EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document L:2023:202:FULL

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, L 202, 14 Lúnasa 2023


Display all documents published in this Official Journal
 

ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 202

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
14 Lúnasa 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1629 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann leis na cainníochtaí is féidir a allmhairiú faoi chuótaí ráta taraife áirithe in earnáil an tsiúcra agus earnáil na héanlaithe clóis tar éis an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1630 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834 maidir le bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla le haghaidh earnálacha na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis san Iodáil

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1631 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2023 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a forchuireadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise, trí allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam faoi réir a gcláraithe.

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1632 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2023 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a forchuireadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise, trí allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam faoi réir a gcláraithe.

16

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1633 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva (TGFC) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5372)

22

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 202/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1629 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Lúnasa 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann leis na cainníochtaí is féidir a allmhairiú faoi chuótaí ráta taraife áirithe in earnáil an tsiúcra agus earnáil na héanlaithe clóis tar éis an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 187, pointí (a) go (e), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na gcuótaí ráta taraife ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus déantar foráil ann maidir le rialacha sonracha.

(2)

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, a tugadh i gcrích le Cinneadh (AE) 2023/1056 ón gComhairle (3), déanann sé cainníochtaí na dtáirgí atá le hallmhairiú faoi chuótaí ráta taraife áirithe a leasú, ar cuótaí ráta taraife iad a osclaíodh i bhfabhar na Brasaíle. Baineann na leasuithe le cuótaí ráta taraife in earnáil na héanlaithe clóis lena ngabhann na sraithuimhreacha seo a leanas: 09.4211, 09.4214, 09.4217, 09.4251, 09.4252, 09.4253, 09.4410 agus 09.4420 agus taraif-chuóta 09.4318 in earnáil an tsiúcra, agus le dhá tharaif-chuóta breise a chruthú in earnáil an tsiúcra.

(3)

Na leasuithe a rinneadh leis an gComhaontú sin, ba cheart iad a léiriú sna hIarscríbhinní lena mbaineann a ghabhann le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761: in Iarscríbhinn IV maidir le cuótaí ráta taraife in earnáil an tsiúcra agus in Iarscríbhinn XII maidir le cuótaí ráta taraife in earnáil na héanlaithe clóis.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú dá réir sin.

(5)

Na leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le tréimhsí cuótaí ráta taraife a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is gá a shoiléiriú go bhféadfadh oibreoirí cur isteach ar an difríocht idir na cainníochtaí nua agus na cainníochtaí a leithdháileadh cheana le linn na tréimhse cuótaí ráta taraife atá ar siúl faoi láthair ón gcéad tréimhse iarratais a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Go háirithe, i gcás na gcuótaí ráta taraife dar sraithuimhreacha 09.4211, 09.4214, 09.4217, 09.4251, 09.4252, 09.4410 agus 09.4420 atá roinnte ina bhfothréimhsí, ba cheart an difríocht idir na cainníochtaí nua a leithdháileadh ar fhothréimhsí atá imithe in éag cheana agus na cainníochtaí a leithdháileadh iarbhír le linn na bhfothréimhsí sin a bheith ar fáil lena leithdháileadh ón tréimhse leithdháilte a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761

Leasaítear Iarscríbhinní IV agus XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha

I gcás ina mbeidh an tréimhse cuótaí ráta taraife tosaithe cheana féin an lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, cuirfear an difríocht idir an chainníocht nua agus na cainníochtaí a leithdháileadh cheana ar fáil d’iarratais a thaiscfear tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leanfaidh an chainníocht nua le haghaidh na gcuótaí ráta taraife 09.4211, 09.4214, 09.4217, 09.4251, 09.4252, 09.4410 agus 09.4420 na rialacha maidir le dáileacháin i measc fothréimhsí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761. An difríocht idir na cainníochtaí a leithdháileadh agus an chainníocht nua nár úsáideadh le linn na bhfothréimhsí a d’imigh i léig roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar í a leithdháileadh ón gcéad tréimhse iarratais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 7ú tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón gcéad tréimhse iarratais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistithe na gcuótaí ráta taraife le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).

(3)  Cinneadh (AE) 2023/1056 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXVV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 142, 1.6.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní IV agus XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

leasaítear an tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4318 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Comhaontú idirnáisiúnta nó gníomh eile’:

Comhaontú idirnáisiúnta nó gníomh eile

Rialachán (CE) Uimh. 1095/96 ón gComhairle an 18 Meitheamh 1996 maidir le cur chun feidhme na lamháltas a leagtar amach i Sceideal CXL a dréachtaíodh tar éis caibidlíochtaí GATT XXIV.6 a thabhairt i gcrích

Rialachán (CE) Uimh. 1894/2006 ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhrasaíl a bhaineann le modhnú na lamháltas i sceidil Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice i rith an aontachais leis an gComhphobal Eorpach, lena leasaítear agus lena bhforlíontar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

Rialachán (CE) Uimh. 880/2009 ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2009 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus an Bhrasaíl de bhun Airteagal XXIV:6 agus Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas i sceidil Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine i rith a n-aontachais leis an Aontas Eorpach, lena leasaítear agus lena bhforlíontar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

Cinneadh (AE) 2017/730 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXIV:6 agus Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas i sceideal Phoblacht na Cróite i rith a haontachais leis an Aontas Eorpach

Cinneadh (AE) 2023/1056 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach’

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina cileagraim

Tréimhse cuótaí ráta taraife 2022/2023: 308 518 000 kg.

