidh an trealamh is gá acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcásanna éigeandála nó beidh rochtain acu ar an trealamh sin; agus

(g) 

i gcás inarb ábhartha, beidh an trealamh is gá acu chun caighdeáin bhithshlándála ábhartha a chomhlíonadh.

4.  
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, maidir leis an réimse arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún saotharlanna oifigiúla a ainmniú, arna n-ainmniú amhlaidh ag na húdaráis inniúla ar bhonn maolú arna ghlacadh de bhun Airteagal 40, mar shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, is cuma cé acu a chomhlíonann siad an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 3 nó nach gcomhlíonann.
5.  

De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh na saotharlanna dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus sa chéad mhír d’Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 mar na saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a mbeidh na cúraimí agus na freagrachtaí orthu dá dtagraítear in Airteagal 92 sna réimsí seo a leanas faoi seach:

(a) 

OGManna agus bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe; agus

(b) 

breiseáin bheatha.

6.  
Beidh feidhm ag na hoibleagáidí rúndachta foirne dá dtagraítear in Airteagal 7 mutatis mutandis maidir le foireann na saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 94

Freagrachtaí agus cúraimí shaotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh

1  
Rannchuideoidh saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh chun modhanna anailíse, tástála nó diagnóise atá le húsáid ag saotharlanna oifigiúla atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 37(1) a fheabhsú agus a chomhchuibhiú agus chun na sonraí anailíseacha, tástála agus diagnóiseacha arna nginiúint acu a fheabhsú agus a chomhchuibhiú.
2.  

Beidh saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 93(1) freagrach as na cúraimí seo a leanas a mhéid atá siad san áireamh i gcláir oibre bhliantúla nó i gcláir oibre ilbhliantúla na saotharlann tagartha, ar cláir oibre iad arna mbunú i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí ábhartha na gclár oibre a ghlac an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 652/2014:

(a) 

sonraí agus treoir maidir le modhanna anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne, lena n-áirítear modhanna tagartha, a chur ar fáil do shaotharlanna náisiúnta tagartha;

(b) 

ábhar tagartha a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta;

(c) 

cur i bhfeidhm na modhanna dá dtagraítear i bpointe (a) ag na saotharlanna náisiúnta tagartha agus, más gá, ag saotharlanna oifigiúla eile, a chomhordú, go háirithe trí thástáil chomparáideach rialta idirshaotharlainne nó tástálacha inniúlachta a eagrú agus trína áirithiú go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí i ndáil le tástáil chomparáideach nó le tástálacha inniúlachta den sórt sin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, i gcomhréir le prótacail a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, agus na torthaí agus an obair leantach a bhaineann leis na tástálacha comparáideacha idirshaotharlainne nó tástálacha ar inniúlacht a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit;

(d) 

socruithe praiticiúla a chomhordú a bhfuil gá leo chun modhanna nua anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne a chur i bhfeidhm agus na saotharlanna tagartha náisiúnta a chur ar an eolas maidir leis an dul chun cinn sa réimse sin;

(e) 

cúrsaí oiliúna a reáchtáil do fhoirne ó shaotharlanna tagartha náisiúnta agus, más gá, ó shaotharlanna oifigiúla eile, agus chun leasa saineolaithe ó thríú tíortha;

(f) 

cúnamh eolaíoch agus teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de raon feidhme a misin;

(g) 

faisnéis a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí ábhartha taighde de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, do shaotharlanna náisiúnta tagartha;

(h) 

comhoibriú laistigh dá raon feidhme le saotharlanna i dtríú tíortha agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (ECDC), leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC);

(i) 

cabhrú go gníomhach le diagnóisiú ráigeanna sna Ballstáit de ghalair de bhunús bia-iompartha, zónóiseach nó ainmhíoch, nó de lotnaidí plandaí, trí dhiagnóisiú deimhniúcháin, trí shaintréithriú agus trí staidéir thacsanomaíocha nó eipeasótacha a dhéanamh ar aonraígh phataigine nó eiseamail lotnaidí;

(j) 

tástálacha a chomhordú nó a dhéanamh chun cáilíocht imoibreán agus luchtóga imoibreán arna n-úsáid chun galair bia-iompartha agus, zónóiseach nó de bhunús ainmhíoch lotnaidí plandaí a dhiagnóisiú a fhíorú;

(k) 

a mhéid a bhaineann sé lena réimse inniúlachta, na nithe seo a leanas a bhunú agus a choinneáil:

(i) 

bailiúcháin tagartha lotnaidí plandaí agus/nó tréithchineálacha tagartha oibreán pataigineach;

(ii) 

bailiúcháin tagartha ábhar a bhfuil sé beartaithe go dtiocfadh sé i dtadhall le bia arna úsáid chun trealamh anailíseach a chalabrú agus samplaí díobh a chur ar fáil do shaotharlanna tagartha náisiúnta;

(iii) 

liostaí cothrom le dáta de shubstaintí agus imoibreáin tagartha atá le fáil agus de mhonaróirí agus soláthraithe substaintí agus imoibreán den sórt sin; agus

(l) 

i cás inarb ábhartha dá réimse inniúlachta, comhoibreoidh siad eatarthu féin agus leis an gCoimisiún, mar is iomchuí, chun modhanna anailíse, tástála nó diagnóise ar ardchaighdeán a fhorbairt.

Maidir le pointe (i) de phointe (k), féadfaidh an tsaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh na bailiúcháin tagartha agus na tréithchineálacha tagartha sin a bhunú agus a choimeád trí eisfhoinsiú conarthach chuig saotharlanna oifigiúla eile agus chuig eagraíochtaí eolaíochta eile.

3.  
Foilseoidh saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh an liosta de shaotharlanna tagartha náisiúnta arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 100(1).

Airteagal 95

Lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe a ainmniú

1.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe a ainmniú a thacóidh le gníomhaíochtaí an Choimisiúin agus na mBallstát maidir leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 1(2) a chur i bhfeidhm.
2.  

Maidir leis na hainmniúcháin dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

beidh siad faoi réir próiseas roghnúcháin poiblí; agus

(b) 

beidh siad teoranta ó thaobh ama nó déanfar athbhreithniú orthu go rialta.

3.  

Maidir le lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe:

(a) 

gníomhóidh siad go neamhchlaonta maidir le feidhmiú a gcúraimí mar lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh;

(b) 

beidh saineolas eolaíoch agus teicniúil ar ardleibhéal acu ar chaidreamh idir daoine agus ainmhithe, iompar ainmhithe, fiseolaíocht ainmhithe, géinitic ainmhithe, sláinte agus cothú ainmhithe a bhaineann le leas ainmhithe, agus ar ghnéithe de leas ainmhithe a bhaineann le húsáid tráchtála agus eolaíoch ainmhithe;

(c) 

beidh foireann chuícháilithe acu a bhfuil oiliúint leordhóthanach orthu sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i gceisteanna eiticiúla a bhaineann le hainmhithe agus beidh foireann tacaíochta acu de réir mar is iomchuí;

(d) 

beidh an bonneagar, an trealamh agus na táirgí is gá acu, nó beidh rochtain acu orthu, chun na cúraimí a shannfar dóibh a chur i gcrích; agus

(e) 

áiritheoidh siad go mbeidh eolas maith ag a bhfoireann ar chaighdeáin agus ar chleachtais idirnáisiúnta sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (b) agus go gcuirfear na forbairtí is déanaí i dtaighde ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear staidéir agus gníomhaíochtaí a rinne lárionaid tagartha eile de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe, sna réimsí sin san áireamh ina gcuid oibre.

Airteagal 96

Freagrachtaí agus cúraimí lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe

Beidh na lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe freagrach as na cúraimí tacaíochta seo a leanas a mhéid atá siad san áireamh i gcláir oibre bliantúla nó i gcláir oibre ilbhliantúla na lárionad tagartha, ar cláir oibre iad arna mbunú i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí ábhartha na gclár oibre a ghlac an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 652/2014:

(a) 

saineolas eolaíoch agus teicniúil laistigh de raon feidhme a misin a chur ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí i bhfoirm cúnaimh chomhordaithe, do na líonraí agus comhlachtaí ábhartha náisiúnta tacaíochta sa réimse a rialaítear leis na rialacha dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 1(2);

(b) 

saineolas eolaíoch agus teicniúil a chur ar fáil d’fhorbairt agus do chur i bhfeidhm na dtáscairí leasa ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 21(8);

(c) 

forbairt modhanna chun an leibhéal leasa ainmhithe a mheasúnú agus modhanna chun leas ainmhithe a fheabhsú a fhorbairt nó a chomhordú;

(d) 

staidéir eolaíocha agus theicniúla a dhéanamh ar leas ainmhithe arna n-úsáid chun críocha tráchtála nó eolaíocha;

(e) 

cúrsaí oiliúna a reáchtáil do fhoireann na líonraí nó na gcomhlachtaí tacaíochta eolaíche náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a), chun leasa fhoireann na n-údarás inniúil agus saineolaithe ó thríú tíortha; agus

(f) 

torthaí taighde agus nuálaíochtaí teicniúla a leathadh agus comhoibriú le comhlachtaí taighde an Aontais sna réimsí laistigh de raon feidhme a misin.

Airteagal 97

Lárionaid tagartha an Aontais Eorpaigh um barántúlacht agus sláine an tslabhra agraibhia a ainmniú

1.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú a thacóidh le gníomhaíochtaí an Choimisiúin agus na mBallstát chun aon sáruithe, arna ndéanamh le cleachtais chalaoiseach nó cleachtais mheabhlacha, ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chosc, a bhrath agus a chomhrac.
2.  

Maidir leis na hainmniúcháin dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

beidh siad faoi réir próiseas roghnúcháin poiblí; agus

(b) 

beidh siad teoranta ó thaobh ama nó déanfar athbhreithniú orthu go rialta.

3.  

Maidir le lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um barántúlacht agus sláine an tslabhra agraibhia:

(a) 

gníomhóidh siad go neamhchlaonta maidir le feidhmiú a gcúraimí mar lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh;

(b) 

beidh ardleibhéal saineolais eolaíoch agus teicniúil acu sna hearnálacha faoi rialú na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus san eolaíocht fhóiréinseach fheidhmeach sna hearnálacha sin, ionas go mbeidh siad ábalta taighde ag an leibhéal is airde a chur i gcrích nó a chomhordú ar bharántúlacht agus ionracas na n-earraí agus na modhanna a úsáidfear chun brath sáruithe, arna ndéanamh le cleachtais chalaoiseach nó cleachtais mheabhlacha, ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a bhailíochtú;

(c) 

beidh foireann chuícháilithe acu a mbeidh oiliúint leordhóthanach orthu sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (b) agus beidh an fhoireann tacaíochta is gá acu;

(d) 

beidh an bonneagar, an trealamh agus na táirgí is gá acu, nó beidh rochtain acu orthu, chun na cúraimí a shannfar dóibh a chur i gcrích; agus

(e) 

áiritheoidh siad go mbeidh eolas maith ag a bhfoireann ar chaighdeáin agus ar chleachtais idirnáisiúnta sna hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) agus go gcuirfear na forbairtí taighde is déanaí ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal idirnáisiúnta sna réimsí sin i gcuntas ina gcuid oibre.

Airteagal 98

Freagrachtaí agus cúraimí lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um barántúlacht agus sláine an tslabhra agraibhia

Beidh na lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um barántúlacht agus sláine an tslabhra agraibhia, freagrach as na cúraimí tacaíochta seo a leanas a mhéid atá siad san áireamh i gcláir oibre bliantúla nó i gcláir oibre ilbhliantúla na lárionad tagartha, ar cláir oibre iad arna mbunú i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí ábhartha na gclár oibre a ghlac an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 652/2014:

(a) 

saineolas a soláthar maidir le barántúlacht agus le sláine an tslabhra agraibhia agus maidir leis na modhanna chun sáruithe, a dhéantar le cleachtais chalaoiseacha nó mheabhlacha, ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a bhrath, i ndáil leis an eolaíocht fhóiréinseach a chuirtear i bhfeidhm sna réimsí a rialaítear leis na rialacha sin;

(b) 

anailísí sonracha a sholáthar atá ceaptha na codanna sin den slabhra agraibhia a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith faoi réir sáruithe, a dhéantar le cleachtais chalaoiseacha nó mheabhlacha, ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, agus a chuidíonn le forbairt teicníochtaí agus prótacal sonracha rialaithe oifigiúla;

(c) 

i gcás inar gá, na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) d’Airteagal 94(2) den Rialachán seo, a dhéanamh, agus le sin dúbláil le cúraimí shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 93 den Rialachán seo á seachaint;

(d) 

i gcás inar gá, bailiúcháin nó bunachair sonraí ábhar tagartha fhíordheimhnithe a bhunú agus a chothabháil a úsáidfear chun sáruithe, arna ndéanamh le cleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha, ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a bhrath; agus

(e) 

torthaí taighde agus nuálaíochtaí teicniúla sna réimsí laistigh de raon feidhme a misean a leathadh.

Airteagal 99

Oibleagáidí an Choimisiúin

1.  

Foilseoidh an Coimisiún agus tabharfaidh sé cothrom le dáta, más iomchuí, na liostaí díobh seo a leanas:

(a) 

saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 95;

(b) 

lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 95;

(c) 

lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um barántúlacht agus sláine an tslabhra agraibhia, dá bhforáiltear in Airteagal 97.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh a bhaineann le ceanglais, freagrachtaí agus cúraimí a bhunú do na saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, do na lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe agus do lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um barántúlacht agus sláine an tslabhra agraibhia i dteannta na gceanglas, na bhfreagrachtaí agus na gcúraimí a leagtar síos in Airteagail 93(3), 94,, 95(3), 96, 97 (3) agus Airteagal 98. Beidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin teoranta do dhálaí ina bhfuil rioscaí nua nó rioscaí ag teacht chun cinn, do dhálaí ina bhfuil galair ainmhithe nua nó galair ainmhithe ag teacht chun cinn nó lotnaidí plandaí nua nó ag teacht chun cinn nó dálaí ina bhfuil riachtanais dhlíthiúla nua ina leith sin.
3.  
Beidh saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh faoi réir rialuithe ón gCoimisiún chun comhlíonadh na gceanglas in Airteagail 93(3), Airteagal 94, Airteagal 95(3) agus 97(3) a fhíorú.
4.  

Má léiríonn na rialuithe ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 93(3), Airteagal 94, agus Airteagal 95(3) agus Airteagal 97(3) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó barúlacha na saotharlainne tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh nó an lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a fháil:

(a) 

trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ainmniú na saotharlainne nó an ionaid sin a tharraingt siar; nó

(b) 

aon bheart iomchuí eile.

Airteagal 100

Saotharlanna tagartha náisiúnta a ainmniú

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit saotharlann tagartha náisiúnta amháin nó níos mó do gach saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 93(1).

Féadfaidh na Ballstáit saotharlann tagartha náisiúnta a ainmniú freisin sna cásanna nach bhfuil saotharlann tagartha chomhfhreagrach de chuid an Aontais Eorpaigh ann.

Féadfaidh Ballstát saotharlann a ainmniú atá lonnaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír ar Páirtí Conarthach í sa Chomhaontú um an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Féadfar saotharlann aonair a ainmniú mar shaotharlann tagartha náisiúnta le haghaidh níos mó ná Ballstát amháin.

2.  
Beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear i bpointe (e) d’Airteagal 37(4), in Airteagail 37(5), Airteagal 39 agus Airteagal 42(1), i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 42(2) agus in Airteagal 42(3) maidir le saotharlanna tagartha náisiúnta.

De mhaolú ar phointe (e) d’Airteagal 37(4), maidir leis an réimse arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2), féadfaidh na húdaráis inniúla saotharlanna oifigiúla a ainmniú, arna n-ainmniú amhlaidh ag na húdaráis inniúla ar bhonn maolú arna ghlacadh faoi Airteagal 41, mar shaotharlanna tagartha náisiúnta, is cuma cibé acu a chomhlíonann siad an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (e) d’Airteagal 37(4) nó nach gcomhlíonann.

3.  

Maidir le saotharlanna tagartha náisiúnta:

(a) 

beidh siad neamhchlaonta, saor ó aon choinbhleacht leasa agus go háirithe, ní bheidh siad i staid ina bhféadfaí, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú a gcúraimí mar shaotharlainne tagartha náisiúnta;

(b) 

beidh foireann chuícháilithe acu, nó beidh rochtain chonartha acu ar fhoireann chuícháilithe, a bhfuil oiliúint leordhóthanach orthu i dteicnící anailíseacha, tástála agus diagnóiseacha ina réimse inniúlachta, agus beidh foireann tacaíochta acu de réir mar is iomchuí;

(c) 

beidh an bonneagar, an trealamh agus na táirgí is gá acu, nó beidh rochtain acu orthu, chun na cúraimí a shannfar dóibh a chur i gcrích;

(d) 

áiritheoidh siad go mbeidh eolas maith ag a bhfoireann agus ag aon fhoireann ar fostú ar conradh ar chaighdeáin agus ar chleachtais idirnáisiúnta agus go gcuirfear na forbairtí is déanaí i dtaighde ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal idirnáisiúnta san áireamh ina gcuid oibre;

(e) 

beidh an trealamh is gá acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcásanna éigeandála nó beidh rochtain acu ar an trealamh sin; agus

(f) 

beidh an trealamh is gá acu chun caighdeáin bhithshlándála a chomhlíonadh, nuair is iomchuí.

4.  

Maidir leis na Ballstáit:

(a) 

cuirfidh siad ainm agus seoladh gach saotharlainne tagartha náisiúnta in iúl don Choimisiún, do shaotharlann tagartha ábhartha an Aontais Eorpaigh agus do Bhallstáit eile;

(b) 

cuirfidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in bpointe (a) ar fáil don phobal;

(c) 

tabharfaidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) cothrom le dáta aon uair is gá.

5.  
Na Ballstáit a bhfuil níos mó ná saotharlann tagartha náisiúnta amháin acu ag comhfhreagairt do shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, áiritheoidh siad go n-oibreoidh saotharlanna den sórt sin go dlúth le chéile, chun comhordú éifeachtúil a áirithiú eatarthu, le saotharlanna náisiúnta eile agus leis an tsaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh.
6.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 145 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le ceanglais a bhunú do shaotharlanna tagartha náisiúnta i dteannta na gceanglas atá leagtha síos i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo. Beidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin teoranta do chomhleanúnachas a áirithiú maidir le ceanglais bhreise a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 99(2).

Airteagal 101

Freagrachtaí agus cúraimí saotharlann tagartha náisiúnta

1.  

A mhéid a bhaineann sé lena réimse inniúlachta, déanfaidh saotharlanna tagartha náisiúnta na nithe seo a leanas:

(a) 

comhoibreoidh siad leis na saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, agus beidh siad rannpháirteach i gcúrsaí oiliúna agus i dtástálacha comparáideacha idirshaotharlainne arna n-eagrú ag na saotharlanna sin;

(b) 

comhordóidh siad gníomhaíochtaí saotharlann oifigiúil arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 37(1) d’fhonn na modhanna anailíse, tástála nó diagnóise saotharlainne agus a n-úsáid a chomhchuibhiú agus a fheabhsú;

(c) 

más iomchuí, eagróidh siad tástáil chomparáideach nó tástálacha inniúlachta idirshaotharlainne idir saotharlanna oifigiúla, áiritheoidh siad go leanfaidh bearta iomchuí tástálacha den sórt sin agus cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoi thorthaí tástálacha den chineál sin agus faoi na bearta leantacha;

(d) 

áiritheoidh siad go leathfar faisnéis a sholáthróidh an tsaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh ar na húdaráis inniúla agus ar shaotharlanna oifigiúla;

(e) 

cuirfidh siad cúnamh eolaíoch agus teicniúil laistigh de raon feidhme a misin ar fáil do na húdaráis inniúla chun MANCPanna dá dtagraítear in Airteagal 109 agus cláir rialaithe comhordaithe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 112 a chur chun feidhme;

(f) 

más ábhartha, déanfaidh siad na himoibreáin agus na luchtóga imoibreán a bhailíochtú, bunóidh siad liostaí de shubstaintí agus imoibreáin tagartha atá le fáil agus de mhonaróirí agus soláthraithe substaintí agus imoibreáin den sórt sin agus coinneoidh siad na liostaí sin cothrom le dáta;

(g) 

i gcás inar gá, reáchtálfaidh siad cúrsaí oiliúna d’fhoireann na saotharlann oifigiúil arna n-ainmniú faoi Airteagal 37(1); agus

(h) 

Cabhróidh siad go gníomhach leis na Ballstáit a d’ainmnigh iad, i ndáil le diagnóisiú a dhéanamh ar ráigeanna de ghalair de bhunús bia-iompartha, zónóiseach nó ainmhíoch, nó de lotnaidí plandaí agus i gcás neamhchomhlíonadh choinsíneachtaí, trí dhiagnóisiú deimhniúcháin, trí shaintréithriú agus trí staidéir thacsanomaíocha nó eipeasótacha a dhéanamh ar aonraígh pataigine nó eiseamail lotnaidí.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le freagrachtaí agus cúraimí a bhunú do shaotharlanna tagartha náisiúnta de bhreis ar na freagrachtaí agus na cúraimí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Beidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin teoranta do chomhleanúnachas a áirithiú le freagrachtaí breise agus cúraimí breise arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 99(2).



