Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialachas an Aontais Eorpaigh

Rialachas an Aontais Eorpaigh

Sainítear leis an nath “rialachas Eorpach” an comhlacht rialacha, na nósanna imeachta agus cleachtais maidir leis an gcaoi a bhfeidhmítear cumhachtaí san Aontas Eorpach (AE). Is é an cuspóir an daonlathas a neartú ar leibhéal AE agus na saoránaigh a thabhairt níos gaire d’institiúidí AE.

Tá an rialachas Eorpach bunaithe ar na prionsabail a leanas:

  • oscailt suas institiúidí AE agus a dtrédhearcacht;
  • an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht;
  • beartais chomhsheasmhacha agus dea-bhainistithe a chumadh agus a chur chun feidhme;
  • creat rialála soiléir, seasmhach agus intuartha a áirithiú a thacaíonn le fás agus le poist;
  • prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta a urramú;
  • a áirithiú go míníonn agus go nglacann gach ceann d’institiúidí AE agus gach Ballstát AE freagracht as a ndéanann siad in AE;
  • cur leis an díospóireacht ar rialachas domhanda d’fhonn oibriú na n-institiúidí idirnáisiúnta a fheabhsú.

FÉACH FREISIN

Top