Tréimhse cuótaí ráta taraife 2023/2024: 285 654 000 kg.

Tréimhse cuótaí ráta taraife 2024/2025: 353 219 000 kg.

Tréimhsí cuótaí ráta taraife ó 2025/2026: 363 654 000 kg.’

 

 

(b)

i ndiaidh an tábla le haghaidh an chuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4318, cuirtear isteach na táblaí seo a leanas le haghaidh an chuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4354 agus an chuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4355:

Sraithuimhir

09.4354

Comhaontú idirnáisiúnta nó gníomh eile

Cinneadh (AE) 2023/1056 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

Tréimhse cuótaí ráta taraife

Ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Meán Fómhair

Fothréimhsí cuótaí ráta taraife

Níl

Iarratas ar cheadúnas

I gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán seo

Tuairisc ar an táirge

Siúcra cána amh lena mhínghlanadh

Tionscnamh

An Bhrasaíl

Cruthúnas ar thionscnamh tráth a dhéantar an t-iarratas ar cheadúnas. Má tá, an comhlacht atá údaraithe lena eisiúint

Níl

Cruthúnas ar thionscnamh chun é a scaoileadh i saorchúrsaíocht

Tá. I gcomhréir le hAirteagail 57, 58 agus 59 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447

Cainníocht ina cileagraim

Tréimhse cuótaí ráta taraife 2023/2024: 5 963 000 kg.

Tréimhse cuótaí ráta taraife 2024/2025: 4 472 000 kg.

Tréimhsí cuótaí ráta taraife ó 2025/2026: 0 kg.

Cóid AC

1701 13 10 agus 1701 14 10

Dleacht chustaim laistigh den chuóta

EUR 11 in aghaidh 1 000 kg.

I gcás ina n-imeoidh léamh polaraiméadrach an tsiúcra amh allmhairithe ó 96 chéim, déanfar an ráta EUR 11 in aghaidh 1 000 kg a mhéadú nó a laghdú, de réir mar is iomchuí, faoi 0.14 % in aghaidh an deichiú cuid de dhifríocht chéime arna suíomh (i gcomhréir le hAirteagal 34(1), pointe (d), den Rialachán seo)

Cruthúnas ar thrádáil

Tá. 25 thona

Urrús i gcomhair ceadúnas allmhairiúcháin

EUR 20 in aghaidh 1 000 kg

Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas

Is i Roinn 8 den iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin agus den cheadúnas allmhairiúcháin a shonrófar an tír thionscnaimh; an bosca sa roinn sin ina bhfuil freagra dearfach, déanfar é a chrosáil.

Sonrófar i Roinn 20 ‘Siúcra atá beartaithe lena mhínghlanadh’ agus an téacs mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.3, Cuid A, a ghabhann leis an Rialachán seo

Tréimhse bailíochta ceadúnais

Go dtí deireadh an 3ú mí tar éis na míosa inar eisíodh iad ach tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair (i gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán seo)

Inaistritheacht ceadúnais

Cainníocht tagartha

Níl

Oibreoir cláraithe i mbunachar sonraí LORI

Níl

Coinníollacha sonracha

Oibleagáid scagtha i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán seo


Sraithuimhir

09.4355

Comhaontú idirnáisiúnta nó gníomh eile

Cinneadh (AE) 2023/1056 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

Tréimhse cuótaí ráta taraife

Ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Meán Fómhair

Fothréimhsí cuótaí ráta taraife

Níl

Iarratas ar cheadúnas

I gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán seo

Tuairisc ar an táirge

Siúcra cána amh lena mhínghlanadh

Tionscnamh

An Bhrasaíl

Cruthúnas ar thionscnamh tráth a dhéantar an t-iarratas ar cheadúnas. Má tá, an comhlacht atá údaraithe lena eisiúint

Níl

Cruthúnas ar thionscnamh chun é a scaoileadh i saorchúrsaíocht

Tá. I gcomhréir le hAirteagail 57, 58 agus 59 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447

Cainníocht ina cileagraim

Tréimhse cuótaí ráta taraife 2024/2025: 5 963 000 kg.

Tréimhsí cuótaí ráta taraife ó 2025/2026: 0 kg.

Cóid AC

1701 13 10 agus 1701 14 10

Dleacht chustaim laistigh den chuóta

EUR 54 in aghaidh 1 000 kg.

I gcás ina n-imeoidh léamh polaraiméadrach an tsiúcra amh allmhairithe ó 96 chéim, déanfar an ráta EUR 54 in aghaidh 1 000 kg a mhéadú nó a laghdú, de réir mar is iomchuí, faoi 0.14 % in aghaidh an deichiú cuid de dhifríocht chéime arna suíomh (i gcomhréir le hAirteagal 34(1), pointe (d), den Rialachán seo)

Cruthúnas ar thrádáil

Tá. 25 thona

Urrús i gcomhair ceadúnas allmhairiúcháin

EUR 20 in aghaidh 1 000 kg

Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas

Is i Roinn 8 den iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin agus den cheadúnas allmhairiúcháin a shonrófar an tír thionscnaimh; an bosca sa roinn sin ina bhfuil freagra dearfach, déanfar é a chrosáil.