TEIDEAL IV

CÚNAMH AGUS COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 102

Rialacha ginearálta

1.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann cúnamh riaracháin ar fáil dá chéile i gcomhréir le hAirteagal 104 go hAirteagal 107, chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm mar is ceart i gcásanna atá ábhartha i níos mó ná Ballstát amháin.
2.  
Áireofar sa chúnamh riaracháin, más iomchuí, agus, trí chomhaontú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann, rannpháirteachas údarás inniúil Ballstáit i rialuithe oifigiúla ar an láthair arna ndéanamh ag údaráis inniúla Ballstáit eile.
3.  

Beidh an Teidil seo gan dochar do dhlí náisiúnta:

(a) 

is infheidhme maidir le scaoileadh doiciméad agus faisnéise atá ina ndíol imscrúduithe breithiúnacha agus imeachtaí cúirte, nó atá bainteach leo, lena n-áirítear imscrúduithe coiriúla; agus

(b) 

atá dírithe ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chosaint.

4.  

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun tarchur faisnéise a éascú ó údaráis forfheidhmithe dlí eile, ó ionchúisitheoirí poiblí eile agus ó údaráis bhreithiúnacha eile, chuig na húdaráis inniúla, maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus atá ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Teidil seo agus a d’fhéadfadh a bheith ina:

(a) 

riosca do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, maidir le OGManna agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin; nó

(b) 

sárú ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) trí chleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha.

5.  
Is i scríbhinn, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh gach cumarsáid idir údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 104 go hAirteagal 107.
6.  

Chun malartuithe cumarsáide a luathú agus a shimpliú, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid chaighdeánach don mhéid seo a leanas:

(a) 

na hiarrataí ar chúnamh dá bhforáiltear in Airteagal 104(1); agus

(b) 

cur in iúl fógraí agus freagairtí coitianta agus athfhillteacha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 103

Comhlachtaí idirchaidrimh

1.  
Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht idirchaidrimh amháin nó níos mó a ghníomhóidh mar phointí teagmhála a bheidh freagrach as malartú cumarsáide a éascú idir na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 104 go 107.
2.  
Ní chuirfidh ainmniú comhlachtaí idirchaidrimh bac ar theagmhálacha díreacha, ar mhalartú faisnéise ná ar chomhar idir baill foirne d’údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit sonraí a gcomhlachtaí idirchaidrimh arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1, agus aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar na sonraí sin, in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.
4.  
Foilseoidh an Coimisiún agus tabharfaidh sé cothrom le dáta an liosta de chomhlachtaí idirchaidrimh arna chur in iúl dó ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 4 ar a shuíomh gréasáin.
5.  
Cuirfidh comhlacht idirchaidrimh gach iarraidh ar chúnamh de bhun Airteagal 104(1), agus gach fógra agus teachtaireacht de bhun Airteagal 105, Airteagal 106 agus Airteagal 107, chuig a chomhfhreagraí sa Bhallstát ar a bhfuil an iarraidh nó an fógra dírithe.
6.  
Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí na n-uirlisí teicniúla agus na nósanna imeachta le haghaidh cumarsáide idir comhlachtaí idirchaidrimh arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 104

Cúnamh ar é a iarraidh

1.  

I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát go bhfuil sonraí nó faisnéis ó údaráis inniúla Ballstáit eile ag teastáil uathu, chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh nó chun bearta leantacha éifeachtacha a dhéanamh maidir le rialuithe den sórt sin ina gcríoch, déanfaidh siad iarraidh réasúnaithe ar chúnamh riaracháin ar údaráis inniúla an Bhallstáit sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla iarrtha an méid seo a leanas:

(a) 

admhóidh siad go bhfuair siad an iarraidh gan mhoill;

(b) 

i gcás ina sonróidh an t-údarás inniúil iarrthach amhlaidh laistigh de dheich lá ón iarraidh a fháil, cuirfidh siad in iúl an méid ama a mheastar a bheidh ag teastáil chun freagra feasach a thabhairt ar an iarraidh; agus

(c) 

déanfaidh siad na rialuithe nó na himscrúduithe oifigiúla is gá chun an fhaisnéis riachtanach agus na doiciméid riachtanacha ar fad a chur ar fáil do na húdaráis inniúla iarrthacha gan mhoill le gur féidir leo cinntí feasacha a dhéanamh agus comhlíonadh rialacha an Aontais laistigh dá ndlínse a fhíorú.

2.  
Féadfar doiciméid a tharchur ina bhfoirm bhunaidh nó féadfar cóipeanna a chur ar fáil.
3.  
Trí chomhaontú idir na húdaráis inniúla iarrthacha agus na húdaráis inniúla iarrtha, féadfaidh an fhoireann arna hainmniú ag na húdaráis inniúla iarrthacha a bheith i láthair le linn na rialuithe oifigiúla agus na n-imscrúduithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla iarrtha.

Maidir le foireann na n-údarás inniúil iarrthach agus i gcásanna den sórt sin:

(a) 

beidh siad in ann údarú i scríbhinn a chur ar fáil i gcónaí ina sonraítear cé hiad féin agus a gcumas oifigiúil;

(b) 

tabharfaidh an t-oibreoir rochtain dóibh ar na háitribh agus na doiciméid chéanna a bheidh ag foireann na n-údarás inniúil iarrtha, trína n-idirghabhálaí, chun críocha an fhiosrúcháin riaracháin atá á dhéanamh agus chun na gcríoch sin amháin; agus

(c) 

ní dhéanfaidh siad na cumhachtaí fiosrúcháin arna dtabhairt d’oifigigh na n-údarás inniúil iarrtha a fheidhmiú ar a dtionscnamh féin.

Airteagal 105

Cúnamh gan iarraidh i gcás neamhchomhlíonta

1.  
A luaithe a thiocfaidh na húdaráis inniúla i mBallstát chun bheith eolach ar neamhchomhlíonadh, agus i gcás ina mbeidh impleachtaí ag neamhchomhlíonadh den sórt sin ar Bhallstát eile, tabharfaidh siad fógra faoi fhaisnéis den sórt sin d’údaráis inniúla an Bhallstáit eile sin gan iarraidh a fháil déanamh amhlaidh agus gan mhoill mhíchuí.
2.  

Maidir leis na húdaráis inniúla dá dtugtar fógra i gcomhréir le mír 1:

(a) 

admhóidh siad gan mhoill mhíchuí go bhfuair siad an fógra;

(b) 

i gcás ina sonróidh an t-údarás inniúil a thugann fógra amhlaidh, léireoidh siad laistigh de dheich lá oibre ón lá a bhfaighidh siad an fógra:

(i) 

cé na himscrúduithe atá sé i gceist acu a dhéanamh; nó

(ii) 

na fáthanna a measann siad nach gá aon imscrúduithe a dhéanamh; agus

(c) 

i gcás ina meastar gur gá na himscrúduithe dá dtagraítear i bpointe (b) a dhéanamh, imscrúdóidh siad an cás agus cuirfidh siad na húdaráis inniúla a thugann fógra ar an eolas gan mhoill faoi na torthaí agus, más iomchuí, faoi aon bhearta a rinneadh.

Airteagal 106

Cúnamh i gcás neamhchomhlíonta lena gcruthaítear riosca nó athshárú nó sárú a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach

1.  
Más rud é, le linn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe nó ar earraí de thionscnamh Ballstáit eile, go bhfaigheann na húdaráis inniúla amach nach gcomhlíonann ainmhithe nó earraí den sórt sin na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar bhealach a chruthódh riosca do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i gcás orgánach géinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin, nó go bhféadfadh gur sárú tromchúiseach ar na rialacha é an neamhchomhlíonadh sin, tabharfaidh siad fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit seolta agus d’údaráis inniúla aon Bhallstáit eile lena mbaineann ionas gur féidir leis na húdaráis inniúla sin tabhairt faoi imscrúduithe iomchuí.
2.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtugtar fógra an méid seo a leanas gan mhoill:

(a) 

admhóidh siad go bhfuair siad an fógra;

(b) 

i gcás ina sonróidh an t-údarás inniúil a thug an fógra amhlaidh, tabharfaidh siad le fios cé na himscrúduithe atá sé i gceist acu a dhéanamh; agus

(c) 

imscrúdóidh siad an cás, déanfaidh siad na bearta ar fad is gá agus cuirfidh siad na húdaráis inniúla a thugann fógra ar an eolas faoi chineál na n-imscrúduithe agus na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh, faoi na cinntí arna ndéanamh agus faoi na fáthanna atá le cinntí den sórt sin.

3.  

Má tá údar ag na húdaráis inniúla a thugann fógra lena chreidiúint nach dtugann na himscrúduithe nó na bearta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla dá dtugtar fógra aghaidh leordhóthanach ar an neamhchomhlíonadh atá i gceist, iarrfaidh siad ar na húdaráis inniúla dá dtugtar fógra na rialuithe oifigiúla nó na bearta arna ndéanamh a chomhlánú. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh na húdaráis inniúla ón dá Bhallstát na nithe seo a leanas:

(a) 

lorgóidh siad cur chuige comhaontaithe agus é mar aidhm acu aghaidh mar is ceart a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear trírialuithe oifigiúla compháirteachaaguscomh imscrúduithe compháirteacha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 104(3); agus

(b) 

cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gan mhoill i gcás nach mbeidh siad in ann comhaontú a dhéanamh faoi bhearta iomchuí.

4.  
I gcás ina léiríonn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe nó ar earraí de thionscnamh Ballstát eile nach bhfuil na rialacha amhail dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh arís agus arís eile, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát an chinn scríbe an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 107

Cúnamh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag tríú tíortha

1.  

I gcás ina bhfaigheann údaráis inniúla faisnéis ó thríú tír a léiríonn neamhchomhlíonadh rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó riosca do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol, déanfaidh siad an méid seo a leanas gan mhoill:

(a) 

tabharfaidh siad fógra faoin fhaisnéis den sórt sin do na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile lena mbaineann; agus

(b) 

cuirfidh siad faisnéis den sórt sin in iúl don Choimisiún i gcás ina bhfuil sí nó ina bhféadfadh sí a bheith ábhartha ar leibhéal an Aontais.

2.  

Féadfar faisnéis arna fáil trí rialuithe agus imscrúduithe oifigiúla arna ndéanamh gcomhréir leis an Rialachán seo a chur in iúl don tríú tír dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll:

(a) 

go dtabharfaidh na húdaráis inniúla a thug an fhaisnéis toiliú chuig cumarsáid den sórt sin;

(b) 

go mbeidh an cúram glactha ag an tríú tír uirthi féin an cúnamh is gá a chur ar fáil chun fianaise a bhailiú i dtaca le cleachtais nach bhfuil i gcomhréir le rialacha an Aontais, nó a bhfuil an chosúlacht sin orthu, nó atá ina riosca don duine, d’ainmhithe nó do phlandaí nó don chomhshaol; agus

(c) 

go gcomhlíonfar rialacha ábhartha an Aontais agus rialacha ábhartha náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl do thríú tíortha.

Airteagal 108

Cúnamh comhordaithe agus bearta leantacha ón gCoimisiún

1.  

Nuair nach féidir leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann teacht ar chomhaontú maidir le gníomhaíocht iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), comhordóidh an Coimisiún na bearta agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla i gcomhréir leis an Teideal seo gan mhoill nuair is fíor ceachtar de na nithe seo a leanas maidir leis an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún:

(a) 

má thuairiscítear inti go bhfuil gníomhaíochtaí ann nach gcomhlíonann na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó a bhfuil an chosúlacht sin orthu, agus go bhfuil iarmhairtí ag gníomhaíochtaí den sórt sin, nó go bhféadfadh iarmhairtí a bheith acu, i níos mó ná Ballstát amháin; nó,

(b) 

má léirítear inti go bhféadfadh na gníomhaíochtaí céanna, nó gníomhaíochtaí comhchosúla, nach gcomhlíonann na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó a bhfuil an chosúlacht sin orthu, a bheith ar bun i níos mó ná Ballstát amháin.

2.  

Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún:

(a) 

i gcomhar leis an mBallstát lena mbaineann, foireann chigireachta a sheoladh chun rialú oifigiúil ar an láthair a dhéanamh;

(b) 

a iarraidh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, go gcuirfeadh na húdaráis inniúla sa Bhallstát seolta agus, más iomchuí, sna Ballstáit eile lena mbaineann, neart le rialuithe oifigiúla de réir mar is iomchuí agus go dtabharfaidís tuairisc dó ar na bearta arna ndéanamh acu;

(c) 

aon bheart iomchuí eile a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh chun rialacha maidir le mearmhalartú faisnéise sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 a bhunú.



TEIDEAL V

PLEANÁIL AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 109

Pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla (MANCP) agus comhlacht aonair do MANCP

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe oifigiúla arna rialú ag an Rialachán seo ar bhonn MANCP, agus déanfar ullmhú agus cur chun feidhme an MANCP a chomhordú ar fud a gcríche.
2.  

Déanfaidh na Ballstáit comhlacht aonair a ainmniú a bheidh freagrach as:

(a) 

ullmhú an MANCP a chomhordú idir na húdaráis inniúla ar fad atá freagrach as na rialuithe oifigiúla;

(b) 

a áirithiú gur MANCP comhleanúnach a bheidh ann;

(c) 

bailiú na faisnéise maidir le cur chun feidhme an MANCP i bhfianaise an tuairisciú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 113 a thíolacadh agus a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá i gcomhréir le hAirteagal 111(2).

Airteagal 110

Ábhar na MANCPanna

1.  
Déanfar MANCPannaa ullmhú chun a áirithiú go bpleanáiltear rialuithe oifigiúla sna réimsí ar fad arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 9 agus sna rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 18 hAirteagal 27.
2.  

Beidh faisnéis ghinearálta i MANCPannamaidir le struchtúr agus eagrú na gcóras rialaithe oifigiúil sa Bhallstát lena mbaineann i ngach réimse a chumhdaítear, agus beidh faisnéis faoin méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a) 

cuspóirí straitéiseacha MANCP agus faisnéis maidir leis an gcaoi a bhfreagraíonn tosaíocht do rialuithe oifigiúla agus leithdháileadh acmhainní do na cuspóirí sin;

(b) 

catagóir riosca na rialuithe oifigiúla;

(c) 

ainmniú údarás inniúil agus a gcúraimí ar leibhéal lárnach, réigiúnach agus áitiúil, agus faisnéis maidir le hacmhainní atá ar fáil do na húdaráis sin;

(d) 

más iomchuí, tarmligean na gcúraimí chuig comhlachtaí tarmligthe;

(e) 

eagrú agus bainistiú ginearálta rialuithe oifigiúla ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear rialuithe oifigiúla i mbunaíochtaí leithleacha;

(f) 

córais rialaithe arna gcur i bhfeidhm maidir le hearnálacha éagsúla agus comhordú idir seirbhísí éagsúla údarás inniúil atá freagrach as rialuithe oifigiúla sna hearnálacha sin;

(g) 

nósanna imeachta agus socruithe atá ar bun chun comhlíonadh oibleagáidí na n-údarás inniúil dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) a áirithiú;

(h) 

oiliúint fhoireann na n-údarás inniúil;

(i) 

na nósanna imeachta doiciméadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 12(1);

(j) 

eagrú ginearálta agus oibriú pleananna teagmhasacha i gcomhréir leis na rialacha, i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2); agus

(k) 

eagrú ginearálta comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh idir údaráis inniúla sna Ballstáit.

Airteagal 111

MANCPanna a ullmhú, a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear MANCPdá bhforáiltear in Airteagal 109(1) ar fáil don phobal, cé is moite de na codanna sin den phlean a d’fhéadfadh bonn a bhaint d’éifeachtacht rialuithe oifigiúla dá nochtfaí iad.
2.  

Tabharfar MANCP cothrom le dáta go rialta chun é a chur in oiriúint d’athruithe ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus déanfar athbhreithniú air chun na tosca seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh:

(a) 

teacht chun cinn galar nua, lotnaidí plandaí nua nó rioscaí eile do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol;

(b) 

athruithe suntasacha ar struchtúr, ar bhainistiú nó ar oibriú na n-údarás inniúil sa Bhallstát;

(c) 

torthaí rialuithe oifigiúla na mBallstát;

(d) 

torthaí rialuithe an Choimisiúin arna ndéanamh sa Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 116(1);

(e) 

torthaí eolaíocha; agus

(f) 

toradh rialuithe oifigiúla arna ndéanamh i mBallstát ag údaráis inniúla tríú tír.

3.  
Cuirfidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, an leagan cothrom le dáta is déanaí dá MANCP faoi seach ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin orthu.

Airteagal 112

Cláir rialaithe comhordaithe agus faisnéis agus sonraí a bhailiú

D’fhonn measúnú spriocdhírithe ar fud an Aontais a dhéanamh ar staid chur i bhfeidhm na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó d’fhonn leitheadúlacht guaiseacha áirithe san Aontas a fháil amach, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le

(a) 

cur chun feidhme clár rialaithe comhordaithe d’fhad teoranta i gceann de na réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b) 

eagrú bhailiú na sonraí agus na faisnéise, ar bhonn ad hoc, maidir le cur i bhfeidhm sraithe sonraí de na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó maidir le leitheadúlacht guaiseacha áirithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 113

Tuarascálacha bliantúla ó na Ballstáit

1.  

Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach an méid seo a leanas:

(a) 

aon leasuithe arna ndéanamh ar MANCP chun na tosca dá dtagraítear in Airteagal 111(2) a chur san áireamh;

(b) 

torthaí rialuithe oifigiúla a rinneadh an bhliain roimhe sin faoina MANCP;

(c) 

cineál agus líon na gcásanna nár comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) iontu, in aghaidh an limistéir, ar cásanna iad a bhraith na húdaráis inniúla an bhliain roimhe;

(d) 

na bearta arna ndéanamh chun oibriú éifeachtach a MANCPa áirithiú, lena n-áirítear gníomhaíocht forfheidhmiúcháin agus torthaí bearta den sórt sin, agus

(e) 

nasc go dtí leathanach gréasáin an údaráis inniúil ina bhfuil an fhaisnéis phoiblí maidir le táillí nó muirir dá dtagraítear in Airteagal 85(2).

2.  
Chun tíolacadh aonfhoirmeach na dtuarascálacha bliantúla dá bhforáiltear i mír 1 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirmeacha eiseamláireacha caighdeánacha a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá chun an fhaisnéis agus na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin a thíolacadh.

Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, ceadófar na foirmeacha eiseamláireacha caighdeánacha arna nglacadh ag an gCoimisiún a úsáid, nuair is féidir, le haghaidh tuarascálacha eile maidir le rialuithe oifigiúla nach mór do na húdaráis inniúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 114

Tuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún

1.  

Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla sna Ballstáit ar fáil don phobal agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh inti:

(a) 

na tuarascálacha bliantúla arna dtíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 113; agus

(b) 

torthaí rialuithe an Choimisiúin arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 116(1).

2.  
Maidir leis an tuarascáil bhliantúil dá bhforáiltear i mír 1, féadfar moltaí maidir le feabhas a d’fhéadfaí a chur ar chórais rialaithe oifigiúla sna Ballstáit agus ar rialuithe oifigiúla áirithe i réimsí áirithe a áireamh inti, más iomchuí.

Airteagal 115

Pleananna teagmhasacha do bhia agus do bheatha

1.  
Chun an plean ginearálta do bhainistíocht géarchéime dá bhforáiltear in Airteagal 55(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a chur i bhfeidhm, dréachtóidh na Ballstáit pleananna teagmhasacha le haghaidh bia agus beatha ina leagfar amach bearta atá le cur i bhfeidhm gan mhoill i gcás ina bhfaightear amach go bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe ag baint le bia nó beatha, bíodh sin go díreach nó tríd an gcomhshaol.
2.  

Sonrófar an méid seo a leanas sna pleananna teagmhasacha le haghaidh bia agus beatha dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

na húdaráis inniúla a bheidh i gceist;

(b) 

cumhachtaí agus freagrachtaí na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a); agus

(c) 

bealaí agus nósanna imeachta chun faisnéis a roinnt idir údaráis inniúla agus páirtithe eile lena mbaineann de réir mar is iomchuí.

3.  
Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú rialta ar a bpleananna teagmhasacha do bhia agus do bheatha chun athruithe in eagrú na n-údarás inniúil agus taithí arna fáil as an bplean agus as na cleachtaí ionsamhlúcháin a chur chun feidhme a chur san áireamh.
4.  

