This document is an excerpt from the EUR-Lex website
The European Social Fund (2007-2013)
Ciste Sóisialta na hEorpa (2007–2013)
Ciste Sóisialta na hEorpa (2007–2013)
This summary has been archived and will not be updated. See 'Ciste Sóisialta na hEorpa' for an updated information about the subject.
Ciste Sóisialta na hEorpa (2007–2013)
Chun misean agus raon Chiste Sóisialta na hEorpa a leagan amach don tréimhse 2007–2013, tá sainfhorálacha sa Rialachán seo a bhaineann le cineálacha gníomhaíochta ar féidir iad a mhaoiniú trí CSE. Tacaíonn CSE le tosaíochtaí an Chomhphobail maidir leis an riachtanas comhtháthú sóisialta a neartú, táirgiúlacht agus iomaíochas a mhéadú, agus fás eacnamaíoch agus forbairt inbhuanaithe a spreagadh. Sa chomhthéacs seo, féachann CSE le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí mheán an fhostaíocht agus deiseanna fostaíochta a fheabhsú.
ACHT
Regulation (EC) No 1081/2006 of the European Parliament and of the Council of 5 July 2006 on the European Social Fund and repealing Regulation (EC) No 1784/1999 (Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1784/1999) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha]
ACHOIMRE
Don tréimhse 2007–2013, leagtar amach sna forálacha ginearálta ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar Chiste Sóisialta na hEorpa agus ar an Chiste Comhtháthaithe go dtacaíonn CSE na gníomhaíochtaí i réimse an chuspóra “Cóineasú” (maidir leis na réigiúin is lú forbairt) agus an chuspóra “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht” (a fhéachann le hathrú eacnamaíoch a luathú agus a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin).
Misean
Tacaíonn CSE le beartas na mBallstát chun Straitéis Liospóin a athdhíriú ar an fhás agus ar an fhostaíocht. Tá na beartais seo ceangailte go dlúth leis na Mór-Threoirlínte Beartas Eacnamaíoch, le Straitéis Fostaíochta na hEorpa agus leis na Treoirlínte Fostaíochta. Le bheith cruinn, tá de cuspóir ag CSE:
Raon feidhme agus tosaíochtaí
Taobh istigh de na cuspóirí “Cóineasú” agus “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht”, tacaíonn CSE le gníomhaíochtaí sna Ballstáit de réir na dtosaíochtaí seo a leanas:
Tosaíochtaí
Lena chois sin, taobh istigh den chuspóir “Cóineasú”, tacaíonn CSE leis na tosaíochtaí seo a leanas:
Comhchruinniú na tacaíochta
Féachann na Ballstáit chuige go bhfuil na gníomhaíochtaí a thacaíonn CSE leo i gcomhréir le gníomhaíochtaí na straitéise Eorpaí ar son na fostaíochta agus go gcuireann siad léi. Comhchruinníonn na Ballstáit an tacaíocht ar chur i bhfeidhm na moltaí a bhaineann leis an fhostaíocht.
Incháilitheacht le haghaidh caiteachais
Cinntear go náisiúnta ar na rialacha a bhaineann le hincháilitheacht le haghaidh caiteachais. Mar sin féin, níl an caiteachas seo a leanas incháilithe le haghaidh CSE:
Dea-rialú agus comhpháirtíocht
Spreagann CSE an dea-rialú agus an chomhpháirtíocht. An tacaíocht a thugann sé sa réimse seo, ceaptar agus cuirtear i bhfeidhm í go náisiúnta, go réigiúnach nó go háitiúil de réir mar is fóirsteanaí maidir leis na socruithe atá ann ag na hinstitiúidí i ngach Ballstát. Féachann na Ballstáit chuig rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus chuig comhairliú agus rannpháirtíocht shásúil na bpáirtithe leasmhara eile, ag an leibhéal críche is fóirsteanaí, in ullmhú, i gcur i bhfeidhm agus i monatóireacht CSE.
Comhthéacs
Tá na forálacha eile maidir le beartas an chomhtháthaithe don tréimhse 2007–2013 le fáil sna ceithre rialachán a bhaineann:
Ó thaobh na polaitíochta de, tá bun airgeadais an bheartais chomhtháthaithe don tréimhse 2007–2013 sa Chomhaontú Idirinstitiúideach agus an Creat Airgeadais 2007–2013.
Tagairtí
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 |
1.8.2006 |
— |
IO L 210, 31.7.2006 |
Acht leasaitheach |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (CE) Uimh. 396/2009 |
22.5.2009 |
— |
IO L 126, 21.5.2009 |
ACHTANNA GAOLMHARA
Commission Decision 2006/593/EC of 4 August 2006 fixing an indicative allocation by Member State of the commitment appropriations for the Regional competitiveness and employment objective for the period 2007-2013 [OJ L 243, 6.9.2006] (Cinneadh 2006/593/CE ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2006 lena socraítear leithdháileadh táscach na leithreasaí gealltanais de réir Ballstáit maidir leis an chuspóir “Iomaíochas réigiúnach agus Fostaíochta” don tréimhse ó 2007 go 2013)Arna leasú le:Cinneadh 2010/476/AE [IO L 232, 2.9.2010]
Council Decision 2006/702/EC of 6 October 2006 on Community strategic guidelines on cohesion [OJ L 291, 21.10.2006] (Cinneadh 2006/702/CE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2006 maidir le Treoirlínte Straitéiseacha an Chomhphobail um Chomhtháthú)
Ghlac an Chomhairle le Dréacht-Treoirlínte Straitéiseacha Comhphobail ar son an chomhtháthaithe, an fháis agus na fostaíochta an 6 Deireadh Fómhair 2006. Is iad na Treoirlínte straitéiseacha seo an creat táscach chun beartas an chomhtháthaithe a chur i bhfeidhm agus chun na Cistí a úsáid sa tréimhse 2007-2013.
Communication from the Commission of 5 July 2005 — Cohesion Policy in Support of Growth and Jobs — Community Strategic Guidelines, 2007-2013 [COM(2005) 299 - Not published in the Official Journal] (Cumarsáid ón Choimisiún, an 5 Iúil 2005, Beartas Comhtháthaithe mar thaca le fás agus le fostaíocht — Treoirlínte Straitéiseacha an Chomhphobail 2007-2013 [COM(2005) 299 — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])
Nuashonrú is déanaí: 17.09.2010