Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Marcáil fhioscach ar olaí gáis agus ceirisín

Marcáil fhioscach ar olaí gáis agus ceirisín

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 95/60/CE — marcáil fhioscach ar olaí gáis agus ceirisín

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé d’aidhm leis feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus cosc a chur ar úsáid mhíchuí as táirgí áirithe peitriliam atá faoi réir dleachtanna máil éagsúla.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha AE marcáil fhioscach a chur i bhfeidhm maidir le holaí gáis agus ceirisín (seachas scaird-bhreosla) atá díolmhaithe ó dhleachtanna máil nó atá faoi réir dleacht máil de réir ráta nach é an ráta caighdeánach é atá infheidhme maidir le holaí mianra a úsáidtear mar bhreosla.
  • Cuimsítear i marcáil fhioscach substaint cheimiceach ar leith a chur leis na táirgí thuasluaite. Tá an mharcáil le cur isteach faoin maoirseacht fhioscach sula scaoiltear iad lena dtomhailt, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
  • Féadfaidh tíortha AE marcáil náisiúnta nó dath a chur leis an marcáil dá foráiltear sa Treoir.

Eisceachtaí

  • Tá eisceachtí ann, i gcásanna áirithe, le feidhmiú na marcála fioscaí ar chúinsí sláinte phoiblí nó sábháilteachta poiblí nó ar chúiseanna teicniúla.
  • Féadfaidh go ndéanfaidh Éire cinneadh gan an marcáil seo a úsáid nó gan cead a thabhairt maidir leis an marcáil seo a úsáid. Más amhlaidh an cás, ní mór é sin a chur in iúl don Choimisiún, agus ansin ní mór don Choimisiún é sin a chur in iúl do thíortha eile AE.
  • Féadfar go gcuirfidh an Danmhairg moill ar an marcáil á cur leis go dtí an pointe deiridh miondíola, ar choinníoll go mbíonn na hearraí fós faoi réir rialaithe fhioscaigh.

Pionóis

Lena áirithiú go seachnaítear úsáid mhíchuí as na táirgí marcáilte agus, go háirithe, nach bhféadtar úsáid a bhaint as na holaí mianra lena mbaineann le haghaidh dócháin in inneall mótarfheithicle bóthair, ní mór do thíortha AE na pionóis a ghearrfar a chinneadh sa chás nach gcomhlíontar an treoir.

Marcáil chomhchoiteann

  • Bhunaigh cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún 2011/544/CE Tuaslagóir Buí 124 mar an mharcáil fhioscach chomhchoiteann. Rinneadh síneadh air 3 huaire. Sa Chinneadh deiridh cur chun feidhme (AE) 2017/74, a bhfuil feidhm leis faoi láthair, socraíodh leibhéal na marcála ar 6 mg ar a laghad agus gan níos mó ná 9 mg den mharáil in aghaidh gach líotar d’ola mianra. Tá athbhreithniú le déanamh ar an gcinneadh seo faoin 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí, i bhfianaise na bhforbairtí teicniúla i réimse na gcóras marcála (lena n–áirítear an gá chun úsáid chalaoiseach olaí mianra atá díolmhaithe ó dhleacht mháil, nó faoi réir ráta laghdaithe dleachta máile).
  • Idir an dá linn, sheol an Coimisiún Eorpach staidéar chun táirgí eile a shainaithint atá oiriúnach le go n–úsáidfear iad mar mharcáil fhioscach in olaí gáis agus i gceirisín. D’fhoilsigh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin tuarascáil ina bhfuil na torthaí a fuarthas ar chuid de na marcálacha fioscacha atá ar fáil bunaithe ar iarratais a rinne cuideachtaí ón tionscal ceimiceach tar éis glao ar nochtú spéise a d’eisigh seirbhísí an Choimisiúin. Tá obair maidir le measúnú na marcálacha fioscacha iarrthóirí ag leanúint ar aghaidh.
  • Má chinneann an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na tíortha AE, go bhfuil fáil ar shubstaint a bhfuil feidhmíocht níos fearr leis ná Tuaslagóir Buí 124, féadfar go n–aisghairmfear Cinneadh (AE) 2017/74 roimh 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá an Treoir i bhfeidhm ón 26 Nollaig 1995.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir ón gComhairle 95/60/CE an 27 Samhain 1995 ar mharcáil fhioscach olaí gáis agus ceirisín (IO L 291, 6.12.1995, lgh. 46–47)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2017/74 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2016 lena mbunaítear marcáil fhioscach chomhchoiteann le haghaidh olaí gáis agus ceirisín (IO L 10, 14.1.2017, lgh. 7–9)

Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lgh. 12–30)

Tá leasuithe comhleanúnacha a rinneadh ar Threoir 2008/118/CE mar chuid den bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 ag déanamh athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail chun críocha cánach táirgí fuinnimh agus leictreachais (IO L 283, 31.10.2003, lgh. 51–70)

Rinneadh dhá leasú ar Threoir 2003/96/CE mar chuid den bhuntéacs. Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 07.11.2017

Top