EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta frithchúitimh

Bearta frithchúitimh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1037 rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, agus na coinníollacha chun bearta frithchúitimh a chur i bhfeidhm.

Leasaíodh é trí huaire: le Rialachán (AE) 2017/2321, le Rialachán (AE) 2018/825 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán (AE) 2016/1037

Cuirtear dleacht frithchúitimh i bhfeidhm chun gníomhú in aghaidh éifeachtaí díobhálacha na n–allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith maidir le táirge ar tháirgeoirí AE an mhargaidh táirgí chéanna agus chun iomaíocht chóir a thabhairt ar ais. Íocann an t–allmhaireoir as an dleacht agus déanann na húdaráis chustaim sa tír AE lena mbaineann an dleacht a bhailiú.

Ní mór ceithre choinníoll a chomhlíonadh sular féidir bearta frithchúitimh a fhorchur ar allmhairí táirge:

  • baineann na hallmhairí leas as fóirdheontas sonrach;
  • ní mór díobháil ábhartha* a bheith ann do thionscal an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil*;
  • ní mór nasc cúisíoch a bheith idir na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith agus an díobháil ábhartha; agus
  • ní foláir nó nach mbeidh an beart frithchúitimh i gcoinne leas an Aontais Eorpaigh — níor cheart go ndéanfadh na bearta níos mó díobhála dá gheilleagar iomlán ná an faoiseamh a thugtar don tionscal atá thíos leis de dheasca na n–allmhairí.

Gearán a thionscnamh

  • Déanann tháirgeoirí AE gearán frithchúitimh, nó déantar gearán frithchúitimh thar a gceann, leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an táirge lena mbaineann go díreach nó trí údaráis thír AE. Féadfaidh páirtithe eile, amhail ceardchumainn, gearáin a chur isteach i gcomhpháirt le tionscal an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh siad bheith ina bpáirtithe leasmhara sna himeachtaí. In imthosca speisialta, féadfaidh an Coimisiún imscrúdú ar fhóirdheontais a oscailt as a stuaim féin.
  • Ní mór go n–áireofaí an méid seo a leanas in aon ghearán: fianaise ar fhóirdheontas, díobháil agus nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear gur fhóirdheonaíodh iad agus an díobháil líomhnaithe.
  • D’fhonn sonraí rúnda gnó a chosaint, is gá dhá leagan de ghearán a thaisceadh: leagan faoi rún agus leagan neamhrúnda. Ní bheidh an chéad cheann ar fáil ach d’fhoireann an Choimisiúin atá ag obair go díreach ar an gcás. Beidh rochtain ag gach páirtí leasmhar ar an leagan neamhrúnda nuair a osclófar an t–imscrúdú, arna iarraidh sin.
  • Caithfidh an Coimisiún imscrúdú a dhéanamh ar chruinneas agus ar leordhóthanacht na fianaise a chuirtear ar fáil sa ghearán chun a chinneadh an bhfuil bunús leordhóthanach ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh. Ní mór é sin a dhéanamh laistigh de 45 lá ó rinneadh an gearán á thaisceadh.
  • Sula dtosófar ar imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh, ceanglaítear ar an gCoimisiún comhairliúcháin a thairiscint do rialtas na tíre is onnmhaireoir.

Imscrúdú ar dhleacht frithchúitimh

  • A luaithe a chinneann an Coimisiún imscrúdú a sheoladh, ní mór dó fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanann sé teagmháil le gach monaróir aitheanta agus le gach páirtí leasmhar ag iarraidh orthu ceistneoirí a chomhlánú faoi spriocdháta docht.
  • I gcás go bhfuil go leor páirtithe leasmhara ann, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a imscrúdú a dhéanamh ar bhonn sampla d’oibreoirí (táirgeoirí onnmhairiúcháin, monaróirí AE, allmhaireoirí, úsáideoirí).
  • Más rud é, bunaithe ar a imscrúdú, go measann an Coimisiún gur tharla fóirdheonú is cúis le díobháil, féadfar bearta frithchúitimh a fhorchur ar allmhairí isteach in AE den táirge lena mbaineann. Bíonn na bearta sin sna foirmeacha seo a leanas de ghnáth:
    • dleacht ad valorem — céatadán de luach allmhairiúcháin an táirge lena mbaineann;
    • dleachtanna sonracha — luach seasta do mhéid áirithe earraí, e.g. EUR 100 in aghaidh tona de tháirge; nó
    • gealltanas i dtaca le praghasanna — gealltanas ó onnmhaireoir go gcloífidh sé le híosphraghsanna allmhairíochta.
  • Féadfaidh údaráis na tíre is onnmhaireoir gealltanas a thabhairt go gcuirfidh sé deireadh leis an bhfóirdheontas nó go ndéanfaidh sé bearta maidir le héifeachtaí an fhóirdheontais.
  • Ní mór bearta sealadacha a fhorchur tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis thús an imscrúdaithe, má fhorchuirtear bearta ar bith, agus caithfidh siad bheith i bhfeidhm ar feadh 4 mhí ar a mhéad. Féadfar bearta cinntitheacha a fhorchur dá éis sin, a bheidh i bhfeidhm ar feadh 5 bliana.
  • Íocann an t–allmhaireoir san Aontas Eorpach as dleachtanna agus bailíonn údaráis náisiúnta custaim thíortha AE lena mbaineann iad.
  • Féadfar athbhreithniú (athbhreithniú eatramhach) a dhéanamh ar na bearta atá curtha i bhfeidhm faoi choinníollacha áirithe. Is iondúil go mbíonn raon feidhme an athbhreithnithe sin teoranta do ghné amháin nó do ghnéithe éagsúla de na bearta tosaigh, an leibhéal fóirdheonaithe agus/nó díobhála, raon an táirge agus cineál na mbeart.
  • Rachaidh na bearta i léig tar éis 5 bliana mura socraítear in athbhreithniú éaga, go bhfuil seans maith ann, sa chás go rachadh na bearta in éag, go mairfeadh an fóirdheonú agus an díobháil ábhartha nó go dtarlódh sé in athuair.
  • Féadfaidh allmhaireoirí aisíocaíocht iomlán nó pháirteach de na dleachtanna íoctha a iarraidh más féidir leo a thaispeáint gur díothaíodh nó gur laghdaíodh an corrlach fóirdheontais, ar íocadh na dleachtanna bunaithe air.
  • Tá rialacha frithchúitimh an Aontais Eorpaigh bunaithe ar na caighdeáin dhomhanda atá leagtha síos ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).

Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2321

Léiríodh ó thaithí nach dtagtar ar roinnt fóirdheontas ach le linn an imscrúdaithe ábhartha, dá bhrí sin le Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2321 cuireadh fomhír leis, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún, i gcásanna den chineál sin, comhairliúcháin bhreise a thairiscint maidir leis na fóirdheontais sin don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir lena mbaineann maidir le fóirdheontais den sórt sin a shainaithnítear le linn an imscrúdaithe.

Rialachán leasaitheach (AE) 2018/825

I measc nithe eile, déantar an méid seo a leanas leis an rialachán.

  • Déanann sé an próiseas imscrúdaithe a chuíchóiriú agus déanann sé níos éasca é do ghnólachtaí beaga páirt a ghlacadh in imscrúduithe ar chosaint trádála (lena n–áirítear deasc chabhrach cosanta trádála fiontar beag agus meánmhéide(FBM)).
  • Leasaítear leis conas a dhéantar an riail ar a dtugtar “riail na dleachta is lú” a chur i bhfeidhm i gcásanna frithchúitimh. Chuir an tAontas Eorpach bearta i bhfeidhm roimhe seo ar leibhéal níos ísle ná méid iomlán an fhóirdheonaithe, nuair ba leor leibhéal níos ísle (an “corrlach díobhála”) chun an díobháil a bhain do thionscal an Aontais Eorpaigh a bhaint. Faoi na rialacha nua, is féidir le bearta frithchúitimh na fóirdheontais a fuair onnmhaireoir a fhritháireamh go hiomlán, ar an gcoinníoll gur chun leas an Aontais Eorpaigh ina iomláine é sin a dhéanamh.
  • Tugtar isteach leis rialacha nua maidir leis an “bpraghas neamhdhíobhálach” (an praghas a mheastar a ghearrfadh an tionscal faoi ghnáththosca). Féadfaidh an ríomh anois costas na n–infheistíochtaí riachtanacha a chur san áireamh, mar shampla i mbonneagar nó i dtaighde agus i bhforbairt, ach freisin costais sa todhchaí a bhaineann le caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil, mar shampla faoi scéim trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Glacann an praghas neamhdhíobhálach anois íosbhrabús 6 % a áireofar sa ríomh, agus is féidir corrlach brabúis níos airde a fháil ar bhonn cás-ar-chás.
  • Tugadh isteach leis tréimhse réamhnochta, nuair a fuair páirtithe leasmhara faisnéis maidir le bearta sealadacha a fhorchur, nó gan iad a fhorchur, 3 seachtaine roimh ré. San athbhreithniú a rinneadh de réir Rialachán leasaitheach (AE) 2018/825, bhain an Coimisiún de thátal as, ar an iomlán, nach ndearnadh aon díobháil bhreise do thionscal an Aontais Eorpaigh ba chúis leis na hallmhairí le linn na tréimhse réamhnochta Dá bhrí sin glacadh leis gníomh tarmligthe lena leasaítear tréimhse an réamhnochta go 4 seachtaine (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2016/1037 ón 20 Iúil 2016 i leith. Déantar Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 agus na leasuithe a rinneadh air dá éis sin a chódú leis agus cuirtear in ionad an Rialacháin sin é.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2321 ón 20 Nollaig 2017.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2018/825 ón 8 Meitheamh 2018.
  • Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173 i bhfeidhm ón 11 Lúnasa 2020.

CÚLRA

  • Is éard is fóirdheontas ann ná ranníocaíocht airgeadais, mar dheontas nó iasacht, a íocann rialtas tíre nach tír den Aontas Eorpaigh í de ghnáth. Tugann sé sochar do ghnó nó do thionscal a onnmhairíonn a tháirgí isteach san Aontas Eorpach, rud a chuireann saobhadh ar iomaíocht i margadh an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh an tAontas Eorpach bearta frithchúitimh a chur i bhfeidhm ar allmhairí dá leithéid chun gníomhú in aghaidh an tsaofa sin agus chun iomaíocht chóir a thabhairt ar ais.
  • Tá rialacha frithchúitimh an Aontais Eorpaigh bunaithe ar na caighdeáin dhomhanda atá leagtha síos ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Díobháil ábhartha: díobháil shuntasach do thionscal an Aontais Eorpaigh, e.g. sciar de mhargadh a chailliúint, leibhéil phraghsanna laghdaithe agus/nó brabúsacht laghdaithe.
Táirge comhchosúil: táirge atá mar a chéile leis an táirge allmhairithe atá i gceist nó atá an–chosúil leis.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí fóirdheonaithe ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (códú) (IO L 176, 30.6.2016, lgh. 55-91)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/1037 a chorprú sa bhunthéacs. Is de luach doiciméadach amháin é an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 16.10.2020

Top