EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Mótarfheithiclí le leantóirí: cúl-lampaí ceo (go dtí 2014)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Mótarfheithiclí le leantóirí: cúl-lampaí ceo (go dtí 2014)

Is cuspóir na treorach seo ná ceanglais theicniúla chomhchuibhithe a thabhairt isteach le haghaidh cúl-lampaí ceo, le gur féidir nósanna imeachta cineálcheadaithe an Chomhphobail a chur i bhfeidhm.

ACHT

Treoir 77/538/CEE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1977 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cúl-lampaí ceo le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí

ACHOIMRE

Treoir 77/538/CEE

Is cúl-lampa ceo ann ná lampa a úsáidtear chun feithicil a dhéanamh níos infheicthe ón chúl i gceo trom.

Bíonn ar na Ballstáit uile cineálcheadú comhpháirte a dhámhachtain le haghaidh gach saghas cúl-lampa cheo, cúl-lampa a chomhlíonann na ceanglais tógála agus tástála atá leagtha síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir, agus comhartha chineálcheadú comhpháirte an Chomhphobail Eorpaigh (CE) a eisiúint. Bíonn ar an mBallstát a dhéanann cineálcheadú comhpháirte CE a dhámhachtain na bearta riachtanacha a dhéanamh lena fhíorú go gcloíonn samhlacha táirgthe leis an gcineál ceadaithe.

Ní ceadmhach do na Ballstáit:

  • cosc a chur ar chúl-lampaí ceo a chur ar an mhargadh, mar gheall ar a modh tógála nó modh feidhmithe, má tá comhartha chineálcheadú comhpháirte CE orthu;
  • diúltú do chineálcheadú CE nó náisiúnta a dhámhachtain le haghaidh feithicle mar gheall ar a cúl-lampaí ceo, má tá comhartha chineálcheadú comhpháirte CE ar na cúl-lampaí ceo seo agus má rinneadh iad a chur isteach i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos i dTreoir 76/756/CEE.
  • cosc a chur ar fheithicil a dhíol, a chlárú, a chur ar sheirbhís nó a úsáid, mar gheall ar a cúl-lampaí ceo, má tá comhartha chineálcheadú comhpháirte CE ar na cúl-lampaí ceo seo agus má rinneadh iad a chur isteach i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos i dTreoir 76/756/CEE.

Treoir 89/518/CEE

Leasaítear faoin Treoir seo an Treoir roimhe seo, bunaithe ar an dul chun cinn teicniúil, agus simplítear inti an comhartha chineálcheadú comhpháirte CE le haghaidh cúl-lampaí ceo, i gcás ina mbíonn siad curtha le chéile le lampaí eile, comhcheangailte leo nó curtha isteach iontu. Bíonn feidhm chomh maith ag na sainmhínithe atá leagtha amach i dTreoir 76/756/CEE (lampaí curtha le chéile, lampaí comhcheangailte, foinsí solais maidir le lampaí filiméid, srl.) maidir le Treoir 77/538/CEE.

Treoir 99/14/CE

Leasaítear go mór faoin Treoir seo na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 77/538/EEC, bunaithe ar an dul chun cinn teicniúil, go háirithe an doiciméad eolais agus an deimhniú ar chineálcheadú. Simplítear chomh maith faoi Threoir 99/14/CE na nósanna imeachta cineálcheadaithe lena gcothaítear coibhéis idir Treoir 77/538/CEE agus rialacháin chomhfhreagracha Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip.

Ón 1 Aibreán 2000 i leith, cuireadh cosc ar na Ballstáit cineálcheadú CE a dhámhachtain. Chomh maith leis sin, is féidir leis na Ballstáit diúltú do chineálcheadú náisiúnta a dhámhachtain le haghaidh feithicle de chineál ar bith, mar gheall ar a cúl-lampaí ceo, mura gcomhlíontar ceanglais na Treorach 77/538/CEE.

Na leasuithe atá riachtanach chun forálacha na n-Iarscríbhinní a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, glacfar leo de bhun an nóis imeachta atá leagtha amach in Airteagal 13 de Threoir 70/156/CEE.

Aisghairfear Treoir 77/538/CEE le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, le héifeacht ón 12 Samhain 2014.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 77/538/CEE

29.6.1977

29.12.1978

IO L 220, 29.8.1977

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 89/518/CEE

17.8.1989

31.12.1989

IO L 265, 12.9.1989

Treoir 99/14/CE

2.5.1999

1.10.1999

IO L 97, 12.4.1999

Ionstraim Aontachais

1.5.2004

1.5.2004

IO L 236, 23.9.2003

Treoir 2006/96/CE

1.1.2007

1.1.2007

IO L 363, 20.12.2006

Treoir 2013/15/AE

1.7.2013

1.7.2013

IO L 158, 10.6.2013

Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014

Top