Sonrófar i Roinn 20 ‘Siúcra atá beartaithe lena mhínghlanadh’ agus an téacs mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.3, Cuid A, a ghabhann leis an Rialachán seo

Tréimhse bailíochta ceadúnais

Go dtí deireadh an 3ú mí tar éis na míosa inar eisíodh iad ach tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair (i gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán seo)

Inaistritheacht ceadúnais

Cainníocht tagartha

Níl

Oibreoir cláraithe i mbunachar sonraí LORI

Níl

Coinníollacha sonracha

Oibleagáid scagtha i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán seo’

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:

(a)

sa tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4211, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina cileagraim

124 497 000 kg, arna roinnt mar a leanas:

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh’

(b)

sa tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4214, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina cileagraim

37 453 000 kg, arna roinnt mar a leanas:

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh’

(c)

sa tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4217, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina cileagraim

91 767 000 kg, arna roinnt mar a leanas:

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh’

(d)

sa tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4251, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina cileagraim

13 800 000 kg, arna roinnt mar a leanas:

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh’

(e)

sa tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4252, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina kg

59 343 000 kg, arna roinnt mar a leanas:

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh’

(f)

sa tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4253, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina cileagraim

295 000 kg’

(g)

sa tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4410, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina cileagraim

15 050 000 kg, arna roinnt mar a leanas: 25 % le haghaidh gach fothréimhse’

(h)

sa tábla a bhaineann leis an gcuóta ráta taraife dar sraithuimhir 09.4420, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ‘Cainníocht ina cileagraim’:

Cainníocht ina cileagraim

4 420 000 kg, arna roinnt mar a leanas: 25 % le haghaidh gach fothréimhse’


14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 202/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1630 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834 maidir le bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla le haghaidh earnálacha na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis san Iodáil

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 220(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5 san Iodáil, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834 ón gCoimisiún (2) lena gcumhdaítear 294 ráig a tharla idir an 23 Deireadh Fómhair 2021 agus an 31 Nollaig 2021.

(2)

Chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún go raibh tionchar ag bearta sláinte agus tréidliachta freisin ar roinnt gabháltas a raibh puiléid á dtógáil iontu nár phuiléid cháis iad, agus gurbh é a bhí i gceist leis an tionchar sin dúnadh éigeantach agus na caillteanais a bhí ann dá thoradh. Faoi láthair, ní chumhdaítear na gabháltais sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834.

(3)

Dá bhrí sin, tá sé iomchuí páirtmhaoiniú a sholáthar a bheidh coibhéiseach le 50 % den chaiteachas a d’iompair an Iodáil faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834 do ghabháltais a bhfuil ní hamháin puiléid cháis á dtógáil iontu ach cineálacha eile puiléad freisin agus an t-aonadmhéid tacaíochta céanna agus an t-uaslíon céanna ainmhithe incháilithe a choinneáil.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834 a leasú dá réir.

(5)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh an Iodáil na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme maidir le catagóir eile éanlaithe clóis laistigh den teorainn ama is infheidhme maidir le híocaíocht na cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834 ón gCoimisiún, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 3(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i):

‘(i)

EUR 0,038 in aghaidh an phuiléid aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 11 11 suas le 1 417 836 ainmhí ar a mhéad;’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/834 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2023 maidir le bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla le haghaidh earnálacha na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis san Iodáil (IO L 105, 20.4.2023, lch. 2).


14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 202/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1631 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2023

lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a forchuireadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise, trí allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam faoi réir a gcláraithe.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 23(4) agus Airteagal 24(5) de,

Tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   IARRAIDH

(1)

Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh de bhun Airteagal 23(4) agus Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2016/1037 (‘an bun-Rialachán’), chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a fhorchuirtear ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise agus chun táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta áirithe a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh, a chur faoi réir a gcláraithe.

(2)

Chuir Comhlachas Eorpach na Cruach – ‘EUROFER’ (‘an t-iarratasóir’) an iarraidh isteach an 3 Iúil 2023.

B.   TÁIRGE

(3)

Is éard atá i gceist leis an táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis, táirgí cothromrollta cruach dosmálta, gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith fuar-rollta (fuarlaghdaithe), a bhí aicmithe ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 (2) ón gCoimisiún faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 agus ar de thionscnamh na hIndinéise iad (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis.

(4)

Is ionann an táirge faoi imscrúdú agus an táirge a shainítear san aithris roimhe seo, táirge atá faoi láthair faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80, ach a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam é nó ná bíodh (cóid TARIC 7219310010, 7219321010, 7219329010, 7219331010, 7219339010, 7219341010, 7219349010, 7219351010, 7219359010, 7219902010, 7219908010, 7220202110, 7220202910, 7220204110, 7220204910, 7220208110, 7220208910, 7220902010 agus 7220908010) (‘an táirge faoi imscrúdú’).

C.   BEARTA ATÁ I bhFEIDHM FAOI LÁTHAIR

(5)

Is iad na bearta atá i bhfeidhm agus a d’fhéadfaí a imchéimniú faoi láthair bearta frithchúitimh arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún (‘na bearta frithchúitimh atá ann cheana’). Tá an táirge lena mbaineann faoi réir bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún (3) (‘na bearta frithdhumpála atá ann cheana’). Tá na bearta sin faoi réir imscrúdú frith-imchéimniúcháin ar leithligh.

D.   FORAIS

(6)

Is éard atá san iarraidh fianaise leordhóthanach go bhfuil na bearta frithchúitimh atá ann cheana ar allmhairí an táirge lena mbaineann á n-imchéimniú trí allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú. Léiríonn an fhianaise san iarraidh an méid seo a leanas.

