Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha in AE a chosc agus a cheartú

Míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha in AE a chosc agus a cheartú

 

ACHOIMRE AR

Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú

Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

  • Tugtar eolas i Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 faoin nós imeachta a úsáidtear chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a aimsiú agus a cheartú. Tá feidhm ag an rialachán seo i ngach tír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Leagtar sásra forfheidhmiúcháin síos i Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011. Is é an toradh atá ar an sásra sin smachtbhannaí airgeadais do thíortha limistéar an euro nach gcloíonn le moltaí an Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch (MIP), moltaí a dhéantar ar leibhéal AE chun míchothromaíocht iomarcach a réiteach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Chomh maith le dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar bheartais bhuiséadacha thíortha AE, déanann an AE scrúdú freisin ar fhorbairtí macra-airgeadais* chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha* a d’fhéadfadh bheith díobhálach, agus na rioscaí a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhraith, a chosc agus a cheartú.

Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh

  • Gach bliain, dréachtaíonn an Coimisiún Eorpach an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh (AMR), túsphointe thimthriall bliantúil an MIP. Bíonn an AMR bunaithe ar léamh eacnamaíoch scórchláir de tháscairí, ach braitheann sé freisin ar anailísí eile iomchuí eacnamaíocha agus airgeadais. Déantar measúnú ann ar staid na dtíortha AE chun forbairtí a aimsiú a d’fhéadfaidís míchothromaíochtaí a léiriú.
  • Bunaithe ar an tuarascáil sin, aithníonn an Coimisiún na tíortha AE a bhfuil seans ann go gcuirfidh míchothromaíocht isteach orthu agus ar gá anailís bhreise a dhéanamh orthu. Déanann an Chomhairle an tuarascáil a phlé agus glacann sí leis na conclúidí.

Athbhreithnithe Doimhne

Déanann an Coimisiún Athbhreithniú Domhain (IDR) ar na tíortha go léir a aithnítear san AMR. Cinneann an Coimisiún cibé an bhfuil míchothromaíochtaí ann, déanann sé measúnú ar nádúr agus ar thromchúis na míchothromaíochtaí sin agus leagann sé béim ar cheisteanna coigeartaithe agus ar dhúshláin beartais. Faoin rialachán, is féidir trí thoradh a bheith ag IDR:

  • Níl aon mhíchothromaíocht ag cur isteach ar an tír lena mbaineann. Sa chás sin, déantar scrúdú ar an tír le haghaidh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha le linn na mbabhtaí MIP ina dhiaidh sin, agus leantar d’fhaireachas iltaobhach a dhéanamh uirthi faoin Seimeastar Eorpach.
  • Tá míchothromaíocht ag cur isteach ar an tír lena mbaineann. Sa chás sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún, sraith moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith (CSRanna) a eisiúint don tír lena mbaineann chun bearta coisctheacha a sheoladh.
  • Tá míchothromaíocht iomarcach ag cur isteach ar an tír lena mbaineann. Sa chás sin freisin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún, sraith moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith (CSRanna) a eisiúint don tír lena mbaineann. I gcás míchothromaíochtaí iomarcacha, féadfaidh an Coimisiún beart ceartaitheach a dhéanamh bunaithe ar an moladh ón gCoimisiún. Déantar nós imeachta ar leith, eadhon an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha (EIP), den bheart ceartaitheach.

Déantar scrúdú sna hathbhreithnithe doimhne ar threochtaí éagsúla i ngeilleagair na dtíortha AE, go háirithe forbairtí maidir le míchothromaíochtaí seachtracha (amhail cuntais sheachtracha, athruithe ar scaireanna easpórtála agus glan-iarmhéideanna infheistíochta) agus le míchothromaíochtaí inmheánacha (amhail fiachas poiblí agus príobháideach, praghsanna tithíochta, sreafaí creidmheasa agus an ráta dífhostaíochta).

Cuirtear torthaí na IDRanna san áireamh agus CSRanna á n-eisiúint ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh gach earrach.

Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha

  • Más rud é go bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha ag tír AE, féadfaidh an Chomhairle EIP a spreagadh don tír sin, tar éis moladh a bheith faighte aici ón gCoimisiún. Glacann an Chomhairle le sraith moltaí beartais ar gá iad a leanúint agus sonraítear spriocdháta don tír AE lena mbaineann chun plean gníomhaíochta ceartaithí a chur isteach.
  • Más leor na bearta agus an clár ama a mholtar ag na tíortha AE, glactar le moladh ón gComhairle faoina leagtar amach clár monatóireachta.
  • Má mheastar nach leor an plean a chuirtear isteach, glacann an Chomhairle le moladh a iarrann ar an tír plean gníomhaíochta ceartaithí nua a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí.
  • Déanann an Coimisiún fiosrúchán ar an moladh, fiosrúchán atá bunaithe ar na tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn a chuirtear isteach ag an tír agus ar thorthaí na misean monatóireachta. Bunaithe ar thuarascáil an Choimisiúin, déanann an Chomhairle measúnú ar na bearta forfheidhmiúcháin ansin.
  • Is féidir an ghné cheartaitheach a spreagadh am ar bith don tír AE inar aithníodh míchothromaíochtaí iomarcacha.

Smachtbhannaí agus fíneálacha faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha

  • Má theipeann arís agus arís eile ar thír i limistéar an euro pleananna leordhóthanacha gníomhaíochta ceartaithí a chur isteach nó beart ceartaitheach a dhéanamh, féadfar pionóis airgeadais a ghearradh ar an tír sin. Má theipeann ar an tír beart leordhóthanach ceartaitheach a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle taisce úsmhar a fhorchur uirthi. Má theipeann go fóill ar an tír bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, féadfar an taisce sin a thiontú i bhfíneáil. Is ionann an taisce úsmhar nó an fhíneáil agus 0.1 % d’olltáirgeacht intíre na tíre don bhliain roimhe sin.
  • Forchuirtear na smachtbhannaí sin ar an tír nuair a theipeann uirthi beart a dhéanamh arís agus arís eile, ní fhorchuirtear ar an tír iad de bharr na míchothromaíochtaí féin. Glactar leis na smachtbhannaí go huathoibríoch ach amháin sa chás go bhfuil tromlach cáilithe de thíortha limistéar an euro ina gcoinne.
  • Mura gcloíonn tír leis an EIP, féadfar Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (ESI) a chur ar fionraí don tír sin, gan bacadh lena ballraíocht i limistéar an euro.

An Seimeastar Eorpach 2016

Foilsíodh na hathbhreithnithe doimhne an 26 Feabhra 2016 agus comhtháthaíodh i dTuarascálacha Tíre an Choimisiúin iad. Déantar achoimre ar thorthaí na n-athbhreithnithe doimhne i dteachtaireacht ón gCoimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

Cuireadh an dá rialachán i bhfeidhm an 13 Nollaig 2011.

CÚLRA

Cuireadh pacáiste an rialachais eacnamaíoch (an 6-phaca) i bhfeidhm i mí na Nollag 2011. Faoin bpacáiste sin, cuireadh córas um fhaireachas ar an mbeartas eacnamaíoch ar bun chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha in AE a chosc agus a cheartú. Is cuid den Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an faireachas sin.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Forbairtí macra-airgeadais: forbairtí airgeadaíochta, fioscacha agus airgeadais arleibhéal maicreacnamaíoch (.i. laistigh de gheilleagar tíre).

Míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: sa chás go bhfuil gnéithe áirithe de gheilleagar tíre míchothrom, mar shampla, ardleibhéal fiachais phoiblí nó phríobháidigh, ardleibhéal dífhostaíochta, drochfheidhmíocht easpórtála, etc.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 8–11)

Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 25–32)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig an nGrúpa Euro — An Seimeastar Eorpach 2016: Measúnú ar an dul chun cinn maidir le hathchóirithe struchtúracha, míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, agus torthaí na n-athbhreithnithe doimhne faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 (COM(2016) 095 final/2, 7.4.2016)

Nuashonraithe 30.08.2016

Top