Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Galar gormtheanga

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' for an updated information about the subject.

Galar gormtheanga

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2000/75/CE — rialacha chun galar gormtheanga a rialú agus a dhíothú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti agus ina leasuithe ina dhiaidh sin bearta mionsonraithe chun an galar gormtheanga* a rialú agus a dhíothú, agus leagtar amach nósanna imeachta a bheidh le glacadh i gcás ina dtarlaíonn ráig de.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór cásanna den ghalar gormtheanga a bhfuil amhras fúthu nó atá deimhnithe a chur in iúl d’údarás inniúil AE, sa tír atá i gceist sula gcuirtear bearta i bhfeidhm.
  • Nuair atá amhras faoi chás den ghalar gormtheanga, ba cheart don tréidlia an tréad a fhaire, fardal a dhéanamh ar na hainmhithe agus ar an áitreabh, suirbhé eipidéimeolaíochta a dhéanamh agus cosc a chur ar ghluaiseachtaí, na hainmhithe a chóireáil le feithidicídí agus fáil réidh le haon chonablach.
  • Má dheimhnítear an galar, leathnófar na bearta sin chuig na gabháltais* ar fad laistigh d’achar 20 km. Lena chois sin, sínfear crios cosanta thar achar 100 km ar a laghad thart ar an ngabháltas a bhfuil an galar ann, i gcás go sainaithneofar na hainmhithe go léir agus ní bheidh cead acu an crios a fhágáil. Ní mór don údarás clár faireachais eipidéimeolaíochta a bhunú. Ní mór clár vacsaínithe a bhunú laistigh den chrios seo chomh maith.
  • Sínfear crios faireachais ar feadh 50 km ar a laghad thar an gcrios cosanta agus beidh na bearta céanna i bhfeidhm ann maidir le sainaithint, srian gluaiseachta agus faireachas is a bheidh ag an gcrios cosanta, ach beidh cosc ar vacsaíniú. Féadfar na criosanna a shíneadh nó a laghdú ag brath ar imthosca.
  • Ceadaítear vacsaíní bunaithe ar mheasúnú riosca faoi leith agus ar an gcoinníoll go gcuirtear an Coimisiún Eorpach ar an eolas sula dtugtar iad. Is féidir roinnt airgid a íoc i leith na gcostas.
  • Cuireadh vacsaíní nua díghníomhaithe ar fáil ó foilsíodh an bhuntreoir, agus mar thoradh ar a n-úsáid le linn ráigeanna 2008 agus 2009, tá feabhas mór tagtha ar rialú an ghalair ghormtheanga. Roghnaítear vacsaíní díghníomhaithe anois in ionad na vacsaíní beo níos sine lenar bhain baol éigin go scaipfí an víreas leo.

Aisghairm

Cuirfear Rialachán (AE) 2016/429 in ionad Threoir 2000/75/CE ón 20 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhme léi ón 22 Nollaig 2000. Bhí sí le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 2002.

CÚLRA

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Galar gormtheanga: galar víreasach in athchogantaigh nach bhfuil tógálach, a bhíonn á iompar ag míoltóga agus a aimsítear i gcaoirigh de ghnáth. I measc na gcomharthaí bíonn cneácha, bacaíl agus fadhbanna atáirgthe. Níl aon chóireáil éifeachtach ann, féadfaidh ainmhithe a thógann an galar bás a fháil taobh istigh de laethanta, agus i gcás ainmhithe a thagann slán ón ngalar tógann sé cúpla mí orthu teacht slán go hiomlán uaidh. Níl aon bhaol sa ghalar do dhaoine.
Gabháltas: ionad talmhaíochta nó ionad eile ina dtógtar nó ina gcoinnítear go buan nó go sealadach ainmhithe speicis a d’fhéadfadh a bheith so-ghabhálach don ghalar gormtheanga.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2000/75/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2000 lena leagtar síos forálacha sonracha maidir le galar gormtheanga a rialú agus a dhíothú (IO L 327, 22.12.2000, lgh. 74–83)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2000/75/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair ainmhithe in-tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2008/655/CE ón gCoimisiún an 24 Iúil 2008 maidir leis na pleananna vacsaínithe éigeandála de chuid Ballstát áirithe in éadan galair ghormtheanga a fhaomhadh agus leibhéal ranníocaíochta an Chomhphobail a shocrú le haghaidh 2007 agus 2008 (IO L 214, 9.8.2008, lgh. 66–69)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1266/2007 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2007 maidir le rialacha cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2000/75/CE ón gComhairle maidir le monatóireacht, faireachas agus srianta ar ghluaiseacht ainmhithe áirithe ar speicis shoghabhálacha iad i leith galar gormtheanga (IO L 283, 27.10.2007, lgh. 37-52)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2003/845/CE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2003 maidir le bearta cosanta i dtaca le hainmhithe áirithe, a seamhan, a n-ubháin agus a suthanna a allmhairiú ón Albáin, ó Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine agus ón tSeirbia agus ó Mhontainéagró maidir le galar gormtheanga (IO L 321, 6.12.2003, lch. 61)

Nuashonraithe 25.10.2018

Top