EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Truailliú ó longa agus pionóis choiriúla

Truailliú ó longa agus pionóis choiriúla

ACHOIMRE AR:

Threoir 2005/35/CE maidir le truailliú ó longa agus le pionóis as sáruithe a thabhairt isteach

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?

  • Cruthaítear rialacha sa treoir seo, atá infheidhme ar fud an Aontais Eorpaigh (AE), maidir le pionóis a fhorchur nuair a dhéantar ola nó substaintí truaillithe eile a sceitheadh ó longa a bhíonn ag seoladh in uiscí Eorpacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Sonraítear sa reachtaíocht reatha gur cion coiriúil atá i gceist i bprionsabal le sceití truaillithe ó longa. De réir na treorach, baineann sé sin le sceití ola nó substaintí truaillithe eile ó shoithí. Ní bhreathnaítear go huathoibríoch ar mhionsceití mar chionta, ach amháin má théann cáilíocht an uisce in olcas de bharr athsceití.
  • Más rud é go bhfuil na daoine a rinne substaintí truaillithe a sceitheadh tar éis gníomhú d’aon ghnó, go místuama* nó le faillí thromchúiseach, féadfar pionóis choiriúla a ghearradh orthu. Má ghríosaítear duine nó má chabhraítear agus má neartaítear leo chun substaint thruaillithe a sceitheadh, féadfar pionóis choiriúla a ghearradh freisin.
  • Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le gach cineál soithigh, beag beann ar an mbratach atá ar foluain aige.
  • Cuirtear cosc arsceití truaillithe:
    • in uiscí inmheánacha de thír AE, calafoirt san áireamh;
    • in uiscí críochacha de thír AE;
    • i gcaolais a úsáidtear chun bealach a dhéanamh go hidirnáisiúnta faoi réir cheart an idirthurais, mar atá leagtha amach i gCoinbhinsiún 1982 na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;
    • i gcrios eacnamaíoch eisiach* de thír AE;
    • ar an mórmhuir.

Eisceachtaí

  • Ní chuirtear an córas seo i bhfeidhm ar sceití ó longa cogaidh nó ó longa eile faoi úinéireacht stáit nó a fheidhmítear ag stát, nach n-úsáidtear iad ach chun críocha seirbhíse neamhthráchtála rialtais.
  • Is féidir eisceachtaí ar an gcosc ar sceití substaintí truaillithe a chur i bhfeidhm i gcásanna ina bhfuil an long nó sláinte an duine i mbaol.

Daoine dlíthiúla

Rinneadh leasú ar Threoir 2005/35/CE le Treoir 2009/123/CE chun na rialacha maidir le truailliú ó longa a fheabhsú agus chun a áirithiú go gcuirtear pionóis leordhóthanacha ar na daoine atá freagrach as sceití substaintí truaillithe. Iarrtar sa treoir ar na tíortha AE rialacha a thabhairt isteach maidir le dliteanas daoine dleathacha faoin dlí príobháideach*, mar shampla cuideachtaí.

  • Má dhéantar cion coiriúil ag duine áirithe a bhfuil suíomh ceannasach aige/aici i gcuideachta, ar mhaithe leis an gcuideachta sin, cibé ar ghníomhaigh an duine ina (h)aonar nó mar chuid den chuideachta, féadfar pionóis choiriúla a ghearradh ar an gcuideachta.
  • Bíonn an chuideachta freagrach freisin as cionta a dhéantar le faillí ag duine éigin, go háirithe trí easpa maoirseachta nó rialaithe.
  • Ní ceart imeachtaí coiriúla i gcoinne na ndaoine atá i gceist a eisiamh ó dhliteanas na cuideachta.

Pionóis a chur i bhfeidhm

Faoi Threoir 2009/123/CE, éilítear freisin ar údaráis náisiúnta na dtíortha AE a áirithiú go gcuirtear pionóis éifeachtúla, comhréireacha agus athchomhairleacha i bhfeidhm, lena n-áirítear le haghaidh mionchásanna. Nuair a fhaightear soitheach ciontach as sceitheadh neamhdhleathach ina gceantar freagrachta, bíonn orthu comhoibriú lena chéile sula mbuaileann an soitheach sin isteach ag calafort de thír AE eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2005. Bhí ar na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 1 Aibreán 2007.

CÚLRA

Nuair a chuaigh an Prestige go tóin poill i mí na Samhna 2002 agus an Erika i mí na Nollag 1999, cuireadh béim ar an ngá a bhí ann chun níos mó long is cúis le truailliú a ghabháil. Ach ní timpistí príomhfhoinse an truaillithe: is ó sceití d’aon ghnó (oibríochtaí glanta umar agus diúscairt dramh-ola) formhór an truaillithe.

Faoi na rialacha sin, ionchorpraítear i ndlí AE codanna den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta 1973 chun Truailliú ó Longa a Chosc agus Prótacal 1978 (ar a dtugtar Coinbhinsiún MARPOL). Buíochas leis sin, is féidir feidhmiú rialacha an choinbhinsiúin a chomhchuibhiú.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Gníomh místuama: gníomh a chuirtear i bhfeidhm cé go bhfuil sé ar eolas gur dhócha go dtarlódh damáiste dá bharr.

* Crios eacnamaíoch eisiach: tuigtear i gcoitinne go gcruthaítear crios dá leithéid nuair a ghlacann tír le dlínse ar thaiscéalaíocht agus ar shaothrú acmhainní muirí amach ón gcósta. Meastar de ghnáth gur banda atá i gceist anseo a shíneann 200 míle amach ón gcósta.

* Daoine dlítheanacha faoin dlí príobháideach: gach eintiteas dlítheanach, amhail cuideachtaí, ach gan stáit, comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí a chur san áireamh.

GNÍOMHARTHA

Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus maidir le pionóis as sáruithe a thabhairt isteach (IO L 255, 30.9.2005, lgh. 11–21)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2005/35/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lgh. 1–9). Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt le haghaidh dramhaíola agus iarmhair lastais a ghintear ar longa (IO L 332, 28.12.2000, lgh. 81–90). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 25.04.2016

Top