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

rialacha maidir le bunú na bpleananna teagmhasacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid is gá chun úsáid chomhsheasmhach, éifeachtach an phlean ghinearálta do bhainistíocht géarchéime dá bhforáiltear in Airteagal 55(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a áirithiú; agus

(b) 

ról na ngeallsealbhóirí maidir leis na pleananna teagmhasacha sin a bhunú agus a fheidhmiú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 147(2).



TEIDEAL VI

GNÍOMHAÍOCHTAÍ AN AONTAIS



CAIBIDIL I

Rialuithe an Choimisiúin

Airteagal 116

Rialuithe an Choimisiúin sna Ballstáit

1.  

Déanfaidh saineolaithe ón gCoimisiún rialuithe, lena n-áirítear iniúchtaí, i ngach Ballstát, chun:

(a) 

cur i bhfeidhm na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhíorú;

(b) 

feidhmiú na gcóras rialaithe náisiúnta a fhíorú sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus dá bhforáiltear sa Rialacháin seo, agus na n-údarás inniúil a oibríonn iad;

(c) 

faisnéis faoin méid seo a leanas a imscrúdú agus a bhailiú:

(i) 

na rialuithe oifigiúla agus na cleachtais forfheidhmiúcháin sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus ag na rialacha sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(ii) 

fadhbanna tábhachtacha nó athfhillteacha le cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(iii) 

i ndáil le cásanna éigeandála, fadhbanna atá ag teacht chun cinn nó forbairtí nua sna Ballstáit sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus ag na rialacha sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.  
Eagrófar na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1 i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát agus déanfar ar bhonn rialta iad.
3.  
Féadfaidh fíoruithe ar an láthair a dhéanamh mar chuid de na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1. Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún gabháil le foireann na n-údarás inniúil agus rialuithe oifigiúla á ndéanamh acu.
4.  
Féadfaidh saineolaithe ó na Ballstáit cúnamh a thabhairt do na saineolaithe ón gCoimisiún. Tabharfar na cearta rochtana céanna a bheidh ag na saineolaithe ón gCoimisiún do shaineolaithe náisiúnta a ghabhann le saineolaithe ón gCoimisiún.

Airteagal 117

Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le rialuithe arna ndéanamh sna Ballstáit

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

ullmhóidh sé dréacht-tuarascáil maidir leis na torthaí agus le moltaí lena dtabharfar aghaidh ar na heasnaimh a shainaithin a shaineolaithe le linn na rialuithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 116(1);

(b) 

seolfaidh sé cóip den dréacht-tuarascáil dá bhforáiltear i bpointe (a) chuig an mBallstát ina ndearnadh na rialuithe sin chun barúlacha a fháil uaidh;

(c) 

cuirfidh sé barúlacha an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b) san áireamh agus an tuarascáil deiridh á hullmhú aige maidir le torthaí na rialuithe arna ndéanamh ag a shaineolaithe sna Ballstáit amhail dá bhforáiltear in Airteagal 116(1); agus

(d) 

cuirfidh sé an tuarascáil deiridh dá dtagraítear i bpointe (c) agus barúlacha an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b) ar fáil go poiblí.

Airteagal 118

Clár rialuithe an Choimisiúin sna Ballstáit

1.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas:

(a) 

bunóidh sé clár rialuithe bliantúil nó ilbhliantúil do na rialuithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 116(1) atá le déanamh ag a shaineolaithe sna Ballstáit; agus

(b) 

cuirfidh sé an clár rialuithe bliantúil, nó aon chothromú le dáta ar an gclár rialuithe ilbhliantúil don bhliain ina dhiaidh sin, in iúl do na Ballstáit faoi dheireadh gach bliana.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, a chlár rialuithe a leasú chun forbairtí sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur san áireamh. Cuirfear aon leasú den sórt sin in iúl gan mhoill do na Ballstáit.

Airteagal 119

Oibleagáidí na mBallstát maidir le rialuithe an Choimisiúin

Maidir leis na Ballstáit:

(a) 

déanfaidh siad bearta leantacha iomchuí chun aon easnaimh shonracha nó chórasacha arna sainaithint tríd na rialuithe arna ndéanamh ag saineolaithe an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 116(1) a leigheas;

(b) 

tabharfaidh siad an cúnamh teicniúil is gá agus soláthróidh siad an doiciméadú atá ar fáil, lena n-áirítear torthaí na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 6, ar iarraidh réasúnaithe chuige sin, agus aon tacaíocht theicniúil eile a iarrann saineolaithe ón gCoimisiún ionas gur féidir leo rialuithe a dhéanamh go héifeachtúil agus go héifeachtach; agus

(c) 

tabharfaidh siad an cúnamh is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saineolaithe ón gCoimisiún ar na háitribh ar fad nó na codanna ar fad d’áitribh, ar na hainmhithe agus na hearraí ar fad, agus ar fhaisnéis, lena n-áirítear córais ríomhaireachta, a bheidh ábhartha chun a ndualgais a chomhlíonadh.

Airteagal 120

Rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

1.  

Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha chun:

(a) 

a fhíorú go bhfuil reachtaíocht agus córais tríú tíortha, lena n-áirítear deimhniú oifigiúil agus eisiúint deimhnithe oifigiúla, lipéad oifigiúil, marcanna oifigiúla agus fianuithe oifigiúla eile, comhlíontach nó coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b) 

inniúlacht chóras rialuithe an tríú tír a fhíorú chun a áirithiú go gcomhlíonann coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí arna n-onnmhairiú chuig an Aontas na ceanglais ábhartha a bhunaítear leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó go gcomhlíonann siad ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad;

(c) 

faisnéis agus sonraí a bhailiú chun léiriú a fháil ar na cúiseanna atá le fadhbanna athfhillteacha nó fadhbanna atá ag teacht chun cinn maidir le honnmhairithe ainmhithe agus earraí ó thríú tír.

2.  

Beidh aird ar leith ag na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1 ar an méid seo a leanas:

(a) 

reachtaíocht an tríú tír;

(b) 

eagrú údaráis inniúla an tríú tír, a gcumhachtaí agus a neamhspleáchas, an mhaoirseacht a bhfuil siad faoina réir agus an t-údarás atá acu chun an reachtaíocht ábhartha a fhorfheidhmiú go héifeachtach;

(c) 

oiliúint a chur ar fhoireann údarás inniúil an tríú tír chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh;

(d) 

na hacmhainní, lena n-áirítear saoráidí anailíseacha, tástála agus diagnóiseacha, atá le fáil ag údaráis inniúla;

(e) 

nósanna imeachta rialuithe doiciméadaithe agus córais rialuithe atá bunaithe ar thosaíochtaí a bheith ann agus a bheith ag feidhmiú;

(f) 

nuair is iomchuí, an staid maidir le sláinte ainmhithe, leas ainmhithe, zónóisí agus sláinte plandaí, agus nósanna imeachta chun an Coimisiún agus comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta a chur ar an eolas faoi ráigeanna de ghalair ainmhithe agus lotnaidí plandaí;

(g) 

fairsinge agus feidhmiú rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag údarás inniúil an tríú tír ar ainmhithe, ar phlandaí agus ar a dtáirgí atá ag teacht ó thríú tíortha eile; agus

(h) 

na dearbhuithe is féidir leis an tríú tír a thabhairt maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó a choibhéis.

3.  

Chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1 a éascú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh, roimh dó rialuithe den sórt sin a dhéanamh, go gcuirfeadh an tríú tír lena mbaineann an méid seo a leanas ar fáil:

(a) 

an fhaisnéis riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 125(1); agus

(b) 

i gcás inarb iomchuí agus inar gá, na taifid scríofa faoi na rialuithe a dhéanann a húdaráis inniúla.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún saineolaithe ó na Ballstáit a cheapadh chun cabhrú lena shaineolaithe féin le linn na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 121

Minicíocht rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

Cinnfear minicíocht rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 121 ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a) 

measúnú riosca ar na hainmhithe agus na hearraí arna n-onnmhairiú go dtí an tAontas ón tríú tír lena mbaineann;

(b) 

na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(c) 

méid agus cineál na n-ainmhithe agus na n-earraí atá ag teacht isteach san Aontas ón tríú tír lena mbaineann;

(d) 

torthaí rialuithe atá déanta ag saineolaithe ón gCoimisiún nó comhlachtaí cigireachta eile cheana féin;

(e) 

torthaí rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar earraí atá ag teacht isteach san Aontas ón tríú tír lena mbaineann agus torthaí aon rialuithe oifigiúla eile atá déanta ag údaráis inniúla na mBallstát;

(f) 

faisnéis arna fáil ón ÚESB nó ó chomhlachtaí comhchosúla;

(g) 

faisnéis arna fáil ó chomhlachtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta amhail:

(i) 

an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte;

(ii) 

an Coimisiún Codex Alimentarius;

(iii) 

an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE);

(iv) 

An Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí agus aon eagraíochtaí cosanta plandaí réigiúnacha eile arna mbunú faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cosaint Plandaí (IPPC);

(v) 

rúnaíocht IPPC;

(vi) 

an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta;

(vii) 

Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip;

(viii) 

rúnaíocht Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht;

(h) 

fianaise ar ghalair atá ag teacht chun cinn nó cúinsí eile a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh rioscaí sláinte nó comhshaoil ag baint le hainmhithe agus le hearraí a thagann isteach san Aontas ó thríú tír nó riosca i leith cleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha;

(i) 

an gá le cásanna éigeandála i dtríú tíortha aonair a imscrúdú nó freagra a thabhairt orthu.

Airteagal 122

Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le rialuithe i dtríú tíortha

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le torthaí gach rialaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 120 agus le hAirteagal 121. Beidh moltaí ina thuarascáil, más iomchuí.

Cuirfidh an Coimisiún a thuarascálacha ar fáil go poiblí.

Airteagal 123

Clár rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha

Cuirfidh an Coimisiún a chlár rialuithe i dtríú tíortha in iúl do na Ballstáit roimh ré agus tabharfaidh sé tuairisc ar na torthaí. Féadfaidh an Coimisiún an clár sin a leasú chun forbairtí sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur san áireamh. Cuirfear aon leasú den sórt sin in iúl do na Ballstáit roimh ré.

Airteagal 124

Rialuithe tríú tíortha sna Ballstáit

1.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na rialuithe atá beartaithe sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar a gcríoch féin, ag údaráis inniúla tríú tíortha
2.  
Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach sna rialuithe dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil na rialuithe sin á ndéanamh.
3.  

Fónfaidh rannpháirteachas saineolaithe ón gCoimisiún sna rialuithe dá dtagraítear i mír 1 go háirithe chun:

(a) 

comhairle faoi na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur ar fáil;

(b) 

faisnéis agus sonraí atá le fáil ar leibhéal an Aontais a d’fhéadfadh a bheith úsáideach don rialú arna dhéanamh ag údaráis inniúla an tríú tír a chur ar fáil;

(c) 

comhsheasmhacht agus aonfhoirmeacht maidir le rialuithe arna ndéanamh ag údaráis inniúla tríú tíortha a éascú i mBallstáit éagsúla.



CAIBIDIL II

Coinníollacha maidir le teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas

Airteagal 125

Faisnéis maidir le córais rialuithe tríú tíortha

1.  

Iarrfaidh an Coimisiún ar thríú tíortha a bhfuil sé beartaithe acu ainmhithe agus earraí a onnmhairiú chuig an Aontas an fhaisnéis chruinn chothrom le dáta seo a leanas faoi eagrú agus bainistiú ginearálta na gcóras rialuithe sláintíochta agus fíteashláintíochta ina gcríoch a chur ar fáil:

(a) 

aon rialacha sláintíochta nó fíteashláintíochta arna nglacadh nó arna mbeartú laistigh dá gcríoch;

(b) 

nósanna imeachta measúnaithe riosca agus tosca arna gcur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus chun leibhéal iomchuí cosanta sláintíochta nó fíteashláintíochta a chinneadh;

(c) 

aon nósanna imeachta agus sásraí rialuithe agus cigireachta, lena n-áirítear, más iomchuí, nósanna imeachta agus sásraí i ndáil le hainmhithe nó le hearraí atá ag teacht ó thríú tíortha eile;

(d) 

sásraí oifigiúla deimhniúcháin;

(e) 

más iomchuí, aon bhearta arna ndéanamh tar éis moltaí dá bhforáiltear sa chéad mhír d'Airteagal 122 a fháil;

(f) 

más iomchuí, torthaí rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe agus ar earraí a bheartaítear a onnmhairiú chuig an Aontas; agus

(g) 

más iomchuí, faisnéis maidir le hathruithe arna ndéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmiú córas rialuithe arna nglacadh chun riachtanais sláintíochta agus fíteashláintíochta an Aontais nó moltaí dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 122 a chomhlíonadh.

2.  
Beidh an iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 comhréireach, agus cuirfear cineál na n-ainmhithe agus na n-earraí atá le honnmhairiú chuig an Aontas agus staid agus struchtúr sonrach an tríú tír san áireamh.

Airteagal 126

Coinníollacha breise a bhunú maidir le teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 144 d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh, maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag ainmhithe agus earraí atá ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha, i gcás ina bhfuil gá leo chun a áirithiú go gcomhlíonann na hainmhithe agus na hearraí na ceanglais ábhartha arna mbunú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), seachas pointí (d), (e), (g), agus (h) d'Airteagal 1(2) nó go gcomhlíonann siad ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad.
2.  

Sainaithneofar leis na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 ainmhithe agus earraí trí thagairt a dhéanamh dá gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte agus féadfar na nithe seo a leanas a áireamh sna coinníollacha sin:

(a) 

an ceanglas nach dtiocfaidh ainmhithe agus earraí áirithe isteach san Aontas ach ó thríú tír nó ó réigiún tríú tír atá ar liosta arna dhréachtú ag an gCoimisiún chun na críche sin;

(b) 

an ceanglas go seolfaí coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe ó thríú tíortha ó bhunaíochtaí a chomhlíonann na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i mír 1 nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad agus go bhfaighfí nó go n-ullmhófaí na coinsíneachtaí sin sna bunaíochtaí sin freisin;

(c) 

an ceanglas go mbeadh ag gabháil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe deimhniú oifigiúil, fianú oifigiúil, nó aon fhianaise eile go gcomhlíonann na coinsíneachtaí na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i mír 1 nó go gcomhlíonann siad ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad, lena n-áirítear torthaí na hainilíse arna déanamh ag saotharlann chreidiúnaithe;

(d) 

an oibleagáid an fhianaise dá dtagraítear i bpointe (c) a chur ar fáil i gcomhréir le formáid shonrach;

(e) 

aon cheanglas eile is gá chun a áirithiú go bhfuil an leibhéal cosanta sláinte a bhaineann le hainmhithe agus le hearraí áirithe agus, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus leibhéal cosanta an chomhshaoil, coibhéiseach leis an leibhéal arna áirithiú ag na ceanglais dá dtagraítear i mír 1.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le formáid agus le cineál na ndeimhnithe oifigiúla, na bhfianuithe oifigiúla nó na fianaise a cheanglaítear i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 127

Áireamh ar an liosta tríú tíortha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 126(2)

1.  
Déanfar tríú tír nó réigiún tríú tír a áireamh sa liosta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 126(2) i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 den Airteagal seo.
2.  
Formheasfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an iarraidh arna cur chuige chun na críche sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag an tríú tír lena mbaineann, agus beidh fianaise agus ráthaíochtaí iomchuí ag gabháil léi go gcomhlíonann na hainmhithe agus na hearraí lena mbaineann ón tríú tír sin na ceanglais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 126(1) nó ceanglais atá coibhéiseach leo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
3.  

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoin iarraidh dá dtagraítear i mír 2 agus na nithe seo a leanas, de réir mar is iomchuí, á gcur san áireamh:

(a) 

reachtaíocht an tríú tír san earnáil lena mbaineann;

(b) 

struchtúr agus eagrú údaráis inniúla an tríú tír agus a seirbhísí rialuithe, na cumhachtaí atá acu, na ráthaíochtaí is féidir a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú reachtaíocht an tríú tír is infheidhme maidir leis an earnáil lena mbaineann, agus iontaofacht na nósanna imeachta deimhniúcháin oifigiúla;

(c) 

rialuithe oifigiúla leordhóthanacha agus gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh ag údaráis inniúla an tríú tír chun a mheas an bhfuil guaiseacha ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin;

(d) 

rialtacht agus luas na faisnéise arna soláthar ag an tríú tír maidir le guaiseacha a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin;

(e) 

na ráthaíochtaí a thug an tríú tír:

(i) 

go gcomhlíonann na coinníollacha, a bhfuil feidhm acu maidir leis na bunaíochtaí óna n-onnmhairítear ainmhithe nó earraí chuig an Aontas, ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 126(1);

(ii) 

go ndréachtaítear liosta na mbunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (i) agus go gcoinnítear cothrom le dáta é;

(iii) 

go gcuirtear liosta na mbunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (i) agus leaganacha cothromaithe le dáta de in iúl don Choimisiún gan mhoill;

(iv) 

go bhfuil na bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (i) faoi réir rialuithe rialta agus éifeachtacha ag údaráis inniúla an tríú tír;

(f) 

torthaí rialuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiúin sa tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 120(1);

(g) 

aon fhaisnéis nó sonraí eile maidir le cumas an tríú tír a áirithiú nach dtiocfaidh isteach san Aontas ach ainmhithe nó earraí a bhfuil an leibhéal cosanta céanna nó leibhéal coibhéiseach cosanta acu a thugtar leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 126(1).

4.  
Déanfaidh an Coimisiún an tagairt do thríú tír nó réigiún tríú tír a scriosadh den liosta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 126(2) i gcás ina scoirfidh na coinníollacha maidir le hiad a chur ar liosta de bheith á gcomhlíonadh. Beidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 128

Bearta speisialta maidir le teacht isteach ainmhithe agus earraí áirithe san Aontas

1.  
Más rud é, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Airteagal 249 de Rialachán (AE) 2016/429, go bhfuil fianaise ann go bhféadfadh riosca a bheith ag baint le teacht isteach ainmhithe nó earraí áirithe san Aontas de thionscnamh tríú tír, de thionscnamh réigiún de thríú tír nó de thionscnamh grúpa tríú tíortha, do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí nó, maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe don chomhshaol freisin, nó i gcás go bhfuil fianaise ann nach bhfuil na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo á gcomhlíonadh ar bhealach tromchúiseach forleathan, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá chun riosca den sórt sin a shrianadh nó deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh sainaitheanta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2) den Rialachán seo.
2.  

Sainaithneoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 ainmhithe agus earraí trí thagairt a dhéanamh dá gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte, agus féadfar na nithe seo a leanas a áireamh sna bearta sin:

(a) 

toirmeasc ar theacht isteach san Aontas i gcás na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear i mír 1 de thionscnamh na dtríú tíortha nó na réigiún díobh lena mbaineann nó arna seoladh uathu;

(b) 

an ceanglas go mbeadh na hainmhithe agus na hearraí dá dtagraítear i mír 1 de thionscnamh tríú tíortha áirithe nó réigiún áirithe díobh, nó, arna seoladh uathu, faoi réir chóireáil shonrach nó rialuithe sonracha, sula seolfar iad;

(c) 

an ceanglas go mbeadh na hainmhithe agus na hearraí dá dtagraítear i mír 1 de thionscnamh tríú tíortha áirithe nó réigiún áirithe díobh nó arna seoladh uathu faoi réir chóireáil shonrach nó rialuithe sonracha, ar theacht isteach san Aontas dóibh;

(d) 

an ceanglas go mbeadh ag gabháil le coinsíneachtaí na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo de thionscnamh tríú tíortha áirithe nó réigiún áirithe díobh, deimhniú oifigiúil, fianú oifigiúil, nó aon fhianaise eile go gcomhlíonann an choinsíneacht na ceanglais arna mbunú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad;

(e) 

an ceanglas go gcuirfí an fhianaise dá dtagraítear i bpointe (d) ar fáil i gcomhréir le formáid shonrach;

(f) 

bearta eile is gá chun an riosca a shrianadh.

3.  

Agus na bearta dá dtagraítear i mír 2 á nglacadh, tabharfar aird ar na nithe seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 125;

(b) 

aon fhaisnéis eile arna cur ar fáil ag na tríú tíortha lena mbaineann; agus

(c) 

más gá, torthaí rialuithe an Choimisiúin dá bhforáiltear in Airteagal 120(1).

4.  
Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe nó, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, a bhaineann le cosaint an chomhshaoil freisin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 145(3).

Airteagal 129

Coibhéis

1.  

Sna réimsí arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), seachas pointí (d), (e), (g) agus (h) d’Airteagal 1(2), féadfaidh an Coimisiún a aithint, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go bhfuil na bearta arna gcur i bhfeidhm i dtríú tír, nó i réigiúin de thríú tír, coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sna rialacha sin, ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a) 

scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna gcur ar fáil ag an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 125(1); agus

(b) 

más iomchuí, toradh sásúil rialaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 120(1).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

2.  

Sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 leagfar amach na socruithe praiticiúla lena rialaítear teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas ón tríú tír lena mbaineann, nó ó réigiúin sa tír sin, agus féadfar na nithe seo a leanas a áireamh iontu:

(a) 

cineál agus ábhar na ndeimhnithe nó na bhfianuithe oifigiúla nach mór a bheith ag gabháil leis na hainmhithe nó na hearraí;

(b) 

na ceanglais is infheidhme maidir le teacht isteach ainmnithe nó earraí san Aontas agus na rialuithe oifigiúla atá le déanamh ar theacht isteach san Aontas dóibh;

(c) 

más gá, nósanna imeachta chun liostaí réigiún nó bunaíochtaí sa tríú tír lena mbaineann a dhréachtú agus a leasú, ar réigiúin nó bunaíochtaí iad óna gceadaítear teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas.

3.  
Aisghairfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus gan mhoill, na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i gcás nach mbeidh na coinníollacha chun coibhéis a aithint á gcomhlíonadh a thuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).



CAIBIDIL III

Foireann na n-údarás inniúil agus údaráis eile a oiliúint

Airteagal 130

Foireann a oiliúint agus a mhalartú

1.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú d’fhoireann na n-údarás inniúil agus, más iomchuí, d’fhoireann údaráis eile na mBallstát a bhfuil baint acu le himscrúduithe ar sháruithe a d'fhéadfadh a bheith ann ar an Rialachán seo agus ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sin a eagrú i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.

2.  

Leis na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 éascófar forbairt cur chuige comhchuibhithe maidir le rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí oifigiúla eile sna Ballstáit. Áireofar sna gníomhaíochtaí sin oiliúint faoi na nithe seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a) 

an Rialachán seo agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b) 

modhanna agus teicnící rialaithe atá ábhartha do na rialuithe oifigiúla agus do ghníomhaíochtaí oifigiúla eile na n-údarás inniúil;

(c) 

modhanna agus teicnící táirgthe, próiseála agus margaíochta.

3.  
Féadfar na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 a oscailt d’fhoireann údarás inniúil tríú tíortha agus féadfar iad a eagrú lasmuigh den Aontas.
4.  
Áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar an t-eolas arna fháil trí na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leathadh de réir mar is gá agus go n-úsáidfear é de réir mar is iomchuí sna gníomhaíochtaí oiliúna foirne dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

Áireofar sna cláir oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 5(4) na gníomhaíochtaí oiliúna a bhfuil sé d'aidhm acu eolas den sórt sin a leathadh.

5.  
Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cláir a eagrú chun foireann na n-údarás inniúil a dhéanann rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a mhalartú idir dhá Bhallstát nó níos mó.

Féadfaidh malartú den sórt sin tarlú trí fhoireann na n-údarás inniúil ó Bhallstát amháin a thabhairt ar iasacht shealadach do Bhallstát eile nó trí fhoirne den chineál sin a mhalartú idir na húdaráis inniúla ábhartha.

6.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le heagrú na ngníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 agus na gclár dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).



CAIBIDIL IV

Córas bainistíochta faisnéise

Airteagal 131

Córas bainistíochta faisnéise ríomhairithe le haghaidh rialuithe oigiúla (CBFRO)

1.  
Bunóidh agus bainisteoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, córas bainistíochta faisnéise ríomhairithe le haghaidh rialuithe oifigiúla (CBFRO) do fheidhmiú comhtháite na sásraí agus na n-uirlisí trína mbainistítear, trína láimhsítear agus trína malartaítear go huathoibríoch sonraí, faisnéis agus doiciméid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí oifigiúla eile.
2.  
Ní dhéanfaidh na Ballstáit ná an Coimisiún sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an CBFRO ná trí aon cheann dá chomhpháirteanna ach amháin chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 132

Feidhmiúlachtaí ginearálta an CBFRO

Maidir leis an CBFRO:

(a) 

ceadóidh sé láimhsiú agus malartú ríomhairithe faisnéise, sonraí agus doiciméad is gá chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh, atá mar thoradh ar rialuithe oifigiúla a dhéanamh nó atá mar thoradh ar rialuithe oifigiúla a thaifeadadh, i ngach cás ina ndéantar foráil sa Rialachán seo, sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagail 16 go 27 maidir le malartú faisnéis, sonraí agus doiciméid den sórt sin i measc údaráis inniúla, idir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún, agus más iomchuí le húdaráis eile agus leis na hoibreoirí;

(b) 

cuirfidh sé sásra ar fáil le haghaidh malartú sonraí, faisnéise agus doiciméad i gcomhréir le hAirteagail 102 go 108;

(c) 

cuirfidh sé gléas ar fáil chun na tuarascálacha ar rialuithe oifigiúla a chuireann Ballstáit ar fáil don Choimisiún a bhailiú agus a bhainistiú;

(d) 

ceadóidh sé go ndéanfaí an turasleabhar dá dtagraítear in Airteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, na taifid arna bhfáil ag an gcóras loingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 6(9) den Rialachán sin, deimhnithe oifigiúla agus DCUM ar theacht isteach san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 56 den Rialachán seo a tháirgeadh, a láimhseáil agus a tharchur, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach; agus

(e) 

na córais ríomhairithe, a bunaíodh le hAirteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2016/429 agus le hAirteagal 103 de Rialachán (AE) 2016/2031, arna mbainistiú ag an gCoimisiún cheana agus arna n-úsáid chun sonraí, faisnéis agus doiciméid maidir le rioscaí do shláinte an duine, do shláinte agus leas ainmhithe, agus do shláinte plandaí a mhalartú go mear, a chomhtháthú agus nascanna iomchuí idir na córais sin agus a gcomhpháirteanna eile a thabhairt.

Airteagal 133

CBFRO a úsáid i gcás ainmhithe agus earraí atá faoi réir rialuithe oifigiúla áirithe

1.  
I gcás ainmhithe nó earraí a bhfuil a ngluaiseachtaí laistigh den Aontas nó a gcur ar an margadh faoi réir ceanglais shonracha nó nósanna imeachta sonracha arna mbunú ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), cuirfidh an CBFRO ar chumas na n-údarás inniúil san ionad seolta agus ar chumas údarás inniúil eile atá freagrach as rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar na hainmhithe nó ar na hearraí sin, faisnéis agus doiciméid maidir le hainmhithe nó le hearraí arna mbogadh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh a mhalartú mar shonraí fíor-ama.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le hearraí atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) agus pointe (h) d’Airteagal 1(2).

2.  
I gcás ainmhithe agus earraí onnmhairithe a bhfuil feidhm ag rialacha an Aontais maidir leo i ndáil le heisiúint an deimhnithe onnmhairiúcháin, cuirfidh an CBFRO ar chumas údaráis inniúla an ionaid seolta agus ar chumas údarás inniúil eile atá freagrach as rialuithe oifigiúla a dhéanamh faisnéis agus doiciméid maidir le hainmhithe nó le hearraí den sórt sin agus maidir le toradh rialuithe arna ndéanamh ar na hainmhithe agus ar na hearraí sin a mhalartú mar shonraí fíor-ama.
3.  

I gcás ainmhithe nó earraí atá faoi réir na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagail 44 go 64, déanfaidh an CBFRO an méid seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sé ar chumas na n-údarás inniúil ag na poist rialaithe teorann agus ar chumas údarás inniúil eile atá freagrach as rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar na hainmhithe sin nó ar na hearraí sin faisnéis agus doiciméid maidir leis na hainmhithe agus na hearraí sin agus maidir le rialuithe arna ndéanamh ar na hainmhithe nó na hearraí sin a mhalartú mar shonraí fíor-ama;

(b) 

cuirfidh sé ar chumas na n-údarás inniúil ag na poist rialaithe teorann sonraí, faisnéis agus doiciméid ábhartha a roinnt agus a mhalartú le húdaráis chustaim agus le húdaráis eile atá freagrach as rialuithe a dhéanamh ar ainmhithe nó ar earraí atá ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha, agus le hoibreoirí atá bainteach le nósanna imeachta teacht isteach, i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 15(4) agus Airteagal 75(2) agus le rialacha ábhartha eile an Aontais; agus

(c) 

feidhmeoidh sé na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54(3) agus in Airteagal 65(6) agus tacóidh sé leo.

4.  
Chun críche an Airteagail seo, déanfar an córas Traces atá ann cheana a chomhtháthú le CBFRO.

Airteagal 134

Feidhmiú an CBFRO

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir CBFRO a fheidhmiú lena leagfar síos:

(a) 

sonraíochtaí teicniúla an CBFRO agus sonraíochtaí teicniúla chomhpháirteanna an chórais, lena n-áirítear an sásra do mhalartú sonraí leictreonacha lena ndéantar sonraí a mhalartú le córais náisiúnta atá ann cheana, sainaithint na gcaighdeán is infheidhme, sainmhíniú struchtúir teachtaireachtaí, foclóirí sonraí, malartú prótacal agus nósanna imeachta;

(b) 

na rialacha sonracha maidir le feidhmiú an CBFRO agus feidhmiú chomhpháirteanna an chórais chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta agus malartú faisnéise a chosaint;

(c) 

na rialacha sonracha maidir le feidhmiú agus le húsáid an CBFRO agus a ghnéithe, lena n-áirítear rialacha maidir le naisc riachtanacha idir na córais dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 132 agus in Airteagal 133(4) a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta;

(d) 

socruithe teagmhasacha atá le cur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil aon cheann d'fheidhmiúlachtaí an CBFRO ar fáil;

(e) 

na cásanna inar féidir páirt-rochtain ar fheidhmiúlachtaí an CBFRO a thabhairt do thríú tíortha agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann, na coinníollacha faoinar féidir leis sin tarlú agus na socruithe praiticiúla maidir le rochtain den sórt sin;

(f) 

na cásanna ina bhféadfar na sonraí, an fhaisnéis agus na doiciméid a tharchur tríd an CBFRO agus na coinníollacha faoina bhféadfar sin a dhéanamh;

(g) 

na rialacha a bhaineann le córas leictreonach faoina nglacfaidh na húdaráis inniúla le deimhnithe leictreonacha arna n-eisiúint ag údaráis inniúla tríú tíortha; agus

(h) 

na cásanna inar féidir díolúintí ó úsáid an CBFRO a thabhairt d'úsáideoirí ócáideacha agus na coinníollacha faoina bhféadfar sin a dhéanamh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

Airteagal 135

Cosaint sonraí

▼C1

1.  
Beidh feidhm ag Treoir 95/46/CE agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ) a mhéid atá sonraí pearsanta mar a shainítear iad i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE agus i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 mar chuid den fhaisnéis a phróiseáiltear trí CBFRO.

▼B

2.  
Maidir leis an bhfreagracht atá orthu faisnéis ábhartha a tharchur chuig CBFRO agus maidir le sonraí pearsanta ar bith a bheith á bpróiseáil mar thoradh ar an ngníomhaíocht sin, measfar gur rialaitheoirí mar a shainítear i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE iad údaráis inniúla na mBallstát.
3.  
Maidir leis an bhfreagracht atá air CBFRO a bhainistiú agus bainistiú a dhéanamh freisin ar phróiseáil aon sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an ngníomhaíocht sin, measfar gur rialaitheoir mar a shainítear i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 é an Coimisiún.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit srian a chur ar chearta agus ar oibleagáidí faoi Airteagal 6(1), Airteagal 10, Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 de Threoir 95/46/CE de réir mar is gá chun an leas dá dtagraítear i bpointe (d) agus (f) d’Airteagal 13(1) den Treoir sin a chosaint.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún srian a chur ar chearta agus ar oibleagáidí faoi Airteagal 4(1), Airteagal 11, Airteagal 12(1) agus Airteagal 13 go hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, nuair is ionann srian den sórt sin agus beart atá riachtanach chun na leasanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus (e) d’Airteagal 20(1) den Rialachán sin a chosaint i rith na tréimhse ina bhfuil gníomhaíochtaí á bpleanáil nó á ndéanamh lena fhíorú go bhfuil dlí an bhia nó na beatha á chomhlíonadh nó lena áirithiú go bhfuil dlí an bhia nó na beatha á fhorfheidhmiú sa chás sonrach lena mbaineann an fhaisnéis.

Airteagal 136

Slándáil sonraí

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcomhlíonfaidh an CBFRO na rialacha maidir le slándáil sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 17 de Threoir 95/46/CE agus Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 faoi seach.



TEIDEAL VII

GNÍOMHAÍOCHT FORFHEIDHMIÚCHÁIN



CAIBIDIL I

Gníomhaíocht ag na húdaráis inniúla agus pionóis

Airteagal 137

Oibleagáidí ginearálta ar na húdaráis inniúla maidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin

1.  
Agus iad ag gníomhú i gcomhréir leis an gCaibidil seo, tabharfaidh na húdaráis inniúla tosaíocht do ghníomhaíocht atá le glacadh chun rioscaí do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus plandaí, do leas ainmhithe nó, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin, a dhíothú nó a shrianadh.
2.  
I gcás amhras faoi neamhchomhlíonadh, déanfaidh na húdaráis inniúla imscrúdú chun an t-amhras sin a dhearbhú nó a dhíothú.
3.  

I gcás inar gá, áireofar na nithe seo a leanas ar na gníomhaíochtaí a ghlactar i gcomhréir le mír 2:

(a) 

rialuithe oifigiúla treisithe ar ainmhithe, ar earraí agus ar oibreoirí ar feadh tréimhse iomchuí;

(b) 

coinneáil oifigiúil ainmhithe agus earraí agus aon substaintí nó táirgí neamhúdaraithe de réir mar is iomchuí.

Airteagal 138

Gníomhaíochtaí i gcás ina suitear go bhfuil neamhchomhlíonadh i gceist

1.  

I gcás ina suitear go bhfuil neamhchomhlíonadh i gceist, déanfaidh na húdaráis inniúla:

(a) 

aon ghníomhaíocht is gá chun bunús agus méid an neamhchomhlíonta a chinneadh agus chun freagrachtaí an oibreora a shuí; agus

(b) 

bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go leigheasfaidh an t-oibreoir lena mbaineann an neamhchomhlíonadh agus go gcuirfidh sé cosc ar neamhchomhlíonadh den sórt sin tarlú arís.

Agus iad ag cinneadh cé na bearta atá le déanamh, cuirfidh na húdaráis inniúla cineál an neamhchomhlíonta agus teist an oibreora maidir le comhlíonadh san áireamh.

2.  

Agus iad ag gníomhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, glacfaidh údaráis inniúla aon bheart a mheasann siad a bheith iomchuí chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a áirithiú, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan bheith teoranta dó:

(a) 

ordóidh nó déanfaidh siad cóireálacha ar ainmhithe;

(b) 

ainmhithe a dhíluchtú, a aistriú chuig modh eile iompair, a choinneáil agus cúram a thabhairt dóibh, tréimhsí coraintín, agus marú ainmhithe a chur siar, agus, más gá, ordóidh siad go gcaithfear cúnamh tréidliachta a lorg;

(c) 

ordóidh siad cóireálacha ar earraí, lipéid a athrú nó faisnéis cheartaitheach a thabhairt do chustaiméirí;

(d) 

srianfaidh nó toirmeascfaidh siad ainmhithe agus earraí a chur ar an margadh, a bhogadh, a thabhairt isteach san Aontas nó a onnmhairiú, toirmeascfaidh siad a bhfilleadh ar an mBallstát seolta nó ordóidh siad a bhfilleadh ar an mBallstát seolta;

(e) 

ordóidh siad go méadóidh an t-oibreoir minicíocht a rialuithe féin;

(f) 

ordóidh siad go mbeidh gníomhaíochtaí áirithe an oibreora lena mbaineann faoi réir rialuithe oifigiúla méadaithe nó córasacha;

(g) 

ordóidh siad athghairm, tarraingt siar, aistriú agus scriosadh earraí, agus, más iomchuí, úsáid earraí a údarú chun críocha seachas na críocha dár ceapadh iad ar dtús;

(h) 

ordóidh siad gnó ar fad an oibreora lena mbaineann nó cuid de, nó bunaíochtaí, gabháltais nó áitribh eile an oibreora a aonrú nó a dhúnadh ar feadh tréimhse ama iomchuí;

(i) 

ordóidh siad deireadh a chur ar feadh tréimhse ama iomchuí le gníomhaíochtaí ar fad an oibreora lena mbaineann nó le cuid díobh agus, más ábhartha, le suíomhanna idirlín a oibríonn nó a úsáideann sé;

(j) 

ordóidh siad go gcuirfí ar fionraí nó go dtarraingeofaí siar faomhadh na bunaíochta, na monarchan, an ghabháltais nó an mhodh iompair lena mbaineann, údarú iompróra nó dheimhniú inniúlachta an tiománaí;

(k) 

ordóidh siad ainmhithe a mharú ar choinníoll gurb é sin an beart is iomchuí chun sláinte an duine chomh maith le sláinte agus leas ainmhithe a chosaint.

3.  

Cuirfidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas ar fáil don oibreoir lena mbaineann, nó dá ionadaí:

(a) 

fógra i scríbhinn dá gcinneadh maidir leis an ngníomhaíocht nó leis an mbeart atá le glacadh i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, chomh maith leis na fáthanna leis an gcinneadh sin; agus,

(b) 

faisnéis faoi aon cheart achomhairc in aghaidh cinntí den sórt sin agus faoin nós imeachta agus na teorainneacha ama is infheidhme i ndáil le ceart achomhairc den sórt sin.

4.  
Íocfaidh na hoibreoirí freagracha an caiteachas ar fad a thabhófar faoin Airteagal seo.
5.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcás eisiúint bréagdheimhnithe oifigiúla nó deimhnithe oifigiúla míthreoracha nó i gcás míúsáid deimhnithe oifigiúla, bearta iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear:

(a) 

fionraí sealadach an oifigigh deimhniúcháin óna dhualgais;

(b) 

aistarraingt an údaraithe chun deimhnithe oifigiúla a shíniú;

(c) 

aon bheart eile chun a áirithiú nach ndéantar na cionta dá dtagraítear in Airteagal 89(2) athuair.

Airteagal 139

Pionóis

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 14 Nollaig 2019, fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin a mbeadh tionchar acu orthu.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le pionóis airgeadais i leith sáruithe ar Rialachán seo agus ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), arna ndéanamh trí chleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha, go ndéanfar, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta an buntáiste eacnamaíoch don oibreoir a léiriú leo ar a laghad nó, más iomchuí, céatadán de láimhdeachas an oibreora.

Airteagal 140

Sáruithe a thuairisciú

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm chun tuairisciú sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo a chumasú.
2.  

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna sásraí dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

nósanna imeachta maidir le fáil na dtuairiscí ar sháruithe agus le gníomhaíochtaí leantacha ina leith;

(b) 

cosaint iomchuí do dhaoine a thuairiscíonn sárú ar fhrithbhearta, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de chóir éagórach; agus

(c) 

cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairiscíonn sárú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.



CAIBIDIL II

Bearta forfheidhmiúcháin an Aontais

Airteagal 141

Cliseadh tromchúiseach i gcóras rialuithe Ballstáit

1.  

I gcás ina bhfuil fianaise ag an gCoimisiún maidir le briseadh tromchúiseach i gcóras rialaithe Ballstáit agus go bhféadfadh briseadh den sórt sin a bheith ina riosca forleathan do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, do leas ainmhithe nó, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, don chomhshaol freisin, nó go bhféadfadh sárú forleathan ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a bheith mar thoradh air, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a mbeidh feidhm le bheith acu go gcuirfear deireadh le briseadh den sórt sin sa chóras rialuithe:

(a) 

toirmeasc a chur ar ainmhithe nó earraí áirithe a bhaineann leis an mbriseadh sa chóras rialuithe a chur ar fáil ar an margadh, a bhogadh nó a láimhsiú ar bhealach eile;

(b) 

coinníollacha speisialta do na gníomhaíochtaí, na hainmhithe nó na hearraí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) 

feidhmiú rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann nó pointí rialaithe eile a bhaineann leis an mbriseadh sa chóras rialaithe oifigiúil a chur ar fionraí nó poist rialaithe teorann den sórt sin nó pointí rialaithe eile a tharraingt siar;

(d) 

bearta sealadacha iomchuí eile is gá chun an riosca sin a shrianadh go gcuirfear deireadh leis an mbriseadh sa chóras rialaithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

2.  
Ní ghlacfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás nach mbeidh an cás réitithe ag an mBallstát lena mbaineann arna iarraidh sin air agus laistigh den teorainn ama iomchuí arna socrú ag an gCoimisiún.
3.  
Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le sláinte an duine agus sláinte ainmhithe nó, i gcás orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus táirgí cosanta plandaí, a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, freisin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 145(3).



TEIDEAL VIII

FORÁLACHA COITEANNA



CAIBIDIL I

Forálacha nós imeachta

Airteagal 142

Leasuithe ar na hIarscríbhinní agus tagairtí do chaighdeáin Eorpacha

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a leasú maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinn III, chun athruithe ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san áireamh.
2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a leasú i ndáil leis na tagairtí do na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear i bpointe (b)(iv) d’Airteagal 29(1), i bpointe (e) d’Airteagal 37(4) agus i bpointe (a) d’Airteagal 93(3) i gcás ina leasóidh CEN na caighdeáin sin.

