EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaireacht um chomhar idir rialálaithe fuinnimh an Aontais Eorpaigh

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'An Ghníomhaireacht um chomhar idir rialálaithe fuinnimh náisiúnta' for an updated information about the subject.

Gníomhaireacht um chomhar idir rialálaithe fuinnimh an Aontais Eorpaigh

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 — lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh* (an ghníomhaireacht), a misean agus tascanna, eagraithe i gcláir oibre bhliantúla.
  • Ag an leibhéal AE, comhlánaíonn agus comhordaíonn an ghníomhaireacht obair na rialálaithe fuinnimh náisiúnta.
  • Bíonn ról lárnach aici san fhorbairt ar rialacha maidir le líonra agus an margadh ar fud an Aontais Eorpaigh do leictreachas agus gás laistigh de chuspóirí bheartas fuinnimh AE ar an iomlán.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an ngníomhaireacht:

  • eisíonn sí tuairimí agus moltaí neamhcheangailteacha chuig oibreoirí córais tarchurtha*, údaráis rialála, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach;
  • glacann sí cinntí aonair ceangailteacha i gcásanna ar leith agus faoi choinníollacha ar leith maidir le cúrsaí infreastruchtúir trasteorann;
  • cuireann sí dréacht-treoirlínte faoi bhráid an Choimisiúin le húsáid mar bhunús le cóid líonra (rialacha) a chruthú;
  • cuireann sí creat ar fáil inar féidir le húdaráis rialála náisiúnta comhoibriú;
  • comhordaíonn sí tionscnaimh infreastruchtúir réigiúnacha agus trasteorann i réimsí amhail toilleadh a dháileadh agus muirir a ghearradh ar úsáideoirí;
  • déanann sí monatóireacht ar obair na líonraí Eorpacha d’oibreoirí córais tarchurtha* (ENTSOanna);
  • déanann sí monatóireacht ar mhargaí leictreachais agus gáis nádúrtha an Aontais Eorpaigh, ach go háirithe praghsanna miondíola agus rochtain ar an líonra, lena n-áirítear leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;
  • tá sí á bainistiú ag stiúrthóir atá ceaptha ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana. Ullmhaíonn an duine clár oibre bliantúil don bhliain dar gcionn agus féadfaidh sé nó sí grúpaí oibre a bhunú chun comhairle a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí rialála na gníomhaireachta;
  • féadfaidh sí sainghrúpaí a chruthú chun comhairle ad hoc a sholáthar maidir le forbairt ar bheartas rialála;
  • tá bord riaracháin, bord rialálaithe agus bord achomhairc aici;
  • buiséad aici atá maoinithe ag fóirdheontas AE, táillí, ranníocaíochtaí náisiúnta deonacha agus leagáidí, tabhartais nó deontais;
  • féadfaidh sí fáilte a chur roimh rannpháirtíocht tíortha nach tíortha AE iad ina cuid oibre, faoi choinníollacha áirithe.

Sa bhliain 2011, tugadh tascanna breise don ghníomhaireacht faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 (ar a dtugtar REMIT — Regulation on Energy Market Integrity and Transparency nó Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh). Féachtar leis seo le trédhearcacht agus sláine na margaí mórdhíola fuinnimh AE a mhéadú agus le dul i ngleic le trádáil chos istigh agus le cúbláil mhargaidh.

Sa bhliain 2013, le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh, tugadh ról breise don ghníomhaireacht i dtaca le tionscadail leasa choitinn a ainmniú agus monatóireacht a dhéanamh orthu.

Féadfaidh an ghníomhaireacht sainghrúpaí a bhunú ar bhonn ad hoc chun tacaíocht um fhorbairt beartais a thabhairt di. Faoi láthair tá trí shainghrúpa ann a dhíríonn ar:

  • an Rialachán REMIT a chur i bhfeidhm;
  • faireachas ar an margadh fuinnimh mórdhíola;
  • teicneolaíocht faisnéise (TF) chun REMIT a chur i bhfeidhm.

CÚLRA

Cruthaíodh an ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), gníomhaireacht AE, leis an tríú pacáiste fuinnimh chun dul chun cinn níos mó a dhéanamh i gcur chun críche an mhargaidh fuinnimh inmheánaigh do leictreachas agus do ghás nádúrtha.

Seoladh an ghníomhaireacht go hoifigiúil i Márta 2011, agus tá sí suite i Ljubljana na Slóivéine.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Rialálaithe Fuinnimh: comhlachtaí a cheapann tíortha AE chun oibríocht cheart a margaí fuinnimh a áirithiú, i.e. go sásaíonn soláthraithe fuinnimh a gceanglais agus go gcuirtear seirbhís iontaofa ar fáil do thomhaltóirí ar phraghas cóir.

* Oibreoir córais tarchurtha (TSO): eintiteas a tharchuireann fuinneamh, amhail gás nádúrtha nó leictreachas, go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta ag baint úsáid as infreastruchtúr seasta.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lgh. 1-14)

Rinneadh na leasuithe leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lgh. 1–16)

Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lgh. 39-75). Féach leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.10.2015

Top