MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Faoi Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2015/849, ní mór dlínsí tríú tír a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac/maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT) ar bagairt mhór iad ar chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh (‘tríú tíortha ardriosca’) a shainaithint chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chosaint. Le hAirteagal 9(2) cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na tríú tíortha ardriosca sin a shainaithint, agus easnaimh straitéiseacha á gcur san áireamh, agus leagtar síos na critéir ar a mbunófar measúnú an Choimisiúin. Ní mór na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh laistigh de mhí amháin tar éis na heasnaimh straitéiseacha a shainaithint. Le hAirteagal 18a de Threoir (AE) 2015/849 cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm nuair a bhunóidh siad caidreamh gnó nó nuair a dhéanfaidh siad idirbhearta a bhaineann le tríú tíortha ardriosca arna sainaithint ag an gCoimisiún.
An 14 Iúil 2016, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lenar sainaithníodh roinnt tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais AML/CFT ar bagairt mhór iad ar chóras airgeadais an Aontais. Leasaíodh an Rialachán Tarmligthe sin ina dhiaidh sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/105, Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/212, Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1467, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/855, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/37, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/9649.
D’fhoilsigh an Coimisiún modheolaíocht athbhreithnithe chun tríú tíortha ardriosca a shainaithint an 7 Bealtaine 2020. Is éard atá i gceist leis na príomheilimintí nua idirghníomhú méadaithe le próiseas liostaithe an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), rannpháirtíocht neartaithe le tríú tíortha, agus comhairliúchán treisithe leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa.
Rinne FATF a liosta de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ a thabhairt cothrom le dáta ó rinneadh na leasuithe deireanacha ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675. Ag an gcruinniú iomlánach a bhí aige i mí Feabhra 2023, chuir FATF an Nigéir agus an Afraic Theas lena liosta agus bhain sé an Chambóid agus Maracó dá liosta.
Is gá leanúint den Rialachán Tarmligthe a thabhairt cothrom le dáta chun faisnéis ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó lucht leagtha síos caighdeán i réimse AML/CFT, amhail ráitis phoiblí FATF, meastóireacht fhrithpháirteach nó tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe, agus tuarascálacha leantacha foilsithe a chur san áireamh. Éilíonn cineál athraitheach bhagairtí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta, a éascaítear le forbairt leanúnach na teicneolaíochta agus na modhanna atá ar fáil ag na coirpigh, oiriúnú tapa leanúnach ar an gcreat dlíthiúil maidir le tríú tíortha ardriosca chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar na rioscaí atá ann cheana agus cosc a chur ar rioscaí nua. I bhfianaise a mhéid atá córais airgeadais comhtháite, bheadh an margadh inmheánach neamhchosanta ar rioscaí tromchúiseacha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta mura gcuirfeadh an tAontas dlínsí arna sainaithint ag FATF le liosta an Aontais.
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a leasú trí thríú tíortha a chur leis, ar tíortha iad a sainaithníodh mar thíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu, agus trí na tíortha sin nach bhfuil easnaimh straitéiseacha acu a thuilleadh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849 a bhaint den liosta.
A. Tíortha a chur leis an liosta i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675
Chuir an Coimisiún san áireamh faisnéis ábhartha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó lucht leagtha síos caighdeán i réimse AML/CFT i gcomhréir le Airteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849. San fhaisnéis sin áirítear ráitis phoiblí le déanaí ó FATF, liosta FATF de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’, tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta, agus tuarascálacha meastóireachta frithpháirtí a rinne FATF agus comhlachtaí réigiúnacha de chineál FATF i ndáil le heasnaimh straitéiseacha de chuid tríú tíortha aonair
Go háirithe, measann an Coimisiún go bhfuil easnaimh straitéiseacha ag an Nigéir agus an Afraic Theas ina gcórais AML/CFT faoi seach. Chuir an Coimisiún san áireamh freisin gur sainaithníodh na tíortha sin i liosta FATF de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ i mí Feabhra 2023.
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an Nigéir agus an Afraic Theas na critéir a leagtar síos in Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849. Dá bhrí sin, ba cheart na tíortha sin a chur leis an liosta i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 de thíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais AML/CFT agus atá ina mbagairtí móra ar chóras airgeadais an Aontais.
Tá gealltanais pholaitiúla ardleibhéil i scríbhinn déanta ag an Nigéir agus an Afraic Theas chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus tá pleananna gníomhaíochta forbartha acu le FATF chun na críche sin. Is díol sásaimh don Choimisiún na gealltanais sin agus iarrann sé ar na dlínsí sin cur chun feidhme a bpleananna gníomhaíochta ar leith a thabhairt chun críche go gasta agus laistigh de na tréimhsí ama a mholtar. Déanfaidh FATF dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta. Tar éis an leibhéal tiomantais a léiríodh i gcomhthéacs FATF a mheas, liostaítear na tríú tíortha ardriosca sin sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 (‘Tríú tíortha ardriosca a thug gealltanas polaitiúil ardleibhéil i scríbhinn chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus a bhfuil plean gníomhaíochta forbartha acu le FATF’).
