EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Eoraip na Cruthaitheachta

Eoraip na Cruthaitheachta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/818 lena mbunaítear clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm le clár Eoraip na Cruthaitheachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus oidhreacht na hEorpa a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn;
  • iomaíochas agus acmhainn eacnamaíoch earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a mhéadú, go háirithe earnáil an chlosamhairc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá trí chuspóir shonracha leis an gclár:

  • comhar ealaíonta agus cultúrtha a fheabhsú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) chun tacú le saothair Eorpacha a chruthú agus chun gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus seachtracha earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa a neartú — agus an nuálaíocht agus soghluaisteacht iontu a neartú;
  • iomaíochas, inscálaitheacht, comhar, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn, lena n–áirítear trí shoghluaisteacht, in earnáil chlosamhairc na hEorpa;
  • comhar beartais agus gníomhaíochtaí nuálacha a chur chun cinn lena dtacaítear le gach snáithe den chlár agus timpeallacht meán cumarsáide atá éagsúil, neamhspleách agus iolraíoch a chur chun cinn, mar aon le litearthacht sna meáin, agus ar an tslí sin saoirse léirithe ealaíonta, idirphlé idirchultúrtha agus cuimsiú sóisialta a chothú.

Snáithí gníomhaíochta

Tá trí shnáithe ar leith sa chlár, agus tosaíochtaí sainithe le gach ceann díobh:

  • snáithe cultúir ina gclúdaítear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, cé is moite den earnáil closamhairc — áirítear ar a thosaíochtaí an comhar trasnáisiúnta agus an ghné trasteorann a bhaineann le cruthú, ciorclaíocht agus infheictheacht saothar Eorpach a neartú;
  • snáithe meán ina gclúdaítear earnáil an chlosamhairc — áirítear ar a tosaíochtaí comhar trasteorann, soghluaisteacht agus nuálaíocht a spreagadh i gcruthú agus i dtáirgeadh saothar closamhairc Eorpach;
  • snáithe trasearnála ina gclúdaítear gníomhaíochtaí ar fud earnálacha uile an chultúir agus na cruthaitheacha — áirítear ar a thosaíochtaí tacú le comhar beartais trasnáisiúnta trasearnála maidir le ról an chultúir a chur chun cinn maidir le cuimsiú sóisialta agus saoirse ealaíne, mar aon le hiriseoireacht ardchaighdeáin agus litearthacht sna meáin.

Buiséad

  • Mairfidh an clár ar ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, tréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil.
  • Tá buiséad €1.842 billiún leis i bpraghsanna reatha, agus €600 milliún eile i bpraghsanna tairiseacha 2018.
  • Leithdháiltear 33% ar a laghad den mhéid sin ar an gcultúr, 58% ar a laghad ar na meáin agus suas le 9% ar a laghad ar ghníomhaíochtaí trasearnála.
  • Cuimsítear sa rialachán na cineálacha maoinithe AE atá ar fáil agus na rialacha maidir le maoiniú den sórt sin a dheonú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 01 Eanáir 2021.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lgh. 34-60)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (OJ L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

Nuashonraithe 19.07.2021

Top