EUR-Lex Aċċess għal-liġi tal-Unjoni Ewropea

Lura għall-paġna ewlenija ta' EUR-Lex

Dan id-dokument hu mislut mis-sit web tal-EUR-Lex

Rothghardaí mótarfheithiclí

Status legali tad-dokument Din it-taqsira ġiet arkivjata u mhux se tkun aġġornata Ara 'Ceanglais chineálcheadaithe chun sábháilteacht ghinearálta feithiclí agus cosaint úsáideoirí soghonta bóithre a áirithiú' għall-informazzjoni aġġornata dwar is-suġġett.

Rothghardaí mótarfheithiclí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1009/2010 — ceanglais cineálcheadaithe do rothghardaí mótarfheithiclí áirithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar síos leis rialacha maidir le rothghardaí.
  • Is é is aidhm leis na ceanglais reatha a chur in oiriúint d’fhorbairtí san eolas eolaíoch agus teicniúil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach leis an rialachán ceanglais maidir le cineálcheadú le haghaidh rothghardaí ar mhótarfheithiclí. Tá sé ina chuid de chur chun feidhme Rialachán (CE) 661/2009 maidir le mótarfheithiclí agus leantóirí sábháilte.

Cineál feithicle lena mbaineann

Baineann an rialachán seo le feithiclí i gcatagóir M1, i.e. feithiclí arna ndearadh agus arna dtógáil chun paisinéirí a iompar, a bhfuil 8 suíochán ar a mhéad iontu de bhreis ar an tiománaí.

Ceanglais le haghaidh rothghardaí

  • Ní mór do mhonaróirí garda a chur ar gach roth den fheithicil.
  • Féadfaidh codanna den chabhalra nó pludghardaí ar leith, a chosnóidh an t–úsáideoir bóthair ó chlocha, láib, oighear, sneachta agus uisce a thagann in airde ón mbóthar, a bheith sna rothghardaí.
  • Sainítear sa rialachán chomh maith ceanglais shonrach maidir leis an méid seo a leanas go háirithe:
    • mais na feithicle;
    • leithead iomlán an rothgharda;
    • imlíne agus suíomh na rothghardaí.
  • Ní mór don mhonaróir an fheithicil a dhearadh ar bhealach ar a mbeidh úsáideoirí in ann gléasanna greamaithe sneachta* a úsáid.

Rialacha maidir le cineálcheadú AE

Ní mór don mhonaróir feithicle iarratas a chur isteach ar chineálcheadú AE chuig an údarás inniúil. Ní mór an méid seo a leanas a bheith san iarratas:

  • déantús agus cineál na feithicle;
  • líon na n–acastóirí agus na mbonn;
  • líníochtaí mionsonraithe ar na rothghardaí.

Má mheasann an t–údarás inniúil go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais ar fad maidir le rothghardaí, ní mór dó cineálcheadú AE a cheadú agus uimhir chineálcheadaithe a eisiúint de réir Threoir 2007/46/CE maidir le cinealcheadú AE ar mhótarfheithiclí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 30 Samhain 2010.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gléasanna greamaithe sneachta: slabhra sneachta nó gléas coibhéiseach eile lena soláthraítear tarraingt sa sneachta, ar féidir é a fheistiú ar bhonn/roth na feithicle.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialacháin (AE) Uimh. 1009/2010 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le ceanglais cineálcheadaithe le do rothghardaí ar mhótarfheithiclí áirithe agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 292, 10.11.2010, lgh. 21-29)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2007/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach le haghaidh feithiclí dá leithéid (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 30.04.2019

Fuq