Saorghluaiseacht caipitil in AE
ACHOIMRE AR:
Treoir 88/361/CEE ón gComhairle — an treoir um léirscaoileadh caipitil
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
-
Ba é ab aidhm leis a ghné airgeadais iomlán a thabhairt do mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh (AE).
-
An cuspóir a bhí leis deireadh a chur leis na srianta ar fad ar an tsaorghluaiseacht caipitil idir tíortha AE diaidh ar dhiaidh, trí Airteagal 67 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur chun feidhme (rinneadh Airteagal 67 a aisghairm ina dhiaidh sin).
-
Tá rialacha na treorach as feidhm ó tháinig an tAirteagal nua 63 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm lena n-áirithítear an tsaorghluaiseacht caipitil idir tíortha AE, agus idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE araon.
-
Mar sin féin, faoi mar atá léirithe i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, baintear úsáid i gcónaí as ainmníocht na ngluaiseachtaí caipitil a bhí in Iarscríbhinn I chun coincheap na ngluaiseachtaí caipitil a shainmhíniú.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Cumhdaítear leis an treoir prionsabal léirscaoileadh iomlán na ngluaiseachtaí caipitil* idir tíortha AE le héifeacht ón 1 Iúil 1990. Liostaítear in Iarscríbhinn I ann idirbhearta lena léirítear gluaiseachtaí caipitil.
-
Tairgeadh socruithe idirthréimhseacha don Spáinn, don Ghréig, d’Éirinn agus don Phortaingéil, agus tairgeadh síneadh féideartha breise don Phortaingéil agus don Ghréig ar feadh 3 bliana ar a mhéad.
-
Féachtar leis an treoir deireadh a chur leis na socruithe ginearálta le haghaidh srianta ar ghluaiseachtaí caipitil idir daoine a bhfuil cónaí orthu i dtíortha AE.
-
Tugadh isteach “clásal cosanta”. D’fhéadfadh gluaiseachtaí caipitil brú an-mhór a chur ar mhargaí malairte eachtraí, rud a chruthódh suaití tromchúiseacha i stiúradh na mbeartas airgeadaíochta agus an ráta malairte i dtír ar leith. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Airgeadaíochta agus Coiste Gobharnóirí na mBanc Ceannais, an tír sin a údarú chun bearta cosanta a ghlacadh.
-
Baineann na bearta cosanta leis na gluaiseachtaí caipitil atá liostaithe in Iarscríbhinn II den treoir, agus ní fhéadfaidh siad a bheith i bhfeidhm ar feadh níos mó ná 6 mhí.
Le héifeacht ón 1 Iúil 1990, rinneadh aisghairm orthu seo a leanas leis an treoir:
-
an chead treoir le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 67 den Chonradh;
-
Treoir 72/156/CEE ón gComhairle maidir le sreafaí caipitil idirnáisiúnta a rialáil agus a n-éifeachtaí neamh-inmhianaithe ar an leachtacht intíre* a neodrú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Bhí feidhm leis idir an 7 Iúil 1988 agus an 31 Nollaig 1999. B’éigean do thíortha AE an treoir a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 1 Iúil 1990. Tá rialacha nua an Chonartha maidir le saorghluaiseacht caipitil tagtha in ionad na treorach anois, ach úsáidtear é i gcónaí chun coincheap na ngluaiseachtaí caipitil a shainmhíniú.
CÚLRA
Féach iad seo a leanas chun tuilleadh faisnéise a fháil:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Gluaiseachtaí caipitil: aistrithe caipitil idir tíortha arna ndéanamh ag duine, eagraíocht nó gnólacht. Áirítear leo infheistíochtaí díreacha, infheistíochtaí in eastát réadach, oibríochtaí in urrúis agus i gcuntais reatha agus taisce, mar aon le hiasachtaí agus creidmheasanna airgeadais.
Leachtacht intíre: Méid an airgid thirim nó na gcoibhéisí airgid thirim (i.e. sócmhainní ar féidir iad a thiomsú go tapa ina n-airgead tirim) i gcúrsaíocht i ngeilleagar tíre.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 88/361/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1988 maidir le cur chun feidhme Airteagal 67 den Chonradh (IO L 178, 8.7.1988, lgh. 5-18)
Nuashonraithe 16.11.2016
Top