Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhionannas idir mná agus fir

Comhionannas idir mná agus fir

Bunaíodh an prionsabal um chomhionannas idir fir agus mná maidir le pá comhionann le Conradh na Róimhe 1957.

Ó shin i leith, rinneadh an prionsabal um chomhionannas idir fir agus mná a leathnú le sraith dhlíthe AE (treoracha) chun coinníollacha oibre, leas sóisialta, rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, cothromaíocht oibre is saoil, cosaint mháithreachais, saoire do thuismitheoirí agus cóir chomhionann san obair i gcáil féinfhostaithe a chuimsiú ann.

Leagadh an prionsabal um chomhionannas mar cheann de luachanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh amach i gConradh Liospóin agus, go sonrach, in Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus Airteagail 8, 10, 19, 153 agus 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 21 agus 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

Le comhionannas inscne, mar cheann de 20 príomhphrionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, féachtar leis an méid seo a leanas a áirithiú:

  • an ceart chun pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach;
  • cóir chomhionann agus comhionannas deiseanna idir mná agus fir i ngach réimse, lena n–áirítear:
    • margadh an tsaothair,
    • téarmaí agus coinníollacha fostaíochta,
    • dul chun cinn gairme.

Le himeacht na mblianta, ghlac an Coimisiún Eorpach straitéisí maidir le comhionannas idir fir agus mná. Sa Straitéis is déanaí maidir le hInscne, ina gclúdaítear an tréimhse 2020-2025, cuirtear i láthair cuspóirí beartais agus gníomhaíochtaí chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh faoi 2025 i dtreo Eoraip ina mbeidh comhionannas inscne.

FÉACH FREISIN

Top