(7)

Tháinig athrú ar phatrún trádála na n-allmhairí ón Indinéis, agus ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam chuig an Aontas tar éis fhorchur na mbeart frithdhumpála atá ann cheana.

(8)

Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta, is é sin coinsíniú an táirge lena mbaineann tríd an Téaváin, an Tuirc agus Vítneam chuig an Aontas tar éis dul faoi oibríochtaí cóimeála/críochnaithe sa Téaváin, sa Tuirc nó i Vítneam faoi seach. Léiríonn an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil gur imchéimniú atá sna hoibríochtaí cóimeála/críochnaithe sin, ar oibríochtaí iad a thosaíonn le leaca cruach dosmálta agus/nó táirgí cruach dosmálta cothroma teo-rollta de thionscnamh na hIndinéise, mar cuireadh tús leis na hoibríochtaí nó tháinig méadú mór orthu ó cuireadh tús leis an imscrúdú frith-fhóirdheontais bunaidh. Is mó an luach atá ar na leaca cruach dosmálta agus/nó na táirgí cruach dosmálta cothroma teo-rollta de thionscnamh na hIndinéise ná 60 % de luach iomlán an táirge agus é cóimeáilte, agus is lú an luach a chuirtear leis an táirge le linn na n-oibríochtaí cóimeála/críochnaithe ná 25 % den chostas monaraithe.

(9)

Ina theannta sin, léiríonn an fhianaise, mar gheall ar na cleachtais thuasluaite, go bhfuil an bonn á bhaint ó éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithchúitimh atá ann cheana ar an táirge lena mbaineann ó thaobh cainníochta agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí den táirge faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tá fianaise leordhóthanach ann gur ar phraghsanna díobhálacha a dhéantar allmhairiú an táirge atá faoi imscrúdú.

(10)

Ar deireadh, tugann an fhianaise le fios go mbaineann an táirge atá faoi imscrúdú agus/nó codanna de leas as fóirdheontais go fóill. Go deimhin, tháirg cuideachtaí san Indinéis an táirge atá faoi imscrúdú agus na codanna de agus d’onnmhairigh siad go dtí an Téaváin, an Tuirc agus Vítneam iad, agus is cuideachtaí iad a fuair fóirdheontais in-fhrithchúitithe chun an táirge atá faoi imscrúdú a tháirgeadh agus a dhíol faoi na bearta atá ann cheana.

(11)

Le linn an imscrúdaithe, má aithnítear cleachtais imchéimniúcháin a chumhdaítear le hAirteagal 23 den bhun-Rialachán, seachas na cinn thuasluaite, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin.

E.   NÓS IMEACHTA

(12)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur leor an fhianaise atá ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 23(4) den bhun-Rialachán agus chun allmhairí den táirge faoi imscrúdú a chur faoi réir a gcláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 24(5) den bhun-Rialachán.

(13)

Chun an fhaisnéis is gá a fháil don imscrúdú sin, ba cheart do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach, ach tráth nach déanaí ná an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Tá feidhm ag an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo maidir leis na páirtithe leasmhara uile. Féadfar faisnéis a lorg freisin ar thionscal an Aontais de réir mar is iomchuí.

(14)

Cuirfear údaráis na Téaváine, na Tuirce, Vítneam agus na hIndinéise ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe.

(a)   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

(15)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(16)

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair (4)’ air. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

(17)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 29(2) den mbun- Rialachán (AE) achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(18)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(19)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin.

(20)

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf.

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3.

(21)

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Nuair a bheidh na sonraí teagmhála curtha ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás ina n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile a fháil ón gCoimisiún trí mheán cumarsáide eile, nó más gá an post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

(22)

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 AN BHRUISÉIL

AN BHEILG

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoladh ríomhphoist: TRADE-SSCR-AC@ec.europa.eu

(b)   Faisnéis a bhailiú agus éisteachtaí a thionól

(23)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus aon chomhlachas ábhartha a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil ar choinníoll go ndéanfar na haighneachtaí sin faoin sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 3(2). Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

(c)   Iarrataí ar dhíolúintí

(24)

I gcomhréir le hAirteagal 23(6) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge faoi imscrúdú a dhíolmhú ó bhearta mura bhfuil imchéimniú i gceist leis an allmhairiú.

(25)

Ós rud é gur lasmuigh den Aontas a tharlaíonn an t-imchéimniú féideartha, féadfar díolúintí a dheonú, i gcomhréir le hAirteagal 23(6) den bhun-Rialachán, do tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sa Téaváin, sa Tuirc agus i Vítneam más féidir leo a léiriú nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimniúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán. Táirgeoirí ar mian leo díolúine a fháil, más ann dá leithéid, ba cheart dóibh teacht chun cinn laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Cóipeanna den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin san Indinéis, den fhoirm cheistneora éilimh ar dhíolúine le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Téaváin, sa Tuirc agus i Vítneam agus de na ceistneoirí le haghaidh allmhaireoirí san Aontas, tá siad ar fáil sa chomhad lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2675. Ní mór na ceistneoirí a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

F.   CLÁRÚ

(26)

De bhun Airteagal 24(5) den bhun-Rialachán, má léiríonn toradh an imscrúdaithe go raibh imchéimniú á dhéanamh, cuirfear allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú faoi réir clárúcháin d’fhonn a áirithiú gur féidir dleachtanna frithchúitimh de mhéid iomchuí a ghearradh, méid nach mó ná an dleacht iarmharach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún, ón dáta a forchuireadh clárú na n-allmhairí sin.

