Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Úsáid málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma in AE a laghdú

Úsáid málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma in AE a laghdú

Níl aon bhearta sonracha maidir le málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma i reachtaíocht reatha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le dramhaíl phacáistithe. Is féidir leis na málaí siopadóireachta sin dochar a dhéanamh don chomhshaol agus ní mór a n-úsáid a laghdú.

GNÍOMH

Treoir (AE) Uimh. 2015/720 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le húsáid málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a laghdú

ACHOIMRE

Níl aon bhearta sonracha maidir le málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma i reachtaíocht reatha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le dramhaíl phacáistithe. Is féidir leis na málaí siopadóireachta sin dochar a dhéanamh don chomhshaol agus ní mór a n-úsáid a laghdú.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le pacáistiú agus le dramhaíl phacáistithe leis an treoir seo. Leagtar bealaí agus spriocanna amach sa treoir freisin maidir le húsáid málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma a laghdú, lena n-áirítear muirir a ghearradh ina leith nó uas-spriocanna náisiúnta úsáide a leagadh amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do na tíortha AE bearta a ghlacadh chun úsáid málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma* a laghdú, e.g. spriocanna náisiúnta laghdaithe, srianta maidir lena n-úsáid nó bearta airgeadais amhail muirir a ghearradh orthu.

Ní mór ceann amháin nó níos mó de na rudaí seo a leanas a bheith curtha san áireamh sna bearta sin:

  • 1.
    an t-uasleibhéal bliantúil úsáide seo a leanas a bheith shainmhínithe iontu:
    • 90 mála siopadóireachta plaisteach éadrom in aghaidh an duine faoi dheireadh na bliana 2019 (laghdú 50 % i gcomparáid le leibhéal na bliana 2010); agus
    • 40 mála siopadóireachta plaisteach éadrom in aghaidh an duine faoi dheireadh na bliana 2025 (laghdú 80 % i gcomparáid le leibhéal na bliana 2010).
  • 2.

    a chinntiú go mbeidh muirear le híoc as málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma ag pointe díolacháin na n-earraí nó na dtáirgí faoi dheireadh na bliana 2018.

Féadfar málaí siopadóireachta plaisteacha an-éadroma* a eisiamh ón dá bheart thuas.

Ón 27 Bealtaine 2018 ar aghaidh, caithfidh na tíortha AE tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le húsáid bhliantúil málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma.

Leagfar amach ag an gCoimisiún faoi mhí Bealtaine 2017 mionsonraí lipéad nó comharthaí aitheantais le haghaidh málaí siopadóireachta plaisteacha in-bhithmhillte agus in-mhúirínithe. Ba cheart do na málaí sin a bheith in úsáid 18 mí ar a dhéanaí tar éis glacadh leo.

Spreagfaidh rialtais AE agus an Coimisiún feachtais phoiblí faisnéise agus feasachta, go háirithe sa bhliain ón 27 Samhain 2016 ar aghaidh.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Mála siopadóireachta plaisteach éadrom: tiús balla níos lú ná 50 miocrón.

* Mála siopadóireachta plaisteach an-éadrom: tiús balla níos lú ná 15 mhiocrón, a úsáidtear chun críocha sláinteachais nó mar phríomhphacáistiú do bhia scaoilte sa chás go gcabhraíonn sé sin le dramhaíl a chosc.

CÚLRA

Cuireann málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma go mór le leibhéil bhruscair, déanann siad dochar don chomhshaol agus baineann siad úsáid neamhéifeachtach as acmhainní. D’éirigh le tíortha áirithe AE úsáid málaí siopadóireachta plaisteacha a laghdú go mór: úsáidtear an cúigiú cuid den mheánleibhéal AE sna seacht dtír AE is fearr.

Féach “Pacáistiú agus dramhaíl phacáistithe”ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir (AE) 2015/720

26.5.2015

27.11.2016

IO L 115, 6.5.2015, lgh. 11-15

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus le dramhaíl phacáistithe (IO L 365, 31.12.1994, lgh. 10-23). Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 24.09.2015

Top