Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cistí réitigh banc a bhunú

Cistí réitigh banc a bhunú

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireachta (COM(2010) 254 leagan deireanach) — Cistí Réitigh Banc

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Cuirtear síos inti ar rúin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cistí réitigh banc a bhunú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cad é ról na gcistí réitigh banc?

  • Ba cheart go rannchuideodh cistí réitigh le réiteach ordúil banc anásta a mhaoiniú. Chun é sin a dhéanamh, d’fhéadfaidís bearta a chur chun feidhme amhail:
    • bainc idirlinne a mhaoiniú (i.e. institiúidí arna gcur ar bun ag rialtóir náisiúnta nó banc ceannais chun banc teipthe a oibriú go dtí gur féidir ceannaitheoir a fháil dá oibríochtaí);
    • aistriú iomlán nó páirteach sócmhainní agus/nó dliteanas ón eintiteas anásta a mhaoiniú;
    • scoilt dea-bhainc/drochbhainc a mhaoiniú.
  • Féadfar cistí réitigh a úsáid chomh maith chun costais riaracháin, táillí dlíthiúla agus comhairleacha a íoc.
  • Mar sin féin, ní féidir leo ról árachais a bheith acu i gcoinne teipe nó iad a úsáid chun bainc anásta a tharrtháil.

Conas is féidir cistí réitigh banc a mhaoiniú?

Ceapann an Coimisiún gur cheart socruithe maoinithe do chiste na hacmhainní riachtanacha a fháil agus iompar cuí a dhreasú ag an am céanna.

D’fhéadfadh 3 phointe a bheith ina mbonn chun ranníocaíocht le cistí réitigh banc a ríomh:

  • D’fhéadfadh sócmhainní banc a bheith ina dtáscaire maidir leis an méid a d’fhéadfadh bheith le caitheamh chun réiteach an bhainc a láimhseáil. Tá a sócmhainní faoi réir riachtanais stuamachta chaipitil ualaithe de réir riosca i bhfoirm muirir chaipitil cheana. D’fhéadfaí tobhach a bhunú bunaithe ar na sócmhainní. D’fhéadfadh riachtanas breise caipitil dá réir sin a bheith mar thoradh air sin, áfach, agus bheadh gá breathnú go cúramach air i gcomhthéacs na n-athchóirithe ginearálta ar chaighdeáin chaipitil faoi shiúl;
  • D’fhéadfadh dliteanais banc a bheith ina dtáscairí chomh maith maidir leis an méid a d’fhéadfadh bheith le caitheamh chun réiteach an bhainc a láimhseáil. Is dócha go dtiocfaidh na costais a bhaineann le réiteach banc ón ngá atá ann tacú le dliteanais áirithe (gan cothromas agus dliteanais áirithe - e.g. taiscí san áireamh). D’fhéadfadh nach mbeadh na dliteanais chomh éifeachtach sin mar ionadaithe maidir le méid an riosca, áfach.
  • D’fhéadfaí brabúis agus bónais a úsáid mar thagairt chun méid na dtobhach a chinneadh.
  • Ba cheart do na socruithe maoinithe na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
    • arbatráiste féideartha ar bith a sheachaint;
    • na rioscaí cuí a léiriú;
    • cineál córasach eintiteas airgeadais áirithe a chur san áireamh;
    • a bheith bunaithe ar an méid a d’fhéadfaí a chaitheamh má bhíonn gá le réiteach;
    • saobhadh ar iomaíocht a sheachaint.

Cén modh rialachais ba cheart a úsáid do chistí réitigh banc?

  • Ba cheart cistí réitigh banc a choinneáil ar leithligh ón mbuiséad náisiúnta agus gan baint a bheith acu ach le costais réitigh amháin.
  • Ba cheart bainistíocht na gcistí sin a chur de chúram ar na húdaráis atá freagrach as réiteach eintiteas airgeadais a ghníomhaíonn mar chomhlachtaí feidhmiúcháin neamhspleácha.
  • Ba cheart úsáid na gcistí réitigh na rialacha maidir le státchabhair AE a urramú.
  • Bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí reachtacha a ghlacadh maidir le bainistíocht géarchéime agus cistí reachtacha faoi thús 2011.