G.   TEORAINNEACHA AMA

(27)

Ar mhaithe le dea-riarachán, ba cheart teorainneacha ama a shonrú:

faoinar féidir leis na páirtithe leasmhara iad féin a chur in iúl don Choimisiún, ceistneoirí a chur isteach, a dtuairimí i scríbhinn nó aon fhaisnéis eile a thabhairt a bheidh le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe,

faoinar féidir le táirgeoirí sa Téaváin, sa Tuirc agus i Vítneam díolúintí ó bhearta a iarraidh,

faoinar féidir le páirtithe leasmhara iarraidh i scríbhinn a dhéanamh chun éisteacht a fháil ón gCoimisiún.

(28)

Tugtar chun suntais go bhfuil feidhmiú na gceart nós imeachta a leagtar amach sa bhun-Rialachán ag brath ar pháirtithe a dtiocfaidh scéala uathu laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo.

H.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(29)

Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar teacht ar thorthaí, bídís deimhneach nó diúltach, ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

(30)

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus bainfear úsáid as na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

(31)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

I.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(32)

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 23(4) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

J.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(33)

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, tugtar faoi deara go gcaithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)5.

(34)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W.

K.   AN tOIFIGEACH ÉISTEACHTA

(35)

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí tráchta a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

(36)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(37)

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I bprionsabal, na creataí ama a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Rialachán seo chun éisteachtaí os comhair sheirbhísí an Choimisiúin a iarraidh, tá feidhm mutatis mutandis acu maidir le hiarrataí ar éisteachtaí os comhair an Oifigigh Éisteacha. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

(38)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin ARD- STIÚRTHÓIREACHT NA TRÁDÁLA: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_ga.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tionscnaítear imscrúdú de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 i ndáil le hallmhairí táirgí cothromrollta cruach dosmálta, gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith fuar-rollta (fuarlaghdaithe) a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 agus a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh (cóid TARIC 7219310010, 7219321010, 7219329010, 7219331010, 7219339010, 7219341010, 7219349010, 7219351010, 7219359010, 7219902010, 7219908010, 7220202110, 7220202910, 7220204110, 7220204910, 7220208110, 7220208910, 7220902010 agus 7220908010), chun a chinneadh an imchéimníonn na hallmhairí sin na bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún.

Airteagal 2

1.   De bhun Airteagal 23(4) agus Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2016/1037, glacfaidh údaráis chustaim na mBallstát na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí isteach san Aontas shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú.

2.   Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

1.   Ní mór do pháirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad féin a chur in iúl laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Chun go gcuirfear a n-aighneachtaí san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a dtuairim a chur in iúl i scríbhinn agus freagraí ceistneora, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a chur isteach laistigh de 37 lá ón dáta a fhoilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le hiarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ÓN gCOIMISIÚN an 15 Márta 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 88, 16.3.22, lch. 24).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 410, 18.11.2021, lch. 153).

(4)  Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a meastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 29 den bhun-Rialachán agus Airteagal 12 de Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh (‘Comhaontú SCM’). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.).


14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 202/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1632 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2023

lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a forchuireadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise, trí allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam faoi réir a gcláraithe.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitehamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (‘an bun-Rialachán’) (1), agus go háirithe Airteagail 13(3) agus 14(5) de,

Tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   IARRAIDH

(1)

Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndinéise agus chun táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta áirithe a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh, a chur faoi réir a gcláraithe.

(2)

Chuir Comhlachas Eorpach na Cruach — ‘EUROFER’ (‘an t-iarratasóir’) an iarraidh isteach an 3 Iúil 2023.

B.   TÁIRGE

(3)

Is éard atá i gceist leis an táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis, táirgí cothromrollta cruach dosmálta, gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith fuar-rollta (fuarlaghdaithe) a bhí aicmithe ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún (2) faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 agus ar de thionscnamh na hIndinéise iad (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis.

(4)

Is ionann an táirge faoi imscrúdú agus an táirge a shainítear san aithris roimhe seo, táirge atá faoi láthair faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80, ach a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc nó ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, Vítneam nó na Tuirce é nó ná bíodh (cóid TARIC 7219310010, 7219321010, 7219329010, 7219331010, 7219339010, 7219341010, 7219349010, 7219351010, 7219359010, 7219902010, 7219908010, 7220202110, 7220202910, 7220204110, 7220204910, 7220208110, 7220208910, 7220902010 agus 7220908010) (‘an táirge faoi imscrúdú’).

C.   BEARTA ATÁ I bhFEIDHM FAOI LÁTHAIR

(5)

Is iad na bearta atá i bhfeidhm agus a d’fhéadfadh a bheith á n-imchéimniú faoi láthair, bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún (na bearta frithdhumpála atá ann cheana). Tá an táirge lena mbaineann faoi réir bearta frithchúitimh arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún (3) (na bearta frithchúitimh atá ann cheana). Tá na bearta sin faoi réir imscrúdú frith-imchéimniúcháin ar leithligh.

D.   FORAIS

(6)

Is leor an fhianaise atá san iarraidh lena léiriú go bhfuil na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar allmhairí den táirge lena mbaineann á n-imchéimniú le hallmhairí den táirge faoi imscrúdú. Léiríonn an fhianaise san iarraidh an méid seo a leanas.

