Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Earraí cultúir a allmhairiú

Earraí cultúir a allmhairiú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/880 maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis an rialachán na coinníollacha maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach, agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le hearraí cultúir a allmhairiú, chun oidhreacht chultúrtha an chine daonna a chosaint agus trádáil neamhdhleathach in earraí cultúir a chosc, go háirithe i gcás go bhféadfadh trádáil dá leithéid cur le maoiniú na sceimhlitheoireachta.
  • Déantar foláir ann i leith córas ceadúnas allmhairiúcháin le haghaidh na n–earraí cúltúir is mó bagairt agus ráitis allmhaireora le haghaidh catagóirí eile earraí cultúir. Níl feidhm aige maidir le hearraí cultúir a cruthaíodh nó a fuarthas i gcríoch chustaim an Aontas Eorpaigh (AE) atá cumhdaithe i dTreoir 2014/60/AE (féach an achoimre).

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainítear earraí cultúir mar mhír atá tábhachtach don tseandálaíocht, don réamhstair, don stair, don litríocht, don ealaín nó don eolaíocht agus baineann siad leis an gcatagóir atá liostaithe in Iarscríbhinn an rialacháin, Cuid A.

Earraí toirmeasctha

Leis an rialachán seo cuirtear toirmeasc ar thabhairt isteach in AE, na n–earraí cultúir atá liostaithe i gCuid A den Iarscríbhinn, má baineadh iad sin go neamhcheadaithe as na tíortha inar cruthaíodh nó ina bhfuarthas iad (an riail ghinearálta um thoirmeasc).

Ceadúnais allmhairiúcháin agus ráitis allmhaireora

  • Maidir le hearraí cultúir a allmhairiú (i.e. a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa mhargadh inmheánach lena gcur air faoi nósanna imeachta custaim speisialta seachas trasdul) dá dtagraítear i gCuid B den Iarscríbhinn, i.e. nithe seandálaíochta nó codanna séadchomharthaí atá 250 bliain d’aois ar a laghad, teastóidh ceadúnais arna n–eisiúint ag Ballstát ábhartha AE. Teastaíonn ceadúnas allmhairiúcháin beag beann ar luach na nithe sin.
  • Maidir le hearraí cultúir atá liostaithe i gCuid C den Iarscríbhinn (amhail bailiúcháin zó-eolaíocha nó luibheolaíocha, boinn, nithe eitneagrafach, péintéireacht, dealbha, lámhscríbhinní agus leabhar) atá níos mó ná 200 bliain d’aois agus dar luach os cionn €18,000, ní mór don allmhaireoir ráiteas allmhaireora a chur isteach chuig an lucht custaim. Cuimsítear i ráiteas allmhaireora mar sin dearbhú go ndearna na hearraí a onnmhairiú go dleathach ó thír neamh-AE agus doiciméad caighdeánaithe ina bhfuil cur síos ar na hearraí cultúir ábhartha.
  • Ní mór d’oibreoirí a n–iarratais chuig na húdaráis inniúla chun ceadúnas allmhairiúcháin a fháil agus cur isteach na ráiteas allmhaireora a chuig an lucht custaim a dhéanamh trí chóras láraithe leictreonach, i.e. féadfar an foirmiúlachtaí a dhéanamh ar líne roimh theacht fisiciúil na n–earraí.
  • Ba cheart an ceadúnas allmhairiúcháin nó an ráiteas allmhaireora a sholáthar do na húdaráis chustaim ag an tráth a chuirfear an dearbhú custaim isteach. I gcás earraí cultúir a chur faoin gcóras saorlimistéir, ba cheart do shealbhóir na n–earraí an ceadúnas allmhairiúcháin nó an ráiteas allmhaireora a sholáthar nuair a chuirtear na hearraí i láthair.

Díolúintí

Déantar foráil sa rialachán i leith na ndíolúintí seo a leanas ón gceanglas ceadúnas allmhairiúcháin a fháil nó ráiteas allmhaireora a chur isteach:

  • earraí cultúir arna n–allmhairiú go sealadach ag institiúidí oideachais, eolaíochta nó taighde nó ag músaeim chun iad a chaomhnú agus/nó a chur ar taispeáint;
  • earraí cultúir nár cruthaíodh nó nach bhfuarthas i gcríoch chustaim AE, ach ar onnmhairíodh iad mar earraí AE, más earraí fillte iad laistigh de bhrí Airteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Cód Custaim an Aontais);
  • earraí cultúir a chuireann údarás poiblí eachtrach chuig údarás poiblí Ballstáit lena gcosaint mar go bhfuil garbhaol ann go scriosfar iad;
  • earraí cultúir atá le hallmhairiú go sealadach lena dtairiscint lena ndíol ag aontaí trádála ealaíne, óna dteastódh ceadúnas allmhairiúcháin de ghnáth, féadfar iad a chur faoin nós imeachta ceada isteach shealadaigh le ráiteas allmhaireora go díreach ina áit sin. Mar sin féin, má dhíolfar na hearraí cultúir sin agus má choinneofar in AE iad i ndiaidh an aonaigh ealaíne, beidh gá ceadúnas allmhairiúcháin a fháil ina leith.

Freagrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh

  • Déantar stóráil agus malartú faisnéise idir údaráis náisiúnta Ballstát, go háirithe i ndáil le ceadúnais allmhairiúcháin agus ráitis allmhaireora, trí chóras láraithe leictreonach, arna chur ar bun agus arna bhainistiú ag an gCoimisiún.
  • I gcomhar leis na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún oiliúint agus gníomhaíochtaí forbartha acmhainne a eagrú chomh maith a bheidh dírithe ar thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Pionóis

Ní mór do na Ballstáit na bearta ar fad is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear an rialachán chun feidhme mar is ceart agus ní mór dóibh pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha as sáruithe a chur i bhfeidhm.

Cur chun feidhme

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1079 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe Rialachán (AE) 2019/880 agus go háirithe, maidir leis na díolúintí ó cheanglais dhoiciméadacha dá bhforáiltear ina airteagal 3; maidir le formáid, teimpléad, doiciméid tacaíochta, rialacha nós imeachta agus úsáid an cheadúnais allmhairiúcháin agus an ráitis ón allmhaireoir; na socruithe le haghaidh úsáid, oibriú agus chothabháil an chórais leictreonaigh (an “córas ICG”) agus rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis a chur isteach, a phróiseáil, a stóráil agus a mhalartú idir údaráis na mBallstát tríd an gcóras sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis an rialachán ón 27 Meitheamh 2019. Tá feidhm leis an riail ghinearálta um thoirmeasc ón 28 Nollaig 2020. Tiocfaidh an oibleagáid maidir le ceadúnas allmhairiúcháin a fháil nó ráiteas allmhaireora a chur isteach i bhfeidhm nuair a bheidh an córas láraithe leictreonach le haghaidh stóráil agus malartú faiséise idir údaráis AE i bhfeidhm, nó ón 28 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú (IO L 151, 7.6.2019, lgh. 1–14).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, 31.3.2017, lgh. 6–21).

Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le honnmhairiú earraí cultúrtha (Leagan códaithe) (IO L 39, 10.2.2009, lgh. 1–7).

Nuashonraithe 23.09.2021

Top