Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Airteagal 36 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

CAD A DHÉANANN ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA?

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Sóisialta (Ardionadaí) i gceannas ar Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) AE a chomhordú agus a chomhlíonadh, mar aon leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC). Ag an am céanna is é an tArdionadaí duine de Leas–Uachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh agus dá réir sin áirithíonn sé go bhfuil gníomhaíochtaí seachtracha foriomlána AE comhsheasmhach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceapachán

Freagrachtaí

  • Cuireann an tArdionadaí le forbairt CFSP trí thograí a chur isteach chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an chuig gComhairle Eorpach.
  • Áirithíonn an tArdionadaí ansin go gcuirfear na cinntí a ghlacfar i bhfeidhm.
  • Mar Leas–Uachtarán ar an gCoimisiún, áirithíonn an tArdionadaí go bhfuil gníomhaíochtaí seachtrach foriomlána AE i réimsí an chúnaimh fhorbartha, na trádála, na cabhrach daonnúla agus na freagartha daonnúla comhsheasmhach agus éifeachtach.
  • Déanann an tArdionadaí cathaoirleacht ar chruinniú na n–airí Gnóthaí Eachtracha laistigh de Chomhairle AE.
  • Déanann an tArdionadaí ionadaíocht freisin ar son AE i dtaca le cúrsaí a bhaineann le CBES.
  • I measc na ndualgas eile tá ceannaireacht na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint agus Institiúid AE um Staidéar Slándála.
  • Lorgóidh an tArdionadaí tuairimí go rialta agus cuirfidh sé tuairimí Pharlaimint na hEorpa san áireamh maidir le príomhghnéithe agus roghanna an CBES agus CBSC.

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

  • Faigheann an tArdionadaí cúnamh i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS). Bunaíodh SEGS le Conradh Liospóin agus tá sé bunaithe ar Airteagal 27 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuimsítear ann oifigigh de chuid Ardrúnaíocht na Comhairle agus an Choimisiúin, chomh maith le foireann ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta thíortha AE.

CÚLRA

Tá post an Ardionadaí bunaithe ar Airteagal 18 agus Airteagal 27 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is trí Chonradh Amstardam 1999 a cruthaíodh an post, cé gur roinneadh freagrachtaí i gcúrsaí a bhain le beartais sheachtracha leis an gCoimisinéir Eorpach Caidrimh Sheachtraigh. Leathnaíodh freagrachtaí an Ardionadaí le Conradh Liospóin 2009 agus rinneadh Leas–Uachtarán an Choimisiúin den sealbhóir oifige, lena chur ar chumas an Ardionadaí ionadaíocht níos fearr a dhéanamh ar son AE ina chuspóirí maidir le beartas eachtrach.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal III — Forálacha maidir leis na hinstitiúidí — Airteagal 18 (IO C 202, 7.6.2016, lgh 26-27)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le Gníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais agus forálacha sainiúla maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála — Caibidil 2 — Forálacha sainiúla maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála — Alt 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 36 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 35-36)

Nuashonraithe 09.01.2020

Top