Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint chóipchirt an dearaidh ar thaobh coiteann bonn euro

Cosaint chóipchirt an dearaidh ar thaobh coiteann bonn euro

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COIM(2001) 600 leagan deireanach) maidir le cosaint cóipchirt an dearaidh ar thaobh coiteann na mbonn euro

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach inti an córas um chosaint cóipchirt an dearaidh ar thaobh coiteann bonn euro agus déantar athbhreithniú inti ar na rialacha maidir lena n-atáirgeadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Roghnaíodh na dearaí le aghaidh thaobh coiteann na mbonn euro i ndiaidh comórtas a eagraíodh ar leibhéal Eorpach. Taispeántar trí léarscáil éagsúla den Eoraip orthu i gcoinne chúlra 12 réalta an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Tá na dearaí le haghaidh taobh coiteann bonn euro cosanta le cóipcheart arna sealbhú ag AE. Sannann an Coimisiún Eorpach na cearta do thíortha AE a ghlacann an euro agus ceanglaíonn sé orthu go ndéanfar an cóipcheart a urramú ina gcríoch.
  • Tá atáirgeadh ar dhearadh iomlán nó ar chuid de dhearadh thaobh coiteann na mbonn euro ceadaithe i gcásanna an-sonrach, amhail atáirgeadh i bhfoirm grianghraf nó scannán. Tá toirmeasc ar atáirgeadh ar bhoinn nó ar dhearbháin, ar an láimh eile, ar na forais go bhféadfaí a cheapadh mar gheall air sin gur boinn euro iad na nithe sin. Maidir le cineál ar bith eile atáirgthe ní mór údarú a fháil ón gCoimisiún Eorpach (i gcás thíortha AE lasmuigh de limistéar an euro), nó ón údarás ainmnithe sa tír AE (i gcás tíortha laistigh de limistéar an euro).
  • Iarrtar ar thíortha AE an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta atá déanta acu chun an cóipcheart a fhorfheidhmiú ina gcríoch, chun comhar éifeachtach a chinntiú. I gcás atáirgeadh neamhúdaraithe, ní mór don tír lena mbaineann na bearta cuí a dhéanamh chun stop a chur leis agus an t-atáirgeadh a tharraingt as cúrsaíocht. Féadfaidh an Coimisiún nó tíortha i limistéar an euro an duine atá freagrach a ionchúiseamh faoin dlí náisiúnta.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cosaint cóipchirt an dearaidh ar thaobh coiteann na mbonn euro (COIM(2001) 600 leagan deireanach) (IO C 318, 13.11.2001, lgh. 3-4)

Nuashonraithe 22.02.2017

Top