A áirithiú go n-oibríonn an margadh aonair do thomhaltóirí AE
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht (COM(2008) 31 final) — monatóireacht ar thorthaí tomhaltóirí sa mhargadh aonair: scórchlár margaí tomhaltóirí
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
-
Bunaíodh na Scórchláir Tomhaltóirí in 2008, trí bhíthin na teachtaireachta seo.
-
Cuirtear i láthair inti an mhodheolaíocht tosaigh a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar mhargaí tomhaltóirí agus torthaí an chéad scórchláir margaí tomhaltóirí.
-
Tugtar breac-chuntas inti freisin ar bhealaí feabhsúcháin, e.g. trí aicmiú comhchuibhithe a leagan síos maidir le gearán ó thomhaltóirí ar leibhéal AE agus líon na n-earnálacha atá cumhdaithe a mhéadú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cad é an scórchlár margaí tomhaltóirí?
Is uirlis é a cruthaíodh chun monatóireacht a dhéanamh ar mhargaí tomhaltóirí: scórchlár a chuireann ní amháin praghsanna agus sábháilteacht táirgí san áireamh, ach freisin sástacht tomhaltóirí.
Monatóireacht ar mhargaí earraí tomhaltóirí
Tá an próiseas a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar na margaí earraí tomhaltóirí miondealaithe ina dhá chéim:
-
céim roghnúcháin — na hearnálacha atá ag mífheidhmiú a shainaithint;
-
céim anailíse — na cúiseanna atá leis na mífheidhmeanna sin a shainaithint.
An chéim roghnúcháin
Déantar imscrúdú ar thrí ghné den mhargadh:
-
1.
Margaí tomhaltóirí a shainaithint
Déantar anailís ar fheidhmíocht ghinearálta na n-earnálacha difriúla ag baint úsáid as na cúig tháscaire seo a leanas:
-
gearáin ó thomhaltóirí
-
leibhéil praghsanna
-
sástacht tomhaltóirí
-
athruithe ar sholáthraí
-
sábháilteacht táirgí agus seirbhísí.
-
2.
Meastóireacht ar chomhtháthú an mhargaidh miondíola aonair
-
Is féidir comhtháthú an mhargaidh miondíola inmheánaigh a thomhas trí láithreacht miondíoltóirí ó thíortha eile, infheistíochtaí díreacha coigríche laistigh den Aontas Eorpach agus trádáil miondíola laistigh den Aontas Eorpach.
-
Cuirtear san áireamh freisin meon na ndaoine a cheannaíonn rudaí in AE agus na fadhbanna a bhíonn acu.
-
3.
Tagarmharcáil ar an timpeallacht tomhaltóirí i dtíortha AE
D’fhonn measúnú a dhéanamh ar na timpeallachtaí tomhaltóirí difriúla, déantar imscrúdú ar na gnéithe seo a leanas:
-
forfheidhmiú na reachtaíochta;
-
sásamh, agus peirspictíochtaí tomhaltóirí maidir le sásamh;
-
ról na n-eagraíochtaí tomhaltóirí agus muinín na dtomhaltóirí iontu;
-
an méid cumhachta atá ag an tomhaltóir: go háirithe, leibhéil oideachais, faisnéise, inniúlachta agus feasachta.
An chéim anailíse
Déantar anailís ar roinnt saincheisteanna lena n-áirítear:
-
cumhacht an tomhaltóra;
-
an dochar a déantar do thomhaltóirí;
-
an gaol idir praghsanna allmhairithe agus praghsanna tomhaltóirí;
-
táscairí reachtacha;
-
comhlíonadh reachtaíochta;
-
cáilíocht, agus go háirithe an méid nuálaíochta, sláinte agus an comhshaol;
-
inrochtaineacht agus praghsanna inacmhainne;
-
idir-inoibritheacht, i.e. an cumas atá ag córas nó ag táirge feidhmiú le táirgí eile.
Mionchoigeartú ar an scórchlár tomhaltóirí ó 2008 i leith
Forbraíodh agus foilsíodh dhá chineál scórchlár tomhaltóirí ó 2008.
-
Déanann an Scórchlár Margaí Tomhaltóirí rianú ar fheidhmíocht os cionn 40 margadh tomhaltóirí bunaithe ar phríomhtháscairí amhail muinín go gcloíonn díoltóirí le:
-
rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí;
-
inchomparáideacht tairiscintí;
-
an rogha atá ar fáil sa mhargadh;
-
a mhéid a fhreastalaítear ar ionchais tomhaltóirí; agus
-
an díobháil a tharlaíonn de dhroim fadhbanna a bhíonn ag tomhaltóirí.
-
Déantar monatóireacht agus anailís ar tháscairí eile freisin sa scórchlár seo, amhail aistriú agus praghsanna .
-
Déanann Scórchlár Dhálaí na dTomhaltóirí monatóireacht ar dhálaí náisiúnta do thomhaltóirí i dtrí réimse:
-
eolas agus iontaoibh;
-
comhlíonadh agus forfheidhmiú; agus
-
gearáin agus réiteach díospóide.
-
Déanann an scórchlár imscrúdú ar dhul chun cinn maidir le comhtháthú mhargadh miondíola AE.
-
Ó 2013 i leith, foilsítear an dá scórchlár gach ré bliain.
-
Rinneadh athbhreithniú modheolaíochta grinn ar na scórchláir tomhaltóirí in 2013-2015 i gcomhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde. Rinneadh athruithe ar an modheolaíocht a dearadh de bharr an athbhreithnithe.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún — Monatóireacht a dhéanamh ar thorthaí tomhaltóirí sa mhargadh aonair: an scórchlár margaí tomhaltóirí (COM(2008) 31 final, 29.1.2008)
Nuashonraithe 23.01.2017
Top