Conas is féidir cistí réitigh banc a chomhtháthú i gcreat úr um chobhsaíocht airgeadais?

  • Mhol an Coimisiún neartú a dhéanamh ar riachtanais chaipitil agus athchóiriú a dhéanamh ar mhaoirseacht airgeadais laistigh de AE. D’fhéach sé le neartú a dhéanamh ar scéimeanna ráthaithe taiscí agus ar rialachas corparáideach institiúidí airgeadais.
  • D’fhéach an Coimisiún chomh maith le bearta coisctheacha a chur chun feidhme chun na rioscaí go dteipfeadh ar bhainc a mhaolú agus chun na ráthaíochtaí intuigthe a laghdú a bhaineann le hinstitiúidí a meastar iad a bheith “rómhór le teip orthu”.
  • Bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún chomh maith treochlár a ghlacadh i nDeireadh Fómhair 2010 maidir le creat Eorpach le haghaidh bainistíocht géarchéime. Is é is aidhm leis an bplean beartaithe comhuirlisí, lena mbeifear ábalta gníomh pras agus éifeachtach a dhéanamh i gcás go dteipfeadh ar bhaincéireacht, a chur ar fáil do thíortha AE. Níor cheart costais ar cháiníocóirí a bheith mar thoradh ar na bearta sin.
  • Tá uirlisí beartaithe chun gníomh na gcistí réitigh a chomhlánú:
    • pleananna téarnaimh agus réitigh;
    • comhshó fiachais ar chothromas.

Comhchur chuige maidir le cistí réitigh banc a shainiú

  • Ba cheart cur chuige Eorpach agus domhanda a shainiú maidir le cistí réitigh banc a chruthú.
  • Faoin mbeart úr seo, beidh údaráis náisiúnta fós freagrach as an ngnáthmhaoirseacht laethúil, agus ba cheart go gcuirfí bonn taca faoi sin le rialacha láidre laistigh de AE atá réidh le dul i ngleic le géarchéimeanna féideartha.
  • Ba é an chéad chéim sa chomhchur chuige seo córas bunaithe ar líonra comhchuibhithe de chistí náisiúnta a bhunú a bheadh nasctha le sraith socruithe comhordaithe um bainistíocht géarchéime. Bhí athscrúdú le déanamh ar an gcóras seo faoi 2014 d’fhonn socruithe comhtháite bainistíochta géarchéime agus maoirseachta AE a chruthú, chomh maith le ciste réitigh AE san fhadtéarmach.

Forbairtí ó 2010 i leith

I ndiaidh an teachtaireacht seo a fhoilsiú, d’eisigh an Coimisiún Eorpach sraith tograí reachtacha chun dul i ngleic leis an réiteach banc. In 2014, ghlac AE:

  • Treoir 2014/49/AE maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí chun taisceoirí institiúidí creidmheasa a chosaint.
  • Treoir 2014/59/AE lena leagtar síos na rialacha do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta.
  • Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 maidir le Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair AE. Leagtar amach ann rialacha agus nósanna imeachta um réiteach banc anásta agus gnólachtaí infheistíochta.

CÚLRA

Chun maolú a dhéanamh ar na teipeanna banc a bhí mar thoradh ar ghéarchéim airgeadais Dheireadh Fómhair 2008, chuir rialtais thíortha AE státchabhair ar fáil chun cuidiú leis an earnáil airgeadais. Chuaigh an chabhair sin i gcion go mór ar cháiníocóirí agus tháinig méadú ar fhiachas poiblí thíortha AE léi. Le cruthú na gcistí réitigh níor cheart go mbeadh gá le dul i muinín státchabhrach amach anseo chun teipeanna institiúidí airgeadais a réiteach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach —Cistí Réitigh Banc (COM(2010) 254 leagan deireanach, 26.5.2010)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (athmhúnla) (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 149-178)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Threoir 2014/49/AE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat i gcomhair téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 190-348)

Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach le haghaidh réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe i gcreat Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lgh. 1-90)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 20.02.2017

Top