EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil

Cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/7/CE — cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Féachtar inti leis na cánacha indíreacha a ghearrann tíortha AE ar chruinniú caipitil a rialáil. Is ionann cánacha indíreacha agus na cánacha a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí seachas ar ioncam nó ar bhrabús.
  • Cé go toirmisctear na cánacha léi go ginearálta, go sonrach dleacht caipitil*, ceadaítear do thíortha áirithe léi iad a ghearradh má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cáin agus na cuideachtaí lena mbaineann

Féachtar leis an treoir na cánacha indíreacha arna ngearradh ar na nithe seo a leanas a rialáil:

  • ranníocaíochtaí caipitil le cuideachtaí caipitiúla;
  • oibríochtaí athstruchtúraithe lena mbaineann cuideachtaí caipitiúla;
  • eisiúint urrús agus bintiúr áirithe (urrúis fhadtéarmacha lena saothraítear ráta seasta úis).

Tá feidhm ag an treoir maidir leis na cuideachtaí seo a leanas:

  • cuideachtaí teoranta (cuideachtaí príobháideacha a bhfuil a n–úinéirí freagrach go dlíthiúil as a bhfiacha go dtí méid an chaipitil a d’infheistigh siad amháin);
  • comhpháirtíochtaí teoranta ag a bhfuil scairchaipiteal (cuid den chaipiteal a thagann ó eisiúint na scaireanna);
  • cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta.

Sa treoir seo ciallaíonn “cuideachta chaipitiúil” cuideachta, gnóthas, cumann nó duine dlítheanach ar bith:

  • ar féidir a scaireanna a dhéileáil ar an stocmhalartán;
  • ar féidir lena gcomhaltaí a gcuid scaireanna a dhiúscairt gan bhac agus nach bhfuil na comhaltaí sin freagrach as fiacha na cuideachta ach go feadh mhéid a scaireanna féin;
  • agus, mar riail, dream ar bith eile a oibríocht ar mhaithe le brabús a dhéanamh.

Soiléirítear sa treoir an chiall atá le ranníocaíochtaí caipitil (lena n–áirítear cuideachta chaipitiúil a fhoirmiú, nó cuideachta chaipitiúil a dhéanamh de chuideachta, nó méaduithe ar scairshealbhú caipitil trí ranníocaíochtaí sócmhainní nó trí bhrabúis nó chúlchistí a chaipitliú). Sainítear inti chomh maith oibríochtaí athstruchtúraithe amhail cumaisc a dtéann ranníocaíocht sócmhainní nó malartú scaireanna i gcion orthu.

Toirmeasc ar cháin indíreach a ghearradh ar chruinniú caipitil

Ní fhéadfaidh tíortha an AE cáin indíreach a ghearradh ar chruinniú caipitil le haghaidh cuideachta caipitiúla.

Téann na hidirbhearta sin i bhfeidhm orthu seo a leanas go háirithe:

  • ranníocaíochtaí caipitil;
  • iasachtaí nó seirbhísí a chuirtear ar fáil mar chuid de ranníocaíochtaí caipitil;
  • clárú nó foirmiúlachtaí eile atá de dhíth roimh dhul i mbun gnó de bharr fhoirm dhlíthiúil na cuideachta;
  • athrú ar na hionstraimí lena gcomhdhéantar an chuideachta*;
  • oibríochtaí athstruchtúraithe.

Ina theannta sin, cuirtear toirmeasc leis an treoir ar chánacha indíreacha ar eisiúint urrús agus bintiúr áirithe. Mar sin féin, féadfaidh tíortha AE dleachtanna aistrithe áirithe, táillí, dleachtanna nó cáin bhreisluacha a ghearradh.

Díolúintí

Tá rialacha speisialta i bhfeidhm maidir le tíortha AE a ghearr dleacht ar ranníocaíochtaí caipitil le cuideachtaí caipitil (dleacht chaipitil) amhail an 1 Eanáir 2006. Féadfaidh na tíortha sin leanúint leis an dleacht a ghearradh, nach mór é a ghearradh ag ráta aonair nach mó ná 1 % agus ní fhéadfar é a ghearradh ach ar ranníocaíochtaí caipitil amháin, i.e. ní fhéadfar dleacht chaipitil a ghearradh ar idirbhearta eile amhail oibríochtaí athstruchtúraithe.

Ní féidir le tír AE dleacht chaipitil a ghearradh ach i gcás go bhfuil lárionad bainistíochta éifeachtaí na cuideachta caipitiúla suite sa tír sin tráth a dhéantar an ranníocaíocht. Le chois sin, ní fhéadfar dleacht chaipitil a ghearradh ach uair amháin in AE.

Féadfar díolúintí ó dhleacht chaipitil a chur i bhfeidhm i ndáil le cuideachtaí caipitiúla a sholáthraíonn seirbhís phoiblí nó cuideachtaí caipitiúla a bhfuil aidhm eisiach chultúrtha nó shóisialta acu.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 12 Márta 2008. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 31 Nollaig 2008.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Dleacht chaipitil: cáin indíreach a bhíonn iníoctha nuair a bhunaítear cuideachtaí caipitil agus a chuireann isteach ar shaorghluaiseacht chaipitil.
Ionstraimí lena gcomhdhéantar an chuideachta: comhdhéanamh na cuideachta nó an gníomh dlíthiúil lenar mbunaítear an chuideachta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/7/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 maidir le cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil (IO L 46, 21.2.2008, lgh. 11-22)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/7/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 07.11.2017

Top