Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Státchabhair — cur i bhfeidhm rialacha maidir le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (SGEI)

Státchabhair — cur i bhfeidhm rialacha maidir le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (SGEI)

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair AE i ndáil le cúiteamh arna dheonú do sholáthar seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne

Cinneadh 2012/21/AE — maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna tabhairt do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú

Teachtaireacht — Creat AE maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh ar sheirbhís phoiblí

CAD ISAIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS NA TEACHTAIREACHTAÍ?

  • Soiléirítear leis an teachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm rialacha AE i ndáil le Státchabhair na príomhchoincheapa a bhaineann le Státchabhair do sheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (seirbhísí poiblí).
  • Sainítear leis an gcinneadh na coinníollacha faoina bhfuil cúiteamh ar sheirbhís phoiblí ag luí leis an margadh inmheánach agus nach gá fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach.
  • Leagtar amach leis an teachtaireacht ar an gcreat le haghaidh Státchabhrach na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar mhéideanna móra cúitimh nach dtagann faoi raon feidhme an chinnidh. Ní mór na cásanna sin a chur in iúl don Choimisiún agus féadfar a dhearbhú go bhfuil siad comhoiriúnach má chomhlíonann siad critéir áirithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (SGEI)

Is gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, amhail gréasáin iompair agus seirbhísí poist agus sóisialta, a measann údaráis phoiblí iad a bheith tábhachtach do shaoránaigh, agus nach soláthrófaí iad (nó soláthrófaí iad faoi choinníollacha éagsúla) mura mbeadh aon idirghabháil phoiblí ann.

Cúiteamh do SGEI

De réir Bhreithiúnas Altmark 2003 de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ní hionann cúiteamh ar sheirbhís phoiblí agus Státchabhair nuair a chomhlíontar ceithre choinníoll charnacha:

  • ní mór don soláthraí seirbhíse is faighteoir oibleagáidí seirbhíse poiblí atá sainithe go soiléir a bheith aige nó aici;
  • ní mór an modh chun an cúiteamh a ríomh a bheith oibiachtúil, trédhearcach agus socraithe roimh ré;
  • ní féidir leis an gcúiteamh dul thar na costais ábhartha agus brabús réasúnta, i.e. gan aon róchúiteamh; agus
  • roghnaítear an soláthraí trí nós imeachta soláthair phoiblí nó ríomhtar leibhéal an chúitimh bunaithe ar anailís ar chostais ghnáthghnó atá “á reáchtáil go maith” san earnáil lena mbaineann.

I gcás nach gcomhlíontar aon choinníoll amháin nó níos mó de na coinníollacha sin, scrúdófar an cúiteamh ar sheirbhís phoiblí faoi rialacha maidir le Státchabhair.

Athchóiriú ar na rialacha maidir le cúnamh Stáit do SGEI

Tá sé mar aidhm le Pacáiste SGEI Ceithre dhoiciméad rialacha maidir le Státchabhair maidir le SGEI a shoiléiriú agus a shimpliú.

Leis an Teachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm rialacha AE maidir le Státchabhair

  • mínítear dhá chineál coincheapa: coincheapa ginearálta Státchabhrach agus coincheapa a bhaineann go sonrach le SGEI;
  • soiléirítear na coinníollacha nach ionann cúiteamh ar sheirbhís phoiblí agus Státchabhair mar gheall ar easpa buntáiste ar bith;
  • leagtar amach ann na riachtanais éagsúla maidir le feidhmiú SGEI:
    • an gníomh iontaobhais, sannachán seirbhíse poiblí lena sainítear oibleagáidí an tsoláthraí/na soláthraithe seirbhíse agus an údaráis phoiblí,
    • an modh chun an cúiteamh a ríomh, a chaithfear a bhunú roimh ré ar bhealach oibiachtúil trédhearcach. Níl aon fhoirmle shonrach ag teastáil, ach ní mór an chaoi a ríomhfar an cúiteamh a bheith soiléir ón tús,
    • róchúiteamh a sheachaint — ní mór don leibhéal cúitimh gan dul thar a bhfuil riachtanach chun na costais go léir nó cuid díobh agus brabús réasúnach a chlúdach, agus
    • roghnú soláthraí agus ríomh an chúitimh, faoi nós imeachta tairisceana cuí nó trí chleachtadh tagarmharcála.

Sainítear leis an gcinneadh agus leis an gcreat dá dtagraítear thíos na coinníollacha faoinar féidir beart Státchabhrach a mheas mar bheart atá comhoiriúnach nó a d’fhéadfadh a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2).

Cinneadh 2012/21/AE

  • Ceadaítear leis an gcinneadh caiteachas neamhtheoranta i réimse na seirbhísí sóisialta:
    • tithíocht shóisialta agus ospidéil;
    • seirbhísí a fhreastalaíonn ar riachtanais shóisialta maidir le sláinte agus cúram fadtéarmach;
    • cúram leanaí;
    • rochtain agus athimeascadh sa mhargadh saothair; agus
    • cúram agus cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha.
  • Maidir le gach gníomhaíocht eile SGEI, is é €15 mhilliún an tairseach cúitimh in aghaidh na bliana. Chaithfí aon mhaoiniú a thugtar os cionn na tairsí sin a chur in iúl don Choimisiún faoin gcreat SGEI.
  • Ní théann an tréimhse iontaobhais le soláthraí SGEI thar 10 mbliana.
  • I réimse an iompair, is féidir cúiteamh a thabhairt:
    • maidir le naisc aeir agus muirí le hoileáin nach sáraíonn an gnáth-thrácht bliantúil 300,000 paisinéir;
    • chuig calafoirt nach mó ná 300,000 paisinéir an meán-trácht bliantúil; agus
    • chuig aerfoirt nach mó ná 200,000 paisinéir an meán-trácht bliantúil.

Creat AE

Maidir leis an gcreat:

  • tugtar modheolaíocht níos cruinne leis chun méid an chúitimh atá incheadaithe a ríomh;
  • éilítear leis ar thíortha AE dreasachtaí éifeachtúlachta a thabhairt isteach chun an soláthraí seirbhíse a spreagadh é sin a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtaí;
  • neartaítear leis ceanglais trédhearcachta;
  • tugtar isteach leis an riachtanas do SGEI cloí le rialacha soláthair phoiblí AE;
  • ceanglas “gan idirdhealú” a thabhairt isteach — nuair a bhíonn il-eagraíochtaí ag soláthar SGEI, ní mór an cúiteamh a ríomh ar an mbealach céanna chun idirdhealú a sheachaint.

Tuairisciú

Ní mór do thíortha AE tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chinnidh agus maidir le comhlíonadh an chreata gach 2 bhliain.

Trédhearcacht

Ní mór do thíortha AE mionsonraí a fhoilsiú faoi mhaoiniú SGEI laistigh de raon feidhme an chinnidh (maidir le cúiteamh os cionn €15 mhilliún arna dheonú do ghnóthas a bhfuil gníomhaíochtaí aige lasmuigh de raon feidhme SGEI) nó laistigh den chreat ar bhonn bliantúil:

Treoirlínte

D’ullmhaigh an Coimisiún treoirlínte maidir le rialacha i ndáil le Státchabhair a chur i bhfeidhm ar SGEInna.

CÉN UAIR ATÁ FEIDHM AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 31 Eanáir 2012

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair an Aontais Eorpaigh i ndáil le cúiteamh arna dheonú do sholáthar seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (IO C 8, 11.1.2012, lgh. 4-14)

Cinneadh ón gCoimisiún 2012/21/AE an 20 Nollaig 2011 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna tabhairt do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lgh. 3-10)

Teachtaireacht ón gCoimisiún — creat an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm chúitimh ar sheirbhís phoiblí (2011) (IO C 8, 11.1.2012, lgh. 15-22)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 106 (iar-Airteagal 86 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 90-91)

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Treoir maidir le cur i bhfeidhm rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair, soláthar poiblí agus an margadh inmheánach i ndáil le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, agus go háirithe maidir le seirbhísí sóisialta ar mhaithe leis an leas i gcoitinne (SWD (2013) 53 críochnaitheach/2, 29.4.2013)

Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 an 25 Aibreán 2012 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis arna dheonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (IO L 114, 26.4.2012, lgh. 8-13)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 09.09.2019

Top