EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Leas na n-ainmhithe le linn iompair — rialacha maidir le pointí ceann réime

Leas na n-ainmhithe le linn iompair — rialacha maidir le pointí ceann réime

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle maidir le critéir AE le haghaidh post rialaithe agus lena leasaítear plean an bhealaigh maidir le hiompar ainmhithe

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Sa rialachán, leagtar rialacha amach maidir le poist rialaithe, poist ina ligeann ainmhithe a scíth ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad le linn sosanna éigeantacha i dturais fad-achair san Aontas Eorpach (AE). Ceaptar na poist sin chun na dálaí is fearr is féidir a chinntiú maidir le leas na n-ainmhithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do na poist rialaithe:
    • a bheith lonnaithe in áit nach bhfuil srianta curtha i bhfeidhm inti maidir le sláinte ainmhithe;
    • a bheith faoi údarás tréidlia oifigiúil;
    • a bheith faoi réir ag imscrúduithe rialta dhá uair sa bhliain nó níos mó;
    • cloí le reachtaíocht ábhartha AE maidir le sláinte ainmhithe;
    • cloí le bearta mionsonraithe sláinte agus sláinteachais, le caighdeáin tógála agus le rialacha oibríochtúla. Cumhdaíonn siad sin na rudaí seo a leanas: leaba agus aoileach na n-ainmhithe, luchtú agus díluchtú trealaimh agus cóireáil ainmhithe.
  • Ní úsáidtear na poist rialaithe ach chun na gcríoch seo a leanas: glacadh le hainmhithe, bia agus uisce a thabhairt dóibh, seans a thabhairt dóibh chun a scíth a ligean, freastal orthu, cúram a thabhairt dóibh agus iad a sheoladh ar aghaidh.
  • Ní féidir le hainmhithe ó choinsíneachtaí difriúla a bheith ann ag an am céanna ach amháin i gcás go bhfuil an stádas céanna deimhnithe sláinte acu.
  • Déanann an t-údarás ábhartha náisiúnta uimhir a cheadú agus a eisiúint do gach post rialaithe. D’fhéadfadh a gceadú a bheith teoranta do speicis nó do chatagóirí áirithe ainmhithe agus dá stádas sláinte.
  • Ní mór d’úinéirí post rialaithe:
    • glacadh le hainmhithe atá deimhnithe nó aitheanta de réir reachtaíocht ábhartha AE agus leis na hainmhithe sin amháin;
    • a chinntiú go dtugtar cúram do na hainmhithe agus go dtugtar bia agus uisce dóibh nuair is gá;
    • glaoch a chur ar thréidlia chun cóireáil a chur ar ainmhí nó chun ainmhí a chur chun báis;
    • baill foirne a fhostú a bhfuil oiliúint agus inniúlacht ghairmiúil chuí acu;
    • na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas laistigh de lá oibre amháin nuair a fhágann coinsíneacht an post;
    • mírialtachtaí a chur in iúl a luaithe agus is féidir don údarás inniúil.
  • Ní mór do thír AE úsáid post áirithe rialaithe a chur ar fionraí má dhéantar sáruithe tromchúiseacha ar na rialacha maidir le sláinte nó leas ainmhithe. Cuirtear é sin in iúl don Choimisiún Eorpach agus do thíortha AE eile ag an tír AE sin.
  • Ní mór do thréidlia oifigiúil a fhíorú gur féidir leis na hainmhithe leanúint ar aghaidh lena dturas sula bhfágfaidh siad an post rialaithe.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 1 Eanáir 1999.

CÚLRA

Glactar leis i gCoinbhinsiún Liospóin, a cuireadh i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, gur neacha mothaitheacha ainmhithe. De thoradh, ní mór go gcloífeadh beartais AE go hiomlán lena riachtanais leasa.

Ghlac AE le reachtaíocht ar leith maidir le:

Féach “Leas na n-ainmhithe — Príomhéachtaí” ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir Chomhphobail le haghaidh pointí ceann réime agus lena leasaítear plean an bhealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE (IO L 174, 2.7.1997, lgh. 1-6)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE, Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lgh. 1-44)

Cinneadh 2004/544/CE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2004 maidir le síniú an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun ainmhithe a chosaint le linn iompair idirnáisiúnta (IO L 241, 13.7.2004, lch. 21)

Nuashonraithe 11.04.2016

Top