Airteagal 143

Cosaint sonraí

1.  
Cuirfidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfar sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo.
2.  
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 144

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail18(7), agus 21(8), Airteagal 41, Airteagail 45(4) agus 47(3), Airteagal 48, Airteagal 50(4), Airteagal 51 agus Airteagail 53(1), 62(3), 64(2) agus (5), 77(1) agus (2), 92(4), 99(2), 100(6), 101(2), 126(1), 142(1) agus (2), 149(2), 150(3), 154(3),155(3) agus 165(3) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 28 Aibreán 2017. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na chéad tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 18(7) agus 21(8), Airteagal 41, Airteagail 45(4) agus 47(3) Airteagal 48 Airteagal 50(4) Airteagal 51 agus Airteagail 53(1), 62(3), 64(2) agus (5), 77(1) agus (2), 92(4), 99(2), 100(6), 101(2), 126(1), 142(1) agus (2), 149(2), 150(3), 154(3), 155(3) agus 165(3) féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle í a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinneadh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 18(7) agus 21(8), Airteagal 41, Airteagail 45(4) agus 47(3), Airteagal 48, Airteagal 50(4), Airteagal 51 agus Airteagail 53(1), 62(3), 64(2) agus (5)), 77(1) agus (2), 92(4), 99(2), 100(6), 101(2), 126(1), 142(1) agus (2), 149(2), 150(3), 154(3), 155(3) agus 165(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 145

Nós imeachta coiste

1.  
Déanfaidh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cúnamh a thabhairt don Choimisiún, ach amháin i ndáil le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 26 den Rialachán seo, a dtabharfaidh na coistí arna mbunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 cúnamh don Choimisiún ina leith. Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in gcomhar le hAirteagal 5 de.



CAIBIDIL II

Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 146

Aisghairmeacha

1.  
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) 882/2004, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE, amhail ón 14 Nollaig 2019.
2.  
Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.

Airteagal 147

Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004

Leanfaidh ainmniúchán gach ceann de na saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 d’fheidhm a bheith aige go dtí go n-ainmneofar saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh sa réimse céanna i gcomhréir le hAirteagal 93 den Rialachán seo.

Airteagal 148

Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 maidir le bunaíochtaí gnólachtaí bia a fhormheas

1.  
Bunóidh údaráis inniúla nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag oibreoirí gnólachtaí bia agus iarratas á dhéanamh acu ar a mbunaíochtaí a fhormheas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus (CE) Uimh. 853/2004.
2.  
Ar iarratas ar fhormheas a fháil ó oibreoir gnólachtaí bia, tabharfaidh an t-údarás inniúil cuairt ar an láthair.
3.  
Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil bunaíocht le haghaidh na ngníomhaíochtaí lena mbaineann ach amháin má léirigh an t-oibreoir gnólachtaí bia go gcomhlíonann sé ceanglais ábhartha dhlí an bhia.
4.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil formheas coinníollach a dheonú má dhealraíonn sé go gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais uile maidir leis an mbonneagar agus leis an trealamh. Ní dheonóidh sé formheas iomlán ach amháin má dhealraíonn sé ó rialú oifigiúil nua ar an mbunaíocht, arna dhéanamh laistigh de thrí mhí ón bhformheas coinníollach a dheonú, go bhfuil na ceanglais ábhartha eile a bhaineann le dlí an bhia á gcomhlíonadh ag an mbunaíocht. Má rinneadh dul chun cinn soiléir ach nach bhfuil na ceanglais go léir is infheidhme á gcomhlíonadh fós ag an mbunaíocht, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur le formheas coinníollach. Mar sin féin, ní rachaidh formheas coinníollach thar shé mhí san iomlán, ach amháin i gcás soitheach próiseála agus soitheach-reoiteoir atá faoi bhratach na mBallstát, nach rachaidh formheas coinníollach den sórt sin ina leith thar 12 mhí san iomlán.
5.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú leanúnach ar fhormheas bunaíochtaí agus rialuithe oifigiúla á ndéanamh.

Airteagal 149

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le haisghairm Threoir 91/496/CEE agus Threoir 97/78/CE

1.  
►M2  The relevant provisions of Directives 91/496/EEC and 97/78/EC which govern matters referred to in point (b) of Article 47(2), Article 48, points (b), (c) and (d) of Article 51(1), point (a) of Article 53(1), Article 54(1) and (3), and point (a) of Article 58 of this Regulation shall apply instead of the corresponding provisions of this Regulation until 13 December 2019.
The relevant provisions of Directive 97/78/EC which govern matters referred to in point (a) of Article 47(2) of this Regulation related to composite products shall continue to apply instead of that corresponding provision until 20 April 2021. ◄
2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 chun an Rialachán seo a leasú i ndáil leis an dáta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa dáta sin dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le bunú de bhun na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 47(2), Airteagal 48, pointe (b), pointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 51, pointe (a) d'Airteagal 53(1), Airteagal 54(1) agus (3), agus pointe (a) d'Airteagal 58(1).

Airteagal 150

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le haisghairm Threoir 96/23/CE

1.  
Leanfaidh na húdaráis inniúla de na rialuithe oifigiúla a dhéanamh is gá chun láithreacht na substaintí agus grúpaí fuíoll a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/23/CE a bhrath, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, le hIarscríbhinn III agus le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, in ionad fhorálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo, go dtí an 14 Nollaig 2022 nó go dtí dáta is luaithe atá le cinneadh sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3 den Rialachán seo.
2.  
Leanfaidh Airteagal 29(1) agus (2) de Threoir 96/23/CE d’fheidhm a bheith acu in ionad fhorálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo go dtí an 14 Nollaig 2022 nó go dtí dáta is luaithe atá le cinneadh sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3 den Rialachán seo.
3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d’fhonn an Rialachán seo a leasú i ndáil leis an dáta níos túisce dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa dáta sin dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le bunú de bhun na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 19 agus in Airteagal 112.

Airteagal 151

Leasuithe ar Threoir 98/58/EC

Leasaítear Treoir 98/58/CE mar a leanas:

(1) 

Cuirtear an méid seo a leanas in áit Airteagal 2, pointe (3):

“3 

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúila mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).

(2) 

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a) 

scriostar mír 1;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Lúnasa gach bliain tuarascáil bhliantúil don bhliain roimhe sin maidir leis na cigireachtaí a chuir an t-údarás inniúil i gcrích chun comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a sheiceáil. Beidh anailís ar na cásanna neamhchomhlíonta is tromchúisí agus plean gníomhaíochta náisiúnta chun cásanna neamhchomhlíonta a chosc nó chun minicíocht na gcásanna a laghdú sna blianta atá le teacht ag gabháil leis an tuarascáil. Cuirfidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha sin faoi bhráid na mBallstát.”;
(c) 

i mír 3, scriostar pointe (a);

(3) 

scriostar Airteagal 7.

Airteagal 152

Leasuithe ar Threoir 1999/74/EC

Leasaítear Treoir 1999/74/CE mar a leanas:

(1) 

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a) 

scriostar mír 1;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Coimisiúin, faoin 31 Lúnasa gach bliain tuarascáil bhliantúil don bhliain roimhe sin maidir leis na cigireachtaí a chuir an t-údarás inniúil i gcrích chun comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a sheiceáil. Beidh anailís ar na cásanna neamhchomhlíonta is tromchúisí agus plean gníomhaíochta náisiúnta chun cásanna neamhchomhlíonta a chosc nó chun minicíocht na gcásanna a laghdú sna blianta atá le teacht ag gabháil leis an tuarascáil. Cuirfidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha sin faoi bhráid na mBallstát.”;
(c) 

imír 3, scriostar pointe (a);

(2) 

scriostar Airteagal 9.

Airteagal 153

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 999/2001

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 mar a leanas:

(1) 

Scriostar Airteagal 19 agus Airteagal 21;

(2) 

in Iarscríbhinn X, scriostar Caibidil A agus Caibidil B.

Airteagal 154

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus bearta idirthréimhseacha gaolmhara

1.  

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 mar a leanas:

(1) 

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) 

ciallaíonn ‘post cigireachta teorann’ post rialaithe teorann mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(38) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 )

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f) 

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ”;

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i) 

ciallaíonn ‘pointe imeachta’ pointe imeachta' mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(39) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ”;

(d) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (p):

“(p) 

ciallaíonn ‘tréidlia oifigiúil’ tréidlia oifigiúil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(32) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ”.

(2) 

Scriostar Airteagail 14, 15, 16 agus 21, Airteagal 22(2), agus Airteagail 23, 24 agus 26.

(3) 

Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a) 

scriostar mír 1;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Lúnasa gach bliain tuarascáil bhliantúil don bhliain roimhe sin maidir leis na cigireachtaí a chuir an t-údarás inniúil i gcrích chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh anailís ar na móreasnaimh arna mbrath agus plean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt orthu ag gabháil leis an tuarascáil.”;
(4) 

Scriostar Airteagal 28.

2.  
Leanfaidh Airteagail 14, 15, 16 agus 21, Airteagal 22(2) agus Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 d'fheidhm a bheith acu, in ionad fhorálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo, go dtí an 14 Nollaig 2022 nó go dtí dáta is luaithe atá le cinneadh sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d'fhonn an Rialachán seo a leasú i ndáil leis an dáta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa dáta sin dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le bunú de bhun na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 21.

Airteagal 155

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus bearta idirthréimhseacha gaolmhara

1.  
Scriostar Airteagail 26 agus 27, Airteagal 28(1) agus (2) agus Airteagal 30 de Rialachán (CE) 396/2005.
2.  
Leanfaidh Airteagal 26, Airteagal 27(1) agus Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 d'fheidhm a bheith acu in ionad fhorálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo, go dtí an 14 Nollaig 2022 nó go dtí dáta is luaithe atá le cinneadh sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d'fhonn an Rialachán seo a leasú i ndáil leis an dáta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa dáta sin dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le bunú de bhun na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 19.

Airteagal 156

Leasuithe ar Threoir 2007/43/CE

Leasaítear Treoir 2007/43/CE mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus pointe (d):

“(c) 

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 );

(d) 

ciallaíonn ‘tréidlia oifigiúil’ tréidlia oifigiúil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(32) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ;

(2) 

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a) 

scriostar mír 1;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Lúnasa gach bliain tuarascáil bhliantúil don bhliain roimhe sin maidir leis na cigireachtaí a chuir an t-údarás inniúil i gcrích chun comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a sheiceáil. Beidh anailís ar na cásanna neamhchomhlíonta is tromchúisí agus plean gníomhaíochta náisiúnta chun cásanna neamhchomhlíonta a chosc nó chun minicíocht na gcásanna a laghdú sna blianta atá le teacht ag gabháil leis an tuarascáil. Cuirfidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha sin faoi bhráid na mBallstát.”

Airteagal 157

Leasuithe ar Threoir 2008/119/EC

Leasaítear Treoir 2008/119/CE mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“2. 

Ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 ).

(2) 

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a) 

scriostar mír 1 agus mír 2;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Lúnasa gach bliain tuarascáil bhliantúil don bhliain roimhe sin maidir leis na cigireachtaí a chuir an t-údarás inniúil i gcrích chun comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a sheiceáil. Beidh anailís ar na cásanna neamhchomhlíonta is tromchúisí agus plean gníomhaíochta náisiúnta chun cásanna neamhchomhlíonta a chosc nó chun minicíocht na gcásanna a laghdú sna blianta atá le teacht ag gabháil leis an tuarascáil. Cuirfidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha sin chuig na Ballstáit.”;
(3) 

Scriostar Airteagal 9.

Airteagal 158

Leasuithe ar Threoir 2008/120/EC

Leasaítear Treoir 2008/120/CE mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10);

“10 

Ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *5 ).

(2) 

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a) 

scriostar mír 1 agus mír 2;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Lúnasa gach bliain tuarascáil bhliantúil don bhliain roimhe sin maidir leis na cigireachtaí a chuir an t-údarás inniúil i gcrích chun comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a sheiceáil. Beidh anailís ar na cásanna neamhchomhlíonta is tromchúisí agus plean gníomhaíochta náisiúnta chun cásanna neamhchomhlíonta a chosc nó chun minicíocht na gcásanna a laghdú sna blianta atá le teacht ag gabháil leis an tuarascáil. Cuirfidh an Coimisiún achoimrí ar na tuarascálacha sin chuig na Ballstáit.”;
(3) 

scriostar Airteagal 10.

Airteagal 159

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (q):

“(q) 

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *6 ).

(2) 

scriostar Airteagal 22.

Airteagal 160

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 mar a leanas:

(1) 

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (10):

“10. 

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údaráis inniúla mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *7 ).

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (15):

“15. 

Beidh feidhm freisin ag an sainmhíniú ar ‘údaráis inniúla’ agus ar ‘idirthuras’ a leagtar síos in Airteagal 3(44) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ”;

(2) 

scriostar Airteagal 45, Airteagal 49 agus Airteagal 50.

Airteagal 161

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 mar a leanas:

(1) 

Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, don bhliain roimhe sin, maidir le raon feidhme agus torthaí na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú”;

(b) 

scriostar an dara mír agus an tríú mír.

(2) 

scriostar pointe (n) d’Airteagal 78(1).

Airteagal 162

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 mar a leanas:

(1) 

Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil: “A bhfuil i gceist le rialuithe oifigiúla”;

(b) 

scriostar mír 1 agus mír 2;

(c) 

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“3.  
sna rialuithe oifigiúla arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *8 ) cumhdófar:
(2) 

Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a) 

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.  

Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh an Aontais, déanfar fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, sula gcuirtear an táirge ar an margadh, mar a leanas:

(a) 

ag na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ; nó

(b) 

ag comhlachtaí tarmligthe de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .”;

(b) 

scriostar an chéad fhomhír de mhír 3;

(c) 

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal “mír 1 agus mír 2”: “mír 2”;

(3) 

scriostar Airteagal 38;

(4) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

“Airteagal 39

Comhlachtaí tarmligthe a dhéanann rialuithe i dtríú tíortha

Déanfar na comhlachtaí tarmligthe a dhéanann rialuithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2(b) d’Airteagal 37 a chreidiúnú de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha don ‘Mheasúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí’. Féadfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas an creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí tarmligthe seo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó féadfaidh comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas a bhfuil socrú aitheantais iltaobhach sínithe aige faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin é a thabhairt.”.

Airteagal 163

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 652/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 mar a leanas:

(1) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30(1):

“1.  

Chun na costais arna dtabhú acu agus iad ag cur na gclár oibre arna bhformheas ag an gCoimisiún chun feidhme, féadfar deontais a dhámhachtain orthu seo a leanas:

(a) 

na saotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 93 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *9 ) agus ar na lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *10 );

(b) 

na lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 95 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ;

(c) 

na lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um barántúlacht agus sláine an tslabhra agraibhia, dá dtagraítear in Airteagal 97 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .

(2) 

cuirtear isteach an t-Airteagal seo a leanas:

“Airteagal 30a

Saotharlanna tagartha náisiúnta do shláinte plandaí a chreidiúnú

1.  
Féadfar deontais a dhámhachtain ar na saotharlanna tagartha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 100 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ do chostais arna dtabhú chun creidiúnú a fháil de réir chaighdeán EN ISO/IEC 17025 maidir le ‘Ceanglais ghinearálta um inniúlacht saotharlann tástála agus calabrúcháin’ d'úsáid modhanna anailíse, tástála agus diagnóise chun comhlíonadh na rialacha maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí a fhíorú.
2.  
Féadfar deontais a dhámhachtain ar shaotharlann tagartha náisiúnta aonair i ngach Ballstát do gach saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do shláinte plandaí, suas le trí bliana tar éis an saotharlann tagartha sin de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú.”.

Airteagal 164

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/429 agus bearta idirthréimhseacha gaolmhara

1.  

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/429 mar a leanas:

(1) 

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (33):

“(33) 

ciallaíonn ‘rialú oifigiúil’ aon chineál rialaithe a dhéantar i gcomhréir le Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *11 );

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (51):

“(51) 

ciallaíonn ‘Traces’ comhpháirt córais comhtháite CBFRO amhail dá dtagraítear in Airteagal 131 go hAirteagal 136 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ;”;

(c) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (53):

“(53) 

ciallaíonn ‘tréidlia oifigiúil’ tréidlia oifigiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(32) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ;”;

(d) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (55):

“(55) 

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás tréidliachta lárnach an Bhallstáit atá freagrach as rialuithe oifigiúla agus aon ghníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ , nó aon údarás eile ar tarmligeadh an fhreagracht sin dó;”;

(2) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 229(2), mír (2):

“2.  
Tíolacfaidh na hoibreoirí atá freagrach as an gcoinsíneacht a bheidh i dtrácht coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha chun críocha rialú oifigiúil amhail dá bhforáiltear in Airteagal 47 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ”;
(3) 

scriostar Airteagal 281.

2.  

Leanfaidh na forálacha seo a leanas d'fheidhm a bheith acu i ndáil leis na hábhair arna rialú ag Rialachán (AE) 2016/429, go dtí dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin:

(a) 

Airteagal 9 de Threoir 89/662/CEE;

(b) 

Airteagal 10 de Threoir 90/425/CEE;

(c) 

Airteagal 18(1), (3), (4), (5), (6), (7) agus (8) de Threoir 91/496/CEE;

(d) 

Airteagal 22(1), (3), (4), (5), (6) agus (7) de Threoir 97/78/CE.

3.  
Ag féachaint d’Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429 agus d’ainneoin dháta an chur i bhfeidhm dá bhforáiltear sa Rialachán sin, chun críche Airteagal 31(2) den Rialachán seo, measfar gur comhlíonadh an coinníoll maidir lena chur i bhfeidhm cheana ón 14 Nollaig 2019.

Airteagal 165

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/2031 agus forálacha idirthréimhseacha gaolmhara

1.  

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031 mar a leanas:

(1) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2, pointe (6):

“(6) 

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán ►C1  (AE) Uimh. 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *12 );

(2) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Deimhniú oifigiúil ó na húdarás inniúla faoi láithreacht lotnaide coraintín de chuid an Aontais

I gcás ina gceapann údarás inniúil, nó i gcás ina bhfuil fianaise faighte aige gurb ann do lotnaid choraintín de chuid an Aontais, nó lotnaid faoi réir bearta a ghlactar de bhun Airteagal 30(1), i gcuid de chríoch an Bhallstáit áirithe nárbh eol gurbh ann don lotnaid sin roimhe sin, nó i gcoinsíneacht plandaí, táirgí planda nó réad eile a tugadh isteach i gcríoch an Aontais nó a bheartaítear a thabhairt isteach nó a bhogadh laistigh de, glacfaidh sé aon bhearta is gá láithreach chun a dheimhniú, ar bhonn diagnóis ó shaotharlann oifigiúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ (‘chun a dheimhniú go hoifigiúil’) cibé acu is ann nó nach ann don lotnaid sin.

Go dtí go ndeimhnítear láithreacht na lotnaide sin go hoifigiúil, glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann, más infheidhme, bearta fíteashláintíochta chun riosca a scaipthe a dhíothú.

Féadfaidh an t-amhras nó an fhianaise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo a bheith bunaithe ar aon fhaisnéis a fhaightear de bhun Airteagal 14 agus 15, nó ó aon fhoinse eile.”;

(3) 

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Is é an t-údarás aonair a dhéanfaidh fógraí faoin chéad fhomhír, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ de chuid an Bhallstáit lena mbaineann agus tríd an gcóras fógartha leictreonach amhail dá dtagraítear in Airteagal 103.”;

(4) 

in Airteagal 25(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí a bhaineann le cur i gcrích an phlean, má dheimhnítear nó má cheaptar go bhfuil lotnaid tosaíochta i láthair, chomh maith leis an slabhra ceannais agus na nósanna imeachta le haghaidh comhordú gníomhaíochtaía bheidh le déanamh ag údaráis inniúla, údaráis phoiblí eile, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ , na comhlachtaí tarmligthe nó na daoine nádúrtha atá i gceist, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán sin, saotharlanna agus oibreoirí gairmiúla, lena n-áirítear comhordú le Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha comharsanachta, más iomchuí;”;

(5) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (4) d’Airteagal 41:

“4.  
I gcás ina bhfuil plandaí, táirgí plandaí nó réada eile tugtha isteach i gcríoch an Aontais, nó bogtha laistigh de, de shárú ar mhír 1 den Airteagal seo, glacfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 66(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas tríd an gcóras fógartha leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103.

