Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontuithe le Ceanada maidir le cúrsaí custam

Comhaontuithe le Ceanada maidir le cúrsaí custam

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 98/18/CE ón gComhairle chun comhaontú AE-Ceanada a chur i gcrích maidir le cúrsaí custam

Comhaontú AE-Ceanada maidir le cúrsaí custam

Cinneadh 2014/941/AE ón gComhairle maidir le slándáil an tslabhra soláthair

Comhaontú AE-Ceanada maidir le slándáil an tslabhra soláthair

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS NA COMHAONTUITHE?

  • Déantar iarracht le Cinneadh 98/18/CE comhoibriú a fheabhsú idir na húdaráis riaracháin atá freagrach as reachtaíocht custam* a chur i bhfeidhm.
  • Faoi chomhaontú AE-Ceanada maidir le cúrsaí custam, glacann na páirtithe mar chúram orthu leibhéal an chomhoibrithe i leith custam a mhéadú, go háirithe trí na nósanna imeachta dá gcuid a shimpliú agus a chomhchuibhiú.
  • Tá sé mar aidhm ag Cinneadh 2014/941/AE an comhaontú bunaidh maidir le custaim a shíneadh trí chomhaontú nua d’fhonn slándáil an tslabhra soláthair a chumhdach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhaontú AE-Ceanada maidir le cúrsaí custam

Comhoibriú custam

Glacann na páirtithe mar chúram orthu comhoibriú i leith custam a fhorbairt trí na nithe a leanas:

  • nósanna imeachta custam dá gcuid a shimpliú agus a chomhchuibhiú;
  • modhanna a fhiosrú chun fadhbanna a bhaineann le custaim a réiteach;
  • pearsanra a mhalartú;
  • nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí custam a ríomhairiú.

Cúnamh riaracháin frithpháirteach

Glacann na páirtithe mar chúram cuidiú lena chéile, ar iarratas nó ar a gconlán féin. Déanann siad gach faisnéis iomchuí a chomhroinnt a chuidíonn lena chinntiú reachtaíocht custam a chur i bhfeidhm i gceart agus go ndéantar aon sárú reachtaíochta a chosc agus a chomhrac. Chun sin a bhaint amach, cuireann siad aon teicnící nua um fhorfheidhmiú an dlí in iúl dá chéile, mar aon le treochtaí agus modhanna nua maidir le sáruithe ar reachtaíocht custam a dhéanamh.

Soláthraíonn na húdaráis custam faisnéis dá chéile freisin maidir le hoibríochtaí, arna gcur i gcrích nó atá beartaithe, arb ionann iad, dar leo, agus sárú reachtaíochta custam i gcríoch an pháirtí chonarthaigh eile.

Cúnamh ar iarratas

Cuireann an t–údarás iarrtha* in iúl don údarás is iarratasóir* maidir leis an reachtaíocht agus na nósanna imeachta custam is infheidhme sa chríoch dá chuid agus atá ábhartha d’fhiosrúcháin a bhaineann le sárú reachtaíochta custam. D’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ag baint le dlíthiúlacht na nósanna imeachta chun earraí a onnmhairiú agus a allmhairiú idir an dá pháirtí chonarthacha agus leis an nós imeachta custam a chuirtear i bhfeidhm.

Déantar foráil sa chomhaontú freisin maidir le faireachas speisialta ar dhaoine a rinne sárú ar reachtaíocht custam nó nuair atá amhras ann go ndearna siad sárú. Féadtar an faireachas sin a chur i bhfeidhm maidir le hearraí as a dtagann gáinneáil aindleathach agus leis an iompar agus áitreabh arna n–úsáid chun na críche sin.

Cúnamh ar an toirt

Féadfaidh ceann amháin den dá pháirtí faisnéis a sholáthar ar a chonlán féin i gcásanna tromchúiseacha lena bhféadfaí damáiste substaintiúil a bheith i gceist don gheilleagar, sláinte phoiblí, slándáil phoiblí nó do leas ríthábhachtach ar bith an pháirtí chonarthaigh eile.

