Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Deimhneacht dhlíthiúil i dtrádáil idirnáisiúnta do ghnólachtaí AE a bhaineann úsáid as comhaontuithe maidir le roghnú cúirte

Deimhneacht dhlíthiúil i dtrádáil idirnáisiúnta do ghnólachtaí AE a bhaineann úsáid as comhaontuithe maidir le roghnú cúirte

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2009/397/CE maidir le síniú an Choinbhinsiúin um Chomhaontuithe maidir le Roghnú Cúirte

Cinneadh 2014/887/AE lena bhfaomhtar Coinbhinsiún na Háige um Chomhaontuithe maidir le Roghnú Cúirte idir páirtithe in idirbhearta idirnáisiúnta

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

  • Thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE), sínítear agus faomhtar leo Coinbhinsiún na Háige an 30 Meitheamh 2005 um Chomhaontuithe maidir le Roghnú Cúirte*.
  • Soiléirítear leis an gcoinbhinsiún na rialacha lena rialaítear díospóidí trádála idirnáisiúnta, i gcás gur roghnaigh na páirtithe cúirt a bheidh inniúil go heisiach.
  • Leis an gcoinbhinsiún seo tugtar deimhneacht dhlíthiúil níos mó do chuideachtaí AE a dhéanann gnó le comhlachtaí lasmuigh de AE trína chinntiú go dtabharfar urramú dá rogha chúirte le déileáil le díospóid.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme an Choinbhinsiúin

  • Tá feidhm ag an gcoinbhinsiún maidir le comhaontuithe eisiacha um roghnú cúirte in ábhair idirnáisiúnta shibhialta agus thráchtála a bhaineann le tíortha a chuireann an coinbhinsiún i bhfeidhm.
  • Ceaptar go bhfuil comhaontú um roghnú cúirte eisiach, mura sonraíonn na páirtithe a mhalairt.
  • Eisiaitear roinnt saincheisteanna. Is iad seo a leanas samplaí de chuid díobh sin:
  • Lena chois sin, féadfaidh na páirtithe sa choinbhinsiún saincheisteanna áirithe eile a eisiamh ó raon feidhme a chur i bhfeidhm. Ar an mbonn sin, rinne AE dearbhú nach gcuirfidh sé an coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar chúrsaí áirithe árachais.

Urramú na rogha cúirte a chinntiú

  • Comhthoil na bpáirtithe — féadfaidh na páirtithe sa choinbhinsiún comhaontú eisiach um roghnú cúirte a chur i gcrích chun cúirt ceann de na tíortha a bhfuil an coinbhinsiún á chur i bhfeidhm inti a ainmniú mar a bheith inniúil chun déileáil le díospóid. Ní mór an comhaontú a dhéanamh i scríbhinn nó ar bhealach eile lena féidir an fhaisnéis a rochtain ina dhiaidh sin.
  • Inniúlacht na cúirte — is í an chúirt ainmnithe an t–aon chúirt atá inniúil chun díospóidí a éisteacht atá gcumhdaithe faoin gcomhaontú um roghnú cúirte, mura gcinneann sí nach bhfuil an comhaontú bailí faoina dlí náisiúnta. Ní mór do chúirt ar bith nach roghnaíodh imeachtaí a chur ar fionraí nó a chaitheamh amach, imeachtaí a thionscnaíodh maidir le sárú ar an gcomhaontú um roghnú cúirte, ach amháin i gcás:
    • go bhfuil an comhaontú ar neamhní go hiomlán faoi dhlí stát na cúirte roghnaithe;
    • nach raibh an acmhainn ag an bpáirtí an comhaontú a chur i gcrích faoi dhlí náisiúnta na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair;
    • go sáraítear beartas poiblí stát na cúirte nach roghnaíodh le chur chun feidhme an chomhaontaithe;
    • nach féidir an comhaontú a fheidhmiú; nó
    • go gcinneann an chúirt ainmnithe in éadan an cás a éisteacht.
  • Aithint agus forfheidhmiú — ní mór do na stáit eile a bhfuil an coinbhinsiún á chur i bhfeidhm acu breithiúnas a thugann an cúirt roghnaithe a aithint agus a fhorfheidhmiú. Féadfaidh siad forfheidhmiú a chur siar, áfach, má tá an breithiúnas fós á athbhreithniú sa stát bunaidh nó mura bhfuil an spriocdháta chun gnáth-athbhreithniú a lorg éagtha fós. Leagtar amach leis an gcoinbhinsiún líon cásanna eile i gcás go bhféadfar aithint agus forfheidhmiú a dhiúltú (mar shampla, sa chás gur trí chalaois a fuarthas an breithiúnas). Tá liosta sa téacs chomh maith de na doiciméid a theastaíonn chun aithint agus forfheidhmiú a iarraidh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOINBHINSIÚIN?

I ndiaidh Chinneadh 2014/887/AE, dhaingnigh AE an coinbhinsiún an 15 Meitheamh 2015, á dhéanamh ceangailteach ar gach tír AE (amháin an Danmhairg) agus na tíortha eile a dhaingnigh é ón nóiméad a tháinig sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 2015.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhaontú um roghnú cúirte: comhaontú idir páirtithe chun cé acu cúirt (cúirt shonrach amháin nó níos mó) atá inniúil maidir le díospóidí a bhaineann le caidreamh dlíthiúil faoi leith a ainmniú.
Réiteach malartach ar dhíospóidí: díospóidí a réiteach gan dul chun na cúirte.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2009/397/CE ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin um Chomhaontuithe maidir le Roghnú Cúirte (IO L 133, 29.5.2009, lgh. 1-13).

Cinneadh 2014/887/AE ón gComhairle an 4 Nollaig 2014 maidir le faomhadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Háige an 30 Meitheamh 2005 um Chomhaontuithe maidir le Roghnú Cúirte (IO L 353, 10.12.2014, lgh. 5-8).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (IO L 351, 20.12.2012, lgh. 1-32).

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 24.07.2017

Top