Coinbhinsiún Heilsincí: cosc a chur ar thruailliú i sruthchúrsaí agus lochanna idirnáisiúnta
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 95/308/CE maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus lochanna idirnáisiúnta
An Coinbhinsiún i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus lochanna idirnáisiúnta
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN?
Le Cinneadh 95/308/CE cuirtear an Comhphobal Eorpach (AE anois) leis an gCoinbhinsiún i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann* agus lochanna idirnáisiúnta (Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip — an Coinbhinsiún maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta de chuid UNECE).
Tugtar coinbhinsiún Heilsincí air seo, toisc gur síníodh ansin é in 1992.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Cuirtear creat dlíthiúil ar fáil sa choinbhinsiún inar féidir le 2 pháirtí nó níos mó comhoibriú lena chéile chun:
- truailliú uisce thar teorainneacha náisiúnta a chosc agus a rialú;
- úsáid réasúnta agus neamhchlaonta na n-uiscí trasteorann a chinntiú.
- Ní mór do pháirtithe gach beart uisce trasteorann cuí a dhéanamh chun:
- truailliú iarbhír nó féideartha a chosc, a rialú agus a laghdú;
- bainistíocht uisce atá iontaofa ón taobh éiceolaíoch, caomhnú acmhainní agus cosaint an chomhshaoil a chinntiú, lena n-áirítear athbhunú éiceachóras, de réir mar is gá;
- úsáid réasúnta agus neamhchlaonta acmhainní a chinntiú.
- Ní mór do pháirtithe:
- prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm, i.e. gan mainneachtain a dhéanamh i ngeall nach bhfuil sé cruthaithe le heolaíocht fós go bhfuil nasc cúisíoch idir substaintí faoi leith agus truailliú;
- prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm, i.e. íocann an páirtí atá freagrach as an truailliú as na costais um chosc, rialú agus laghdú;
- acmhainní uisce a bhainistiú ionas nach ndéanfar dochar do riachtanais na nglúinte amach romhainn;
- cláir a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar uisce trasteorann;
- comhoibriú lena chéile, go háirithe ar mhalartú faisnéise agus taighde chun teicnící éifeachtacha a fhorbairt chun truailliú trasteorann a chosc, a rialú agus a laghdú;
- tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí idirnáisiúnta chun rialacha, critéir agus nósanna imeachta a dhréachtú chun freagracht agus dliteanas as truailliú ar bith a chinneadh.
- Ní mór na bearta sin:
- a ghlacadh ag an bhfoinse, nuair is féidir;
- gan truailliú a aistriú go díreach nó go hindíreach chuig codanna eile den chomhshaol.
- D’fhéadfadh comhaontuithe idir 2 pháirtí nó níos mó ceisteanna a chumhdach amhail:
- tiomsú sonraí agus fardail;
- comhchláir mhonatóireachta a chruthú;
- teorainneacha astaíochtaí a ghlacadh maidir le fuíolluisce agus cuspóirí coiteanna um cháilíocht uisce;
- nósanna imeachta rabhaidh agus aláraim a thabhairt isteach;
- leas a bhaint as measúnachtaí tionchair timpeallachta.
- Ní mór do pháirtithe i gcomhaontú:
- cuidiú ar bith a thabhairt dá chéile nuair a iarrtar é;
- a chinntiú go bhfuil faisnéis maidir le riocht uisce trasteorann agus bearta ar bith a rinneadh ar fáil don phobal.
- In 2003, rinneadh an coinbhinsiún a leasú chun ligean do thíortha nach bhfuil in AE teacht isteach ann. Tháinig an leasú i bhfeidhm ar an 6 Feabhra 2013 agus dearbhaíodh gur glacadh leis le Cinneadh 2013/790/AE. Féadfaidh gach Ballstát de chuid na NA aontú leis ó Mhárta 2016.
DÁTA TEACHT I BHFEIDHM
Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 6 Deireadh Fómhair 1996.
CÚLRA
Trasnaíonn formhór na bhfadhbanna comhshaoil teorainneacha náisiúnta agus d’fhéadfadh siad a bheith ina gcineál domhanda fiú. Is é sin an fáth a dtugtar an tasc don Aontas Eorpach le Conradh Liospóin (Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) bearta idirnáisiúnta a chur cinn chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda.
Tá AE inniúil maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta um chomhshaol a idirbheartú agus a shíniú. Tá amhlaidh déanta aige i go leor réimsí, cibé acu faoi choimirce na Náisiún Aontaithe nó ar leibhéal réigiúnach nó foréigiúnach. Tá 6 choinbhinsiún ina ndéileáiltear le huisce daingnithe aige.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Sruthchúrsa trasteorann: uisce dromchla nó screamhuisce a mharcálann nó a thrasnaíonn teorainneacha idir 2 thír nó níos mó nó atá lonnaithe in dhá thír nó níos mó.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Cinneadh 95/308/CE ón gComhairle an 24 Iúil 1995 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus lochanna idirnáisiúnta (IO L 186, 5.8.1995, lgh. 42-58)
An Coinbhinsiún i ndáil le cosaint agus úsáid sruthchúrsaí trasteorann agus lochanna idirnáisiúnta (IO L 186, 5.8.1995, lgh. 44-58)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gCoinbhisiún a chorprú sa bhundoiciméad. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 10.07.2020