Gnéithe foirmiúla agus eisceachtaí maidir le cúnamh

  • Ní mór iarratais a dhéanamh i scríbhinn, ach amháin i gcásanna práinneacha nuair is féidir iarratais ó bhéal a dhéanamh, arna ndearbhú i scríbhinn ina dhiaidh sin. Ní foláir nó go mbíonn an méid a leanas in iarratais:
    • sonraí maidir leis an údarás custam is iarratasóir;
    • an beart arna iarraidh;
    • oibiacht agus cuspóir an iarratais;
    • an reachtaíocht atá i gceist, agus
    • sonraí na ndaoine atá ina n–ábhar den imscrúdú.
  • Féadfaidh an páirtí iarrtha diúltú do chúnamh a sholáthar dá mbeadh dóchúlacht ann go mbeadh sé ina thoradh ar sholáthar an chúnaimh go ndéanfaí dochar do cheannas, beartas poiblí, slándáil nó do leas ríthábhachtach eile ceann de na páirtithe. Féadfar an oibleagáid cúnamh a sholáthar a chur ar ceal ar an bhforas go gcuireann sé isteach ar imscrúdú, ionchúiseamh nó nós imeachta reatha.
  • clásail rúndachta sa chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil. Tugtar ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta.
  • Déantar foráil sa chomhaontú le haghaidh Comhchoiste um Chomhoibriú Custam a bhunú trína ndéantar maoirseacht ar fheidhmiú ceart an chomhaontaithe seo agus a dhéanann imscrúdú ar shaincheisteanna uile a eascraíonn óna chur i bhfeidhm.

Comhoibriú custam maidir le slándáil an tslabhra soláthair

  • Faoi Chinneadh 2014/941/AE, rinneadh comhoibriú custam idir na páirtithe a shíneadh d’fhonn slándáil an tslabhra soláthair a chumhdach. Faoin gcomhaontú sin, d’fhéach an AE agus Ceanada an slabhra lóistíochta a dhaingniú agus ag an am céanna trádáil dhlisteanach a éascú.
  • San áireamh le gnéithe atá cumhdaithe ag an gcomhaontú tá na nithe a leanas:
    • caighdeáin íosta a dhréachtú le haghaidh rioscaí a bhainistiú;
    • obair a dhéanamh i dtreo aitheantas frithpháirteach ar theicnící bainistíochta riosca, caighdeáin i leith riosca, rialuithe slándála, slándáil coimeádán agus cláir comhpháirtíochta trádála, lena n–áirítear bearta éascaithe trádála coibhéiseacha;
    • faisnéis a chomhroinnt maidir le slándáil an tslabhra soláthair agus bainistíocht riosca faoi réir ag rúndacht na faisnéise agus riachtanais um chosaint sonraí pearsanta;
    • comhéadan a thabhairt isteach le haghaidh sonraí a chomhroinnt, lena n–áirítear sonraí réamh-theachta nó réamh-imeachta;
    • straitéis a fhorbairt lena ligtear do chomhpháirtíocht custam chomhoibritheach maidir le lastas a iniúchadh.

CATHAIN A THAGANN NA CINNTÍ AGUS NA COMHAONTUITHE I BHFEIDHM?

Tá Cinneadh 98/18/CE i bhfeidhm ón 27 Samhain 1997. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1998.

Tá Cinneadh 2014/94/AE i bhfeidhm ón 27 Meitheamh 2013. Tháinig an comhaontú maidir le slándáil an tslabhra soláthair i bhfeidhm an 1 Samhain 2013.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Reachtaíocht custam: san AE, áirítear na rialacha uile léi lena rialaítear allmhairiú, onnmhairiú agus iompar earraí agus iad a chur faoi aon nós imeachta custam, lena n–áirítear bearta toirmisc, srianta agus rialaithe. I gCeanada, tá an sainmhíniú níos leithne. Áirítear léi na rialacha reachtúla agus rialála uile sa réimse sin, a ndéantar an riarachán agus an forfheidhmiú ina leith a chur mar chúram sainiúil ar an údarás custam, eadhon rannóga inniúla Ranna an Ioncaim Náisiúnta, chomh maith le haon rialacháin arna nglacadh ag an údarás custam faoi na cumhachtaí reachtúla dá chuid.
An t–údarás iarrtha: an t–údarás custam inniúil a fhaigheann iarratas ar chúnamh.
An t–údarás is iarratasóir: an t–údarás custam inniúil a dhéanann an t–iarratas ar chúnamh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 98/18/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 maidir le Comhaontú a chur i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le comhoibriú custam agus cúnamh frithpháirteach i dtaca le cúrsaí custam (IO L 7, 13.1.1998, lch. 37)

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le comhoibriú custam agus cúnamh frithpháirteach i dtaca le cúrsaí custam (IO L 7, 13.1.1998, lgh. 38-45)

Cinneadh 2014/941/AE ón gComhairle an 27 Meitheamh 2013 maidir le Comhaontú idir an Aontas Eorpach agus Ceanada a chur i gcrích maidir le comhoibriú custam i dtaca le cúrsaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair (IO L 367, 23.12.2014,lgh. 8-9)

Comhaontú idir an Aontas Eorpach agus Ceanada maidir le comhoibriú custam i dtaca le cúrsaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair (IO L 367, 23.12.2014, lgh. 10-13)

Nuashonraithe 07.11.2017

Top