This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Citizenship of the Union
Saoránacht an Aontais
Saoránacht an Aontais
Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
Is ionann saoránacht an Aontais agus ceart dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus in Airteagal 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Duine ar bith atá ina náisiúnach de Bhallstát AE, is saoránach den Aontas go huathoibríoch é nó í chomh maith. Dá réir sin, tá an ceart seo cumhdaithe i gconarthaí an Aontais Eorpaigh (AE) agus is príomhthoisc é i dtaobh féiniúlacht Eorpach a fhorbairt. Ní thagann saoránacht an Aontais in ionad saoránacht náisiúnta. Tá sí de bhreis uirthi agus tugtar cearta sonracha do dhaoine dá barr. Sainítear na cearta sin a thuilleadh sna conarthaí chomh maith leis an gCairt um Chearta Bunúsacha
Faoi Chonradh Liospóin, tugadh isteach cineál breise rannpháirtíochta poiblí: an tionscnamh ó na saoránaigh. Tugtar an deis leis sin do mhilliún saoránach a thagann as seacht mBallstát ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur isteach in aon réimse ina bhfuil sé de chumhacht aige gníomh dlíthiúil a mholadh.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a dó — Neamh–idirdhealú agus saoránacht an Aontais — Airteagal 20 (sean–Airteagal 17 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 56-57)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal II — Forálacha maidir leis na prionsabail dhaonlathacha — Airteagal 9 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 20)
Nuashonraithe 30.06.2021