(7)

Tháinig athrú ar phatrún trádála na n-allmhairí ón Indinéis, agus ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam chuig an Aontas tar éis fhorchur na mbeart frithdhumpála atá ann cheana.

(8)

Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta, is é sin coinsíniú an táirge lena mbaineann tríd an Téaváin, an Tuirc agus Vítneam chuig an Aontas tar éis dul faoi oibríochtaí cóimeála/críochnaithe sa Téaváin, sa Tuirc nó i Vítneam faoi seach. Léiríonn an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil gur imchéimniú atá sna hoibríochtaí cóimeála/críochnaithe sin, ar oibríochtaí iad a thosaíonn le leaca cruach dosmálta agus/nó táirgí cruach dosmálta cothroma teo-rollta de thionscnamh na hIndinéise, mar cuireadh tús leis na hoibríochtaí nó tháinig méadú mór orthu ó cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála. Is mó an luach atá ar na leaca cruach dosmálta agus/nó na táirgí cruach dosmálta cothroma teo-rollta de thionscnamh na hIndinéise ná 60 % de luach iomlán an táirge agus é cóimeáilte/críochnaithe, agus is lú an luach a chuirtear leis an táirge le linn na n-oibríochtaí cóimeála/críochnaithe ná 25 % den chostas monaraithe.

(9)

Ina theannta sin, léiríonn an fhianaise, mar gheall ar na cleachtais thuasluaite, go bhfuil an bonn á bhaint ó éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana ar an táirge lena mbaineann ó thaobh cainníochta agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí den táirge faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tá fianaise leordhóthanach ann gur ar phraghsanna díobhálacha a dhéantar allmhairiú an táirge atá faoi imscrúdú.

(10)

Ar deireadh, léiríonn an fhianaise gur praghsanna dumpála iad praghsanna an táirge faoi imscrúdú i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo don táirge lena mbaineann, arna choigeartú don fhorbairt atá déanta ar phraghsanna an táirge lena mbaineann san Indinéis ón tréimhse imscrúdaithe a úsáideadh agus na bearta atá ann cheana á suí.

(11)

Le linn an imscrúdaithe, má aithnítear cleachtais imchéimniúcháin a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán, seachas na cinn thuasluaite, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin.

E.   NÓS IMEACHTA

(12)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur leor an fhianaise atá ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán agus chun allmhairí den táirge faoi imscrúdú a chur faoi réir a gcláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(13)

Chun an fhaisnéis is gá a fháil don imscrúdú sin, ba cheart do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach, ach tráth nach déanaí ná an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Tá feidhm ag an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo maidir leis na páirtithe leasmhara uile. Féadfar faisnéis a lorg freisin ar thionscal an Aontais de réir mar is iomchuí.

(14)

Cuirfear údaráis na Téaváine, na Tuirce, Vítneam agus na hIndinéise ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe.

(a)   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

(15)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(16)

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair (4)’ orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

(17)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán (AE) 2016/1036, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(18)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(19)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin.

(20)

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf.

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3.

(21)

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Nuair a bheidh na sonraí teagmhála curtha ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás ina n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile a fháil ón gCoimisiún trí mheán cumarsáide eile, nó más gá an post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

(22)

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

R-phost: TRADE-SSCR-AC@ec.europa.eu

(b)   Faisnéis a bhailiú agus éisteachtaí a thionól

(23)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus aon chomhlachas ábhartha a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil ar choinníoll go ndéanfar na haighneachtaí sin faoin sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 3(2). Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

(c)   Iarrataí ar dhíolúintí

(24)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge faoi imscrúdú a dhíolmhú ó bhearta mura bhfuil imchéimniú i gceist leis an allmhairiú.

(25)

Ós rud é gur lasmuigh den Aontas a tharlaíonn an t-imchéimniú féideartha, féadfar díolúintí a dheonú, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, do tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sa Téaváin, sa Tuirc agus i Vítneam más féidir leo a léiriú nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimniúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Táirgeoirí ar mian leo díolúine a fháil, más ann dá leithéid, ba cheart dóibh teacht chun cinn laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Cóipeanna den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin san Indinéis, den fhoirm cheistneora éilimh ar dhíolúine le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Téaváin, sa Tuirc agus i Vítneam agus de na ceistneoirí le haghaidh allmhaireoirí san Aontas, tá siad ar fáil sa chomhad lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2674. Ní mór na ceistneoirí a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

F.   CLÁRÚ

(26)

De bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, má léiríonn toradh an imscrúdaithe go raibh imchéimniú á dhéanamh, cuirfear allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe d’fhonn a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála de mhéid iomchuí a ghearradh, méid nach mó ná an dleacht iarmharach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún, ón dáta a forchuireadh clárú na n-allmhairí sin.

G.   TEORAINNEACHA AMA

(27)

Ar mhaithe le dea-riarachán, ba cheart teorainneacha ama a shonrú:

faoinar féidir leis na páirtithe leasmhara iad féin a chur in iúl don Choimisiún, ceistneoirí a chur isteach, a dtuairimí i scríbhinn nó aon fhaisnéis eile a thabhairt a bheidh le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe,

faoinar féidir le táirgeoirí sa Téaváin, sa Tuirc agus i Vítneam díolúintí ó bhearta a iarraidh,

faoinar féidir le páirtithe leasmhara iarraidh i scríbhinn a dhéanamh chun éisteacht a fháil ón gCoimisiún.