Le hAirteagal 18 de Threoir (AE) 2015/849 ceanglaítear ar eintitis faoi oibleagáid i ngach Ballstát bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm chun rioscaí a bhainistiú agus a mhaolú go hiomchuí. Maidir le caidrimh ghnó nó idirbhearta a bhaineann le tríú tíortha ardriosca arna sainaithint de bhun Airteagal 9(2) den Treoir sin, leagtar amach in Airteagal 18a na bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí a gceanglóidh na Ballstáit ar eintitis faoi oibleagáid iad a chur i bhfeidhm sa chomhthéacs sin.
B. Tíortha a bhaint den liosta i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675
Is gá leanúint de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a thabhairt cothrom le dáta chun faisnéis ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó lucht leagtha síos caighdeán i réimse AML/CFT, amhail ráitis phoiblí le déanaí, tuarascálacha meastóireachta frithpháirtí nó tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe, agus tuarascálacha leantacha foilsithe ó FATF, a chur san áireamh. Ó rinneadh na leasuithe deireanacha ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, bhain FATF an Chambóid agus Maracó den liosta i mí Feabhra 2023, tar éis dóibh a bpleananna gníomhaíochta faoi seach a comhaontaíodh le FATF a chur chun feidhme.
Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le haghaidh a thabhairt ar easnaimh straitéiseacha na Cambóide agus Mharacó, ar bhonn cheanglais Threoir (AE) 2015/849.
Tar éis na mbeart a cuireadh chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na pleananna gníomhaíochta a comhaontaíodh le FATF, rinne an Chambóid agus Maracó na heasnaimh straitéiseacha ina gcórais AML/CFT faoi seach a leigheas agus mar sin ní bagairt mhór AML/CFT iad a thuilleadh don chóras airgeadais idirnáisiúnta. Agus a n‑ábharthacht faoin modheolaíocht athbhreithnithe á cur san áireamh, measann an Coimisiún nach bhfuil easnaimh straitéiseacha ag na dlínsí sin ina gcreataí AML/CFT faoi seach a thuilleadh agus nach bagairt mhór iad do chóras airgeadais an Aontais.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
An 14 Aibreán 2023, trí nós imeachta i scríbhinn, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Sainghrúpa um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac maidir leis an dréacht-rialachán tarmligthe.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Leis an Rialachán Tarmligthe seo leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675.
Tá éifeachtaí dlíthiúla le foilsiú an Rialacháin Tharmligthe seo faoi rialú ag an mbunghníomh, mar atá, Treoir (AE) 2015/849.
Mar thoradh díreach ar ghlacadh an Rialacháin Tharmligthe seo, tá sé de cheangal ar eintitis faoi oibleagáid i ngach Ballstát bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18a de Threoir (AE) 2015/849 maidir le caidrimh ghnó nó idirbhearta lena mbaineann tíortha atá san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe seo.
Thairis sin, le hAirteagal 155(2) den Rialachán Airgeadais cuirtear toirmeasc ar dhaoine agus ar eintitis a bhfuil cistí ón Aontas nó ráthaíochtaí buiséadacha á gcur chun feidhme acu oibríochtaí nua nó athnuaite a dhéanamh le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i dtíortha a áirítear sa Rialachán Tarmligthe seo faoi Threoir (AE) 2015/849, ach amháin i gcás ina gcuirtear beart chun feidhme go fisiciúil sna tíortha sin agus é faoi réir easpa fachtóirí riosca eile. Ní mór do chomhpháirtithe cur chun feidhme na ceanglais sin a thrasuí ina gconarthaí féin le hidirghabhálaithe airgeadais roghnaithe freisin.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 17.5.2023
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann leis an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an liosta sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis an gCambóid agus Maracó a bhaint den tábla sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ní mór don Aontas a áirithiú go ndéanfar cosaint éifeachtach ar shláine agus ar fheidhmiú cuí a chórais airgeadais agus an mhargaidh inmheánaigh ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, foráiltear le Treoir (AE) 2015/849 gur cheart don Choimisiún tríú tíortha ardriosca a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), ar bagairtí móra iad ar chóras airgeadais an Aontais.
(2)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún, sainaithnítear tríú tíortha ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu.
