Comhaontú maidir le haeriompar idir AE agus Ceanada
ACHOIMRE AR:
Comhaontú maidir le hAeriompar idir Ceanada agus AE
Cinneadh (AE) 2019/702 — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ceanada, den pháirt eile
Cinneadh 2010/417/CE — maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir AE agus Ceanada
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?
- Leagtar amach sa chomhaontú na cearta a thugann páirtí amháin don pháirtí eile maidir le haeriompar aerlínte an pháirtí eile.
- Ceadaíonn Cinneadh 2010/417/CE síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe ag AE.
- Tugtar Comhaontú (AE) 2019/702 i gcrích leis an gcinneadh thar ceann AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Déantar foráil sa chomhaontú maidir le malartú ceart um aerthrácht idir na páirtithe. A bhuí leis na cearta tráchta sin, beidh aeriompróirí na bpáirtithe ábalta an méid seo a leanas a dhéanamh:
- eitilt thar chríoch an pháirtí eile gan tuirlingt;
- stadanna a dhéanamh i gcríoch an pháirtí eile chun críche nach mbaineann le trácht;
- stadanna a dhéanamh i gcríoch an pháirtí eile ar na bealaí atá sainithe sa chomhaontú chun trácht paisinéirí agus lasta a bhailiú agus a scaoileadh, lena n–áirítear post, ar leithligh i dteannta a chéile.
Cumhdaítear sa chomhaontú chomh maith:
- ainmniú aerlínte;
- údarú aerlínte agus aisghairm na n–údaruithe a bhféadfaí a dheonú dóibh;
- sábháilteacht na heitlíochta sibhialta — lena n–áirítear aitheantas frithpháirteach deimhnithe agus ceadúnas arna n–eisiúint ag ceachtar páirtí chun críocha aersheirbhísí a sholáthar faoin gconradh;
- slándáil na heitlíochta sibhialta — lena n–áirítear oibriú i dtreo aitheantas frithpháirteach caighdeán slándála a chéile agus le féachaint le slándáil ilfhreastail;
- dleachtanna custaim, cánacha agus díolúintí táillí — comhaontú cómhalartach chun aerlínte an pháirtí eile a dhíolmhú ó gach srian allmhairiúcháin, ó gach cáin mhaoine agus ó gach tobhach caipitil, ó dhleachtanna custaim, ó chánacha máil, agus ó tháillí agus ó mhuirir chomhchosúla uile le haghaidh míreanna a úsáidtear in aeriompar idirnáisiúnta;
- neamh-idirdhealú i ndáil le táillí le haghaidh saoráidí agus seirbhísí aerfort agus eitlíochta;
- Creat tráchtála feabhsaithe — lena n–áirítear deireadh a chur le srianta ar chumas, ar shaorbhunú taraifí ag aerlínte, chomh maith le forálacha ar roinnt cód* agus léas aerárthaí i measc dreamanna eile;
- leasanna tomhaltóirí;
- bainistíocht aerthráchta;
- iomaíocht agus státchabhrach.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE AGUS NA GCINNTÍ?
- Níl an comhaontú i bhfeidhm go fóill.
- Tháinig Cinneadh 2010/417/CE i bhfeidhm an 30 Samhain 2009.
- Tháinig Cinneadh (AE) 2019/702 i bhfeidhm an 15 Aibreán 2019.
CÚLRA
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Roinnt cód: socrú i gcás go roinneann dhá aerlíne nó níos mó an eitilt chéanna, a oibríonn ceann amháin de na haerlínte.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Comhaontú maidir le hAeriompar idir Ceanada agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit (IO L 207, 6.8.2010, lgh. 32-59)
Cinneadh (AE) 2019/702 ón gComhairle an 15 Aibreán 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe maidir le hAeriompar idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ceanada, den pháirt eile (IO L 120, 8.5.2019, lgh. 1-2)
Cinneadh 2010/417/CE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 30 Samhain 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontuithe maidir le hAeriompar idir Ceanada agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit de pháirt amháin, agus Ceanada, den pháirt eile (IO L 207, 6.8.2010, lgh. 30-31)
Nuashonraithe 11.07.2019