Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Feistí tarraingthe mótarfheithiclí

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Ceanglais chineálcheadaithe chun sábháilteacht ghinearálta feithiclí agus cosaint úsáideoirí soghonta bóithre a áirithiú' for an updated information about the subject.

Feistí tarraingthe mótarfheithiclí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2010 maidir le cineálcheadú le haghaidh feistí tarraingthe mótarfheithiclí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach ann rialacha maidir le cineálcheadú le haghaidh feistí tarraingthe* mótarfheithiclí.
  • Is é is aidhm leis na ceanglais reatha a chur in oiriúint d’fhorbairtí san eolas eolaíoch agus teicniúil.
  • Tá sé ina chuid de chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 maidir le sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cineálacha feithiclí lena mbaineann

Tá feidhm ag an rialachán seo maidir le feithiclí catagóir M agus N, is iad sin:

  • mótarfheithiclí a dearadh agus a tógadh le haghaidh iompar paisinéirí agus a bhfuil 4 roth ar a laghad orthu;
  • mótarfheithiclí a dearadh agus a tógadh chun earraí a iompar agus a bhfuil 4 roth ar a laghad orthu.

Ceanglais maidir le feistí tarraingthe

  • Ceanglaítear ar mhonaróirí feiste tarraingthe a fheistiú ar fheithiclí. Ní mór na feistí tarraingthe a bheith ábalta fórsa statach tarraingthe agus comhbhrúiteach a sheasamh atá coibhéiseach le leath ar a laghad d’uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil na feithicle.
  • Bunaítear leis an rialachán freisin nósanna imeachta tástála chun comhlíontacht gléasanna a sheiceáil.

Rialacha maidir le cineálcheadú AE

Ní mór do mhonaróir na feithicle iarratas a chur isteach ar chineálcheadú AE chuig an údarás inniúil. Ní mór faisnéis áirithe a bheith sna hiarratais sin, is é sin:

  • déantús agus cineál na feithicle;
  • an uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil arna dearbhú ag an monaróir;
  • líníocht nó grianghraf d’fhráma/láthair chabhlach na feithicle ar a dtaispeántar suíomh, tógáil agus feistiú an fheiste tarraingthe.

Má mheasann an t–údarás inniúil go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais ar fad maidir le feistí tarraingthe, deonóidh sé cineálcheadú AE agus eiseoidh sé uimhir chineálcheadaithe de réir Threoir 2007/46/CE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 29 Samhain 2010.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Feistí tarraingthe: feiste ar a bhfuil cruth crúca, cró nó i bhfoirm eile, ar féidir páirt cheangail amhail feistí tarraingthe nó rópa tarraingthe, a fheistiú air.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialacháin (AE) Uimh. 1005/2010 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2010 maidir le ceanglais um chineálcheadú le haghaidh feistí tarraingthe mótarfheithiclí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 291, 9.11.2010, lgh. 36-42)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 02.05.2019

Top