(3)I bhfianaise leibhéal ard an chomhtháthaithe sa chóras airgeadais idirnáisiúnta, an dlúthnaisc idir oibreoirí margaidh, an líon ard idirbheart trasteorann chuig an Aontas agus ón Aontas, mar aon le leibhéal oscailteachta an mhargaidh, is bagairt ar chóras airgeadais an Aontais í freisin aon bhagairt AML/CFT ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta.
(4)I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849, cuireann an Coimisiún an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil san áireamh, go háirithe na ráitis phoiblí le déanaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), liosta FATF de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha ar leith.
(5)Ó rinneadh na leasuithe deireanacha ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, rinne FATF a liosta de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ a thabhairt cothrom le dáta. Ag an gcruinniú iomlánach a bhí aige i mí Feabhra 2023, chuir FATF an Nigéir agus an Afraic Theas leis an liosta sin agus bhain sé an Chambóid agus Maracó den liosta sin. I bhfianaise na n‑athruithe sin, rinne an Coimisiún measúnú le haghaidh tríú tíortha ardriosca a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.
(6)I mí Feabhra 2023, rinne an Nigéir gealltanas polaitiúil ardleibhéil oibriú le FATF agus le Groupe Intergouvernemental d’Action contre le Blanchiment d’Argent en Afrique de l’Ouest (GIABA), arb é a comhlacht réigiúnach de chineál FATF é, chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú. Ó glacadh a tuarascáil meastóireachta frithpháirtí i mí Lúnasa 2021, tá dul chun cinn déanta ag an Nigéir maidir le cuid de na gníomhaíochtaí a moladh sa tuarascáil sin chun a córas a fheabhsú, lena n‑áirítear trína creat reachtach AML/CFT a fheabhsú agus trí nuashonrú a dhéanamh ar a measúnú ar na rioscaí bunúsacha atá ann ó thaobh sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta/maoiniú leata, agus tá sí tar éis a cur chun feidhme maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a neartú. Oibreoidh an Nigéir chun a plean gníomhaíochta FATF a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) a mheasúnú riosca iarmharaigh maidir le sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta a chur i gcrích agus a straitéis náisiúnta AML/CFT a thabhairt cothrom le dáta chun ailíniú a áirithiú le straitéisí náisiúnta eile atá ábhartha maidir le coireanna preideacáide ardriosca; (2) feabhas a chur ar chomhar idirnáisiúnta foirmiúil agus neamhfhoirmiúil i gcomhréir leis na rioscaí atá ann ó thaobh sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta; (3) feabhas a chur ar mhaoirseacht rioscabhunaithe AML/CFT ar institiúidí airgeadais agus ar ghnólachtaí agus gairmeacha neamhairgeadais ainmnithe, agus feabhas a chur ar chur chun feidhme beart coisctheach le haghaidh earnálacha ardriosca; (4) a áirithiú go mbíonn rochtain thráthúil ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis um úinéireacht thairbhiúil atá cruinn agus cothrom le dáta i ndáil le daoine dlítheanacha, agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar oibleagáidí maidir le húinéireacht thairbhiúil; (5) a léiriú go bhfuil méadú ar scaipeadh faisnéise airgeadais ag an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais agus go bhfuil méadú ar an úsáid a bhaineann údaráis forfheidhmithe dlí aisti; (6) a léiriú go bhfuil méadú leanúnach ar imscrúduithe agus ionchúisimh sciúrtha airgid i gcomhréir leis na rioscaí atá ann ó thaobh sciúradh airgid; (7) sáruithe ar oibleagáidí maidir le dearbhú airgeadra a bhrath go réamhghníomhach, agus smachtbhannaí iomchuí a chur i bhfeidhm agus sonraí cuimsitheacha a choinneáil maidir le sócmhainní calctha, urghafa, coigistithe agus diúscartha; (8) a léiriú go bhfuil méadú leanúnach ar imscrúduithe agus ionchúisimh maidir le cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí maoinithe sceimhlitheoireachta i gcomhréir le riosca, agus feabhas a chur ar chomhar idirghníomhaireachta maidir le himscrúduithe maoinithe sceimhlitheoireachta; agus (9) bearta for-rochtana rioscabhunaithe agus spriocdhírithe a dhéanamh i gcás eagraíochtaí neamhbhrabúsacha atá i mbaol de dheasca mí-úsáid maoinithe sceimhlitheoireachta agus faireachán rioscabhunaithe a chur chun feidhme i gcás an fhothacair d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha atá i mbaol de dheasca mí-úsáid maoinithe sceimhlitheoireachta ach é sin gan cur isteach ná díspreagadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí dlisteanacha de chuid eagraíochtaí neamhbhrabúsacha.