(28)

Tugtar chun suntais go bhfuil feidhmiú na gceart nós imeachta a leagtar amach sa bhun-Rialachán ag brath ar pháirtithe a dtiocfaidh scéala uathu laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo.

H.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(29)

Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar teacht ar thorthaí, bídís deimhneach nó diúltach, ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(30)

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus bainfear úsáid as na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(31)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

I.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(32)

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

J.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(33)

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, tugtar faoi deara go gcaithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(34)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W.

K.   AN tOIFIGEACH ÉISTEACHTA

(35)

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí tráchta a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

(36)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(37)

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I bprionsabal, na creataí ama a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Rialachán seo chun éisteachtaí os comhair sheirbhísí an Choimisiúin a iarraidh, tá feidhm mutatis mutandis acu maidir le hiarrataí ar éisteachtaí os comhair an Oifigigh Éisteacha. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

(38)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin ARD- STIÚRTHÓIREACHT NA TRÁDÁLA: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_ga.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tionscnaítear imscrúdú de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 i ndáil le hallmhairí táirgí cothromrollta cruach dosmálta, gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith fuar-rollta (fuarlaghdaithe) a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 agus a choinsínítear ón Téaváin, ón Tuirc agus ó Vítneam, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na Tuirce nó Vítneam iad nó ná bíodh, (cóid TARIC 7219310010, 7219321010, 7219329010, 7219331010, 7219339010, 7219341010, 7219349010, 7219351010, 7219359010, 7219902010, 7219908010, 7220202110, 7220202910, 7220204110, 7220204910, 7220208110, 7220208910, 7220902010 agus 7220908010), chun a chinneadh an imchéimníonn na hallmhairí sin na bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún.

Airteagal 2

1.   De bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, glacfaidh údaráis chustaim na mBallstát na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí isteach san Aontas a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú.

2.   Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

1.   Ní mór do pháirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad féin a chur in iúl laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Chun go gcuirfear a n-aighneachtaí san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a dtuairim a chur in iúl i scríbhinn agus freagraí ceistneora, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a chur isteach laistigh de 37 lá ón dáta foilsithe an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le hiarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 410, 18.11.2021, lch. 153).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/433 ón gCoimisiún an 15 Márta 2022, lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 88, 16.3.2022, lch. 24).

(4)  Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a meastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le hAirteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.


CINNTÍ

14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 202/22


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1633 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Lúnasa 2023

lena ndiúltaítear d’iarratas ar thásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ (TGFC)

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 5372)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar chlárú na n-ainmneacha ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ mar thásc geografach faoi chosaint (TGFC). Tagraíonn an t-iarratas do bheoir a tháirgtear i gcathair Lida sa Bhealarúis agus chuir an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ ón mBealarúis isteach é an 21 Iúil 2021 (PGI-BY-02789).

(2)

Tar éis an ghrinnscrúdaithe, sheol an Coimisiún litir inar iarradh soiléiriú ar roinnt gnéithe den chomhad. Ós rud é go háirithe nach mór uisce a thagann ó fhuaráin ar leith atá lonnaithe ar thalamh ar leis an iarratasóir é a úsáid chun ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ a tháirgeadh, agus go ndéantar an táirge a tháirgeadh de réir ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’, (mar a luaitear sa chéad sonraíocht táirge) arb é an t-iarratasóir an t-úinéir agus an t-aon úsáideoir, iarradh ar an iarratasóir a mhíniú an féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach i gcomhréir le prionsabail na scéime um thásca geografacha san Aontas.

(3)

Thairis sin, mhínigh an Coimisiún go bhféadfar caitheamh le duine nádúrtha nó duine dlítheanach aonair mar ghrúpa agus iarratas á chomhdú aige, i gcás ina léirítear gur comhlíonadh an dá choinníoll in Airteagal 49(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012: (a) is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach; agus (b) maidir le tásca geografacha faoi chosaint, tá saintréithe sa limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach leis na saintréithe atá i limistéir chomharsanachta nó tá saintréithe an táirge éagsúil leis na táirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta. Iarradh ar an iarratasóir údair den sórt sin a sholáthar.

(4)

Sa fhreagra sholáthair an t-iarratasóir Doiciméad Aonair agus Sonraíocht táirge cothrom le dáta, inar sonraíodh gurb í an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ an t-aon úinéir agus an t-aon oibreoir ar na toibreacha nach mór a úsáid chun ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ a tháirgeadh agus go ndéanann an t-iarratasóir an próiseas táirgthe ar fad i gcríoch chathair Lida agus de réir ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’, ar treoir í arb é an t-iarratasóir a húinéir agus an t-aon úsáideoir dá cuid.

(5)

Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus chuir sé in iúl sa litir dhiúltaithe, mura mbeidh aon bharúil faighte laistigh de 2 mhí tar éis dó an litir a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tús a chur leis an nós imeachta maidir le cinneadh foirmiúil ón gCoimisiún a ghlacadh lena ndiúltaítear an t-iarratas de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(6)

Chuir an Coimisiún san áireamh gur forbraíodh agus gur ceapadh córas na TGanna chun go mbeidh táirgeoirí in ann a dtáirgí a chosaint, i gcás gur táirgeoirí iad atá lonnaithe i limistéar áirithe agus a bhfuil a dtáirge éagsúil le haon táirge eile ar an margadh mar gheall ar an timpeallacht nádúrtha/shóisialta inar táirgeadh é.

