Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dlúthchomhar idir riaracháin chustaim AE (Coinbhinsiún Napoli II)

Dlúthchomhar idir riaracháin chustaim AE (Coinbhinsiún Napoli II)

 

ACHOIMRE AR:

An Coinbhinsiún um chúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

  • Gabhann sé ionad an chéad leagain de Choinbhinsiún Napoli a comhaontaíodh in 1967 agus neartaíonn sé é.
  • Cuimsítear leis cúnamh agus comhar frithpháirteach idir údaráis náisiúnta maidir le cosc, imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar sháruithe áirithe ar rialacha custaim an Aontais Eorpaigh (AE) agus náisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is gá d’údaráis thíortha AE comhoibriú lena chéile chun dul i ngleic go rathúil leis an gcalaois chustaim agus leis an ngáinneáil thrasnáisiúnta, agus chun ionchúiseamh agus pionós a chur ar chiontóirí.
  • Áirítear le custaim AE tobhaigh thalmhaíochta, dleachtanna máil comhchuibhithe ar alcól, ar thobac agus ar ola mhianrach, agus cáin láimhdeachais ar iompórtálacha ó thíortha neamh-AE. Ní chuimsítear cáin bhreisluacha leis an gcoinbhinsiún.
  • Tá feidhm leis an gcoinbhinsiún i ndáil le rialacha custaim lena n-áirítear iad sin a bhaineann le drugaí, airm agus pornagrafaíocht leanaí, mar aon le dleachtanna máil neamh-chomhchuibhithe.
  • Pléitear “sáruithe” i gciall leathan sa choinbhinsiún, lena n-áirítear iarracht ar sháruithe agus gach cineál rannpháirtíochta, amhail gríosú agus a bheith páirteach mar chúlpháirtí, mar aon le baint le heagraíocht choiriúil agus sciúradh airgid.
  • Soláthraítear cúnamh frithpháirteach idir údaráis custaim tar éis iarratas ar fhaisnéis, ar fhaireachas, ar fhiosruithe nó ar fhógra; nó go spontáineach, gan iarratas roimh ré, lena n-áirítear faireachas ceilte agus soláthar spontáineach faisnéise.
  • Is idir na haonaid comhordaithe láir atá sainithe laistigh de gach údarás custaim náisiúnta a mhalartaítear iarratais de ghnáth.
  • Is i scríbhinn a dhéantar iarratais i bprionsabal, agus tugtar an chúis leis an iarratas, na fíricí ábhartha agus na rialacha agus an reachtaíocht lena mbaineann. Mar sin féin, i gcásanna éigeandála, glactar le hiarratais ó bhéal ach is gá iad sin a dheimhniú i scríbhinn a luaithe is féidir.
  • Ní mór d’údaráis chustaim an fhoireann is gá agus tacaíocht eagraíochtúil a chur ar fáil dá chéile agus iad ag comhoibriú ar shaincheisteanna trasteorann amhail iad seo a leanas:
    • tóraíocht the — tóraíocht trasteorann ar dhaoine atá faoi amhras;
    • faireachas trasteorann;
    • imscrúduithe ceilte;
    • foirne comhpháirteacha speisialta um imscrúdú agus
    • seachadtaí rialaithe — seachadtaí mídhleathacha nach n-urghabhtar ag an teorainn iad, ach a ndéantar iad a leanúint chuig a gceann scríbe.
  • Faoin gcomhar trasteorann, dírítear ar dhrugaí mídhleathacha, airm, muinisin, pléascáin, earraí cultúrtha, dramhaíl chontúirteach agus thocsaineach, ábhair núicléacha, agus trealamh le haghaidh airm bhitheolaíocha agus cheimiceacha.

Comhar riaracháin i réimsí gaolmhara

Anuas ar a gcomhar faoi Choinbhinsiún Napoli, bíonn údaráis thíortha AE ag obair go dlúth lena chéile ar go leor gnéithe éagsúla amhail dleachtanna máil, coireacht eagraithe, sciúradh airgid, drugaí mídhleathacha, airm agus seoltaí dramhaíola. Comhoibríonn siad freisin ar a chinntiú nach ndéantar aon sárú ar reachtaíocht chustaim ná talmhaíochta AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOINBHINSIÚIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 23 Meitheamh 2009.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Gníomh ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena ndréachtaítear, ar bhonn Airteagal K3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um chúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim — Dearbhuithe (98/C 24/01) (IO C 24, 23.1.1998, lch. 1)

Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim (IO C 24, 23.1.1998, lgh. 2-22)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lgh. 1-16)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche faisnéise amháin an leagan comhdhlúite seo.

Tuarascáil mhíniúcháin maidir leis an gCoinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim (Téacs faofa ag an gComhairle an 28 Bealtaine 1998) (IO C 189, 17.6.1998, lgh. 1-18)

Straitéis an AE chun carnadh agus gáinneáil aindleathach i mionarmáin agus in armáin éadroma (SALW) mar aon le lón lámhaigh a chomhrac, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, an 13 Eanáir 2006

Cinneadh 2008/39/JHA ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le haontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an gCoinbhinsiún den 18 Nollaig 1997, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim (IO L 9, 12.1.2008, lgh. 21-22)

Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lgh. 1-98)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lgh. 1-15)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh (AE) Uimh. 2016/979 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2016 maidir le haontachas na Cróite leis an gCoinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cúnamh agus comhar frithpháirteach idir riaracháin chustaim (IO L 161, 18.6.2016, lgh. 35-36)

Nuashonraithe 14.11.2016

Top