I gcás inarb infheidhme, cuirfear an tríú tír ónar tugadh na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile isteach i gcríoch an Aontais ar an eolas freisin.”;

(6) 

in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.  
Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún imscrúduithe, sa tríú tír lena mbaineann, agus i gcomhréir le hAirteagal 120 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ , lena fhíorú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh.”
(7) 

in Airteagal 49(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Cuirfidh Ballstáit in iúl, tríd an gcóras fógartha leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103 den Rialachán seo, don Choimisiún agus do Bhallstáit eile i aon chás inar diúltaíodh do thabhairt isteach planda, táirge planda nó réada eile i gcríoch an Aontais, nó inar cuireadh toirmeasc ar a ghluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, de bhrí gur mheas an Ballstát lena mbaineann gur sáraíodh an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo. Más iomchuí, áireofar san fhógra sin na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit maidir leis na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile de bhun Airteagal 66(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .”;

(8) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5 d’Airteagal 76:

“4.  
I gcás tríú tír nach bhfuil ina páirtí conarthach in IPPC, ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil ach leis na deimhnithe fíteashláintíochta a bheidh eisithe ag na húdaráis atá inniúil i gcomhréir le rialacha náisiúnta an tríú tír sin agus curtha in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún na fógraí a fuarthas in iúl do na Ballstáit agus do na hoibreoirí, tríd an gcóras fógartha leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 103, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 132 de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 105, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na coinníollacha glactha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, d’fhonn iontaofacht na ndeimhnithe sin a áirithiú.

5.  
Ní ghlacfar le deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta ach amháin nuair a sholáthraítear iad trí CBFRO nó i bhfoirm malartú leictreonach leis dá dtagraítear in Airteagal 131(1) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .”;
(9) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 77(1):

“1.  
Sa chás go bhfuil deimhniú fíteashláintíochta eisithe i gcomhréir le hAirteagal 71(1), (2) agus (3), agus go gcinneann an t-údarás inniúil lena mbaineann nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 76 á gcomhlíonadh, déanfaidh sé an deimhniú fíteashláintíochta a neamhbhailíochtú agus áiritheoidh sé nach mbeidh deimhniú den sórt sin luaite leis na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile lena mbaineann níos mó. Sa chás sin, agus i ndáil leis na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile lena mbaineann, glacfaidh an t-údarás inniúil ceann de na bearta a leagtar amach in Airteagal 66(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .”;
(10) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d’Airteagal 91(1):

“Féadfaidh oibreoirí údaraithe, a mbeidh plean bainistíochta riosca lotnaidí á chur chun feidhme acu, a bheith faoi réir cigireachtaí ar bhonn níos annaimhe, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 22(3) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .”;

(11) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 94(1):

“1.  
De mhaolú ar Airteagal 87 den Rialachán seo, i gcás ina dtugtar planda, táirge planda nó réad eile isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tír, a n-éilítear pas plandaí ina leith a ngluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais de bhun Airteagal 79(1) agus 80(1) den Rialachán seo, eiseofar an pas más rud é go bhi gcás ina bhfuil na seiceálacha a dhéantar de bhun Airteagal 49(1) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ a bhaineann lena thabhairt isteach curtha i gcrích go sásúil agus gurb é a baineadh de thátal as go gcomhlíonann na plandaí, na táirgí plandaí nó na réada eile lena mbaineann na ceanglais shubstainteacha maidir le pas plandaí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 85 den Rialachán seo agus, más iomchuí, Airteagal 86 den Rialachán seo.”;
(12) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 100, mír 5:

“5.  
Soláthrófar deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú tríd an gcóras ríomhairithe comhtháite nó i bhfoirm malartú leictreonach leis an CBFRO.”;
(13) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 101, mír 6:

“6.  
Soláthrófar deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta le haghaidh ath-onnmhairiú trí CBFRO..”;
(14) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 102, mír 4:

“4.  
Beidh an deimhniú réamh-onnmhairithe in éineacht leis na plandaí, leis na táirgí plandaí agus leis na réada eile lena mbaineann le linn dóibh a bheith á ngluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, mura ndéanann na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis atá ann a mhalartú trí CBFRO.”;
(15) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 103:

“Airteagal 103

Bunú córais fógra leictreonach

Bunóidh an Coimisiún córas leictreonach lenar féidir leis na Ballstáit fógraí a thíolacadh.

Beidh an córas sin nasctha agus comhoiriúnach le CBFRO.”;

(16) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 109, mír 1:

“Aisghairtear Treoir 2000/29/CE, gan dochar d’Airteagal 165(2), (3) agus (4) de Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ .”.

2.  
►M2  In relation to matters governed by Directive 2000/29/EC, Article 47(2), Article 48, points (b), (c) and (d) of Article 51(1), and point (a) of Article 58 of this Regulation shall apply from 15 December 2019 instead of the relevant provisions of that Directive, which shall cease to be applicable as of the same date.
The relevant provisions of Directive 2000/29/EC shall continue to apply in relation to the matters governed by points (a) of Article 53(1) of this Regulation instead of that latter provision until 13 December 2020.
The relevant provisions of Directive 2000/29/EC shall continue to apply in relation to the matters governed by Article 54(1) and (3) of this Regulation instead of these latter provisions until 13 December 2022. ◄
3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144 d'fhonn an Rialachán seo a leasú i ndáil leis an dáta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.
4.  
Gan dochar do mhír 2 agus do mhír 3 den Airteagal seo agus don dáta cur i bhfeidhm dá bhforáiltear in Airteagal 167(1), glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (e) d'Airteagal 53(1), maidir le hearraí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 47(1), ar a dhéanaí 12 mhí roimh a gcur i bhfeidhm.

Airteagal 166

Bearta idirthréimhseacha chun gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh

Gan dochar do na dátaí cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 167 agus d’aon fhorálacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail ón 28 Aibreán 2017. Beidh feidhm ag gníomhartha den sórt sin amhail ón dáta cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 167, gan dochar d’aon rialacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear sa Chaibidil seo.

Airteagal 167

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Mura bhforáiltear a mhalairt i mír 2 go mír 4, beidh feidhm aige ón 14 Nollaig 2019.

2.  
Sa réimse arna rialú ag na rialacha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 1(2), beidh feidhm ag Airteagal 34(1), (2) agus (3), pointe (e) d'Airteagal 37(4) agus Airteagal 37(5) ón 29 Aibreán 2022.
3.  
Beidh feidhm ag Airteagal 92 go hAirteagal 101 den Rialachán seo ón 29 Aibreán 2018, in ionad Airteagal 32 agus Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, arna n-aisghairm leis an Rialachán seo.
4.  
Beidh feidhm ag Airteagal 163 ón 28 Aibreán 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

CRÍOCHA dÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTE 40 d’AIRTEAGAL 3 SEACHAS CUR I bhFEIDHM PHOINTE (G) d’AIRTEAGAL 1(2)

1. 

Críoch Ríocht na Beilge

2. 

Críoch Phoblacht na Bulgáire

3. 

Críoch Phoblacht na Seice

4. 

Críoch Ríocht na Danmhairge seachas Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn.

5. 

Críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine

6. 

Críoch Phoblacht na hEastóine

7. 

Críoch na hÉireann

8. 

Críoch na Poblachta Heilléanaí

9. 

Críoch Ríocht na Spáinne seachas Ceuta agus Melilla

10. 

Críoch Phoblacht na Fraince

11. 

Críoch Phoblacht na Cróite

12. 

Críoch Phoblacht na hIodáile

13. 

Críoch Phoblacht na Cipire

14. 

Críoch Phoblacht na Laitvia

15. 

Críoch Phoblacht na Liotuáine

16. 

Críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg

17. 

Críoch na hUngáire

18. 

Críoch Phoblacht Mhálta

19. 

Críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip

20. 

Críoch Phoblacht na hOstaire

21. 

Críoch Phoblacht na Polainne

22. 

Críoch Phoblacht na Portaingéile

23. 

Críoch na Rómáine

24. 

Críoch Phoblacht na Slóivéine

25. 

Críoch Phoblacht na Slóvaice

26. 

Críoch Phoblacht na Fionlainne

27. 

Críoch Ríocht na Sualainne

28. 

Críoch Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann




IARSCRÍBHINN II

FOIREANN NA nÚDARÁS INNIÚIL A OILIÚINT

CAIBIDIL I

Ábhar d’oiliúint foirne atá ag déanamh rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile

1. 

Modhanna agus teicnící rialaithe éagsúla, amhail cigireacht, fíorú, scagadh, scagadh spriocdhírithe, sampláil, agus anailísiú, tástáil agus diagnóisiú saotharlainne

2. 

Nósanna imeachta rialaithe

3. 

Na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

4. 

Measúnú ar neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

5. 

Na guaiseacha a bhaineann le táirgeadh, próiseáil agus dáileadh ainmhithe agus earraí

6. 

Na céimeanna éagsúla táirgthe, próiseála agus dáileacháin, agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine, agus más iomchuí do shláinte ainmhithe agus plandaí, do leas ainmhithe agus don chomhshaol

7. 

An mheastóireacht ar chur i bhfeidhm HACCP e agus ar chur i bhfeidhm cleachtas maith talmhaíochta).

8. 

Córais bhainistíochta amhail cláir dearbhaithe cáilíochta a bhainistíonn na hoibreoirí agus measúnú ar na córais sin a mhéid atá siad úsáideach ó thaobh chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

9. 

Córais deimhniúcháin oifigiúla

10. 

Socruithe teagmhasacha do chásanna éigeandála, lena n-áirítear cumarsáid idir na Ballstáit agus an Coimisiún

11. 

Imeachtaí dlíthiúla agus impleachtaí rialuithe oifigiúla

12. 

Scrúdú ar ábhar scríofa, faisnéise agus ar thaifid eile, lena n-áirítear taifid a bhaineann le tástáil chomparáideach idirshaotharlainne, creidiúnú agus measúnú riosca, a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a mheas; d'fhéadfadh gnéithe airgeadais agus tráchtála a bheith san áireamh

13. 

Nósanna imeachta rialaithe agus ceanglais iontrála a bhaineann le hainmhithe agus earraí atá ag teacht ó thríú tíortha isteach san Aontas.

14. 

Aon réimse eile is gá chun a áirithiú go ndéanfar rialuithe oifigiúla i gcomhréir leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL II

Réimsí ábhair do nósanna imeachta rialaithe

1. 

Eagrú na n-údarás inniúil agus an caidreamh idir údaráis inniúla lárnacha agus údaráis a bhfuil cúraimí tugtha dóibh chun rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh

2. 

An caidreamh idir údaráis inniúla agus comhlachtaí tarmligthe nó daoine nádúrtha a bhfuil cúraimí tarmligthe chucu a bhaineann le rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile

3. 

Ráiteas maidir leis na cuspóirí atá le baint amach

4. 

Cúraimí, freagrachtaí agus dualgais foirne

5. 

Nósanna imeachta samplála, modhanna agus teicnící rialaithe, lena n-áirítear anailís, tástáil agus diagnóisiú saotharlainne, léiriú ar thorthaí agus cinntí iarmhartacha

6. 

Cláir scagtha agus cláir scagtha spriocdhírithe

7. 

Cúnamh frithpháirteach i gcás ina gceanglaítear leis na rialuithe oifigiúla gur gá do níos mó ná Ballstát amháin gníomhú

8. 

Gníomhaíocht atá le déanamh tar éis rialuithe oifigiúla

9. 

Comhar leis na seirbhísí agus ranna eile a bhféadfadh freagrachtaí ábhartha a bheith orthu nó le hoibreoirí

10. 

Fíorú ar oiriúnacht na modhanna samplála agus modhanna anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne

11. 

Aon ghníomhaíocht nó aon fhaisnéis eile is gá le haghaidh fheidhmiú éifeachtach na rialuithe oifigiúla




IARSCRÍBHINN III

SAINTRÉITHRIÚ MODHANNA ANAILÍSE

1. 

Ba cheart go mbeadh na critéir seo a leanas mar shaintréithe de mhodhanna anailíse agus torthaí tomhais:

(a) 

cruinneas (fíre agus beachtas),

(b) 

infheidhmeacht (maitrís agus raon comhchruinnithe),

(c) 

teorainn braite,

(d) 

teorainn cainníochtaithe,

(e) 

beachtas,

(f) 

in-atrialltacht,

(g) 

in-atáirgtheacht,

(h) 

athléimneacht,

(i) 

roghnaíocht,

(j) 

íogaireacht,

(k) 

líneacht,

(l) 

neamhchinnteacht tomhais,

(m) 

critéir eile a d’fhéadfaí a roghnú de réir mar is gá.

2. 

Gheofar na luachanna beachtais dá dtagraítear i bpointe 1(e) ó thriail chomhoibríoch a rinneadh i gcomhréir le prótacal atá aitheanta go hidirnáisiúnta maidir le trialacha comhoibríocha (e.g. ISO 5725 “Cruinneas (fíre agus beachtas) modhanna tomhais agus torthaí”) nó, i gcás ina bhfuil critéir feidhmíochta do mhodhanna anailíseacha bunaithe cheana, beidh na luachanna beachtais bunaithe ar thástálacha ar chomhlíonadh na gcritéar. Áireofar na luachanna in-atrialltachta agus in-atáirgtheachta de réir foirm atá aitheanta go hidirnáisiúnta (e.g. na heatraimh muiníne 95 % mar a shainítear le ISO 5725 “Cruinneas (fíre agus beachtas) modhanna tomhais agus torthaí”). Foilseofar na torthaí ón triail chomhoibríoch nó beidh siad le fáil gan bhac.

3. 

Ba cheart tús áite a thabhairt do mhodhanna anailíse is infheidhme go haonfhoirmeach maidir le grúpaí éagsúla tráchtearraí ar mhodhanna is infheidhme maidir le tráchtearraí aonair amháin.

4. 

I gcásanna nach féidir modhanna anailíse a bhailíochtú ach laistigh de shaotharlann aonair, ba cheart iad a bhailíochtú i gcomhréir le prótacail nó treoirlínte eolaíocha atá inghlactha go hidirnáisiúnta mar sin, nó i gcás ina bhfuil critéir feidhmíochta do mhodhanna anailíseacha bunaithe cheana, ba cheart modhanna anailíse a bhunú ar thástálacha ar chomhlíonadh na gcritéar.

5. 

Ba cheart modhanna anailíse arna nglacadh faoin Rialachán seo a chur in eagar sa leagan amach caighdeánach do mhodhanna anailíse atá molta ag an ISO.




IARSCRÍBHINN IV

CAIBIDIL I

Táillí nó muirir ar rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas

I.   COINSÍNEACHTAÍ AINMHITHE BEO

(a) 

Bó-ainmhithe, eachainmhithe, muca, caoirigh, gabhair, éanlaithe clóis, coiníní, éanlaith ghéim bheaga nó géim talún, torc agus athchogantaigh fhiáine:

— 
EUR 55 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 6 thona, agus
— 
EUR 9 in aghaidh an tona, os cionn 6 agus suas le 46 thona, nó
— 
EUR 420 in aghaidh na coinsíneachta, os cionn 46 thona.
(b) 

Ainmhithe de speicis eile:

— 
EUR 55 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 46 thona, nó
— 
EUR 420 in aghaidh na coinsíneachta, os cionn 46 thona.

II.   COINSÍNEACHTAÍ FEOLA

— 
EUR 55 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 6 thona, agus
— 
EUR 9 in aghaidh an tona, os cionn 6 agus suas le 46 thona, nó
— 
EUR 420 in aghaidh na coinsíneachta, os cionn 46 thona.

III.   COINSÍNEACHTAÍ TÁIRGÍ IASCAIGH

(a) 

Táirgí iascaigh nach bhfuil i mbulc:

(i) 

EUR 55 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 6 thona, agus

(ii) 

EUR 9 in aghaidh an tona, os cionn 6 agus suas le 46 thona, nó

(iii) 

EUR 420 in aghaidh na coinsíneachta, os cionn 46 thona.

(b) 

Táirgí iascaigh, a iompraítear mar lastas lasta ghinearálta:

(i) 

EUR 600 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí iascaigh suas le 500 tona,

(ii) 

EUR 1 200 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí iascaigh os cionn 500 agus suas le 1 000 tona,

(iii) 

EUR 2 400 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí iascaigh os cionn 1 000 agus suas le 2 000 tona,

(iv) 

EUR 3 600 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí iascaigh os cionn 2 000 tona.

IV   COINSÍNEACHTAÍ TÁIRGÍ FEOLA, FEOLA ÉANLAITHE CLÓIS, FEOLA GÉIME FIÁINE, FEOLA COINÍN NÓ FEOLA GÉIME FEIRME

(a) 

EUR 55 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 6 thona, agus

(b) 

EUR 9 in aghaidh an tona, os cionn 6 agus suas le 46 thona, nó

(c) 

EUR 420 in aghaidh na coinsíneachta, os cionn 46 thona.

V.   COINSÍNEACHTAÍ TÁIRGÍ EILE DE BHUNADH AINMHÍOCH SEACHAS TÁIRGÍ FEOLA LE CAITHEAMH AG AN DUINE

(a) 

Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch le caitheamh ag an duine, nach bhfuil i mbulc;

(i) 

EUR 55 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 6 thona, agus

(ii) 

EUR 9 in aghaidh an tona, os cionn 6 agus suas le 46 thona, nó

(iii) 

EUR 420 in aghaidh na coinsíneachta, os cionn 46 thona.

(b) 

Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch le caitheamh ag an duine a iompraítear mar lastas lasta ghinearálta:

(i) 

EUR 600 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí suas le 500 tona,

(ii) 

EUR 1 200 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí os cionn 500 agus suas le 1 000 tona,

(iii) 

EUR 2 400 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí os cionn 1 000 agus suas le 2 000 tona,

(iv) 

EUR 3 600 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí os cionn 2 000 tona.

VI.   COINSÍNEACHTAÍ SEACHTHÁIRGÍ AINMHITHE AGUS BEATHA DE BHUNADH AINMHÍOCH

(a) 

Coinsíneacht sheachtháirge ainmhithe agus beatha de bhunadh ainmhíoch nach n-iompraítear i mbulc:

(i) 

EUR 55 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 6 thona, agus

(ii) 

EUR 9 in aghaidh an tona, os cionn 6 agus suas le 46 thona, nó

(iii) 

EUR 420 in aghaidh na coinsíneachta, os cionn 46 thona.

(b) 

Seachtháirgí ainmhithe agus beatha de bhunadh ainmhíoch, a iompar mar lastas lasta ghinearálta:

(i) 

EUR 600 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí suas le 500 tona,

(ii) 

EUR 1 200 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí os cionn 500 agus suas le 1 000 tona,

(iii) 

EUR 2 400 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí os cionn 1 000 agus suas le 2 000 tona,

(iv) 

EUR 3 600 in aghaidh an tsoithigh, le lasta táirgí os cionn 2 000 tona.

VII.   COINSÍNEACHTAÍ AINMHITHE AGUS EARRAÍ Ó THRÍÚ TÍORTHA AR IDIRTHURAS NÓ A THRASLOINGSÍTEAR

EUR 30 in aghaidh na coinsíneachta, méadaithe EUR 20 gach ceathrú uair a chloig do gach comhalta den fhoireann atá bainteach leis na rialuithe.

VIII   COINSÍNEACHTAÍ PLANDAÍ, TÁIRGÍ PLANDAÍ AGUS TÁIRGÍ EILE, RÉAD AGUS ÁBHAR A BHFUIL AR A gCUMAS LOTNAIDÍ PLANDAÍ A IOMPAR NÓ A LEATHADH

(a) 

Maidir le seiceálacha doiciméadacha: EUR 7 in aghaidh na coinsíneachta

(b) 

Maidir le seiceálacha céannachta;

(i) 

EUR 7 in aghaidh na coinsíneachta suas go dtí an méid a bheadh in ualach trucaile, in ualach vaigín iarnróid ualach nó in ualach coimeádáin ar mhéid inchomparáide

(ii) 

EUR 14 in aghaidh na coinsíneachta atá níos mó ná an méid thuas.

(c) 

Maidir le seiceálacha sláinte plandaí, i gcomhréir leis na sonraíochtaí seo a leanas:

(i) 

gearrthaí, síolphlandaí (seachas ábhar atáirgthe foraoiseachta), plandaí óga ó shútha talún nó ó ghlasraí;

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le líon 10 000 díobh
— 
EUR 0,70 in aghaidh na coinsíneachta do gach 1 000 aonad breise
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(ii) 

toir, crainn (seachas crainn ghearrtha Nollag), plandaí adhmadacha plandlanna eile lena n-áirítear lena n-áirítear ábhar atáirgthe foraoise (seachas síolta);

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le líon 10 000 díobh
— 
EUR 0,44 in aghaidh na coinsíneachta do gach 1 000 aonad breise
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(iii) 

bleibíní, cormáin, riosóim, tiúbair, atá ceaptha le haghaidh plandú (seachas tiúbair prátaí);

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 200 kg meáchain
— 
EUR 0,16 in aghaidh na coinsíneachta do gach 10 kg breise
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(iv) 

síolta, cultúir fíocháin;

— 
EUR 7,5 in aghaidh na coinsíneachta suas le 100 kg meáchain
— 
EUR 0,175 in aghaidh na coinsíneachta do gach 10 kg breise
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(v) 

plandaí eile atá ceaptha le haghaidh plandú, nach bhfuil sonraithe in aon áit eile sa phointe seo;

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le líon 5 000 díobh
— 
EUR 0.18 in aghaidh na coinsíneachta do gach 100 aonad breise
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(vi) 

bláthanna gearrtha;

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le líon 20 000 díobh
— 
— EUR 0,14 in aghaidh na coinsíneachta do gach 1 000 aonad breise
— 
— EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(vii) 

craobhacha le duilliúir, codanna de chónaiféir (seachas crainn ghearrtha Nollag);

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 100 kg meáchain
— 
EUR 1,75 in aghaidh na coinsíneachta do gach 100 kg breise
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(viii) 

crainn ghearrtha Nollag;

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le líon 1 000 díobh
— 
EUR 1,75 in aghaidh na coinsíneachta do gach 100 aonad breise
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(ix) 

duillí plandaí, amhail luibheanna, spíosraí agus glasraí duilleacha;

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 100 kg meáchain,
— 
EUR 1,75 in aghaidh na coinsíneachta do gach 10 kg breise,
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta,
(x) 

torthaí, glasraí (seachas glasraí duilleacha glasraí);

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 25 000  kg meáchain,
— 
EUR 0,7 in aghaidh na coinsíneachta do gach 1 000  kg breise,
(xi) 

tiúbair prátaí;

— 
EUR 52,5 in aghaidh na luchtóige, suas le 25 000  kg meáchain,
— 
EUR 52,5 in aghaidh na luchtóige do gach 25 000  kg breise,
(xii) 

adhmad (seachas coirt);

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 1 000 m3 toirte,
— 
EUR 0,175 in aghaidh na coinsíneachta do gach 10m3 breise,
(xiii) 

ithir agus meán fáis, coirt;

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 25 000  kg meáchain
— 
EUR 0,7 in aghaidh na coinsíneachta do gach 1 000  kg breise
— 
EUR 140 in aghaidh na coinsíneacht ar an táille uasta
(xiv) 

gráin

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta, suas le 25 000  kg meáchain
— 
EUR 0,7 in aghaidh na coinsíneachta do gach 1 000  kg breise
— 
EUR 700 in aghaidh na coinsíneachta ar an táille uasta.
(xv) 

plandaí eile nó táirgí plandaí nach bhfuil sonraithe in aon áit eile sa phointeseo;

— 
EUR 17,5 in aghaidh na coinsíneachta.

I gcás coinsíneachta nach mbeidh comhdhéanta go heisiach de tháirgí a thagann faoin tuairisc ar an bhfleasc ábhartha, déileálfar leis na codanna sin díobh ina bhfuil táirgí a thagann faoin tuairisc ar an bhfleasc ábhartha (luchtóg nó luchtóga) mar choinsíneachta ar leith.

CAIBIDIL II

Táillí nó muirir ar na rialuithe oifigiúla i seamlais, i monarchana gearrtha, i monarchana próiseála géime, i dtáirgeadh bainne, i dtáirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a tháirgeadh agus a chur ar an margadh

I.   TÁILLÍ NÓ MUIRIR AR NA RIALUITHE OIFIGIÚLA I SEAMLAIS

(a) 

Mairteoil:

(i) 

bó-ainmhithe fásta: 5 EUR/ainmhí,

(ii) 

bó-ainmhithe óga: 2 EUR/ainmhí,

(b) 

feoil eachainmhithe/dlúthchrúbacha: 3 EUR/ainmhí,

(c) 

muiceoil: ainmhithe de mheáchan conablaig:h

(i) 

níos lú ná 25 kg: 0,5 EUR/ainmhí,

(ii) 

cothrom le nó níos mó ná 25 kg: 1 EUR/ainmhí,

(d) 

caoireoil agus feoil ghabhair: ainmhithe de mheáchan conablaigh:

(i) 

is lú ná 12 kg: 0,15 EUR/ainmhí,

(ii) 

cothrom le nó níos mó ná 12 kg: 0,25 EUR/ainmhí,

(e) 

feoil éanlaithe:

(i) 

éanlaith den ghéineas Gallus agus éanlaithe guine: 0,005 EUR/ainmhí,

(ii) 

lachain agus géanna: 0,01 EUR/ainmhí,

(iii) 

turcaithe: 0,025 EUR/ainmhí,

(iv) 

feoil choinín feirme: 0,005 EUR/ainmhí,

(v) 

gearga agus patraiscí: 0,002 EUR/ainmhí.

II.   TÁILLÍ NÓ MUIRIR AR NA RIALUITHE OIFIGIÚLA I MONARCHANA GEARRTHA

In aghaidh an tona feola:

(a) 

mairteoil, laofheoil, muiceoil, eachainmhithe/dlúthchrúbacha, caoireoil agus feoil ghabhair: 2 EUR,

(b) 

eanlaithe clóis agus feoil choinín feirme: 1,5 EUR,

(c) 

feoil ghéim feirme agus feoil ghéim fhiáin:

— 
éanlaithe géime beaga agus géim talún: 1,5 EUR
— 
raitíteach (ostrais, éamú, ria): 3 EUR
— 
collaigh agus athchogantaigh: 2 EUR.

III.   TÁILLÍ NÓ MUIRIR AR NA RIALUITHE OIFIGIÚLA I MONARCHANA PRÓISEÁLA GÉIME

(a) 

éanlaithe géime beaga: 0,005 EUR/ainmhí

(b) 

géim bheag talún: 0,01 EUR/ainmhí

(c) 

raitítigh: 0,5 EUR/ainmhí

(d) 

mamaigh talún:

(i) 

torc: 1,5 EUR/ainmhí,

(ii) 

athchogantaigh: 0,5 EUR/ainmhí,

IV.   TÁILLÍ NÓ MUIRIR AR NA RIALUITHE OIFIGIÚLA MAIDIR LE TÁIRGEADH BAINNE

(a) 

EUR 1 in aghaidh 30 tona

agus

(b) 

EUR 0,5 /tona, ina dhiaidh sin.

V.   TÁILLÍ NÓ MUIRIR AR NA RIALUITHE OIFIGIÚLA MAIDIR LE TÁIRGÍ IASCAIGH AGUS TÁIRGÍ DOBHARSHAOTHRAITHE A THÁIRGEADH AGUS A CHUR AR AN MARGADH

(a) 

Táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur ar an margadh den chéad uair:

(i) 

EUR 1 in aghaidh an tona i gcás an chéad 50 tona sa mhí;

(ii) 

0,5 EUR/tona ina dhiaidh sin.

(b) 

An chéad díol ar mhargadh éisc

(i) 

EUR 0,5 in aghaidh an tona i gcás an chéad 50 tona sa mhí;

(ii) 

0,25 EUR/tona ina dhiaidh sin;

(c) 

An chéad díol nó i gcás easpa grádaithe nó grádaithe neamhleor maidir le húire agus/nó méid:

(i) 

EUR 1 in aghaidh an tona i gcás an chéad 50 tona sa mhí;

(ii) 

0,5 EUR/tona ina dhiaidh sin.




IARSCRÍBHINN V

TÁBLAÍ COMHGHAOIL Dá dtagraítear IN AIRTEAGAL 146(2)

1.   Rialachán (CE) Uimh. 882/2004



Rialachán (CE) Uimh. 882/2004

An Rialachán seo

Airteagal 1(1), an chéad fhomhír

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1), an dara fomhír

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 10

Airteagal 3(4)

Airteagal 9(6)

Airteagal 3(5)

Airteagal 9(6)

Airteagal 3(6)

Airteagal 9(7)

Airteagal 3(7)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(1)(a), (c), (d), (e), (f), (g) agus (i)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(4)

Airteagal 5(1)(b)

Airteagal 4(5)

Airteagal 5(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 6(1)

Airteagal 4(7)

Airteagal 5(1), an chéad fhomhír

Airteagal 28(1)

Airteagal 5(1), an dara fomhír

Airteagal 5(1), an tríú fomhír

Airteagal 31(3)

Airteagal 5(2)(a), (b), (c) agus (f)

Airteagal 29

Airteagal 5(2)(d)

Airteagal 5(2)(e)

Airteagal 32

Airteagal 5(3)

Airteagal 33

Airteagal 5(4)

Airteagal 6

Airteagal 5(4)

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 7(1), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 7(1), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 7(2), an chéad abairt

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(2), an dara habairt

Airteagal 7(2), an tríú habairt

Airteagal 7(3)

Airteagal 8 (3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 5(1)(h)

Airteagal 8(3)(a)

Airteagal 12(2)

Airteagal 8(3)(b)

Airteagal 12(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 9(1)

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír

Airteagal 9(2)

Airteagal 13(1), an dara fomhír

Airteagal 9(3)

Airteagal 13(2)

Airteagal 10

Airteagal 14

Airteagal 11(1)

Airteagal 34(1) agus (2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 34(4)

Airteagal 11(4)

Airteagal 34(6)

Airteagal 11(5)

Airteagal 35(1)

Airteagal 11(6)

Airteagal 35(2)

Airteagal 11(7)

Airteagal 34(5)

Airteagal 12(1)

Airteagal 37(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 37(4)(e)

Airteagal 12(3)

Airteagal 37(5)(c)

Airteagal 12(4)

Airteagal 39(2)

Airteagal 13

Airteagal 115

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 45(3)

Airteagal 14(3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 44(1), an chéad abairt

Airteagal 15(2)

Airteagal 44(3) agus (5)

Airteagal 15(3)

Airteagal 44(3) agus (5)

Airteagal 15(4)

Airteagal 15(5)

Airteagal 47(1)(d) agus (2)(b) agus Airteagal 54(4), an chéad abairt

Airteagal 16(1)

Airteagal 45(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 44(2)

Airteagal 16(3), an chéad abairt

Airteagal 45(2)

Airteagal 16(3), an dara habairt

Airteagal 34(5)

Airteagal 17(1), an chéad fhleasc

Airteagal 59(1)

Airteagal 17(1), an dara fleasc

Airteagal 56(1), (3)(a) agus (4) agus Airteagal 58

Airteagal 17(2)

Airteagal 18

Airteagal 65(1), (2) agus (3)

Airteagal 19(1)

Airteagal 66(1) agus (3)

Airteagal 19(2)(a)

Airteagal 67

Airteagal 19(2)(b)

Airteagal 66(6)

Airteagal 19(3)

Airteagal 66(5)

Airteagal 19(4)

Airteagal 7

Airteagal 20

Airteagal 71

Airteagal 21(1)

Airteagal 72(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 69

Airteagal 21(3)

Airteagal 66(1)

Airteagal 21(4)

Airteagal 66(5)

Airteagal 22

Airteagal 66(7), 67, an abairt dheireanach, agus Airteagal 69(4)

Airteagal 23(1)

Airteagal 73(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 73(2) agus 74

Airteagal 23(3)

Airteagal 73(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 73(2)

Airteagal 23(5)

Airteagal 73(4)(a)

Airteagal 23(6)

Airteagal 73(2)(c) agus (4)(b)

Airteagal 23(7)

Airteagal 74

Airteagal 23(8)

Airteagal 74

Airteagal 24(1)

Airteagal 75(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 57

Airteagal 24(3)

Airteagal 46

Airteagal 24(4)

Airteagal 76

Airteagal 25(1)

Airteagal 25(2)(a)

Airteagal 25(2)(b)

Airteagal 77(1)(c)

Airteagal 25(2)(c)

Airteagal 77(1)(f)

Airteagal 25(2)(d)

Airteagal 48(c) agus (d) agus Airteagal 77(1)(e) agus (k)

Airteagal 25(2)(e)

Airteagal 25(2)(f)

Airteagal 70

Airteagal 25(2)(g)

Airteagal 77(1)(h)

Airteagal 25(2)(h)

Airteagal 46(2)(b)

Airteagal 26

Airteagal 78(1)

Airteagal 27(1)

Airteagal 80

Airteagal 27(2)

Airteagal 79

Airteagal 27(3)

Airteagal 27(4)

Airteagal 79(1)

Airteagal 27(5)

Airteagal 27(6)

Airteagal 27(7)

Airteagal 27(8)

Airteagal 84(2)

Airteagal 27(9)

Airteagal 83(2)

Airteagal 27(10)

Airteagal 27(11)

Airteagal 84(1)

Airteagal 27(12), an chéad abairt

Airteagal 85

Airteagal 27(12), an dara habairt

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30(1)(a)

Airteagal 87

Airteagal 30(1)(b)

Airteagal 90(a)

Airteagal 30(1) (c)

Airteagal 88(2)

Airteagal 30(1)(d)

Airteagal 90(b) agus (f)

Airteagal 30(1)(e)

Airteagal 90(c)

Airteagal 30(1)(f)

Airteagal 90(d)

Airteagal 30(1)(g)

Airteagal 90(e)

Airteagal 30(2)(a)

Airteagal 89(1)(f)

Airteagal 30(2)(b)

Airteagal 89(1)(d)

Airteagal 30(3)

Airteagal 31

Airteagal 32(1)(a)

Airteagal 94(2)(a)

Airteagal 32(1)(b)

Airteagal 94(2)(c)

Airteagal 32(1)(c)

Airteagal 94(2)(d)

Airteagal 32(1)(d)

Airteagal 94(2)(e)

Airteagal 32(1)(e)

Airteagal 94(2)(f)

Airteagal 32(1)(f)

Airteagal 94(2)(h)

Airteagal 32(2)(a)

Airteagal 94(2)(a), (c) agus (d)

Airteagal 32(2)(b)

Airteagal 94(2)(i)

Airteagal 32(2)(c)

Airteagal 94(2)(e)

Airteagal 32(2)(d)

Airteagal 94(2)(h)

Airteagal 32(2)(e)

Airteagal 94(2)(e)

Airteagal 32(3)

Airteagal 93(3)(a)

Airteagal 32(4)(a)

Airteagal 93(3)(c)

Airteagal 32(4)(b)

Airteagal 93(3)(d)

Airteagal 32(4)(c)

Airteagal 93(3)(d)

Airteagal 32(4)(d)

Airteagal 8

Airteagal 32(4)(e)

Airteagal 93(3)(e)

Airteagal 32(4)(f)

Airteagal 94(2)(k)(iii)

Airteagal 32(4)(g)

Airteagal 93(3)(e)

Airteagal 32(4)(h)

Airteagal 93(3)(f)

Airteagal 32(5)

Airteagal 99(1)

Airteagal 32(6)

Airteagal 99(2)

Airteagal 32(7)

Airteagal 32(8), an chéad abairt

Airteagal 99(3)

Airteagal 32(8), an dara habairt

Airteagal 99(4)

Airteagal 32(9)

Airteagal 33(1)

Airteagal 100(1)

Airteagal 33(2)

Airteagal 101(1)

Airteagal 33(3)

Airteagal 100(2)

Airteagal 33(4)

Airteagal 100(4)

Airteagal 33(5)

Airteagal 100(5)

Airteagal 33(6)

Airteagal 101(2)

Airteagal 33(7)

Airteagal 34(1)

Airteagal 102(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 102(1) agus (2)

Airteagal 34(3)

Airteagal 102(3)

Airteagal 35(1)

Airteagal 103(1)

Airteagal 35(2)

Airteagal 103(3)

Airteagal 35(3)

Airteagal 103(2)

Airteagal 35(4)

Airteagal 36(1)

Airteagal 104(1)(c)

Airteagal 36(2), an chéad abairt

Airteagal 36(2), an dara habairt

Airteagal 104(2)

Airteagal 36(3), an chéad fhomhír

Airteagal 104(3), an chéad abairt

Airteagal 36(3), an dara fomhír

Airteagal 36(3), an tríú fomhír, an chéad abairt

Airteagal 104(3)(c)

Airteagal 36(3), an tríú fomhír, an dara habairt

Airteagal 104(3)(b)

Airteagal 36(4)

Airteagal 104(3)(a)

Airteagal 37(1)

Airteagal 105(1)

Airteagal 37(2)

Airteagal 105(2)

Airteagal 38(1)

Airteagal 106(1)

Airteagal 38(2)

Airteagal 106(2)(c)

Airteagal 38(3)

Airteagal 106(3)

Airteagal 39(1)

Airteagal 107(1)

Airteagal 39(2)

Airteagal 107(2)

Airteagal 40(1)

Airteagal 108(1)

Airteagal 40(2)

Airteagal 40(3)

Airteagal 108(2)

Airteagal 40(4)

Airteagal 41

Airteagal 109(1)

Airteagal 42(1)(a)

Airteagal 42(1)(b)

Airteagal 111(2)

Airteagal 42(1)(c)

Airteagal 111(3)

Airteagal 42(2)

Airteagal 110(2)

Airteagal 42(3)

Airteagal 111(2)

Airteagal 43(1), an chéad abairt

Airteagal 43(1), an dara habairt

Airteagal 43(1)(a)

Airteagal 43(1)(b)

Airteagal 43(1)(c)

Airteagal 43(1)(d) go (j)

Airteagal 43(1)(k)

Airteagal 43(2)

Airteagal 44(1)

Airteagal 113(1)

Airteagal 44(2)

Airteagal 44(3)

Airteagal 113(1)

Airteagal 44(4), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 114(1)

Airteagal 44(4), an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 114(2)

Airteagal 44(5)

Airteagal 44(6)

Airteagal 114(1)

Airteagal 45(1)

Airteagal 116(1)(2) agus (4)

Airteagal 45(2)

Airteagal 116(3)

Airteagal 45(3)

Airteagal 117

Airteagal 45(4)

Airteagal 118

Airteagal 45(5)

Airteagal 119

Airteagal 45(6)

Airteagal 46(1), an chéad abairt

Airteagal 120(1)

Airteagal 46(1), an dara habairt

Airteagal 120(4)

Airteagal 46(1), an tríú habairt

Airteagal 120(2)

Airteagal 46(2)

Airteagal 120(3)

Airteagal 46(3)

Airteagal 121

Airteagal 46(4)

Airteagal 46(5)

Airteagal 46(6)

Airteagal 122

Airteagal 46(7)

Airteagal 123

Airteagal 47(1)

Airteagal 125(1)(a) go (e)

Airteagal 47(2)

Airteagal 125(2)

Airteagal 47(3)

Airteagal 125(1)(f) agus (g)

Airteagal 47(4)

Airteagal 47(5)

Airteagal 48(1)

Airteagal 126(1)

Airteagal 48(2)

Airteagal 126(2)

Airteagal 48(3)

Airteagal 127(1) agus (2)

Airteagal 48(4)

Airteagal 127(3)

Airteagal 48(5), an chéad abairt

Airteagal 127(3)(f)

Airteagal 48(5), an dara agus an tríú habairt

Airteagal 49

Airteagal 129

Airteagal 50

Airteagal 51(1)

Airteagal 130(1) agus (2)

Airteagal 51(2)

Airteagal 130(3)

Airteagal 51(3)

Airteagal 52

Airteagal 124

Airteagal 53

Airteagal 112

Airteagal 54(1)

Airteagal 138(1)

Airteagal 54(2)

Airteagal 138(2)

Airteagal 54(3)

Airteagal 138(3)

Airteagal 54(4)

Airteagal 105(1)

Airteagal 54(5)

Airteagal 138(4)

Airteagal 55(1)

Airteagal 139(1)

Airteagal 55(2)

Airteagal 139(1)

Airteagal 56(1)

Airteagal 141(1)

Airteagal 56(2)(a)

Airteagal 56(2)(b)

Airteagal 141(2)

Airteagail 57 go 61

Airteagal 62

Airteagal 145

Airteagal 63(1)

Airteagal 63(2)

Airteagal 25

Airteagal 64, an chéad fhomhír

Airteagal 142(1)

Airteagal 64, pointe (1)

Airteagal 142(1)

Airteagal 64, pointe (2)

Airteagal 142(2)

Airteagal 65

Airteagal 66

Airteagal 67

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Airteagal 81 agus 82(2)

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIII

2.   Treoir 96/23/CE



Treoir 96/23/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2(a)

Airteagal 19

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(c)

Airteagal 19

Airteagal 2(d)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(e)

Airteagal 19

Airteagal 2(f)

Airteagal 37(1)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(h)

Airteagal 19

Airteagal 2(i)

Airteagal 3

Airteagal 9(1) agus (2), Airteagal 19, Airteagal 109(1) agus Airteagal 112

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)(a), Airteagal 109(2) agus Airteagal 113

Airteagal 4(3)

Airteagal 5

Airteagal 111(2) agus (3), Airteagal 113(1)(a) agus Airteagal 110(2)

Airteagal 6

Airteagal 19(2)(a) agus (b)

Airteagal 7

Airteagal 110(2)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3), (4) agus (5)

Airteagail 11, 113 agus 114

Airteagal 9(A)

Airteagal 9(B)

Airteagal 10

Airteagal 15

Airteagal 11(1) agus (2)

Airteagail 9 agus 10

Airteagal 11(3)

Airteagal 19(2)(c) agus Airteagail 137 agus 138

Airteagal 12, an chéad mír

Airteagal 9(4)