(7)

Mheas an Coimisiún gur léir nach féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach i gcás ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’, toisc gurb é an t-iarratasóir an t-aon úinéir agus an t-aon oibreoir ar na toibreacha nach mór a úsáid chun an táirge atá i gceist a tháirgeadh.

(8)

Thairis sin, chuir an Coimisiún san áireamh gurb é an t-iarratasóir úinéir agus úsáideoir aonair na ‘treorach theicneolaíoch uathúil ar leith’, ar dá réir a tháirgtear an táirge. Dá bhrí sin, ní bhaineann saintréithe an táirge lena thionscnamh geografach faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ach le ‘modh táirgthe speisialta’ atá i seilbh eisiach an iarratasóra.

(9)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 gur cheart iarratais ar TGanna faoi chosaint a bheith curtha isteach ag grúpa táirgeoirí, de ghnáth. Ní fhéadfaidh táirgeoir aonair iarratas a dhéanamh ar chosaint den sórt sin ach amháin má chomhlíontar coinníollacha breise Airteagal 49(1), an dara fomhír. Thug an Coimisiún dá aire nár thug an t-iarratasóir aon údar ina leith sin.

(10)

I bhfreagra ar an litir dhiúltaithe a sheol an Coimisiún chuir an t-iarratasóir in iúl nach gcinneann na toibreacha féin comhdhéanamh speisialta an uisce ach go bhfuil an t-uisce uathúil mar gheall ar na foinsí uisce nádúrtha faoi thalamh atá i mbaile Lida. Is é tuairim an iarratasóra nach bhfuil aon bhac ar aon táirgeoir eile tobar nua a thochailt nó cearta a fháil ar aon tobar atá ann cheana.

(11)

Mhínigh an t-iarratasóir go léirítear na naisc idir an táirge agus an limistéar geografach sna doiciméid a soláthraíodh agus nach dtagann úsáid teicneolaíocht táirgthe speisialta salach ar na ceanglais.

(12)

Chuir an t-iarratasóir in iúl gur cosúil gurb í an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ an t-aon táirgeoir atá toilteanach an t-iarratas a chur isteach agus go bhfuil saintréithe uathúla san uisce a sholáthraíonn na foinsí nádúrtha i mbaile Lida a chuireann go mór le barántúlacht an táirge.

(13)

Níor sholáthair an t-iarratasóir aon bharúil maidir le ‘treoir theicneolaíoch uathúil ar leith’ ach chuir sé tagairt do ‘chóireáil uisce’ in ionad an ráitis.

(14)

Chuir an Coimisiún na soiléirithe a sholáthair an t-iarratasóir san áireamh agus chinn sé i gcás an iarratais atá i gceist nach féidir le táirgeoirí féideartha eile a bheith rannpháirteach.

(15)

De réir an Doiciméid Aonair cothrom le dáta ‘is é an t-iarratasóir úinéir agus oibreoir dhá thobar a fhaigheann a gcuid uisce ón uiscíoch faoi thalamh atá i mbaile Lida. Is ón bhfoinse sin amháin a dtagann an t-uisce le haghaidh táirgeadh ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’. Dá bhrí sin, na hoibreoirí atá toilteanach cloí leis na rialacha maidir leis an mbeoir atá i gceist a tháirgeadh, bheadh bacainní rompu nach bhfuil údar oibiachtúil leo ós rud é go bhfuil na toibreacha faoi úinéireacht an iarratasóra agus go bhfuil siad suite ar thalamh ar leis é.

(16)

Ina theannta sin, de réir na Sonraíochta táirge cothrom le dáta, ‘is í an Chuideachta Comhstoic ‘Lidskoe Pivo’ féin a dhéanann pacáil agus táirgeadh ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’, rud a dheimhníonn, go contrártha le prionsabail na scéime um Thásca Geografacha san Aontas, nach féidir le táirgeoirí eile a bheith rannpháirteach.

(17)

Ina theannta sin, tugtar tuairisc ghinearálta ar na teicnící táirgthe, gan aon mhionsonra a sholáthar a d’fhágfadh go bhféadfadh táirgeoirí féideartha eile a bheith rannpháirteach.

(18)

Tugtar cearta comhchoiteanna le tásca geografacha faoi chosaint, murab ionann agus trádmharcanna aonair, agus, i gcodarsnacht le trádmharcanna atá faoi úinéireacht sealbhóirí atá inaitheanta go soiléir, meastar go bhfuil TGanna faoi úinéireacht comhphobail neamhshonraigh, lena gcuimsítear gach táirgeoir atá ann faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chloíonn leis an tsonraíocht ghaolmhar. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh aon táirgeoir a urramaíonn ceanglais na sonraíochta táirge an t-ainmniú faoi chosaint a úsáid.

(19)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ mar TGFC ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, go sonrach Airteagal 5(2) agus Airteagal 49(1) den Rialachán sin.

(20)

Ba cheart, dá bhrí sin, diúltú don iarratas ar na hainmneacha ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’ a chosaint.

(21)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Diúltaítear don iarratas ar chlárú an ainm ‘Лидское пиво/Lidskoe pivo/Лiдскае пiва/Lidskae piva’.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo ar ionadaí dlíthiúil an iarratasóra:

EUROMARKPAT GERMANY

v.Füner Ebbinghaus Finck Hano

European Patent, Trademark and Design Attorneys

Mariahilfplatz 3

81541 München

An Ghearmáin

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


Top