This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU instrument for financial support for customs control equipment (2021–2027)
Ionstraim AE le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (2021–2027)
Ionstraim AE le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (2021–2027)
Is iad na cuspóirí ginearálta leis an gciste tacú le hiarrachtaí na n–údarás cánach leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
Is é an cuspóir sonrach leis an gciste cur le rialuithe leordhóthanacha agus coibhéiseacha custaim trí threalamh rialaithe custaim den scoth a bheidh iontaofa, slán, sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú.
Is é EUR 1 006 407 000 billiún (praghsanna reatha) atá sa bhuiséad don chlár 7 mbliana. Féadfar an maoiniú a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta, meastóireachta agus gníomhaíochtaí eile, lena n–áirítear speansais dhlisteanacha amhail líonraí teicneolaíochta faisnéise.
Chun a bheith incháilithe do mhaoiniú, ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh leis na gníomhaíochtaí:
Costais incháilithe
Féadfar suas le 80 % de na costais incháilithe a mhaoiniú ón gciste.
Tá siad seo a leanas neamh–incháilithe:
Ní mór d’fhaighteoirí thacaíocht an chiste foinse an chiste a admháil agus infheictheacht an mhaoinithe a áirithiú.
Maidir leis an gCoimisiún Eorpach :
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.
Is comhpháirt amháin de chiste um bainistiú comhtháite teorainneacha AE é an ciste um threalamh rialaithe custaim; is é an ceann eile an ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) 2021/1148 (féach an achoimre). Baineann an chéad cheann le seiceálacha ar earraí, an dara ceann le seiceálacha ar dhaoine.
Cuirean an ciste le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta custaim a glacadh i Meán Fómhair 2020 agus leis an gclár custaim (2021–2027) a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/444 (féach an achoimre).
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (IO L 234, 2.7.2021, lgh. 1–17).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1528 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha maidir le bunú creata faireacháin agus meastóireachta (IO L 238, 15.9.2022, lgh. 1–3).
Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 48-93).
Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear clár Custam do chomhair i réimse an chustaim agus aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (OJ L 87, 15.3.2021, lgh. 1–16).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An tAontas Custaim a thabhairt go dtí an Chéad Leibhéal Eile: Plean Gníomhaíochta (COM(2020) 581 final, 28.9.2020).
Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1–101).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 16.09.2022