This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Fishing opportunities in EU and non-EU waters (2021)
Deiseanna iascaireachta in uiscí AE agus in uiscí neamh–AE (2021)
Deiseanna iascaireachta in uiscí AE agus in uiscí neamh–AE (2021)
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Áirítear iad seo a leanas ar na deiseanna iascaireachta a chumhdaítear sa rialachán:
Raon feidhme
Tá feidhm ag an rialachán maidir le:
Le taobh na ndeiseanna iascaireachta a leagann AE síos go neamhspleách, clúdaítear sa rialachán freisin deiseanna iascaireachta a bhíonn mar thoradh ar chomhaontuithe iltaobhacha nó déthaobhacha iascaigh, is iad sin:
Deiseanna iascaireachta do shoithí AE in uiscí AE
Gabhálacha iomlána incheadaithe
I gcomhréir le hAirteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an Chomhairle freagrach as gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a shocrú.
Gabhálacha iomlána incheadaithe sealadacha le haghaidh stoic éisc chomhroinnte
Oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír
Ón 1 Eanáir 2019, ceanglaíodh ar chabhlaigh iascaireachta uile AE cloí leis an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír, rud a chuir deireadh leis an gcleachtas maidir le haischur iasc. Maidir leis an rialachán:
Bearta feabhais
Liostaítear sa rialachán na bearta atá nasctha go feidhmiúil le deiseanna iascaireachta agus atá le cur i bhfeidhm i limistéir éagsúla iascaireachta, agus tá bearta feabhais le glacadh lena áirithiú go gcuirfear an stoc ar ais go tapa go dtí leibhéil os cionn an leibhéil a bhféadfaí an toradh inbhuanaithe is mó a tháirgeadh aige.
Speicis thoirmiscthe
Liostaítear sa rialachán na limistéir iascaireachta ina dtoirmisctear soithí iascaireachta bheith ag iascaireacht speicis áirithe, speicis áirithe a choinneáil ar bord, a thrasloingiú* nó a thabhairt i dtír.
Údaruithe iascaireachta do shoithí AE in uiscí neamh–AE
Deiseanna iascaireachta le haghaidh shoithí AE in uiscí arna mbainistiú ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh
Déantar an chuid sin de Rialachán (AE) 2021/92 a mhiondealú de réir na limistéar iascaireachta réigiúnach a chlúdaítear ina gcoinbhinsiúin faoi seach.
Maidir le gach limistéar, leagtar síos sa rialachán:
Deiseanna iascaireachta do shoithí tíre nach tír AE í in uiscí AE
Iarscríbhinní
Tá naoi n–iarscríbhinn leis an rialachán.
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.
Ní mór teorainn a chur le gabháil na stoc éisc le rialacháin AE maidir le deiseanna iascaireachta go dtí leibhéil nach mór a bheith ag teacht le cuspóirí foriomlána an chomhbheartais iascaigh. Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (féach an achoimre), leagtar amach na cuspóirí i gcomhair na dtograí bliantúla maidir le teorainneacha gabhála agus iarrachta iascaireachta lena áirithiú go mbeidh iascaigh AE inbhuanaithe ón taobh éiceolaíoch, eacnamaíoch agus sóisialta.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lgh. 31-192)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/92 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lgh. 10-2539)
Rialachán (AE) 2021/406 ón gComhairle an 5 Márta 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/91 agus (AE) 2021/92 maidir le deiseanna iascaireachta sealadacha áirithe le haghaidh 2021 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 81, 9.3.2021, lgh. 1-14)
Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lgh. 105-201)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lgh. 81-104)
Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22-61)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 03.06.2021