Airteagal 12, an dara mír

Airteagal 15

Airteagal 13

Airteagal 19(2)(c) agus Airteagail 137 agus 138

Airteagal 14(1)

Airteagail 100 agus 101

Airteagal 14(2)

Airteagal 93

Airteagal 15(1), an chéad fhomhír

Airteagal 19(2)(a) agus (b)

Airteagal 15(1), an dara fomhír

Airteagal 34(6)

Airteagal 15(1), an tríú fomhír

Airteagal 15(2), an chéad fhomhír

Airteagal 34(6)

Airteagal 15(2), an dara fomhír

Airteagal 35(3)

Airteagal 15(3) an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 19(2)(c) agus Airteagal 138

Airteagal 15(3), an ceathrú fomhír

Airteagail 65 go 72

Airteagal 16(1)

Airteagail 105(1) agus 108(1) agus Airteagal 138

Airteagal 16(2) agus (3)

Airteagal 19(2)(c) agus Airteagal 138

Airteagal 17

Airteagal 19(2)(c) agus Airteagal 138

Airteagal 18

Airteagal 19(2)(c) agus Airteagal 138

Airteagal 19

Airteagal 138(4)

Airteagal 20(1)

Airteagail 102 go 108

Airteagal 20(2), an chéad fomhír

Airteagal 106(1) agus (2)

Airteagal 20(2), an dara fomhír

Airteagal 106(3)

Airteagal 20(2), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 108(1)

Airteagal 20(2), an cúigiú fomhír agus an séú fomhír

Airteagal 108(2)

Airteagal 21

Airteagail 116, 117 agus 119

Airteagal 22

Airteagal 137

Airteagal 23

Airteagal 19(2)(c) agus Airteagal 138

Airteagal 24(1) agus (2)

Airteagail 18(2)(d) agus 19(2)(c) agus Airteagail 137 agus 138

Airteagal 24(3)

Airteagail 18(2)(d) agus 19(2)(c) agus Airteagal 138

Airteagal 25

Airteagal 19(2)(c) agus Airteagal 138(2)

Airteagal 26

Airteagal 7

Airteagal 27

Airteagal 139

Airteagal 28

Airteagal 139

Airteagal 29(1) agus (2)

Airteagail 125, 126, 127 agus 129

Airteagal 29(3)

Airteagail 47 go 64

Airteagal 29(4)

Airteagal 113(1)

Airteagal 30(1) agus (2)

Airteagail 65 go 72

Airteagal 30(3)

Airteagal 129(3)

Airteagal 31

Airteagail 78 go 85

Airteagal 33

Airteagal 145

Airteagal 34

Airteagal 19(2)(a) agus (b)

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 38

Airteagal 39

Iarscríbhinn I

Airteagal 19(2)(a) agus (b)

Iarscríbhinn II

Airteagal 19(2)(a) agus (b)

Iarscríbhinn III

Airteagal 19(2)(a) agus (b)

Iarscríbhinn IV

Airteagal 19(2)(a) agus (b)

3.   Treoir 89/662/CEE agus Treoir 90/425/CEE



Treoir 89/662/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2(1), (2) agus (3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(5)

Airteagal 3(32)

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 3(1), an tríú fomhír

Airteagal 9(1)

Airteagal 3(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 137(2) agus (3) agus Airteagal 138

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(1), an chéad abairt

Airteagal 9(1), Airteagail 10, 137 agus 138

Airteagal 4(1), an chéad fhleasc

Airteagal 9(6)(a)

Airteagal 4(1), an dara fleasc

Airteagal 4(2)

Airteagal 139

Airteagal 5(1)(a), an chéad fhomhír

Airteagal 9

Airteagal 5(1)(a), an dara fomhír

Airteagal 137(2) agus (3)

Airteagal 5(1)(b)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)(a), (b) agus (d)

Airteagal 5(3)(c)

Airteagal 9(7)

Airteagal 5(4) agus (5)

Airteagal 6(1)

Airteagal 49

Airteagal 6(2)

Airteagal 7(1)

Airteagail 102 go 108 agus Airteagal 138

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(1)

Airteagail 102 go 108

Airteagal 8(2)

Airteagal 7 agus Airteagal 138(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 138(4)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 4(1)

Airteagal 11

Airteagail 10, 14 agus 15

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16(1)

Airteagal 113(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 113(2)

Airteagal 17

Airteagal 145

Airteagal 18

Airteagal 145

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 22

Airteagal 23

Iarscríbhinn A

Iarscríbhinn B



Treoir90/425/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2(1) go (5)

Airteagal 2(6)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(7)

Airteagal 3(32)

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 9, Airteagal 137(2) agus (3) agus Airteagal 138

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1)

Airteagal 9

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 139

Airteagal 5(1)(a), an chéad fomhír

Airteagal 9

Airteagal 5(1)(a), an dara fomhír

Airteagal 137(2) agus (3)

Airteagal 5(1)b(i), an chéad fomhír

Airteagal 5(1)(b)(i), an dara fomhír

Airteagal 9

Airteagal 5(1)(b)(ii), (iii) agus (iv)

Airteagal 5(2)(a), an chéad fomhír

Airteagal 9(7)

Airteagal 5(2)(a), an dara fomhír agus tríú fomhír

Airteagal 5(2)b

Airteagal 5(3)

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 49

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(1)

Airteagail 102 go 108 agus Airteagal 138

Airteagal 8(2)

Airteagal 9(1)

Airteagail 102 go 108

Airteagal 9(2)

Airteagail 7 agus 138(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 138(4)

Airteagal 9(4)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 4(1)

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagail 10, 14 agus 15

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 145

Airteagal 18

Airteagal 145

Airteagal 19

Airteagal 145

Airteagal 20

Airteagail 131, 132, 133 agus 134

Airteagal 21

Airteagal 22(1)

Airteagal 113(1)

Airteagal 22(2)

Airteagal 22(3)

Airteagal 113(2)

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 26

Airteagal 27

Iarscríbhinn A

Iarscríbhinn B

Iarscríbhinn C

4.   Treoir 97/78/EC agus Treoir 91/496/CEE



Treoir 97/78/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 2(2)(a)

Airteagal 3(19)

Airteagal 2(2)(b)

Airteagal 3(41)

Airteagal 2(2)(c)

Airteagal 3(42)

Airteagal 2(2)(d)

Airteagal 3(43)

Airteagal 2(2)(e)

Airteagal 2(2)(f)

Airteagal 3(37)

Airteagal 2(2)(g)

Airteagal 3(38)

Airteagal 2(2)(h)

Airteagal 2(2)(i)

Airteagal 2(2)(j)

Airteagal 2(2(k)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 47(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 15 agus Airteagal 56(1) agus (3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 57

Airteagal 3(5)

Airteagal 47(2) agus (3) agus Airteagal 58

Airteagal 4(1)

Airteagal 49(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3) agus (4)

Airteagal 49(1), (2) agus (3) agus Airteagal 52

Airteagal 4(5)

Airteagal 52

Airteagal 5(1)

Airteagal 56(3)(b) agus (4)

Airteagal 5(2)

Airteagal 50(4)

Airteagal 5(3)

Airteagal 50(2) agus (3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 58

Airteagal 6(1)(a), an chéad mhír

Airteagal 64(1)

Airteagal 6(1)(a), an dara mír

Airteagal 64(2)

Airteagal 6(1)(b)

Airteagal 6(2)

Airteagail 59 agus 62

Airteagal 6(3)

Airteagal 63

Airteagal 6(4)

Airteagal 60(1) agus Airteagal 63(3)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(6)

Airteagail 60(2), 62(3), 63(5) agus Airteagal 64(2) agus (4)

Airteagal 7(1)

Airteagal 50(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 49(1), (2) agus (3) agus Airteagal 52

Airteagal 7(3)

Airteagal 57

Airteagal 7(4)

Airteagal 50(2), Airteagal 55 agus Airteagal 56(4)

Airteagal 7(5)

Airteagal 7(6)

Airteagail 52 agus 58

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 77(1)(b)

Airteagal 8(3),(4), (5), (6), (7)

Airteagal 77(2)

Airteagal 9

Airteagal 51(1)(b) agus (c)

Airteagal 10(1), (2), (4)

Airteagal 54(2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 11

Airteagal 51(1)(d)

Airteagal 12

Airteagail 48(h) agus 77(1)(k)

Airteagal 13

Airteagal 77(1)(c)

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 77(1)(h)

Airteagal 16(1)(a)

Airteagal 48(d)

Airteagal 16(1)(b)

Airteagal 48(e)

Airteagal 16(1)(c)

Airteagal 48(c)

Airteagal 16(1)(d)

Airteagal 48(g)

Airteagal 16(1)(e)

Airteagal 48(a)

Airteagal 16(1)(f)

Airteagal 48(b)

Airteagal 16(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 16(4)

Airteagal 77(1)(c) agus (f)

Airteagal 17(1)

Airteagal 66(3)

Airteagal 17(2)

Airteagal 66(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(2)(a)

Airteagal 66(3)(b) agus Airteagail 69 agus 72

Airteagal 17(2)(a), an chéad fhleasc

Airteagal 17(2)(a), an dara fleasc

Airteagal 68(1)(a)

Airteagal 17(2)(b)

Airteagal 69

Airteagal 17(3)

Airteagal 65(4), (5) agus (6)

Airteagal 17(4)

Airteagal 17(5)

Airteagail 66(7) agus 69(4)

Airteagal 17(6)

Airteagal 17(7)

Airteagal 65(6), Airteagal 70 agus Airteagal 71(3)

Airteagal 18

Airteagal 64(2)

Airteagal 19(1)

Airteagal 77(1)(g)

Airteagal 19(2)

Airteagal 77(1)(a)

Airteagal 19(3)

Airteagal 64(3)(a) agus (4)

Airteagal 20(1)

Airteagal 65

Airteagal 20(2)

Airteagal 22(1)

Airteagal 22(2)

Airteagal 67

Airteagal 22(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 22(5)

Airteagal 22(6)

Airteagal 22(7)

Airteagal 24

Airteagal 65(4), (5) agus (6)

Airteagal 24(3)

Airteagail 73 agus 129

Airteagal 25(1)

Airteagail 102-108

Airteagal 25(2)

Airteagal 7

Airteagal 25(3)

Airteagal 26

Airteagal 130(5) agus (6)

Airteagal 27

Airteagal 5(4) agus Airteagal 130(1) agus (6)

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 36

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Airteagal 64

Iarscríbhinn III

Airteagal 52



Treoir 91/496/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)(a)

Airteagal 3(41)

Airteagal 2(2)(b)

Airteagal 3(42)

Airteagal 2(2) (c)

Airteagal 3(43)

Airteagal 2(2)(d)

Airteagal 2(2)(e)

Airteagal 3(37)

Airteagal 2(2)(f)

Airteagal 3(38)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 56(1) agus (3)(a) agus Airteagal 58(b)

Airteagal 3(1)(b)

Airteagail 47(1) agus 66(2)

Airteagal 3(1)(c)(i)

Airteagal 56(3)(b) agus (5) agus Airteagal 57

Airteagal 3(1)(c)(ii)

Airteagal 79(1)

Airteagal 3(1)(d)

Airteagal 57

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(1)

Airteagal 49(1) agus Airteagal 52

Airteagal 4(2)

Airteagail 49(1), (2) agus (3) agus Airteagal 52

Airteagal 4(3)

Airteagal 51(1)(c)

Airteagal 4(4)

Airteagal 79(1)

Airteagal 4(5)

Airteagail 5(4) agus 51(1)(c) agus Airteagal 52

Airteagal 5

Airteagal 55, Airteagal 56(3)(b) agus (5), Airteagal 57, Airteagal 58(a) agus Airteagal 66(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 64(1) agus (2)

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 64(1)

Airteagal 6(2)(c)

Airteagal 59

Airteagal 6(2)(d)

Airteagal 64(3)(a) agus (4)

Airteagal 6(3)

Airteagal 60

Airteagal 6(3)(a)

Airteagal 60(1)(c)

Airteagal 6(3)(b)

Airteagal 60(1)(c)

Airteagal 6(3)(c)

Airteagail 59(2) agus 64(3)

Airteagal 6(3)(d)

Airteagal 6(3)(e)

Airteagail 59(2) agus 64(3)

Airteagal 6(3)(f)

Airteagail 59(2) agus 64(3)

Airteagal 6(3)(g)

Airteagal 6(4)

Airteagal 59 agus Airteagal 60(1)

Airteagal 6(5)

Airteagal 60(2)

Airteagal 7(1), an chéad fhleasc

Airteagal 50(2)

Airteagal 7(1), an dara fleasc

Airteagal 56(3)(b) agus (5) agus Airteagal 58

Airteagal 7(1), an tríú fleasc

Airteagal 50(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 58

Airteagal 7(3)

Airteagal 8

Airteagal 53(1)(b)

Airteagal 9

Airteagal 51(1)(d)

Airteagal 10

Airteagal 66(2)

Airteagal 11(1)

Airteagal 65

Airteagal 11(2)

Airteagal 12 (1)

Airteagail 66, 68 agus 69

Airteagal 12(2)

Airteagal 66(3) agus Airteagal 9

Airteagal 12(3)

Airteagail 70 agus Airteagail 71(3) agus 72(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 12(5)

Airteagal 13

Airteagal 64(2)

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 79(1)

Airteagal 16

Airteagal 54

Airteagal 17

Airteagal 7

Airteagal 17a

Airteagal 18(1)

Airteagal 18(2)

Airteagal 67

Airteagal 18(3)

Airteagal 18(4)

Airteagal 18(5)

Airteagal 18(6)

Airteagal 18(7)

Airteagal 18(8)

Airteagal 19

Airteagail 116 agus 117

Airteagal 20

Airteagail 102 go 108

Airteagal 21

Airteagal 130(5) agus (6)

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Iarscríbhinn A

Airteagal 64

Iarscríbhinn B

Airteagal 66(2)

5.   Treoir 96/93/CE



Treoir 96/93/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2(1), an chéad fomhír

Airteagal 2(1), an dara fomhír

Airteagal 3(26)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3

Airteagal 3(1)

Airteagal 88(2)(b)

Airteagal 3(2)

Airteagal 88(3)(a) agus (b)

Airteagal 3(3)

Airteagal 89(1)(b)

Airteagal 3(4)

Airteagal 88(3)(b)

Airteagal 3(5)

Airteagal 90

Airteagal 4(1)

Airteagail 88(2)(a) agus 89(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 89(1)(c)

Airteagal 4(3)

Airteagal 89(1)(e)

Airteagal 5

Airteagal 89(2)

Airteagal 6

Airteagal 129

Airteagal 7

Airteagal 145

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

6.   Treoir89/608/CEE



Treoir89/608/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagail 102 go 108

Airteagal 4

Airteagail 102 go 108

Airteagal 5

Airteagail 102 go 108

Airteagal 6

Airteagail 102 go 108

Airteagal 7

Airteagail 102 go 108

Airteagal 8

Airteagail 102 go 108

Airteagal 9

Airteagail 102 go 108

Airteagal 10

Airteagal 8 agus Airteagail 102 go 108

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagail 102 go 108

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 8 agus Airteagail 102 go 108

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

7.   Cinneadh 92/438/CEE



Cinneadh 92/438/CEE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagail 131 go 136

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagail 131 go 136

Airteagal 4

Airteagail 131 go 136

Airteagal 5

Airteagail 131 go 136

Airteagal 6

Airteagal 64(3)(f)

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Airteagail 131 go 136

Iarscríbhinn II

Airteagail 131 go 136

Iarscríbhinn III

Airteagail 131 go 136

8.   Rialachán (CE) Uimh 854/2004



Rialachán (CE) Uimh 854/2004

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(1a)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(1)(c)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(1)(f)

Airteagal 3 (32)

Airteagal 2(1)(g)

Airteagal 2(1)(h)

Airteagal 3(49)

Airteagal 2(1)(i)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3

Airteagal 148

Airteagal 4(1)

Airteagal 15(1) agus (2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 18(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 18

Airteagal 4(4)

Airteagal 18(2)(d) agus (8)(a)

Airteagal 4(5)

Airteagal 18(2)(d) agus (8)(a)

Airteagal 4(6)

Airteagal 4(7)

Airteagal 17(a) agus (b) agus Airteagal 18(2)(d) agus (5)

Airteagal 4(8)

Airteagal 9(1) agus Airteagal 18(8)(a)

Airteagal 4(9)

Airteagal 9(1) agus Airteagal 18(8)(a)

Airteagal 5(1)

Airteagal 17, Airteagal 18(1) agus (2), Airteagal 18(7)(a) agus (b) agus Airteagal 18(8)(a) agus (d)

Airteagal 5(2)

Airteagal 17(a) agus (b), Airteagal 18(4), (5) agus (8)(e)

Airteagal 5(3)

Airteagal 18(8)(c) agus Airteagal 138

Airteagal 5(4)

Airteagal 17(a) agus (b) agus Airteagal 18(5), Airtegail (7)(a), (b), (e) agus (j) agus Airtegal (8)(a) agus (d)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(1)(e), (g) agus (h)

Airteagal 5(6)

Airteagal 18(3), (4) agus (7)(k)

Airteagal 5(7)

Airteagal 18(7)(j)

Airteagal 6

Airteagal 18(6), (7)(g) agus (8)(b)

Airteagal 7

Airteagal 18(8)(a)

Airteagal 8

Airteagal 18(8)(a)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagail 126 agus 127

Airteagal 12

Airteagal 126

Airteagal 13

Airteagal 126 agus 127

Airteagal 14

Airteagal 126

Airteagal 15(1)

Airteagal 18(1) agus (8)(a)

Airteagal 15(2)

Airteagal 126

Airteagal 15(3)

Airteagal 18(8)(a)

Airteagal 15(4)

Airteagal 18(8)(a)

Airteagal 16(1)

Airteagal 18(7)

Airteagal 16(2)

Airteagal 18(8)

Airteagal 17(1)

Airteagal 18(7) agus (8)

Airteagal 17(2)

Airteagal 18(7)

Airteagal 17(3) go (7), ach amháin i gcásanna dá dtagraítear in (4)(a)(iii)

Airteagal 17(3) go (8) applicable go cases referred go in (4)(a)(iii)

Airteagal 18(9)

Airteagal 18

Airteagal 18(7) agus (8)

Airteagal 19

Airteagal 145

Airteagal 20

Airteagal 21(1)

Airteagal 114

Airteagal 22

Airteagal 167

Iarscríbhinn I

Airteagal 17, Airteagal 18(1), (2), (3), (4), (7)(a), (b), (c), (d), (f), (k) agus (j); (8)(a), (c), (d) agus (e)

Iarscríbhinn II

Airteagal 18(1), (6), (7)(g), (8)(a) agus (b)

Iarscríbhinn III

Airteagal 18(1) agus (8)(a)

Iarscríbhinn IV

Airteagal 18(1) agus (8)(a) agus (f)

Iarscríbhinn V

Airteagal 126

Iarscríbhinn VI

Airteagal 126



( 1 ) Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).

( 2 ) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

( 6 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (CE) Uimh 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas bia-ábhair (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

( 8 ) Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos na ceanglais i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1)

( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).

( 10 ) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

( 11 ) Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60).

( 12 ) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

( 13 ) Rialachán (CE) Uimh. 2075/2005 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla le haghaidh Trichinella i bhfeoil (IO L 338, 22.12.2005, lch. 60).

( 14 ) Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003(IO L 178, 28.6.2013, p. 1).

( 15 ) Rialachán (AE) Uimh. 284/2011 ón gCoimisiún an 22 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha speisialta agus nósanna imeachta mionsonraithe chun earraí cistine plaisteacha polaimíde agus mealaimín ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne nó Sainréigiún Riaracháin Hong Cong iad nó a chuirtear chun bealaigh iad ón tSín nó ó Hong Cong, a allmhairiú (IO L 77, 23.3.2011, lch. 25).

( 16 ) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

( 17 ) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

( *1 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 999/2001, (CE) Uimh 396/2005, (CE) Uimh 1069/2009, (CE) Uimh 1107/2009, (AE) Uimh 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh 1/2005 agus (CE) Uimh 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 854/2004 agus (CE) Uimh 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ ).”;

( *2 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 999/2001, (CE) Uimh 396/2005, (CE) Uimh 1069/2009, (CE) Uimh 1107/2009, (AE) Uimh 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh 1/2005 agus (CE) Uimh 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 854/2004 agus (CE) Uimh 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ )”;

( *3 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ )”.;

( *4 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016//2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ )”;

( *5 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ )”;

( *6 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh 999/2001, (CE) Uimh 396/2005, (CE) Uimh 1069/2009, (CE) Uimh 1107/2009, (AE) Uimh 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh 1/2005 agus (CE) Uimh 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 854/2004 agus (CE) Uimh 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ )”;

( *7 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ ).”;

( *8 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ )”;

( *9 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ );

( *10 ) Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (‘An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe’) (IO L 171, 29.6.2016)”,:

( *11 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ ).”;

( *12 ) Rialachán ►C1  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ó gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C1  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ ).”;

Top