(7)I mí Feabhra 2023, rinne an Afraic Theas gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Grúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ESAAMLG), arb é a comhlacht réigiúnach de chineál FATF é, chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú. Ó glacadh a tuarascáil meastóireachta frithpháirtí i mí an Mheithimh 2021, tá dul chun cinn mór déanta ag an Afraic Theas maidir le go leor de na gníomhaíochtaí a moladh sa tuarascáil sin chun feabhas a chur ar a chóras, lena n‑áirítear trí bheartais náisiúnta AML/CFT a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí níos airde agus leasú nua a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh maoiniú sceimhlitheoireachta agus smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, i measc nithe eile. Oibreoidh an Afraic Theas chun a plean gníomhaíochta FATF a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) a léiriú go bhfuil méadú leanúnach ar iarrataí amach ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach lena gcuidítear chun éascaíocht a dhéanamh ar imscrúduithe maidir le sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta agus ar choigistithe de chineálacha éagsúla sócmhainní i gcomhréir lena próifíl riosca; (2) feabhas a chur ar an maoirseacht rioscabhunaithe ar ghnólachtaí agus gairmeacha neamhairgeadais ainmnithe, agus a léiriú go gcuireann na maoirseoirí AML/CFT uile smachtbhannaí comhréireacha agus éifeachtacha i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonta; (3) a áirithiú go mbíonn rochtain thráthúil ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis um úinéireacht thairbhiúil atá cruinn agus cothrom le dáta i ndáil le daoine dlítheanacha agus socruithe, agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar oibleagáidí maidir le húinéireacht thairbhiúil; (4) a léiriú go bhfuil méadú leanúnach ar iarrataí ó ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis airgeadais ón Lárionad um Fhaisnéis Airgeadais le haghaidh a chuid imscrúduithe maidir le sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta; (5) a léiriú go bhfuil méadú leanúnach ar imscrúduithe agus ionchúisimh maidir le sciúradh airgid tromchúiseach agus casta agus maidir leis an raon iomlán gníomhaíochtaí maoinithe sceimhlitheoireachta i gcomhréir lena próifíl riosca; (6) feabhas a chur ar shainaithint, urghabháil agus coigistiú fáltas agus ionstraimeachtaí a eascraíonn as raon níos leithne coireanna preideacáide, i gcomhréir lena próifíl riosca; (7) a mheasúnú riosca maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta a thabhairt cothrom le dáta chun bonn eolais a chur faoin gcur chun feidhme a dhéanfar ar straitéis chuimsitheach náisiúnta in aghaidh maoiniú sceimhlitheoireachta; agus (8) a áirithiú go gcuirfear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme go héifeachtach agus sásra éifeachtach a léiriú chun daoine aonair agus eintitis a chomhlíonann na critéir maidir le hainmniú intíre a shainaithint.
(8)Dá bhrí sin, is é conclúid mheasúnú an Choimisiúin gur cheart a mheas go bhfuil an Nigéir agus an Afraic Theas ina ndlínsí tríú tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcórais AML/CFT, ar easnaimh iad atá ina mbagairtí móra ar chóras airgeadais an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675.
(9)Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le haghaidh a thabhairt ar easnaimh straitéiseacha na Cambóide agus Mharacó. Is tíortha iad sin a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ach a baineadh de liosta FATF de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ i mí Feabhra 2023.
(10)Ba dhíol sásaimh do FATF an dul chun cinn mór a rinne an Chambóid agus Maracó maidir le feabhas a chur ar a gcórais AML/CFT agus thug FATF dá aire gur bhunaigh na tíortha sin creataí dlíthiúla agus rialála chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta faoi seach maidir leis na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag FATF a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, níl an Chambóid agus Maracó faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh faoina phróiseas leanúnach domhanda comhlíontachta AML/CFT agus leanfaidh siad de bheith ag obair lena gcomhlachtaí réigiúnacha de chineál FATF chun a gcórais AML/CFT a neartú a thuilleadh.
(11)Ó tharla gur neartaigh an Chambóid agus Maracó éifeachtacht a gcuid córas AML/CFT agus gur thug siad aghaidh ar easnaimh theicniúla chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta maidir leis na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag FATF a chomhlíonadh, mar thoradh ar mheasúnú an Choimisiúin ar an bhfaisnéis atá ar fáil tá sé den tuairim nach bhfuil easnaimh straitéiseacha ag an gCambóid agus Maracó a thuilleadh ina gcórais AML/CFT. Dá bhrí sin, is iomchuí an Chambóid agus Maracó a bhaint den tábla i bpointe I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675.
(12)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar an tábla i bpointe I san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a ionadú leis an tábla atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17.5.2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN