This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Part-time work
Obair pháirtaimseartha
Obair pháirtaimseartha
Obair pháirtaimseartha
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
PRÍOMHPHOINTÍ
Cé hiad ar a gcuirtear an treoir i bhfeidhm?
Cuirtear an treoir i bhfeidhm ar oibrithe páirtaimseartha a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar atá sainmhínithe i ngach tír AE. Féadfar oibrithe ócáideacha a eisiamh ar chúiseanna oibiachtúla tar éis don tír AE lena mbaineann agus do na páirtithe sóisialta sa tír sin dul i gcomhairle lena chéile.
Neamh-idirdhealú
Ach amháin sa chás go bhfuil údar maith leis go hoibiachtúil, ní féidir caitheamh ar shlí níos lú fabhrach le hoibrithe páirtaimseartha ná mar a chaitear le hoibrithe inchomparáide lánaimseartha, toisc nach n-oibríonn siad ach go páirtaimseartha. Is féidir le dálaí áirithe fostaíochta a bheith faoi réir ag tréimhse seirbhíse, ag uaireanta oibre nó ag an leibhéal tuarastail, tar éis do na tíortha AE agus páirtithe sóisialta dul i gcomhairle lena chéile.
Rochtain ar an obair pháirtaimseartha
Ba cheart do thíortha AE agus do na Comhpháirtithe sóisialta aon fhadhb dhlíthiúil nó riaracháin a lorg agus a athbhreithniú, agus deireadh a chur léi más gá, fadhb atá ina cúis le laghdú ar dheiseanna oibre páirtaimseartha. Ní leor diúltú oibrí do phost páirtaimseartha a ghlacadh in ionad poist lánaimseartha agus a mhalairt chun an t-oibrí sin a chur chun bóthair.
Ról na bhfostóirí
Ba cheart d’fhostóirí measúnú iomlán a dhéanamh ar:
Cur i bhfeidhm
Is féidir le tíortha AE nó le páirtithe sóisialta rialacha atá níos fabhraí ná na rialacha atá leagtha amach sa chomhaontú a chur i bhfeidhm. Ní cúis bhailí é cur i bhfeidhm an chomhaontaithe, áfach, chun an leibhéal ginearálta cosanta a chuirtear ar fáil d’oibrithe páirtaimseartha a laghdú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 20 Eanáir 1998. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 20 Eanáir 2000.
CÚLRA
Féach “Dálaí Oibre — Obair Pháirtaimseartha” ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i ndáil leis an gComhaontú réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag UNICE, ag CEEP agus ag ETUC — Iarscríbhinn: Comhaontú réime maidir le hobair pháirtaimseartha (IO L 14, 20.1.1998, lgh. 9-14
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 97/82/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Bearta náisiúnta cur chun feidhme
Tuarascáil ó sheirbhísí an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme Threoir 97/81/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 1997 i ndáil leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag UNICE, ag CEEP agus ag ETUC, 21.1.2003
Tá an tuarascáil seo forlíonta le 2 staidéar:
Tuarascáil ón gCoimisiún - Cur chun feidhme Threoir 97/81/CE i ndáil leis an gcomhaontú réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag UNICE, ag CEEP agus ag ETUC (an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, Poblacht na Seice, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic agus an Ungáir) (2007)
Tuarascálacha (Achoimrí Feidhmiúcháin) maidir le chur chun feidhme Threoir 1997/81/CE sa Bhulgáir agus sa Rómáin (2009).
Nuashonraithe 04.12.2016