Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Trádáil laistigh de AE ar shuthanna buaibheacha agus allmhairí díobh

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' for an updated information about the subject.

Trádáil laistigh de AE ar shuthanna buaibheacha agus allmhairí díobh

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 89/556/CEE – riochtaí sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil laistigh de AE ar shuthanna buaibheacha agus allmhairiú ó thíortha neamh-AE ar shuthanna bólachta

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos inti riochtaí sláinte ainmhithe i gcomhair trádáil suthanna bólachta clóis idir tíortha AE agus a n-allmhairiú ó thíortha neamh-AE.
  • Ar na bealaí sin, tá sé mar aidhm léi an baol go scaipfí galair ainmhithe a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do shuthanna le haghaidh trádáil laistigh de AE coinníollacha a bhaineann le giniúint, bailiú, táirgeadh, próiseáil, stóráil agus deimhniú a chomhlíonadh. Ní mór deimhniú sláinte a bheith ag gabháil leo nuair a bhítear á n-iompar ina ndeimhnítear go gcloíonn siad leis an treoir seo.
  • Beartaítear córas sa treoir chun foirne bailithe agus táirgthe suthanna a cheadú sna tíortha AE agus i dtíortha neamh-AE. Cláraíonn údarás inniúil na tíre lena mbaineann gach foireann agus faigheann siad uimhir chláraithe tréidliachta.
  • Déanann gach tír AE nuashonrú rialta ar an liosta d’fhoirne bailithe agus táirgthe suthanna, seoltar é ansin chuig tíortha AE eile agus chuig an bpobal.
  • Tá srian ar allmhairí suthanna ó thíortha neamh-AE maidir leo sin:
    • as tíortha atá liostaithe de réir nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 18 den treoir maidir le critéir áirithe, amhail:
      • sláinte an bheostoic;
      • faisnéis maidir le galair thógálacha;
      • galair ainmhithe a chosc agus a chomhrac;
      • struchtúr na seirbhísí tréidliachta;
      • na ráthaíochtaí a thugtar;
    • arna mbailiú nó arna dtáirgeadh ag foirne bailithe agus táirgthe suthanna liostaithe ag údaráis inniúla.
  • Déantar foráil sa treoir le haghaidh bearta cosanta agus rialaithe i dtír an bhailithe agus sa tír cinn scríbe.

Aisghairm

Déanann Rialachán (AE) 2016/429 aisghairm agus ionadú ar Threoir 89/556/CEE le héifeacht ón 21 Aibreán 2021.

CÉN UAIR A BHEIDH TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 29 Meán Fómhair 1989. B’éigean do thíortha AE í a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 1991.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 89/556/CEE an 25 Meán Fómhair 1989 ón gComhairle maidir le riochtaí sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil laistigh de AE ar shuthanna ainmhithe clóis den speiceas buaibheach (IO L 302, 19.10.1989, lgh. 1–11)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Threoir 89/556/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2006/168/CE an 4 Eanáir 2006 ón gCoimisiún lena mbunaítear ceanglais deimhnithe sláinte ainmhithe agus tréidliachta maidir le hallmhairithe isteach sa Chomhphobal de shuthanna buaibheacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/217/CE (IO L 57, 28.2.2006, lgh. 19–34)

Féach an leagan comhdhlúite de Chinneadh 2006/168/CE.

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1–208)

Nuashonraithe 04.05.2020

Top